BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
22 Deireadh Fómhair 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí san Aontas Eorpach – Treoir 2014/25/AE – Airteagal 43 – Oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtríú tír nár thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas lena n‑áirithítear, ar bhealach cómhalartach agus comhionann, rochtain ar sholáthar poiblí – Easpa ceart ag na hoibreoirí eacnamaíocha sin chun ‘cóir nach lú fabhar’ – Rannpháirtíocht oibreora eacnamaíoch i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain – Neamh-infheidhmeacht Threoir 2014/25 – Do-ghlacthacht iarrata ar réamhrialú maidir le léiriú ar fhorálacha den Treoir sin, i gcomhthéacs caingean arna tionscnamh ag an oibreoir eacnamaíoch sin)
I gCás C‑652/22,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Visoki upravni sud (an Chúirt Riaracháin Achomhairc, an Chróit), trí bhreith an 10 Deireadh Fómhair 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 18 Deireadh Fómhair 2022, sna himeachtaí
Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret AS
v
Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave,
idiragraithe:
HŽ Infrastruktura d.o.o.,
Strabag AG,
Strabag d.o.o.,
Strabag Rail a.s.,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, C. Lycourgos (Rapóirtéir), I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen agus M. Gavalec, Uachtaráin Dlísheomra, MM. A. Arabadjiev, E. Regan, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,
Cláraitheoir: M. Longar, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 21 Samhain 2023,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret AȘ, ag I. Božić agus Z. Tomić, odvjetnici, |
|
– |
la Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave, ag M. Kuhar, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
HŽ Infrastruktura d.o.o., ag I. Kršić, i gcáil Gníomhaire, agus ag I. Mršo Nastić agus M. Paulinović, odvjetnici, |
|
– |
Strabag AG, Strabag d.o.o. agus Strabag Rail a.s., ag Ž. Potoku, odvjetnica, Potoku, odvjetnica, |
|
– |
Rialtas na Cróite, ag G. Vidović Mesarek, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Seice, L. Halajová, T. Müller, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Danmhairge, D. Elkan, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na hEastóine, N. Grünberg agus M. Kriisa, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Fraince, R. Bénard, O. Duprat‑Mazaré agus J. Illouz, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hOstaire, J. Schmoll, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na Polainne, B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, G. Gattinara, M. Mataija agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 7 Márta 2024,
an Breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 36 agus 76 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO 2014 L 94, lch. 243). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir cuideachta chorpraithe faoi dhlí na Tuirce Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret AȘ (‘Kolin’) agus an Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave (an Coimisiún Náisiúnta um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí, an Chróit) (‘an Coimisiún um Maoirseacht’) faoi sholáthar poiblí a dhámhachtain maidir le bonneagar iarnróid a thógáil sa Chróit. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
Comhaontú Comhlachais idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc agus an Prótacal Breise
|
3 |
Síníodh an comhaontú lena mbunaítear comhlachas idir Comhphobail Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc an 12 Meán Fómhair 1963 in Ankara agus tugadh i gcrích é, formheasadh é agus deimhníodh é le Cinneadh 64/732/CEE ón gComhairle an 23 Nollaig 1963 thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 1964 217, lch. 3685). |
|
4 |
Foráiltear in Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú, a síníodh an 23 Samhain 1970 sa Bhruiséil, agus tugadh i gcrích é agus deimhníodh é le Cinneadh (CEE) Uimh. 2760/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 1972 L 293, lch. 1, an ‘Prótacal Breise’): ‘Staonann na Páirtithe Conarthacha ó aon srianta nua maidir le saoirse bunaíochta agus saoirse seirbhísí a sholáthar a thabhairt isteach eatarthu féin.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Faoi Airteagal 57 den Phrótacal Breise: ‘Déanfaidh na páirtithe conarthacha coigeartú de réir a chéile ar na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh sna conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag na riaracháin nó na gnóthais phoiblí, chomh maith leis na gnóthais phríobháideacha de réir a chéile nuair a deonaíodh cearta speisialta nó eisiacha chun deireadh a chur le haon idirdhealú idir náisiúnaigh de na Ballstáit agus náisiúnaigh ón Tuirc atá bunaithe ar chríoch na bpáirtithe conarthacha, faoi dheireadh thréimhse 22 bhliain. Cinnfidh an Chomhairle Comhlachais tráthchlár agus rialacha an choigeartaithe sin agus na réitigh arna nglacadh sa réimse seo laistigh den Chomhphobal á n‑aithint.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2014/25
|
6 |
Foráiltear le haithrisí 2 agus 27 de Threoir 2014/25:
[...]
