BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

4 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoir 2001/42/CE – Measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol atá ag pleananna agus cláir áirithe – Airteagal 2(a) – An coincheap ‘pleananna agus clár [...] atá riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin’ – Beart arna ghlacadh ag rialtas Ballstáit ar bhonn fhoráil Bhunreacht an Ballstáit sin lena bhforáiltear gurb é an Rialtas a oibreoidh, nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an rialtais sin, agus ar an mbonn amháin)

I gCás C-727/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE ón gCúirt Uachtarach (Éire), trí bhreith an 24 Samhain 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 25 Samhain 2022, sna himeachtaí

Friends of the Irish Environment CLG

v

Rialtas na hÉireann,

An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil,

Éire,

An tArd-Aighne,

tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Prechal, Uachtarán Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Bhreitheamh den Dara Dlísheomra, N. Wahl, J. Passer (Rapóirtéir) agus M. L. Arastey Sahún, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 8 Samhain 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Friends of the Irish Environment CLG, ag N. Steen, AS, J. Kenny, BL agus F. Logue, Aturnae,

Éire, ag M. Browne, Príomh-Aturnae Stáit, A. Joyce agus M. Tierney, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó M. Gray, AS, F. Valentine, AS, agus E. Synnott, BL,

Rialtas na Seice, ag A. Edelmannová, L. Langrová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag C. Hermes agus M. Noll-Ehlers, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 21 Márta 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO 2001 L 197, lch. 30).

2

Rinneadh an iarraidh seo mar chuid de dhíospóid idir Friends of the Irish Environment CLG, ar eagraíocht neamhrialtasach é a fheidhmíonn i réimse an chomhshaoil, ar thaobh amháin, agus Rialtas na hÉireann, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, (Éire) agus leis an Ard-Aighne (Éire) faoi chinneadh arna dhéanamh ag Rialtas na hÉireann lenar glacadh creat pleanála náisiúnta agus plean forbartha náisiúnta.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

De réir Airteagal 1 de Threoir 2001/42, dar teideal ‘Cuspóirí’:

‘Is é cuspóir na Treorach seo ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú, agus cuidiú le breithnithe comhshaoil a chomhtháthú in ullmhú agus i nglacadh pleananna agus clár d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí fhoráil a dhéanamh, i gcomhréir leis an Treoir sin, go ndéanfar measúnú comhshaoil ar phleananna agus cláir áirithe ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

“pleananna agus cláir”: na pleananna agus cláir, lena n‑áirítear na cinn arna gcómhaoiniú ag an gComhphobal Eorpach, chomh maith le haon leasuithe orthu:

arna ndréachtú agus/nó arna nglacadh ag údarás ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó arna ndréachtú ag údarás lena nglacadh ag an bparlaimint nó ag an rialtas, trí nós imeachta reachtach, agus

atá riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘1.   Déanfar measúnú comhshaoil, i gcomhréir le hAirteagail 4 go 9, ar na pleananna agus na cláir dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol.

2.   Faoi réir mhír 3, déanfar measúnú comhshaoil ar na pleananna agus na cláir go léir:

(a)

a fhorbraítear le haghaidh earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta, an iascaigh, an fhuinnimh, an tionscail, an iompair, an bhainistithe dramhaíola, na bainistíochta uisce, na teileachumarsáide, na turasóireachta, na pleanála uirbí agus na tuaithe nó na húsáide talún agus lena leagfar síos an creat le haghaidh tionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 85/337/CEE [ón gComhairle, an 27 Meitheamh 1985, maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO 1985 L 175, lch. 40),] a údarú amach anseo; [...]

[...]

4.   Cinnfidh na Ballstáit, i gcás pleananna agus clár, seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2, a shainíonn creat faoina bhféadfar cur chun feidhme tionscadal a údarú amach anseo, cibé acu an dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol nó nach dóigh.

[...]

8.   Ní thagann na pleananna agus cláir seo a leanas faoin Treoir seo:

pleananna agus cláir a bheartaítear le haghaidh cosaint náisiúnta agus shibhialta amháin,

pleananna agus cláir airgeadais nó buiséid.

