Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
25 Meitheamh 2024 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Airteagal 191 CFAE – Astaíochtaí tionsclaíocha – Treoir 2010/75/AE – Cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú – Airteagail 1, 3, 8, 11, 12, 14, 18, 21 agus 23 – Airteagail 35 agus 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta maidir le húdarú chun suiteáil a oibriú a dheonú agus a athbhreithniú – Bearta cosanta comhshaoil agus sláinte an duine – An ceart chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe)
I gCás C‑626/22,
Iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Tribunale di Milano (Cúirt Dúiche Milano, an Iodáil), trí bhreith an 16 Meán Fómhair 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 3 Deireadh Fómhair 2022, sna himeachtaí
C. Z. agus páirtithe eile
v
Ilva SpA in Amministrazione Straordinaria,
Acciaierie d’Italia Holding SpA,
Acciaierie d’Italia SpA,
tríú páirtithe:
Regione Puglia,
Gruppo di Intervento Giuridico – ODV,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev (Rapóirtéir), A. Prechal, K. Jürimäe, F. Biltgen agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomraí, S. Rodin, L. S. Rossi, I. Jarukaitis, N. Jääskinen, N. Wahl, J. Passer, D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,
Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 7 Samhain 2023,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– C. Z. agus páirtithe eile, ag A. Amenduni agus M. Rizzo Striano, avvocati,
– Ilva SpA in Amministrazione Straordinaria, ag M. Annoni, R. A. Cassano, A. Cogoni, G. Lombardi, M. Merola, L.-D. Tassinari Vittone agus C. Tesauro, avvocati,
– Acciaierie d’Italia Holding SpA agus Acciaierie d’Italia SpA, ag M. Beraldi, E. Gardini, S. Grassi, R. Perini, G. C. Rizza, G. Scassellati Sforzolini, C. Tatozzi, G. Tombesi agus L. Torchia, avvocati,
– Regione Puglia, ag A. Bucci agus R. Lanza, avvocate,
– Gruppo di Intervento Giuridico – ODV, ag C. Colapinto agus F. Colapinto, avvocati,
– Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó S. Fiorentino, avvocato dello Stato,
– an Coimisiún Eorpach, ag G. Gattinara agus C. Valero, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Nollaig 2023,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO 2010 L 334, lch. 17 agus ceartúchán IO 2012 L 158, lch. 25).
2 Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir C.Z. agus páirtithe eile, cónaitheoirí bhardas Taranto (an Iodáil) agus na bardais in aice láimhe, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, Ilva SpA in Amministrazione Straordinaria (‘Ilva’), cuideachta a bhfuil gléasra cruach aici atá lonnaithe sa bhardas sin (‘monarcha Ilva’), Acciaierie d’Italia Holding SpA agus Acciaierie d’Italia SpA maidir leis an truailliú a d’eascair as gníomhaíocht na monarchan sin agus na tionchair dhiúltacha a eascraíonn as sin do shláinte an duine.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
3 Is léir ó aithris 1 de Threoir 2010/75 go ndéantar athmhúnlú ar sheacht dtreoir leis an Treoir sin, lena n‑áirítear Treoir 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO 2008 L 24, lch. 8), lenar códaíodh Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO 1996 L 257, lch. 26).
4 Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 2, 12, 15, 27, 29, 43 agus 45 de Threoir 2010/75:
‘(2) Chun truailliú a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha a chosc, a laghdú agus, a mhéid is féidir, a dhíothú i gcomhréir leis an bprionsabal “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” agus i gcomhréir le prionsabal an choisc ar thruailliú, is gá creat ginearálta a bhunú le haghaidh rialú a dhéanamh ar na príomhghníomhaíochtaí tionsclaíocha, agus tosaíocht á tabhairt d’idirghabháil ag an bhfoinse, agus bainistiú stuama acmhainní nádúrtha á áirithiú agus, nuair is gá, an staid eacnamaíoch agus saintréithe áitiúla sonracha na háite ina bhfuil an ghníomhaíocht thionsclaíoch ar siúl á gcur san áireamh.
[...]