|
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 1(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’: ‘Leagtar amach leis an Treoir seo na rialacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta a ghabhann le conarthaí soláthair arna dtabhairt i gcrích ag eintitis chonarthacha a mhéid a bhaineann le conarthaí agus le comórtais, arb ionann nó ar mó a luach measta ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 15. |
|
8 |
De réir Airteagal 11 den Treoir seo, dar teideal ‘Seirbhísí Iompair’: ‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar nó oibriú líonraí a sholáthraíonn seirbhís don phobal i réimse an iompair d’iarnród, córais uathoibrithe, tram, bus tralaí, bus nó cábla.’ |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 15 den Treoir sin, dar teideal ‘Méideanna na dtairsí’ mar seo a leanas: ‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a bhfuil a luach measta glan ó cháin bhreisluacha (CBL) comhionann leis na tairseacha seo a leanas nó níos airde ná iad: [...] (b) EUR 5186000 le haghaidh conarthaí oibreacha. [...]’ |
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 1(1) de Threoir 2014/25, dar teideal ‘Prionsabail an tsoláthair’: ‘Caithfidh eintitis chonarthacha go cothrom agus gan idirdhealú le hoibreoirí eacnamaíocha agus gníomhóidh siad ar bhealach trédhearcach agus comhréireach.’ |
|
11 |
Faoi Airteagal 43 de Threoir 2014/25, dar teideal ‘Coinníollacha a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile’, foráiltear: ‘A mhéid go gcumhdaítear iad le hIarscríbhinní 3, 4 agus 5 agus na Nótaí Ginearálta a bhaineann le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal, déanfaidh eintitis chonarthacha, de réir bhrí Airteagal 4(1)(a), cóir a dhéanamh le hoibreacha, le soláthairtí, le seirbhísí agus le hoibreoirí eacnamaíocha shínitheoirí na gcomhaontuithe sin nach lú fabhar ná an chóir a dhéantar le hoibreacha, le soláthairtí, le seirbhísí agus le hoibreoirí eacnamaíocha an Aontais.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
12 |
Foráiltear le hAirteagal 45(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Nós imeachta oscailte’: ‘I nósanna imeachta oscailte, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch ar spéis leis é tairiscint mar fhreagairt ar ghlao ar iomaíocht a thíolacadh. [...]’ |
|
13 |
In Airteagal 76(4) den Treoir sin, dar teideal ‘Prionsabail ghinearálta’, foráiltear don mhéid seo a leanas: ‘I gcás ina bhfuil nó ina ndealraíonn sé go bhfuil an fhaisnéis nó an doiciméadacht atá le tíolacadh ag oibreoirí eacnamaíocha neamhiomlán nó earráideach, nó i gcás ina bhfuil doiciméid shonracha ar iarraidh, féadfaidh eintitis chonarthacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme, a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis nó an doiciméadacht ábhartha a thíolacadh, a fhorlíonadh, a shoiléiriú nó a chomhlánú laistigh de theorainn ama iomchuí, ar choinníoll go ndéanfar na hiarrataí sin i gcomhréir go hiomlán le prionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
14 |
Foráiltear le hAirteagal 86 de Threoir 2014/25, faoin gceannteideal ‘Caidreamh le tríú tíortha maidir le conarthaí oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí’: ‘1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún [Eorpach] ar an eolas maidir le haon deacracht ghinearálta dlí nó fíorais, ar a tháinig a gcuid gnóthas agus a thuairiscigh siad chun dámhachtain conarthaí seirbhíse i dtríú tíortha a áirithiú. 2. Tuairisceoidh an Coimisiún do Chomhairle [an Aontais Eorpaigh] faoin 18 Aibreán 2019, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, maidir le conarthaí seirbhíse a oscailt i dtríú tíortha agus maidir le dul chun cinn sa chaibidlíocht leis na tíortha sin ar an ábhar sin, go háirithe faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). 3. Déanfaidh an Coimisiún iarracht, trí dhul i dteagmháil leis an tríú tír lena mbaineann, aon chás a leigheas ina gcinnfidh sé, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 nó ar bhonn aon fhaisnéis eile, i gcomhthéacs conarthaí seirbhíse a dhámhachtain, go ndéanann tríú tír an méid seo a leanas:
4. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon deacracht ghinearálta dlí nó fíorais, ar a tháinig a gcuid gnóthas agus a thuairiscigh siad agus a tharla mar gheall ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an dlí idirnáisiúnta saothair [...] i gcás ina mbeidh iarracht déanta ag na gnóthais sin dámhachtain conarthaí i dtríú tíortha a áirithiú. 5. Sna himthosca dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, féadfaidh an Coimisiún a mholadh tráth ar bith go nglacfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme chun dámhachtain conarthaí seirbhíse a chur ar fionraí nó a shrianadh, thar thréimhse atá le leagan síos sa ghníomh cur chun feidhme sin, maidir le:
Gníomhóidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, a luaithe is féidir. Féadfaidh an Coimisiún na bearta sin a mholadh as a stuaim féin nó ar iarraidh ó Bhallstát. 6. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do ghealltanais an Aontais i ndáil le tríú tíortha a thagann as comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le soláthar poiblí, go háirithe faoi chuimsiú EDT.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Rialachán IPI
|
15 |
Tháinig Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI) (IO 2022 L 173, lch. 1) (‘Rialachán IPI’), de réir Airteagal 15, i bhfeidhm an 29 Lúnasa 2022. |
|
16 |
Léitear aithrisí 3 agus 10 den Rialachán sin mar a leanas:
[...]