9.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le pleananna agus cláir arna gcómhaoiniú faoi na tréimhsí cláreagraithe reatha [...] a bhaineann le Rialacháin (CE) Uimh.1260/1999 [ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 maidir le forálacha ginearálta um chistí struchtúracha (IO 1999 L 161, lch. 1),] agus (CE) Uimh. 1257/1999 [ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Rialacháin áirithe (IO 1999 L 160, lch. 80)] faoi seach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 4(3) den Treoir sin:

‘I gcás inar cuid d’ordlathas na pleananna agus na cláir, cuirfidh na Ballstáit san áireamh, ar mhaithe le hathdhéanamh an mheasúnaithe a sheachaint, go ndéanfar é, i gcomhréir leis an Treoir seo, ar leibhéil éagsúla an ordlathais. Ar mhaithe, inter alia, le hathdhéanamh an mheasúnaithe a sheachaint, cuirfidh na Ballstáit Airteagal 5(2) agus (3) i bhfeidhm.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

De réir Airteagal 5 de Threoir 2001/42, dar teideal ‘Tuarascáil ar na héifeachtaí comhshaoil’:

‘1.   I gcás ina gceanglaítear measúnú comhshaoil a dhéanamh de réir Airteagal 3(1), dréachtófar tuarascáil ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol, ina n-aithnítear na héifeachtaí suntasacha ar dóigh a bheidh ag cur i bhfeidhm an phlean nó an chláir mar aon leis na réitigh mhalartacha réasúnta i bhfianaise chuspóirí agus raon feidhme geografach an phlean nó an chláir, agus ina ndéantar cur síos agus measúnú orthu. Liostaítear in Iarscríbhinn I an fhaisnéis atá ag teastáil ina leith sin.

2.   Beidh sa tuarascáil ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol arna dréachtú i gcomhréir le mír 1 an fhaisnéis is féidir a éileamh go réasúnta, i bhfianaise an tsaineolais agus na modhanna measúnaithe atá ann cheana féin, ábhar an phlean nó an chláir agus a shoiléire agus atá sé, chéim an phróisis cinnteoireachta arna baint amach agus gur féidir gurbh fhearr measúnú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe ag céimeanna eile den phróiseas sin ar mhaithe le hathdhéanamh an mheasúnaithe a sheachaint.

3.   Féadfar faisnéis fhónta arna fáil ag na leibhéil chinnteoireachta eile nó de réir ionstraimí reachtaíochta Comhphobail eile maidir le héifeachtaí na bpleananna agus na gclár ar an gcomhshaol a úsáid chun an fhaisnéis arna leagan amach in Iarscríbhinn I a sholáthar.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Aisghaireadh Treoir 85/337 le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol (IO 2012 L 26, lch. 1), a tháinig i bhfeidhm an 17 Feabhra 2012, agus tháinig sí ina hionad.

Dlí na hÉireann

9

De réir Airteagal 28(2) de Bhunreacht na hÉireann:

‘Faoi chuimsiú forálacha an Bhunreachta seo, is é an Rialtas a oibreos, nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit.’

10

Foráladh don mhéid seo a leanas le hAlt 2(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (‘Acht 2002’):

‘ciallaíonn “Straitéis Spáis Náisiúnta” an “Straitéis Spáis Náisiúnta: 2002‑2020” a d’fhoilsigh an Rialtas an 28 Samhain 2002 nó aon doiciméad arna fhoilsiú ag an Rialtas lena leasaítear an Straitéis sin nó a chuirtear in ionad na Straitéise sin’.

11

Tar éis theacht i bhfeidhm an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 (‘Acht 2018’), an 22 Deireadh Fómhair 2018, seo a leanas foclaíocht Chaibidil IIA de Chuid II d’Acht 2000:

‘Creat pleanála náisiúnta

20A.

Tabharfar an Creat Pleanála Náisiúnta ar an Straitéis Spáis Náisiúnta arna leasú ag féachaint d’fhorálacha na Caibidle seo lena n-áirítear aon doiciméad arna fhoilsiú ag an Rialtas lena leasaítear an Straitéis nó a chuirtear ina hionad, nó lena leasaítear an doiciméad sin dá éis sin nó a chuirtear ina ionad.