(12) Ba cheart go n‑áireofaí san údarú gach beart is gá chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol ina iomláine a bhaint amach agus chun a áirithiú go ndéanfar an tsuiteáil a oibriú i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear oibleagáidí bunúsacha an oibreora. Ba cheart go n‑áireofaí san údarú freisin teorainnluachanna astaíochta do shubstaintí truaillitheacha, nó paraiméadair nó bearta teicniúla coibhéiseacha, ceanglais iomchuí chun an ithir agus an screamhuisce a chosaint agus ceanglais faireacháin. Ba cheart coinníollacha údaraithe a leagan síos ar bhonn na dteicnící is fearr atá ar fáil [(TIFAF)].
[...]
(15) Tá sé tábhachtach solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla chun teorainnluachanna astaíochta a shocrú lena n‑áiritheofar, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach rachaidh astaíochtaí thar na leibhéil astaíochta a bhaineann le [TIFAF] ... Is é a bhíonn de thoradh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna astaíochta a shocraítear in údaruithe go mbíonn astaíochtaí faoi bhun na dteorainnluachanna astaíochtaí sin.
[...]
(27) ... Ba cheart rochtain ar an gceartas a bheith ag baill den phobal lena mbaineann d’fhonn cur le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá sásúil do shláinte agus d’fholláine an duine.
[...]
(29) Cuireann gléasraí dócháin móra go mór le hastaíochtaí substaintí truaillitheacha a théann isteach san aer, rud a fhágann tionchar suntasach ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. [...]
[…]
(43) Chun go leor ama a thabhairt do shuiteálacha atá ann cheana oiriúnú go teicniúil do cheanglais nua na Treorach seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag cuid de na ceanglais nua maidir leis na suiteálacha sin tar éis tréimhse shocraithe ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo. Teastaíonn dóthain ama i ngléasraí dócháin chun na bearta laghdaithe is gá a chur i bhfeidhm chun na teorainnluachanna astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.
[...]
(45) Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachtar leis an Treoir seo le cur i bhfeidhm Airteagal 37 den Chairt sin a chur chun cinn.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
5 De réir Airteagal 1 den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar’:
‘Leagtar síos, leis an Treoir seo, rialacha maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú a eascraíonn as gníomhaíochtaí tionsclaíocha.
Leagtar síos léi freisin rialacha atá ceaptha cosc a chur ar astaíochtaí isteach san aer, san uisce nó sa talamh, nó i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, na hastaíochtaí sin a laghdú, agus cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol ina iomláine a bhaint amach.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
6 Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’, mar seo a leanas:
‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
2. ciallaíonn “truailliú”: substaintí, creathanna, teas nó torann a thabhairt isteach go díreach nó go hindíreach san aer, san uisce nó sa talamh, mar thoradh ar ghníomhaíocht an duine, ar substaintí, creathanna, teas nó torann iad a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine nó do cháilíocht an chomhshaoil, a bhféadfadh damáiste do mhaoin inláimhsithe a bheith mar thoradh orthu, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’áiseanna agus d’úsáidí dlisteanacha eile a bhaintear as an gcomhshaol nó cur isteach orthu;
3. ciallaíonn “suiteáil”: aonad teicniúil seasta ina ndéantar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII, agus aon ghníomhaíocht eile atá bainteach go díreach leis na gníomhaíochtaí sin ar an láithreán céanna a bhfuil nasc teicniúil acu leis na gníomhaíochtaí a liostaítear sna hIarscríbhinní sin agus a bhféadfadh éifeacht a bheith acu ar astaíochtaí agus ar thruailliú;
[...]
5. ciallaíonn “teorainnluach astaíochta”: an mhais, arna sloinneadh i dtéarmaí paraiméadair shonracha áirithe, tiúchan agus/nó leibhéal astaíochta, nach féidir a shárú le linn aon tréimhse ama amháin nó níos mó;
6. ciallaíonn “caighdeán cáilíochta comhshaoil”: an tsraith ceanglas is gá a chomhlíonadh ag am ar leith nó ag comhshaol ar leith, nó ag cuid áirithe den chomhshaol sin, mar a leagtar amach i ndlí an Aontais;
[...]
