19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 165/23


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 1 Feabhra 2022 – IA v DER Touristik Deutschland GmbH

(Cás C-62/22)

(2022/C 165/37)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IA

Cosantóir: DER Touristik Deutschland GmbH

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (1) le léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé go leagtar síos leis an bhforáil sin, chomh maith le socrú maidir le dlínse idirnáisiúnta, socrú nach mór don chúirt ag tabhairt faoin mbreithniú a urramú maidir le dlínse chríche na gcúirteanna náisiúnta i gcásanna a bhaineann le conarthaí taistil má tá sainchónaí ag an tomhaltóir, mar thaistealaí, agus ag a pháirtí conarthach, an tionscnóir turas, sa Bhallstát céanna, cé nach bhfuil ceannphointe an turais sa Bhallstát sin ach i dtír eile, agus, mar thoradh air sin, gur féidir leis an tomhaltóir éilimh chonarthacha a thabhairt i gcoinne an tionscnóra turas, sa bhreis ar fhorálacha náisiúnta, sna cúirteanna den tír ina bhfuil sé ina shainchónaí.


(1)  IO 2012 L 351, lch. 1.