19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 165/21


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Eanáir 2022 – RF v Finanzamt G

(Cás C-15/22)

(2022/C 165/34)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: RF

Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Finanzamt G

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 4(3) CAE agus Airteagal 208 i gcomhar le hAirteagal 210 CFAE le léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac ar chleachtas riaracháin náisiúnta faoi nach ligfear le díolmhú ó cháin i gcásanna ina bhfuil tionscadail comhair forbraíochta á maoiniú ag an gCiste Eorpach Forbraíochta, cé go ndéantar, faoi choinníollacha áirithe, tuarastal a dhíolmhú ó cháin, ar tuarastal é a thuilleann oibrí ó chaidreamh fostaíochta reatha i ndáil le gníomhaíocht a bhaineann leis an gcúnamh forbraíochta oifigiúil sa Ghearmáin mar chuid den chomhar airgeadais nó teicniúil arna mhaoiniú go dtí ar a laghad 75 % ag Aireacht Chónaidhme a bhfuil freagracht uirthi as comhar forbraíochta nó ag comhlachas príobháideach um chúnaimh forbraíochta de chuid an Stáit?