[...]

Nithe a ndíreofar orthu sa Chreat Pleanála Náisiúnta

20C. [...]

(4)

Ullmhóidh agus foilseoidh an Rialtas an Creat Pleanála Náisiúnta agus coimeádfaidh sé cur i ngníomh an Chreata faoi athbhreithniú.

(5)

Gach 6 bliana tar éis dháta foilsithe an Chreata Pleanála Náisiúnta, déanfaidh an Rialtas—

(a)

an Creat a athleasú nó creat nua a chur ina ionad, nó

(b)

ráiteas a fhoilsiú á mhíniú cén fáth gur thug an Rialtas breith gan an Creat a athbhreithniú agus léiriú a áireamh sa ráiteas ar dháta faoina ndéanfar é a athleasú nó faoina ndéanfar Creat Pleanála Náisiúnta nua a fhoilsiú.

(6)

Déanfaidh an tAire socrú maidir le comhchomhairliúchán poiblí le linn Creat Pleanála Náisiúnta nua nó athleasaithe a ullmhú [...]

(7)

Beidh ullmhú an Chreata Pleanála Náisiúnta faoi réir forálacha de chuid Treoracha Comhshaoil AE iomchuí [...]

(8)

Déanfaidh an Rialtas an dréacht den Chreat Pleanála Náisiúnta athleasaithe nó nua, mar aon leis an Tuarascáil Timpeallachta agus an Tuarascáil Measúnachta Cuí, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas lena cheadú acu, sula bhfoilseofar é.

(9)

Le linn don Rialtas an Creat Pleanála Náisiúnta a ullmhú nó a athleasú, beidh aird aige ar aon rún nó tuarascáil ón Oireachtas, nó ó aon choiste den Oireachtas, a dhéanfar, le linn na tréimhse breithnithe, maidir leis an straitéis bheartaithe nó, de réir mar a bheidh, maidir leis an gCreat mar a bheartaítear é a athleasú’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

12

Trí chinneadh an 16 Feabhra 2018, ghlac Rialtas na hÉireann an Creat Náisiúnta Pleanála (‘CNP’) agus an Plean Forbartha Náisiúnta (‘PFN’), dhá chuid de Project Ireland 2040. ‘Daingníodh’ an cinneadh sin le cinneadh ón Rialtas sin an 29 Bealtaine 2018.

13

Féachtar trí Project Ireland 2040 le plean comhaontaithe agus comhtháite um úsáid agus forbairt thalamh na tíre a bhunú. Bunaítear le CNP creat pleanála le infheistíocht san fhorbairt a threorú sna blianta atá amach romhainn agus sainítear de réir an bhrollaigh na ‘cuspóirí náisiúnta agus príomhphrionsabail as a dtiocfaidh pleananna leasaithe mionsonraithe’. Mar sin, ní fhoráiltear leis do na mionsonraí ar fad do gach aon chuid den tír ach ‘is amhlaidh a chumasaíonn sé gach réigiún ar leith chun an phleanáil agus an fhorbairt a threorú ina gcuid pobal féin.’ Tá PFN ag gabháil le CNP, rud a dtugtar stráitéis deich mbliana d’infheistíocht caipitil phoiblí EUR 116 billiún air, lena sainítear faoi mar a chuirfear maoiniú ar fáil chun críocha tionscadail áirithe a chur i bhfeidhm a mheastar gur bunúsach iad leis na torthaí straitéiseacha arna liostú le CNP a bhaint amach agus lena liostaítear na hoibreacha tábhachtacha bonneagair a bheartaítear a mhaoiniú leis gan aghaidh a thabhairt ar cheisteanna maidir le pleanáil agus forbairt.

14

Trí bhreithiúnas agus ordú an 24 Aibreán 2020 agus trí ordú an 13 Bealtaine 2020, dhiúltaigh an Ard‑Chúirt (Éire) don iarratas arna dhéanamh ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí go nglacfaí orduithe certiorari chun cinneadh an 16 Feabhra 2018 a chur ar neamhní, ar cinneadh é a daingníodh le cinneadh an 29 Bealtaine 2018.

