11.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 158/5 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Bologna (an Iodáil), an 7 Feabhra 2022 – BU v Ministero dell’Interno, Dipartimento per le Libertà civili e l'Immigrazione – Unità Dublino
(Cás C-80/22)
(2022/C 158/09)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale ordinario di Bologna
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: BU
Cosantóir: Ministero dell’Interno, Dipartimento per le Libertà civili e l'Immigrazione – Unità Dublino
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1) |
Cad iad na hiarmhairtí dlíthiúla a fhoráiltear le dlí an Aontais Eorpaigh i gcás sárú ag an mballstát iarrthach i gcomhthéacs nós imeachta um athligean isteach faoi Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 (1) ar an oibleagáid maidir le faisnéis de bhun Airteagal 4 nó ar an oibleagáid i leith agallamh pearsanta a shocrú leis an iarratasóir de bhun Airteagal 5 den Rialachán céanna, agus, go háirithe, an bhfuil Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 604/2013 le léirmhíniú:
|
2) |
An bhfuil Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, le léirmhíniú, ina aonar nó i gcomhar le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar seo a leanas:
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, lch. 31).