25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 284/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 12 Eanáir 2022 – TL, WE v Getin Noble Bank S.A.

(Cás C-28/22)

(2022/C 284/12)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: TL, WE

Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE an 5 Aibréan 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29(1) a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta a fhágann, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, go mbeidh tús na tréimhse theorann maidir le héilimh an díoltóra nó an tsoláthróra ar aiseag ag brath ar aon cheann de na teagmhais seo a leanas a bheith ann:

(a)

éileamh nó pléadáil a bheith déanta ag an tomhaltóir i gcoinne an díoltóra nó an tsoláthróra ar an bhforas go bhfuil clásail chonarthacha mí-úsáideach, nó comhairle a bheith tugtha ag cúirt, ag gníomhú uaithi féin, go bhféadfar clásail chonarthacha a dhearbhú mar mhí-úsáideach; nó

(b)

é a bheith ráite ag an tomhaltóir gur tugadh faisnéis chuimsitheach dó nó di faoi éifeachtaí (iarmhairtí dlíthiúla) an chonartha nach féidir leanúint de bheith ann a thuilleadh, lena n-áirítear faisnéis faoi éilimh fhéideartha an díoltóra nó an tsoláthróra ar aiseag agus méid na n-éileamh sin; nó

(c)

eolas (feasacht) an tomhaltóra ar éifeachtaí (iarmhairtí dlíthiúla) an chonartha nach féidir leanúint de bheith ann a thuilleadh agus a bheith suite le linn imeachtaí cúirte, nó na hiarmhairtí sin a bheith curtha ag an gcúirt in iúl don tomhaltóir; nó

(d)

an breithiúnas cúirte deiridh a réitíonn an díospóid idir an díoltóir nó an soláthróra agus an tomhaltóir a bheith tugtha?

2.

An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta nach gcuireann, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, aon oibleagáid ar an díoltóir nó ar an soláthróir a bhfuil éileamh déanta ag tomhaltóir ina choinne a bhaineann le clásail mhí-úsáideacha a bheith sa chonradh chun céimeanna a ghlacadh as a stuaim féin chun a shuíomh an bhfuil an tomhaltóir ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le clásail mhí-úsáideacha a dhíchur nó nach bhfuil an conradh in ann leanúint ar aghaidh ann a thuilleadh?

3.

An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, go dtosóidh an tréimhse theorann d’éilimh an tomhaltóra ar aisíocaíocht roimh an tréimhse theorann d’éilimh an díoltóra nó an tsoláthróra ar aiseag?

4.

An gcaithfear Airteagail 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta faoina bhfuil, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, an díoltóir nó an soláthróir i dteideal aisíocaíocht a dhéanamh ar na suimeanna a fuarthas ón tomhaltóir ar an gcoinníoll go ndéanann an tomhaltóir tairiscint ag an am céanna na suimeanna a fuarthas ón díoltóir nó ón soláthróir a aisíoc nó urrús a sholáthar chun na suimeanna sin a aisíoc, sa chaoi nach n-áirítear sa mhéid atá le híoc ag an tomhaltóir na suimeanna a bhfuil cosc ama orthu?

5.

An gcaithfear Airteagail 7(1) de Threoir 93/13/EEC an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a fhorléiriú sa chiall is go gcoisctear léirmhíniú ar an dlí náisiúnta ar dá réir, i gcás nach féidir le conradh leanúint de bheith ann a thuilleadh tar éis clásail mhí-úsáideacha a dhíchur, nach mbeidh an tomhaltóir i dteideal go hiomlán nó go páirteach ús ar íocaíocht dhéanach i leith na tréimhse ón tráth a fhaightear an t-éileamh ar aiseag ón díoltóir nó ón soláthróir i gcás go bhfeidhmíonn an díoltóir nó an soláthróir an ceart dá dtagraítear i gCeist 4?


(1)  IO 1993 L 95, lch. 29.