15

Trí bhreithiúnas an 26 Samhain 2021 agus ordú an 7 Nollaig 2021, dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc (Éire) don achomharc arna dhéanamh ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí i gcoinne chinntí na hArd-Chúirte.

16

An 4 Eanáir 2022, rinne an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí achomharc i gcoinne chinntí na hArd‑Cúirte os comhair na Cúirte Uachtaraí (Éire), arb í an chúirt a rinne an tarchur, lenar chuir sé bailíocht CNP agus PFN faoi chonspóid. Áitíonn sé, go bunúsach, nár comhlíonadh ceanglais Threoir 2001/42 agus CNP agus PFN á nglacadh agus, ó thaobh CNP go sonrach, nach ndearnadh cur síos leordhóthanach ar na réitigh mhalartacha réasúnta agus measúnú orthu ar bhonn ceart maidir leis an anailís arna déanamh i ndáil leis an rogha thosaíochta.

17

Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, áitíonn na cosantóirí sna príomhimeachtaí, bíodh is go ndearnadh measúnú ar CNP de réir Threoir 2001/42, nár ceanglaíodh an measúnú sin a dhéanamh leis an Treoir sin, toisc nach plean ná clár dá dtagraítear le hAirteagal 2(a) den Treoir sin é CNP, ós rud é nach bhfuil CNP ‘riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin’ de réir bhrí na forála sin. B’amhlaidh an cás ó thaobh PFN, nach raibh faoi raon feidhme na Treorach sin de réir Airteagal 3(8) den Treoir sin ach an oiread.

18

Sna himthosca sin, chinn an Chúirt Uachtarach bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.

An gá Airteagal 2(a) de [Threoir 2001/42], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2)(a), a léiriú sa chaoi go bhféadfadh beart arna ghlacadh ag brainse feidhmiúcháin Ballstáit, seachas de bhíthin iallach reachtach nó riaracháin, agus nár glacadh ar bhonn aon bhirt rialúcháin, riaracháin nó reachtach, a bheith ina phlean nó ina chlár a bhfuil feidhm ag an Treoir maidir leis, i gcás ina leagann an plean nó an clár arna ghlacadh creat chun toiliú forbartha a dheonú go hiartheachtach nó a dhiúltú agus dá bhrí sin go bhfuil sé ag teacht le tástáil Airteagal 3(2) den Treoir?

(2)

(a)

An gá Airteagal 3(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(8) agus (9) de [Threoir 2001/42], a léiriú sa chaoi go bhféadfadh plean nó clár a ndéanann foráil sonrach, cé go gcuirtear síos air mar “táscach”, maidir le cistí a leithdháileadh chun tionscadail bhonneagair áirithe a thógáil d’fhonn tacú le straitéis forbartha spásúla i bplean eile, atá mar bhonn do straitéis forbartha spásúla iartheachtach, a bheith ina phlean nó ina chlár féin de réir bhrí [Threoir 2001/42]?

(b)

I gcás freagra dearfach ar Cheist 2(a), an mbeidh plean a bhfuil sé mar chuspóir aige leithdháileadh acmhainní, le deileáil mar phlean buiséadach de réir bhrí Airteagal 3(8)?

(3)

(a)

An gá Airteagal 5, agus Iarscríbhinn 1, de [Threoir 2001/42] a léiriú amhail, i gcás ina n‑éilítear measúnú comhshaoil faoi Airteagal 3(1), nach mór don tuarascáil chomhshaoil dá bhforáiltear inti, a luaithe a shainaithnítear roghanna réasúnta eile seachas rogha na tosaíochta, measúnú a dhéanamh ar rogha na tosaíochta agus ar roghanna réasúnta eile ar bhonn inchomparáide?

(b)

I gcás freagra dearfach ar Cheist 3(a), an gcomhlíontar ceanglas na Treorach má dhéantar measúnú ar na roghanna réasúnta ar bhonn inchomparáide sula roghnaítear an rogha thosaíochta, agus ina dhiaidh sin go ndéantar measúnú ar an dréachtphlean nó ar an dréachtchlár agus go ndéantar [measúnú straitéiseach comhshaoil (MSC)] níos iomláine ansin maidir leis an rogha thosaíochta?’