8. ciallaíonn “rialacha ceangailteacha ginearálta”: teorainnluachanna astaíochta nó coinníollacha eile, ar a laghad ar leibhéal na hearnála, a ghlactar agus é mar rún iad a úsáid go díreach chun coinníollacha údaraithe a leagan síos;
[...]
10. ciallaíonn “[TIFAF]”: an chéim is éifeachtaí agus is airde d’fhorbairt gníomhaíochtaí agus a modhanna oibriúcháin a léiríonn go bhfuil teicnící áirithe oiriúnach go praiticiúil chun bunús a thabhairt do theorainnluachanna astaíochta agus do choinníollacha údaraithe eile atá ceaptha chun astaíochtaí agus a dtionchar ar an gcomhshaol ina iomláine a chosc, agus i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, chun iad a laghdú:
(a) ciallaíonn “teicnící” an teicneolaíocht a úsáidtear agus an bealach ina ndéantar an tsuiteáil a dhearadh, a thógáil, a chothabháil, a oibriú agus a dhíchoimisiúnú;
(b) ciallaíonn “atá ar fáil” na teicnící sin a fhorbraítear ar scála lena gceadaítear cur chun feidhme san earnáil thionsclaíoch ábhartha, faoi dhálaí atá inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil, agus na costais agus na buntáistí á gcur san áireamh, bíodh na teicnící sin á n‑úsáid nó á dtáirgeadh san Aontas nó ná bíodh, ar choinníoll go bhfuil siad inrochtana go réasúnta ag an oibreoir;
(c) ciallaíonn “is fearr” na teicnící is éifeachtaí chun leibhéal ginearálta ard cosanta an chomhshaoil ina iomláine a ghnóthú.
[…]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7 Foráiltear in Airteagal 4 den Treoir chéanna, dar teideal ‘Oibleagáid údarú a shealbhú’, i mír 1:
‘Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéanfar aon suiteáil nó gléasra dócháin, gléasra loiscthe dramhaíola nó gléasra comhloiscthe dramhaíola a oibriú gan údarú.
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
8 Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 5(1) de Threoir 2010/75, Airteagal dar teideal ‘Deonú údaraithe’:
‘Gan dochar do cheanglais eile a leagtar síos sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais, déanfaidh an t‑údarás inniúil údarú a dheonú i gcás ina gcomhlíonann an tsuiteáil ceanglais na Treorach seo.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
9 Léitear Airteagal 8 den Treoir sin, dar teideal ‘Neamh-chomhlíontacht’ mar seo a leanas:
‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar coinníollacha an údaraithe.
2. I gcás sárú ar choinníollacha an cheada, áiritheoidh na Ballstáit:
(a) go gcuirfidh an t‑oibreoir an t‑údarás inniúil ar an eolas láithreach;
(b) go ndéanfaidh an t‑oibreoir na bearta is gá láithreach chun a áirithiú go gcuirfear comhlíontacht ar bun arís, laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir;
(c) go gceanglóidh an t‑údarás inniúil ar an oibreoir aon bheart comhlántach iomchuí a dhéanamh, ar beart é a mheasann an t‑údarás inniúil gá a bheith leis chun comhlíontacht a chur ar bun arís.
I gcás ina bhfuil sárú ar choinníollacha an údaraithe ina chontúirt láithreach do shláinte an duine nó ina mbagraíonn sé éifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol a bheith aige láithreach, agus go dtí go mbeidh an chomhlíontacht curtha ar bun arís ..., cuirfear oibriú na suiteála ... ar fionraí.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
10 Foráiltear le hAirteagal 10 den Treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’, mar seo a leanas:
‘Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus, i gcás inarb infheidhme, lena sroichtear na tairseacha toillte a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
11 In Airteagal 11 den Treoir chéanna, dar teideal ‘Prionsabail ghinearálta lena rialaítear oibleagáidí bunúsacha an oibreora’, foráiltear an méid seo a leanas:
‘Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a fhoráil go mbeidh na suiteálacha á n‑oibriú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
(a) déanfar gach beart coisctheach iomchuí i gcoinne an truaillithe;
(b) cuirfear [TIFAF] i bhfeidhm;
(c) ní chruthófar aon truailliú suntasach;
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
12 Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 12 de Threoir 2010/75, dar teideal ‘Iarratais ar údaruithe’:
‘Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh in iarratas ar údarú tuairisc ar an nithe seo a leanas:
[...]
