25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 284/13


Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 16 Feabhra 2022 – C. Sp. z o.o. (faoi leachtú faoi láthair) v Direktor Krajowej Informacji Skarbowej

(Cás C-108/22)

(2022/C 284/13)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: C. Sp. z o.o. (faoi leachtú faoi láthair)

Cosantóir: Direktor Krajowej Informacji Skarbowej

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 306 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) a léirmhíniú sa chiall is go bhféadfaidh feidhm a bheith aige maidir le duine inchánach a cheannaíonn agus a athdhíolann seirbhísí lóistín le hoibreoirí eacnamaíocha eile mar chomhbhailitheoir seirbhísí óstlainne, i gcás nach bhfuil aon seirbhís bhreise eile ag gabháil leis na hoibríochtaí sin?


(1)  IO 2006 L 347, lch. 1