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

19

Tríd an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42 le léiriú sa chaoi gur féidir gur ‘plean’ nó ‘clár’ de réir bhrí Airteagal 2(a), beart arna ghlacadh ag rialtas Ballstáit ar bhonn fhoráil Bhunreacht an Ballstáit sin lena bhforáiltear gurb é an Rialtas a oibreoidh, nó gur le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit, agus ar an mbonn sin amháin, i gcás ina sainítear leis an mbeart sin creat ina bhféadfaí údarú a thabhairt, nó diúltú, do chur i bhfeidhm tionscadal áirithe.

20

Foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2001/42 nach mór measúnú comhshaoil a dhéanamh ar phleananna agus cláir áirithe ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol.

21

Go háirithe, de réir Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42, ní mór measúnú comhshaoil a dhéanamh ar gach plean agus clár a chomhlíontar leis dhá choinníoll charnacha, eadhon, ar an gcéad dul síos, go ndréachtaítear é ar mhaithe leis na hearnálacha dá dtagraítear san fhoráil sin agus, ar an dara dul síos, go sainmhínítear leo an creat faoina bhféadfaí údarú a thabhairt, nó diúltú, do chur i bhfeidhm na dtionscadal a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II de Threoir 2011/92 (breithiúnas an 9 Márta 2023, an Bord Pleanála agus páirtithe eile (Suíomh Ghairdíní San Treasa), C-9/22, EU:C:2023:176, mír 36).

22

Sa chás seo, de réir na cúirte a rinne an tarchur, comhlíontar le CNP an dara coinníoll d’Airteagal 3(2)(a) den Treoir sin

23

Is tábhachtach a chur in iúl, áfach, nach dtagann ach na ‘pleananna agus cláir’ atá de réir an tsainmhínithe ar an gcoincheap sin in Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42 faoi Threoir 2001/42, agus Airteagal 3 di mar sin.

24

I ndáil leis sin, sainmhínítear le hAirteagal 2(a) de Threoir 2001/42 na ‘pleananna agus cláir’ de réir bhrí na Treorach sin, mar phleananna agus cláir lena gcomhlíontar an dá choinníoll charnacha a leagtar amach ann, eadhon, ar an gcéad dul síos, gurbh é údarás ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a dhréachtaigh agus/nó a ghlac iad nó gurbh é údarás a dhréachtaigh iad ar mhaithe lena nglacadh ag parlaimint nó ag rialtas trí nós imeachta reachtach (an chéad choinníoll) agus, ar an dara dul síos, go bhfuil siad riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin (an dara coinníoll) (breithiúnas an 9 Márta 2023, an Bord Pleanála agus páirtithe eile (Suíomh Ghairdíní San Treasa), C-9/22, EU:C:2023:176, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

25

Maidir leis an dara coinníoll dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, is léir ón gcásdlí socraithe nach mór a mheas mar ‘riachtanach’, de réir bhrí agus chur chun feidhme Threoir 2001/42, agus mar sin, go bhfuil measúnú le déanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha arna leagan amach, pleananna agus cláir a bhfuil a nglacadh á rialú ag forálacha reachtacha nó rialála náisiúnta, lena gcinntear na húdaráis inniúla lena nglacadh mar aon lena nós imeachta dréachtaithe. Mar sin, rialaigh an Chúirt ag féachaint do chuspóir Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42, arb é atá ann ardleibhéal cosanta don chomhshaol a ráthú, agus chun a héifeacht úsáideach a chaomhnú, ní mór a mheas go bhfuil beart ‘riachtanach’ i gcás ina bhfuil bunús dlí sonrach sa dlí náisiúnta lena n-údaraítear do na húdaráis inniúla dul ar aghaidh lena ghlacadh, fiú mura bhfuil an glacadh sin de chineál éigeantach (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Bund Naturschutz in Bayern, C-300/20, EU:C:2022:102, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Sa chás seo, ní cosúil, de réir na faisnéise atá ag an gCúirt, gur glacadh CNP ar bhonn a leithéide de bhunús dlí sonrach.