(f) cineál agus cainníochtaí na n‑astaíochtaí intuartha ón tsuiteáil isteach i ngach meán chomh maith le sainaithint éifeachtaí suntasacha na n‑astaíochtaí ar an gcomhshaol;
[...]
(i) bearta breise a bheartaítear chun prionsabail ghinearálta oibleagáidí bunúsacha an oibreora, dá bhforáiltear in Airteagal 11, a chomhlíonadh;
(j) bearta a bheartaítear chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí isteach sa chomhshaol;
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
13 De réir Airteagal 14 den Treoir sin, dar teideal ‘Coinníollacha an údaraithe’:
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforáiltear leis an údarú gach beart is gá chun ceanglais Airteagail 11 agus 18 a chomhlíonadh.
Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis na bearta sin:
(a) teorainnluachanna astaíochta maidir le substaintí truaillitheacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus maidir le substaintí truaillitheacha eile, ar dócha go mbeidh méideanna nach beag díobh á n‑astú ón tsuiteáil lena mbaineann, ag féachaint dá gcineál agus dá n‑acmhainneacht truailliú a aistriú ó mheán amháin go meán eile;
[...]
2. Chun críche mhír 1(a), féadfar teorainnluachanna astaíochta a fhorlíonadh nó a ionadú le paraiméadair choibhéiseacha nó bearta teicniúla lena n‑áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta comhshaoil.
3. Beidh conclúidí maidir le TIFAF ina dtagairt chun na coinníollacha údaraithe a shocrú.
4. Gan dochar d’Airteagal 18, féadfaidh an t‑údarás inniúil coinníollacha údaraithe a shocrú atá níos déine ná iad siúd is féidir a bhaint amach trí úsáid a bhaint as [TIFAF], a bhfuil tuairisc orthu i gconclúidí TIFAF. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú faoina bhféadfaidh an t‑údarás inniúil coinníollacha níos déine den sórt sin a shocrú.
[...]
6. I gcás nach gcumhdaítear gníomhaíocht nó cineál próisis táirgeachta a dhéantar laistigh de shuiteáil i gceann ar bith de chonclúidí TIFAF nó i gcás nach dtugtar aghaidh leis na conclúidí sin ar na héifeachtaí comhshaoil ar fad a d’fhéadfadh a bheith ag an ngníomhaíocht nó an próiseas, déanfaidh an t‑údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle leis an oibreoir roimh ré, na coinníollacha údaraithe a shocrú ar bhonn [TIFAF], chinn sé do na gníomhaíochtaí nó na próisis lena mbaineann, trí aird speisialta a thabhairt ar na critéir a liostaítear in Iarscríbhinn III.
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
14 Foráiltear le hAirteagal 15(2) agus (3) den Treoir sin, dar teideal ‘Teorainnluachanna astaíochta, paraiméadair choibhéiseacha agus bearta teicniúla coibhéiseacha’:
‘2. Gan dochar d’Airteagal 18, bunófar na teorainnluachanna astaíochta agus na paraiméadair agus bearta teicniúla coibhéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) ar [TIFAF], gan úsáid aon teicníce ná aon teicneolaíochta sonraí a fhorordú.
3. Déanfaidh an t‑údarás inniúil teorainnluachanna astaíochta a chinneadh lena n‑áiritheofar, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach rachaidh astaíochtaí thar na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil mar a leagtar síos sna cinntí ar chonclúidí [TIFAF] dá dtagraítear in Airteagal 13(5) trí cheann de na rudaí seo a leanas:
(a) teorainnluachanna astaíochta a shocrú nach rachaidh thar na leibhéil astaíochta a bhaineann le [TIFAF]. Déanfar na teorainnluachanna astaíochta sin a shloinneadh don tréimhse chéanna ama nó do thréimhsí ama níos giorra agus faoi na dálaí tagartha céanna atá ann i gcás na leibhéal astaíochta a bhaineann le [TIFAF];
(b) teorainnluachanna astaíochta a shocrú atá difriúil leis na cinn dá dtagraítear faoi phointe (a) i dtéarmaí luachanna, tréimhsí ama agus coinníollacha tagartha.