|
|
17 |
Foráiltear le hAirteagal 1 den Rialachán sin dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’, mar seo a leanas: ‘1. Leis an Rialachán seo, bunaítear bearta maidir le soláthar neamh-chumhdaithe, atá ceaptha feabhas a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha. Leagtar síos le nósanna imeachta ionas gur féidir leis an gCoimisiún imscrúduithe a dhéanamh ar bhearta nó cleachtais líomhnaithe tríú tír i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais, agus dul i mbun comhairliúchán leis na tríú tíortha lena mbaineann. Leis an Rialachán seo, foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún bearta IPI a fhorchur i ndáil le bearta nó cleachtais tríú tír den sórt sin chun srian a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí ó thríú tíortha ar nósanna imeachta soláthair phoiblí de chuid an Aontais. 2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a chumhdaítear leis na gníomhartha seo a leanas:
3. Ní dochar an Rialachán seo d’aon oibleagáidí idirnáisiúnta de chuid an Aontais ná do bhearta a fhéadfaidh na Ballstáit nó a n‑údaráis chonarthacha nó a n‑eintitis chonarthacha a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2. [...]’ |
|
18 |
Foráiltear le hAirteagal 6 den Rialachán sin, dar teideal ‘Bearta IPI’, mar seo a leanas: ‘1. I gcás ina gcinneann an Coimisiún, tar éis imscrúdú agus comhairliúcháin de bhun Airteagal 5, gurb ann do bheart nó cleachtas de chuid tríú tír, déanfaidh sé, má mheasann sé gur chun leasa an Aontais é, beart IPI a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. [...] [...] 6. Sa bheart IPI dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh [...] an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí ó thríú tír ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a shrianadh trína cheangal ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha an méid seo a leanas a dhéanamh:
[...]’ |
Dlí na Cróite
|
19 |
Foráiltear le hAirteagal 262 den Zakon o javnoj nabavi (an tAcht um Sholáthar Poiblí), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an tAcht um Sholáthar Poiblí’): Féadfaidh údarás conarthach, tráth ar bith le linn nós imeachta soláthair phoiblí, i gcás inar gá sin chun reáchtáil chuí an nós imeachta a áirithiú, an fhaisnéis atá sa Doiciméad Aonair Eorpach um Sholáthar a fhíorú leis an údarás atá freagrach as taifid oifigiúla a sonraí sin a choinneáil [...] agus iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán chun na críche sin, trí na doiciméid tacaíochta nó an fhianaise atá ina sheilbh cheana féin a sheiceáil [...] [...]’ |
|
20 |
Foráiltear in Airteagal 263 den Acht sin: ‘1. I gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí a bhfuil luach ard acu, ní mór don údarás conarthach, sula nglacann sé cinneadh a iarraidh ar an tairgeoir a chuir an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch isteach na doiciméid tacaíochta nuashonraithe a chur ar fáil laistigh de thréimhse iomchuí 5 lá ar a laghad [...], ach amháin má tá siad ina sheilbh cheana féin, agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh i nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhfuil luach íseal acu. 2. Féadfaidh an t‑údarás conarthach a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha na doiciméid a fuarthas [...] a shoiléiriú.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
21 |
An 7 Meán Fómhair 2020, d’oscail HŽ Infrastruktura d.o.o., ar cuideachta faoi dhlí na Cróite í atá freagrach as bainistiú, cothabháil agus tógáil na mbonneagar iarnróid sa Chróit, nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ag a bhfuil luach measta 2042900000 kuna na Cróite (HRK) (thart ar EUR 271 mhilliún) gan CBL san áireamh, chun bonneagar iarnróid a nascann na limistéir Hrvatski Leskovac (an Chróit) agus Karlovac (an Chróit) a thógáil, a bhí le dámhachtain ag brath ar an gcritéar maidir leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch. |
|
22 |
De réir na dtreoracha do na tairgeoirí ó HŽ Infrastruktura, bhí orthu a gcuid inniúlachtaí teicniúla agus gairmiúla a léiriú trí dhoiciméad a chur ar fáil lena léirítear, le linn na 10 mbliana sular osclaíodh an nós imeachta sin, go ndearna na tairgeoirí sin na hoibreacha foirgníochta bonneagair iarnróid nó bonneagair bóthair, lena n‑áirítear droichid, tarbhealaí nó trasnuithe, dar luach HRK 30000000 (thart ar EUR 4 mhilliún) ar a laghad gan CBL. |
|
23 |
An 25 Eanáir 2022, ghlac HŽ Infrastruktura cinneadh dámhachtana an chonartha lena mbaineann sna príomhimeachtaí trína roghnú, mar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch, tairiscint ó chuideachta san Ostair, Strabag AG, ó chuideachta sa Chróit Strabag d.o.o. agus ó chuideachta sa Seice, Strabag Rail a.s. (le chéile, ‘Grúpáil Strabag’). |
|
24 |