27

De réir na cúirte a rinne an tarchur, glacadh CNP trí chinneadh an Rialtais agus é ag gníomhú de réir na cumhachta arna tabhairt dó le hAirteagal 28(2) de Bhunreacht na hÉireann agus dá réir sin amháin.

28

I gcomhréir leis an bhforáil sin, ‘[f]aoi chuimsiú f[h]orálacha [Bhunreacht na hÉireann], is é an Rialtas a oibreos nó is le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit.’

29

Mar sin, gan creat a chur le glacadh pleananna nó clár trí fhoráil do na húdaráis inniúla chun iad a ghlacadh agus iad a dhréachtú, ná baol air, ní leagtar síos leis an bhforáil sin ach, i gcomhréir le prionsabal bunreachtúil scaradh na gcumhachtaí, murab ionann agus na cumhachtaí reachtacha agus breithiúnacha, go ginearálta gurb é údarás an Rialtas a oibreoidh, nó le húdarás an Rialtais a oibreofar cumhacht chomhallach an Stáit.

30

Is fíor, i bhfianaise chuspóir Threoir 2001/42, i gcomhréir le hAirteagal 1 di, arb é atá ann ardleibhéal cosanta don chomhshaol a ráthú, nach mór na forálacha a theorannaíonn a raon feidhme, agus go háirithe na forálacha sin a leagann amach sainmhínithe na ngníomhartha atá beartaithe aici a léirmhíniú go leathan (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Bund Naturschutz in Bayern, C-300/20, EU:C:2022:102, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

Dá ndéanfaí léiriú ar Threoir 2001/42 ar dá réir a thagann beart de réir choinníollacha glactha CNP faoi raon feidhme Threoir 2001/42, áfach, rachfaí níos faide ná léiriú leathan ar an Treoir sin. Go deimhin, bhainfí an bhrí den dara ceann den dá choinníoll charnacha arna leagan amach in Airteagal 2(a) den Treoir sin lena leithéid de léiriú.

32

Mar sin, ní fhéadfaí a mheas go dtagann beart, amhail CNP, arna ghlacadh ar bhonn fhoráil de Bhunreacht Ballstáit amhail an fhoráil dá dtagraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo agus ar an mbonn sin amháin, ina leith sin, faoi raon feidhme Threoir 2001/42, fiú dá gcomhlíonfaí leis an mbeart sin an dara coinníoll d’Airteagal 3(2)(a) den Treoir sin, a thugtar chun cuimhne i mír 21 den bhreithiúnas seo.

33

Thairis sin, ní thugtar a leithéid de léiriú faoi cheist toisc, mar a luann an chúirt a rinne an tarchur, gur foráladh le hAirteagal 2(1) d’Acht 2000 go bhfoilseofaí an ‘Stráitéis Spáis Náisiúnta’ nó aon leasú uirthi. Go deimhin, ní mór a chinneadh nach ndearnadh leis an bhforáil sin ach ceanglas foilsithe a bhunú gan nós imeachta um CNP a bhunú, áfach. Mar sin, fiú agus an fhoráil sin á cur san áireamh, ní fhéadfaí a mheas go raibh ‘creat le’ glacadh PFN de réir bhrí an chásdlí a thugtar chun cuimhne i mír 25 den bhreithiúnas seo, ar bhonn Airteagal 28(2) de Bhunreacht na hÉireann.

34

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach gcomhlíontar le beart atá de réir choinníollacha glactha CNP an dara ceann de na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42 agus, mar sin, nach ‘plean nó clár’ é de réir bhrí na forála sin.

35

Tá an cinneadh sin gan dochar don mheasúnú, i bhfianaise Threoir 2001/42, ar na pleananna nó na cláir a ghlacfar, i gcás inarb iomchuí, chun CNP a chur chun feidhme.