I gcás ina gcuirtear pointe (b) i bhfeidhm, déanfaidh an t‑udarás inniúil measúnú, go bliantúil ar a laghad, ar thorthaí an fhaireacháin ar astaíochtaí lena áirithiú nach ndeachaidh astaíochtaí, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, thar na leibhéil astaíochta a bhaineann le [TIFAF].’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
15 Seo a leanas atá in Airteagal 18 den Treoir sin, dar teideal ‘Caighdeáin cáilíochta comhshaoil’:
‘I gcás ina gceanglaítear le caighdeán cáilíochta comhshaoil coinníollacha atá níos déine ná na cinn sin is féidir a bhaint amach trí úsáid a bhaint as [TIFAF], cuirfear bearta breise san áireamh san údarú, gan dochar do bhearta eile a fhéadfar a dhéanamh chun caighdeáin cáilíochta comhshaoil a chomhlíonadh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
16 Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 21 de Threoir 2010/75, dar teideal ‘Athbhreithniú agus nuashonrú na gcoinníollacha údaraithe ag an údarás inniúil’:
‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanann an t‑údarás inniúil na coinníollacha údaraithe ar fad a athbhreithniú go tréimhsiúil agus i gcomhréir le míreanna 2 go 5 agus, i gcás inar gá chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú, go nuashonraíonn sé na coinníollacha sin.
2. Arna iarraidh sin don údarás inniúil, tíolacfaidh an t‑oibreoir an fhaisnéis ar fad is gá chun na coinníollacha údaraithe a athbhreithniú, lena n‑áirítear, go háirithe, torthaí an fhaireacháin ar astaíochtaí agus sonraí eile, lenar féidir comparáid a dhéanamh idir oibriú na suiteála le [TIFAF], a bhfuil tuairisc orthu i gconclúidí TIFAF is infheidhme, agus leis na leibhéil astaíochta a bhaineann le [TIFAF].
Agus coinníollacha údaraithe á n‑athbhreithniú, úsáidfidh an t‑údarás inniúil aon fhaisnéis a thagann ó fhaireachán nó ó chigireachtaí.
3. Laistigh de cheithre bliana tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí TIFAF a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 13(5) a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála, áiritheoidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas:
(a) go ndéanfar na coinníollacha údaraithe ar fad don tsuiteáil lena mbaineann a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, go nuashonrófar iad chun a áirithiú go bhfuil an Treoir seo á comhlíonadh, go háirithe Airteagal 15(3) agus (4), i gcás inarb iomchuí;
(b) go ndéanfaidh an tsuiteáil na coinníollacha údaraithe sin a chomhlíonadh.
[...]
5. Déanfar na coinníollacha údaraithe a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, a nuashonrú sna cásanna seo a leanas:
(a) nuair a bhfuil an truailliú a thagann as an tsuiteáil chomh suntasach sin gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar theorainnluachanna astaíochta an údaraithe atá ann cheana nó gur gá luachanna nua den sórt sin a áireamh san údarú;
(b) nuair is gá teicnící eile a úsáid mar gheall ar an tsábháilteacht oibríochtúil;
c) nuair is gá caighdeán cáilíochta comhshaoil nua nó athbhreithnithe a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 18.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
17 Foráiltear le pointe (a) den cheathrú fomhír de mhír 4 d’Airteagal 23 den Treoir sin, dar teideal ‘Cigireachtaí comhshaoil’:
‘Beidh an breithmheas córasach ar na rioscaí comhshaoil bunaithe ar na critéir seo a leanas ar a laghad:
(a) tionchair fhéideartha agus iarbhír na suiteálacha lena mbaineann ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, agus leibhéil agus cineálacha astaíochtaí, íogaireacht an chomhshaoil áitiúil agus an riosca go dtarlódh tionóiscí á gcur san áireamh’.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
18 Foráiltear le hAirteagal 80(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Trasuí’:
‘Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na Rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm [...] faoin 7 Eanáir 2013 ar a dhéanaí.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón dáta sin.