Rinne Kolin, a bhí ar cheann de na tairgeoirí, gearán i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Choimisiúin um Maoirseacht. |
|
25 |
Le cinneadh an 10 Márta 2022, chuir an Coimisiún sin cinneadh HŽ Infrastruktura a luaitear i mír 23 den bhreithiúnas seo ar neamhní, ar an bhforas nár suíodh go hiomchuí go raibh na hinniúlachtaí teicniúla agus gairmiúla riachtanacha ag Grúpáil Strabag. |
|
26 |
An 6 Aibreán 2022, faoin nós imeachta a leanann diúltú a chinneadh dámhachtana, d’iarr HŽ Infrastruktura, de bhun Airteagal 263(2) den Acht um Sholáthar Poiblí, ar Ghrúpáil Strabag, i gcás inarb iomchuí, liosta iomlán a chur ar fáil den obair a rinneadh, agus deimhniú ag gabháil léi lena ndeimhnítear comhlíontacht agus comhlánú na hoibreacha sin. |
|
27 |
An 7 Aibreán 2022, thíolaic Grúpáil Strabag an liosta sin; le deimhniú ag gabháil leis, an 21 Márta 2016. Áiríodh tagairt nua sa liosta iomlán, dar teideal ‘A9 Pyhrn Autobahn Tunnelkette Klaus Vollausbau Baulos 1, Talübergang Steyr und Rampenbrücke’ (‘Beart 1 de shíneadh iomlán shlabhra tholláin Klaus ar mhótarbhealach A9 Pyhrn, tarbhealach a thrasnaíonn Gleann Steyr agus droichead áirse’). |
|
28 |
An 13 Aibreán 2022, d’iarr HŽ Infrastruktura, de bhun Airteagal 263(2) den Acht um Sholáthair Poiblí, ar Ghrúpáil Strabag tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoi dheimhniú an 21 Márta 2016. |
|
29 |
An 21 Aibreán 2022, chomhlánaigh Grúpáil Strabag leis an deimhniú sin trí dhoiciméid a chur ar fáil lena léirítear luach beacht na n‑oibreacha ar an mbonneagar atá i gceist, agus liosta iomlán lena luaitear na hoibreacha a rinneadh. |
|
30 |
Tar éis athbhreithniú agus athmheastóireacht ar na tairiscintí, ghlac HŽ Infrastruktura, an 28 Aibreán 2022, cinneadh nua dámhachtana an chonartha atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí i bhfabhar Ghrúpáil Strabag. Mheas sé, go deimhin, gur leor an tagairt nua féin a luaitear i mír 27 den bhreithiúnas seo chun a shuí go raibh na hinniúlachtaí teicniúla agus gairmiúla riachtanacha ag an nGrúpáil sin. |
|
31 |
Thionscain Kolin gearán i gcoinne an chinnidh dámhachtana nua sin os comhair an Choimisiúin um Maoirseacht, trína áitiú go raibh tionscnamh HŽ Infrastruktura chun a iarraidh ar Ghrúpáil Strabag liosta a chuid oibreacha a chomhlánú neamhdhleathach. |
|
32 |
Le Cinneadh an 15 Meitheamh 2022, dhiúltaigh an Coimisiún um Maoirseacht an gearán sin ar an bhforas nach raibh foráil náisiúnta ar leith lena gcuirtear cosc ar Ghrúpáil Strabag liosta iomlán na n‑oibreacha a chomhlánú le hoibreacha eile a rinneadh ach a bhí san áireamh i dtosach, toisc go gcuireann Airteagal 263(2) den Acht um Sholáthar Poiblí ar chumas an údaráis chonarthaigh a iarraidh ar thairgeoir an fhianaise a sholáthraítear a chomhlánú nó a mhíniú. |
|
33 |
Thionscain Kolin caingean le haghaidh neamhniú i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Visoki upravni sud (an Chúirt Achomhairc Riaracháin, an Chróit), an chúirt a rinne an tarchur, trína áitiú nárbh í an iarraidh amháin ar Ghrúpáil Strabag ó HŽ Infrastruktura liosta na n‑oibreacha i gceangal lena thairiscint a chomhlánú a bhí neamhdhleathach ach go raibh sé neamhdhleathach freisin liosta iomlán na n‑oibreacha a chur san áireamh, a mhéid a leasaítear le glacadh na tagartha a luaitear i mír 27 den bhreithiúnas seo tairiscint na grúpála sin go substaintiúil agus a sháraítear, go háirithe, prionsabal na córa comhionainne. |
|
34 |
I bhfianaise Airteagail 36 agus 76 de Threoir 2014/25, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur i dtaobh an bhfuil eintiteas conarthach, amhail HŽ Infrastruktura, i dteideal na doiciméid bhreise maidir le hinniúlachtaí teicniúla agus gairmiúla Ghrúpáil Strabag a chur san áireamh, tar éis don Choimisiún um Maoirseacht a chinneadh tosaigh dámhachtana an chonartha a chur ar neamhní, nach raibh sa chéad tairiscint a rinne an ghrúpáil sin agus a chuir an ghrúpáil sin i láthair arna iarraidh sin ag an eintiteas conarthach sin. |
|
35 |
Sna himthosca sin, chinn an Visoki upravni sud (an Chúirt Achomhairc Riaracháin) na himeachtaí a chur ar fionraí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Inghlacthacht na gceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú
|
36 |
De réir an chásdlí shocair, i gcomhthéacs nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, is faoin gcúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, atá sé an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a dhéanamh (breithiúnas an 24 Iúil 2023, Lin, C‑107/23 PPU, EU:C:2023:606, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Is faoin gCúirt atá sé, áfach, na dálaí faoina dtarchuireann an chúirt náisiúnta na ceisteanna chuici a scrúdú, d’fhonn a dlínse féin nó inghlacthacht na hiarrata atá os a comhair a fhíorú (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
38 |
