30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 213/23 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Korneuburg (an Ostair) arna taisceadh an 9 Feabhra 2022 – TT v AK
(Cás C-87/22)
(2022/C 213/34)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesgericht Korneuburg
Páirtithe sna príomhimeachta
Achomharcóir: TT
Freagróir: AK
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcaithfear Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (1) a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go gceadaítear do na cúirteanna i mBallstát a bhfuil dlínse acu maidir leis an tsubstaint, má mheasann siad go mbeadh cúirt i mBallstát eile, a bhfuil ceangal sonrach ag an leanbh sin leis, i riocht níos fearr chun an cás a éisteacht, nó cuid shonrach den chás, a iarraidh ar an gcúirt sin dlínse a ghlacadh fiú sa chás ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh sa Bhallstát eile sin i ndiaidh aistriú éagórach? |
2. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: An gcaithfear Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 2201/2003 a léirmhíniú sa chiall go bhfuil na critéir maidir le haistriú dlínse a leagtar amach san Airteagal sin rialaithe go huilechuimsitheach, gan gá le tuilleadh critéar a mheasúnú i bhfianaise na n-imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 8(f) de Choinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí? |