|
23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/10 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší soud České republiky (Poblacht na Seice) a taisceadh an 28 Eanáir 2022 – YQ v Ředitelství silnic a dálnic ČR
(Cás C-57/22)
(2022/C 207/16)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší soud České republiky
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: YQ
Cosantóir: Ředitelství silnic a dálnic ČR
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil léirmhíniú le déanamh ar Airteagal 7(1) de Threoir 2003/88/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre amhail is go gcuirtear cosc ar chásdlí náisiúnta faoina bhun, i dtaca le hoibrí a dífhostaíodh go neamhdhleathach agus a tugadh post ar ais dóibh, de réir an dlí náisiúnta, i ndiaidh do chúirt an dífhostú a chur ar ceal, nach bhfuil an t-oibrí sin i dteideal saoire bhliantúil íoctha don tréimhse idir dáta an dífhostaithe agus an post a thabhairt ar ais ar an mbunús, le linn na tréimhse sin, nach ndearna an t-oibrí aon obair don fhostóir, agus gurb amhlaidh an cás, de réir an dlí náisiúnta, i gcásanna ina gcuireann an t-oibrí a dífhostaíodh go neamhdhleathach in iúl don fhostóir gan moill mhíchuí i scríbhinn go n-éilíonn an t-oibrí a bheith fostaithe, go bhfuil an t-oibrí sin i dteideal cúiteamh pá nó tuarastail de mheánmhéid an tuillimh ón dáta ónar tugadh an fógra sin don fhostóir go n-éilíonn an t-oibrí leanúint sa phost go dtí go gceadaíonn an fostóir dóibh leanúint sa phost nó go dtí go gcuirtear deireadh bailí leis an gcaidreamh fostaíochta.