Is féidir go ndéanfaidh an Chúirt, go háirithe, measúnú i dtaobh an bhfuil feidhm ag forálacha de dhlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú sna príomhimeachtaí. Murab amhlaidh sin, beidh na forálacha sin neamhábhartha maidir le toradh na díospóide sin agus ní bheidh gá leis an gcinneadh réamhrialaithe ionas go bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas a thabhairt, rud a fhágann gur chóir na ceisteanna sin a mheas mar do-ghlactha. |
|
39 |
Sa chás seo, tá sé tábhachtach a fhíorú an féidir caingean roimh chúirt de chuid Ballstáit a thug oibreoir eacnamaíoch i dtríú tír, sa chás seo Poblacht na Tuirce, chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh soláthair phoiblí a dhámhachtain a glacadh sa Bhallstát sin a scrúdú i bhfianaise na rialacha maidir le soláthar poiblí arna dtabhairt isteach ag reachtóir an Aontais, amhail Airteagail 36 agus 76 de Threoir 2014/25 a úsáideann Kolin sa chás seo, agus mar atá i gceist sna ceisteanna a tharchuirtear. |
|
40 |
Chuige sin, d’iarr an Chúirt ar na páirtithe sna príomhimeachtaí agus na páirtithe leasmhara eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a mbarúil a thabhairt maidir le cé acu rialacha is infheidhme do rannpháirtíocht oibreora eacnamaíoch ó thríú tír, amhail Kolin, i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain san Aontas Eorpach, rud a rinne na páirtithe agus na daoine leasmhara i scríbhinn agus i gcúrsa na héisteachta os comhair na Cúirte. |
|
41 |
Maidir leis an ábhar seo, ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús go bhfuil an tAontas faoi cheangal, i ndáil le tríú tíortha áirithe, ag comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais, lena n‑áirithítear, ar bhealach cómhalartach agus comhionann, rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais ar sholáthar poiblí sna tríú tíortha sin agus na hoibreoirí eacnamaíocha de na tríú tíortha sin ar sholáthar poiblí san Aontas. |
|
42 |
Léirítear le hAirteagal 43 de Threoir 2014/25 na gealltanais idirnáisiúnta seo atá ag an Aontas trína lua, sa mhéid a leagtar amach leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais nó le coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas faoi cheangal acu, nach mór d’eintitis chonarthacha na mBallstát is páirtithe i gcomhaontú den sórt sin cóir nach lú fabhar a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha atá ina bpáirtithe de chomhaontú den sórt sin ná an chóir a thugtar d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais. |
|
43 |
Mar is léir ó aithris 27 den Treoir sin, is é atá i gceist leis an gceart chun córa nach lú fabhar sin atá ag oibreoirí eacnamaíocha ó na tríú tíortha sin gur féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha sin brath ar an Treoir sin. |
|
44 |
Ní dhearna na tríú tíortha eile comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas dá dtagraítear i mír 41 den bhreithiúnas seo go dtí seo. |
|
45 |
I gcás na n‑oibreoirí eacnamaíocha ó na tríú tíortha sin, ní mór a thabhairt faoi deara, cé nach gcuirtear cosc, le dlí an Aontais, ar na hoibreoirí eacnamaíocha páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain arna rialáil le Treoir 2014/25, in éagmais bearta eisiamh arna nglacadh ag an Aontas, cuireann sé i gcoinne, os a choinne sin, go bhféadfadh na hoibreoirí eacnamaíocha sin, i gcomhthéacs a rannpháirtíocht i nós imeachta den sórt sin, brath ar an Treoir sin agus cóireáil chomhionann a éileamh ar a dtairiscintí i gcomparáid leis na tairiscintí a chuir tairgeoirí na mBallstát agus tairgeoirí ó thríú tíortha isteach dá dtagraítear in Airteagal 43 den Treoir sin. |
|
46 |
Go deimhin, bheadh sé d’éifeacht ag cuimsiú oibreoirí eacnamaíocha tríú tír dá dtagraítear i mír 44 den bhreithiúnas seo faoi raon feidhme na rialacha maidir le soláthar, a thug reachtóir an Aontais isteach, mar is léir ó aithris 2 de Threoir 2014/25 chun críocha iomaíocht neamhshaofa a áirithiú, agus arb é prionsabal na córa comhionainne an bunús atá leis (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2002, Concordia Bus Finland, C‑513/99, EU:C:2002:495, mír 81; an 3 Meitheamh 2021, Rad Service agus páirtithe eile, C‑210/20, EU:C:2021:445, mír 43, agus an 13 Meitheamh 2024, BibMedia, C‑737/22, EU:C:2024:495, mír 30), ceart chun córa nach lú fabhar a thabhairt dóibh de shárú ar Airteagal 43 den Treoir sin, a choimeádann an ceart sin d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích acu leis an Aontas dá dtagraítear san Airteagal sin. |
|
47 |