36

I ndáil leis sin, ó thaobh a leithéide de phleananna agus cláir lena gcomhlíonfaí na coinníollacha dá bhforáiltear le Treoir 2001/42 ionas go bhfuiltear faoi oibleagáid measúnú comhshaoil a dhéanamh orthu, is tábhachtach, go háirithe, a thabhairt faoi deara nach n‑údaraítear le haon fhoráil den Treoir sin do na húdaráis náisiúnta údar a thabhairt do na héifeachtaí ar dóigh a bheith ag na pleananna nó cláir sin ar an gcomhshaol ar an bhforas gur toradh a leithéid d’éifeacht ar threoracha arna socrú i mbeart amhail CNP, ós rud é nach ‘plean’ nó ‘clár’ CNP de réir bhrí Airteagal 2(a) den Treoir sin, agus nach bhfuil sé mar chuid ‘d’ordlathas’ mar sin de réir bhrí Airteagal 4(3) den Treoir sin.

37

Tá an cinneadh i mír 34 den bhreithiúnas seo gan dochar chomh maith don mheasúnú, i bhfianaise na Treorach sin, ar na pleananna agus cláir a ghlacfar, de réir an cháis, de réir fhorálacha ábhartha Acht 2000, arna leasú le hAcht 2018, lena n‑áirítear, go háirithe, leasú nó athchur féideartha CNP arna ndéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear sna forálacha sin.

38

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra atá le tabhairt ar an gcéad cheist ná go bhfuil Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42 le léiriú sa chaoi nach gcomhlíontar an coinníoll ‘riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin’ le beart arna ghlacadh ag rialtas Ballstáit ar bhonn fhoráil Bhunreacht an Bhallstáit sin lena bhforáiltear gurb é an Rialtas a oibreoidh, nó gur le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit, agus ar an mbonn sin amháin agus, dá bhrí sin, nach féidir gur ‘plean’ nó ‘clár’ é de réir bhrí Airteagal 2(a).

An dara ceist

39

Leis an dara cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 3(1) de Threoir 2001/42, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(8) agus (9) den Treoir sin, le léiriú sa chaoi:

gur féidir gur plean nó clár de réir bhrí Threoir 2001/42 beart ina bhfuil rialacha sonracha, bíodh is go ndéantar cur síos orthu mar ‘tháscach’, maidir le leithdháileadh cistí atá beartaithe le haghaidh tionscadail áirithe bhonneagair a dhéanamh, chun tacaíocht a thabhairt don straitéis spáis dá bhforáiltear le beart eile;

nach bhfuil a leithéid de bheart faoi raon feidhme Threoir 2001/42 faoi Airteagal 3(8) di toisc go bhféachtar leis acmhainní a dháileadh.

40

Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go mbaineann an cheist sin le PFN.

41

Is léir ón iarraidh sin, áfach, gur cuid amháin é PFN de dhá chuid de Project Ireland 2040 agus go raibh an t-aon bhunús dlí amháin ag Rialtas na hÉireann lena ghlacadh agus le glacadh CNP.

42

Dá bhrí sin, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 26 go 34 den bhreithiúnas seo agus an fhreagra ar an gcéad cheist, ní gá freagra a thabhairt ar an dara ceist.

An tríú ceist

43

Is léir ón bhfreagra arna thabhairt ar an gcéad cheist nach ionann beart amhail CNP agus ‘plean’ nó ‘clár’ de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2001/42 agus, dá bhrí sin, nach dtagann sé faoi raon feidhme na Treorach sin.

44

Sna himthosca sin, ní gá scrúdú a dhéanamh ar an tríú ceist a bhaineann le hAirteagal 5 de Threoir 2001/42 agus ar an modheolaíocht is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna agus ar na cláir atá faoi réir na Treorach sin.

Costais

45

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 2(a) de Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

ní chomhlíontar an choinníoll ‘riachtanach de réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin’ le beart arna ghlacadh ag rialtas Ballstáit ar bhonn fhoráil Bhunreacht an Bhallstáit sin lena bhforáiltear gurb é an Rialtas a oibreoidh, nó gur le húdarás an Rialtais a oibreofar, cumhacht chomhallach an Stáit, agus ar an mbonn sin amháin agus, dá bhrí sin, ní féidir gur ‘plean’ nó ‘clár’ é de réir bhrí Airteagal 2(a).

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.