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
19 In Airteagal 82(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Forálacha idirthréimhseacha’, foráiltear an méid seo a leanas:
‘Maidir le suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I …, cuirfidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 80(1) i bhfeidhm ón 7 Eanáir 2014 cé is moite de Chaibidil III agus d’Iarscríbhinn V.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Dlí na hIodáile
Foraithne Reachtach Uimh. 152/2006
20 Rialaítear gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus monaraíochta, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí cruacha, le decreto legislativo n. 152 – Norme in materia ambientale (Foraithne Reachtach Uimh. 152 maidir le caighdeáin chomhshaoil) an 3 Aibreán 2006 (gnáthfhorlíonadh ar GURI Uimh. 88, an 14 Aibreán 2006), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (‘Foraithne Reachtach Uimh. 152/2006’), agus is é is cuspóir dó an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint ar an truailliú a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin. Leis an bhForaithne Reachtach sin, cuirtear Treoir 2010/75 chun feidhme.
21 Foráiltear le hAirteagal 5(1) den Fhoraithne Reachtach sin ‘go ndéanfaidh an t‑iarratasóir’ measúnú córasach ar an tionchar ar an tsláinte ‘ar bhonn na dtreoirlínte arna n‑eisiúint ag an Aireacht Sláinte [...], lena ndéantar measúnú ar na tionchair dhíreacha agus indíreacha uile a d’fhéadfadh a bheith ag cruthú agus oibriú an tionscadail ar shláinte an duine’. Déantar sainmhíniú in Airteagal 5 ar ‘tionchar ar an gcomhshaol’ mar thionchair a bhaineann le, inter alia, ‘éifeachtaí suntasacha díreacha agus indíreacha plean, cláir nó tionscadail’, go háirithe, ar ‘an daonra agus ar shláinte an duine’. Sainmhínítear ‘truailliú’ ann mar, inter alia, ‘substaintí, creathanna, teas nó torann a thabhairt isteach go díreach nó go hindíreach san aer, san uisce nó sa talamh, mar thoradh ar ghníomhaíocht an duine, nó, ar bhonn níos ginearálta, oibreáin fhisiceacha nó cheimiceacha a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine’.
22 Faoi Airteagal 19 den Fhoraithne Reachtach sin, Airteagal a bhaineann leis an nós imeachta um measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (MTC), ní mór saintréithe na dtionscadal a mheas agus an riosca do shláinte an duine á chur san áireamh, lena n‑áirítear chun críocha fíoraithe uathu féin a dhéanamh ar thionchair shuntasacha bhreise ar an gcomhshaol sa bhreis orthu siúd a luaigh iarratasóir an údaraithe, agus ar aon bharúlacha a fuarthas le linn an nós imeachta agus ar aon mheasúnú eile a rinneadh de bhun na rialacha atá i bhfeidhm.
23 Foráiltear le hAirteagal 22 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 152/2006, Airteagal a bhaineann leis an staidéar ar an tionchar ar an gcomhshaol, nach mór don iarratasóir ar údarú forbairt an staidéar sin a dhéanamh trí thuairisc a thabhairt, inter alia, ar aon éifeacht shuntasach is dócha a bheidh ag an tionscadal ar an gcomhshaol, agus ar na bearta atá ceaptha chun drochthionchair dhóchúla an tionscadail ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc, a laghdú nó a fhritháireamh, le clár chun faireachán a dhéanamh ar dhrochthionchair shuntasacha fhéideartha ar an gcomhshaol mar thoradh ar chruthú agus oibriú an tionscadail.
24 I gcomhréir le hAirteagal 23(2) den Fhoraithne Reachtach sin, chun MTC a bhaint amach, rud atá mar réamhriachtanas chun Údarú Comhshaoil Comhtháite a fháil, ní mór don iarratasóir atá ag lorg údarú le haghaidh roinnt tionscadail shonracha measúnú ar an tionchar ar an tsláinte a chur isteach freisin, is é sin le rá an ionstraim shonrach lena ndéantar meastóireacht ar thionchar na ngníomhaíochtaí ar dócha go n‑údarófar iad ar shláinte an duine.