Dá bhrí sin, leis an gceart a thugtar le hAirteagal 45(1) de Threoir 2014/25, ‘[d’]aon oibreoir eacnamaíoch ar spéis leis’ tairiscint a thíolacadh mar fhreagairt ar ghlao ar thairiscintí i gcomhthéacs nós imeachta oscailte chun conradh poiblí a dhámhachtain san Aontas, ní chuimsítear oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nár thug comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin i gcrích leis an Aontas. Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil na hoibreoirí sin, i gcás ina ligtear isteach i nós imeachta den sórt sin iad, i dteideal leasa na Treorach sin a agairt. Dá dtabharfaí léiriú nua ar an bhforáil sin agus mar sin dá mbeadh raon feidhme pearsanta na Treorach sin neamhtheoranta, b’ionann sin agus rochtain chothrom a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha ar nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas. Ar an gcúis a leagtar amach i mír 46 den bhreithiúnas seo agus mar a leagtar síos chomh maith in aithris 10 de Rialachán IPI, ní mór Treoir 2014/25 a thuiscint sa chaoi nach bhfuil rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha ó na tríú tíortha sin ar nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas á háirithiú agus go bhféadfar na hoibreoirí seo a eisiamh. |
|
48 |
I measc na dtríú tíortha dá dtagraítear i mír 44 den bhreithiúnas seo, áirítear Poblacht na Tuirce, nach bhfuil ina páirtí sa Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais nó comhaontú eile a thugann, ar bhonn cómhalartach, an ceart d’oibreoirí eacnamaíocha Turcacha páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas ar chomhchéim le hoibreoirí eacnamaíocha eile an Aontais. |
|
49 |
Ar ndóigh, foráiltear le hAirteagal 57 den Phrótacal Breise do choigeartú comhleanúnach, ag rithim agus faoi na comhshocruithe arna leagan síos ag an gComhairle Comhlachais, ar na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh i soláthair phoiblí ag an Aontas agus ag an Tuirc faoi seach, d’fhonn deireadh a chur le hidirdhealú idir oibreoirí eacnamaíocha an Aontais agus na hoibreoirí eacnamaíocha Turcacha, go fadtéarmach. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 9 agus 10 dá Thuairim, ní dhearnadh an coigeartú dá bhforáiltear in Airteagal 57 go dtí seo agus níor cuireadh oscailt fhrithpháirteach a soláthair phoiblí idir an tAontas agus Poblacht na Tuirce chun feidhme mar sin, go dtí seo. |
|
50 |
Os a choinne sin, níor thug aon ní sa chomhad atá ag an gCúirt le tuiscint gur thug an tAontas, nó Poblacht na Cróite ó tháinig sí isteach san Aontas, srian nua isteach, de réir bhrí Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise, arb é is cuspóir nó éifeacht dó srian a chur, i gcomparáid leis an gcás a bhí ann tráth theacht i bhfeidhm an Phrótacail sin nó, maidir le Poblacht na Cróite, tráth a haontachais, leis an rochtain a bheadh ag na hoibreoirí eacnamaíocha Turcacha ar sholáthar poiblí san Aontas nó, go sonrach, sa Bhallstát sin. Sna himthosca sin, ní féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha Turcacha brath ar an bhforáil sin, in aon chás, chun tairbhe na córa nach lú fabhar, de réir bhrí Airteagal 43 de Threoir 2014/25, a éileamh agus, ar bhonn níos leithne, cur i bhfeidhm na Treorach sin ina leith. |
|
51 |
Mar thoradh air sin, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, arb é a phríomhthréith rannpháirtíocht, arna glacadh léi ag eintiteas conartha, d’oibreoir eacnamaíoch Turcach i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain arna rialáil le Treoir 2014/25, ní féidir leis an oibreoir sin brath ar Airteagail 36 agus 76 den Treoir sin chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh lena ndéantar an conradh lena mbaineann a dhámhachtain. |
|
52 |
Tá gá fós le scrúdú a dhéanamh má tá na ceisteanna a tharchuirtear, a bhaineann le léiriú ar na hAirteagail sin de Threoir 2014/25, fós inghlactha i gcás, mar atá soiléir ón iarraidh ar réamhrialú agus ó fhreagra an Choimisiúin um Maoirseacht ar cheist ón gCúirt Bhreithiúnais, go léirítear forálacha reachtaíocht na Cróite lena dtrasuitear na hAirteagail sin sa chaoi go bhfuil feidhm acu gan idirdhealú maidir leis na tairgeoirí go léir ón Aontas agus ó thríú tíortha agus sa chaoi go bhféadfadh Kolin brath air, mar sin. |
|
53 |
Chuige sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil iarrataí ar réamhrialú maidir le léiriú ar fhorálacha de dhlí an Aontais i gcásanna nach dtagann faoi raon feidhme an dlí sin, ach ina ndearnadh na forálacha sin, gan athrú ar a gcuspóir nó a raon, infheidhme trí thagairt dhíreach agus neamhchoinníollach sa dlí náisiúnta dóibh, inghlactha. Sna cásanna sin, is chun leas soiléir dhlíchóras an Aontais Eorpaigh, chun difríochtaí sa léiriú sa todhchaí a sheachaint, go ndéanfar forálacha a tógadh ó dhlí an Aontais a léiriú go haonfhoirmeach (féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Deireadh Fómhair 1990, Dzodzi, C‑297/88 agus C‑197/89, EU:C:1990:360, míreanna 36 agus 37, agus an 13 Deireadh Fómhair 2022, Baltijas Starptautiskā Akadēmija agus Stockholm School of Economics in Riga, C‑164/21 agus C‑318/21, EU:C:2022:785, mír 35). |
|
54 |
Ní féidir feidhm a bheith ag an gcásdlí sin áfach, i gcás go bhfuil na forálacha den dlí náisiúnta lena dtrasuitear treoir infheidhme, de bharr údarás Ballstáit, de shárú ar inniúlacht eisiach ag an Aontas. |
|
55 |
Is amhlaidh sin sa chás seo maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí na n‑oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nár thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas lena n‑áirithítear rochtain chomhionann agus chómhalartach ar na conarthaí sin. |
|
56 |
Go deimhin, de réir cásdlí socair, baineann an comhbheartas tráchtála, dá dtagraítear in Airteagal 207 CFAE, a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ina leith de bhun Airteagal 3(1)(e) CFAE, leis an trádáil le tríú tíortha agus cuimsítear leis aon ghníomh de chuid an Aontais arb é is aidhm dó go príomha trádáil den sórt sin a chur chun cinn, a éascú nó a rialú agus a bhfuil tionchar díreach agus láithreach aige air (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2013, Daiichi Sankyo agus Sanofi-Aventis Deutschland, C‑414/11, EU:C:2013:520, míreanna 50 agus 51, agus Tuairim 2/15 (Comhaontú Saorthrádála le Singeapór) an 16 Bealtaine 2017, EU:C:2017:376, mír 36). |
|
57 |
Tá aon ghníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige agus sainchuspóir socruithe a leagan síos lenar féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí san Aontas Eorpach de chineál go mbeidh éifeachtaí díreacha agus láithreacha aige ar thrádáil in earraí agus i seirbhísí idir tríú tíortha agus an tAontas, rud a fhágann go dtagann sé faoi inniúlacht eisiach an Aontais faoi Airteagal 3(1)(e) CFAE (féach, chuige sin, Tuairim 2/15 (Comhaontú Saorthrádála le Singeapór), an 16 Bealtaine 2017, EU:C:2017:376, míreanna 76 agus 77). Is amhlaidh atá i gcás na ngníomhartha, in éagmais comhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tír, lena leagtar síos go haontaobhach agus, i gcás inarb infheidhme, conas is féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí san Aontas. Go deimhin, dála na gcomhaontuithe, tá éifeachtaí díreacha agus láithreacha ag na gníomhartha aontaobhacha sin ar thrádáil in earraí agus seirbhísí idir na tríú tíortha sin agus an tAontas. |
|
58 |
Tá an inniúlacht eisiach sin léirithe in Airteagal 86 de Threoir 2014/25 lena dtugtar inniúlacht, i gcásanna deacrachta dlí nó fíorais, ar a tháinig a gcuid gnóthas ó Bhallstát amháin nó níos mó nuair a fhéachann siad le teacht ar chonarthaí poiblí i dtríú tír, don Aontas agus seachas do na Ballstáit chun rannpháirtíocht na ngnóthas tríú tír sin i nósanna imeachta soláthair phoiblí an Aontais a chur ar fionraí nó a shrianadh. |
|
59 |
Deimhnítear an cineál eisiach den inniúlacht sin de chuid an Aontais le Rialachán IPI, a bhaineann le bearta a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhéadfar a ghlacadh i leith oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tír nár thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas lena n‑áirithítear rochtain chomhionann agus chómhalartach ar sholáthar poiblí, maidir le heisiamh nó srian le rochtain a n‑oibreoirí sin ar nósanna imeachta soláthair phoiblí. Glacadh an Rialachán sin, nach raibh infheidhme go fóill ar dháta na bhfíoras sna príomhimeachtaí, ar bhonn Airteagal 207 CFAE agus leagtar síos in aithris 3 de go dtagann rochtain oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha ar sholáthar poiblí an Aontais faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. |
|
60 |
Cé nach n‑áirítear leis an mBeartas Tráchtála, áfach, mar is léir ó Airteagal 207(5) CFAE, caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta in earnáil an iompair agus nach bhféadfaí an cheist maidir le rochtain ag oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha ar sholáthar poiblí earnála dá dtagraítear i dTreoir 2014/25 a chumhdach ina hiomláine, tagann tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n‑áirithítear rochtain na n‑oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha ar sholáthar poiblí earnála faoi inniúlacht eisiach an Aontais fós féin chomh maith, eadhon an inniúlacht sin dá dtagraítear in Airteagal 3(2) CFAE (féach, chuige sin, Tuairim 2/15 (Comhaontú Saorthrádála le Singeapór) an 16 Bealtaine 2017, EU:C:2017:376, míreanna 219 go 224). A mhéid a bhaineann le gníomhartha lena gcinntear, in éagmais comhaontú mar sin a ghlacadh, agus, i gcás inarb infheidhme, conas gur féidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha lena mbaineann a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí earnála den sórt sin san Aontas, is léir nach dtagraítear dó in Airteagal 207(5) CFAE agus gur cuid den chomhbheartas tráchtála é mar sin. |
|
61 |
Eascraíonn sé as na breithnithe a leagtar amach i míreanna 55 go 60 den bhreithiúnas seo go bhfuil inniúlacht ag an Aontas amháin gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige a ghlacadh maidir le rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nár thug comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas ar nósanna imeachta soláthair phoiblí laistigh den Aontas, lena n‑áirithítear rochtain chomhionann agus chómhalartach ar sholáthar poiblí, trí chóras rochtana ráthaithe ar nósanna imeachta do na hoibreoirí eacnamaíocha sin nó córas a fhágann amach iad nó lena bhforáiltear do choigeartú ar an toradh a bheidh ar a dtairiscintí a chur i gcomparáid leis na tairiscintí arna dtíolacadh ag na hoibreoirí eacnamaíocha eile. |
|
62 |
Go deimhin, de bhun Airteagal 2(1) CFAE, i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtaíocht agus gníomhartha a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme. Níor thug an tAontas an chumhacht do na Ballstáit reachtaíocht nó gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh a bhaineann le rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha ar nósanna imeachta soláthair phoiblí nár thug comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas i gcrích. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 50 go 52 dá Thuairim, níor ghlac an tAontas, go dtí seo, gníomhartha den chineál sin a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur chun feidhme. |
|
63 |
In éagmais gníomhartha arna nglacadh ag an Aontas, beidh an t‑údarás conarthach freagrach as a mheas ar cheart oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tír nár thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas lena n‑áirithítear rochtain chomhionann agus chómhalartach ar sholáthar poiblí ar nós imeachta chun conradh phoiblí a dhámhachtain agus, sa chás a chinneann sé glacadh leo, ar cheart foráil a dhéanamh do choigeartú ar an toradh ar chomparáid a dhéanamh idir na tairiscintí ó na hoibreoirí sin agus na tairiscintí arna dtíolacadh ag na hoibreoirí eile. |
|
64 |
Os rud é nach bhfuil ag oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nár thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas lena n‑áirithítear rochtain chomhionann agus chómhalartach ar sholáthar poiblí ceart chun cóireála nach lú fabhar de bhun Airteagal 43 de Threoir 2014/25, is féidir le húdarás conarthach modúlachtaí cóireála a leagan amach, sna doiciméid soláthair, atá dírithe ar an difríocht oibiachtúil a léiriú idir staid dhlíthiúil n‑oibreoirí sin, ar thaobh amháin, agus staid dhlíthiúil na n‑oibreoirí eacnamaíocha ón Aontas agus ó na tríú tíortha a bhfuil comhaontú den sórt sin tugtha i gcrích acu leis an Aontas, de réir bhrí Airteagal 43, ar an taobh eile. |
|
65 |
In aon chás, ní féidir leis na húdaráis náisiúnta na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2014/25 a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm acu chomh maith maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nár thug comhaontú den sórt sin i gcrích leis an Aontas, ar thug eintiteas conarthach cead dóibh páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain sa Bhallstát lena mbaineann, nó dhéanfaí neamhaird de chineál eisiach inniúlacht an Aontais san earnáil seo. |
|
66 |
Cé gur féidir nach mór don bhealach a chaitear le hoibreoirí den sórt sin a bheith i gcomhréir le ceanglais áirithe, amhail trédhearcacht agus comhréireacht, ní féidir achomharc ó cheann de na hoibreoirí sin chun sárú ar na ceanglais sin arna dhéanamh ag eintiteas conarthach a scrúdú ach amháin i bhfianaise an dlí náisiúnta, agus ní i bhfianaise dhlí an Aontais. |
|
67 |
Is léir ón méid thuas nach bhfuil na húdaráis náisiúnta inniúil na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear na rialacha atá i dTreoir 2014/25 a dhéanamh infheidhme maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nár thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas Eorpach lena n‑áirithítear rochtain chomhionann agus chómhalartach ar sholáthair phoiblí. Sna himthosca sin, ní féidir a bheith mar thoradh ar an gcásdlí a luaitear i mír 53 den bhreithiúnas seo go meastar go bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear maidir le léiriú na rialacha seo i gcomhthéacs na díospóide idir Kolin agus an Coimisiún um maoirseacht inghlactha. |
|
68 |
Dá bhrí sin, ní féidir le léiriú Airteagail 36 agus 76 de Threoir 2014/25 bheith ábhartha, ar bhealach ar bith, d’fhonn an díospóid sna príomhimeachtaí a chinneadh. |
|
69 |
Fágann sé sin go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha. |
Costais
|
70 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Tá an iarraidh ar réamhrialú ón Visoki upravni sud (Cúirt Achomhairc Riaracháin, an Chróit) a rinneadh le cinneadh an 10 Deireadh Fómhair 2022, do-ghlactha. |
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Chróitis.