25 Faoi Airteagal 29 quarter(7) den Fhoraithne Reachtach sin, tá sé de chumhacht ag an méara lena mbaineann athbhreithniú ar an Údarú Comhshaoil Comhtháite a iarraidh ar fhorais na sláinte poiblí.
26 Baineann Airteagal 29 decies den Fhoraithne Reachtach sin leis na hoibleagáidí atá ar an oibreoir lena mbaineann i dtéarmaí faireacháin agus tarchur sonraí agus na seiceálacha agus na rialuithe maidir le comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin agus na gcoinníollacha le haghaidh an Údaraithe Comhshaoil Chomhtháite.
Na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva
27 I mí Iúil 2012, d’ordaigh Tribunale di Taranto (Cúirt Dúiche Taranto, an Iodáil) forghabháil shealadach, gan aon cheart úsáide, den trealaimh i ‘saincheantar te’ monarcha Ilva agus ábhair uile Ilva. Le foraithne an 26 Deireadh Fómhair 2012, maidir le hÚdarú Comhshaoil Comhtháite 2012, rinne an Ministro dell’ambiente e della tutela del territorio e del mare (an tAire Comhshaoil, Cosanta Acmhainní Nádúrtha agus na Farraige, an Iodáil) athbhreithniú ar an Údarú Comhshaoil Comhtháite a tugadh do Ilva an 4 Lúnasa 2011. Áirithíodh leanúnachas táirgthe faoi rialacha maolaitheacha speisialta.
28 Tugadh isteach in Airteagal 1(1) de decreto-legge n. 207, convertito con modificazioni dalla legge 24 dicembre 2012, n. 231 – Disposizioni urgenti a tutela della salute, dell’ambiente e dei livelli di occupazione, in caso di crisi di stabilimenti industriali di interesse strategico nazionale (Dlí Foraithne Uimh. 207, arna thiontú, tar éis é a leasú, le dlí Uimh. 231 an 24 Nollaig 2012, maidir le bearta práinneacha chun an tsláinte, an comhshaol agus an leibhéal fostaíochta a chosaint le linn géarchéim i suiteálacha tionsclaíocha a bhfuil leas straitéiseach náisiúnta ag baint leo) an 3 Nollaig 2012 (GURI Uimh. 282, an 3 Nollaig 2012, lch. 4), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (‘Dlí Foraithne Uimh. 207/2012’) an coincheap de ‘monarcha nó saoráid lena mbaineann leas straitéiseach náisiúnta’ lena bhforáiltear, i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh fostaíocht agus táirgeadh a chosaint go bhféadfaidh an tAire Comhshaoil, Cosanta Acmhainní Nádúrtha agus na Farraige, tráth go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar Údarú Comhshaoil Comhtháite a údarú go leanfar leis an ngníomhaíocht atá i gceist ar feadh 36 mhí, ar choinníoll go gcomhlíonfar na téarmaí agus na coinníollacha a fhorchuirtear sa chinneadh lena n‑athbhreithnítear an Údarú Comhshaoil Comhtháite lena mbaineann, fiú i gcás ina bhfuil forghabháil déanta ag an údarás breithiúnach ar shócmhainní an ghnóthais gan dochar do sheoladh ghníomhaíocht ghnó an ghnóthais sin. Faoin bhforáil sin, measadh gur monarcha nó saoráid den sórt sin lena mbaineann leas straitéiseach náisiúnta í monarcha Ilva. Dá bhrí sin, tugadh údarú do Ilva leanúint dá ghníomhaíocht táirgthe sa mhonarcha sin agus lena chuid earraí a dhíol go dtí an 3 Nollaig 2015.
29 Foráiltear don fhéidearthacht in Airteagal 1(1) de decreto-legge n. 61, convertito con modificazioni dalla legge 3 agosto 2013, n. 89 – Nuove disposizioni urgenti a tutela dell’ambiente, della salute e del lavoro nell’esercizio di imprese di interesse strategico nazionale (Dlí Foraithne Uimh. 61 arna thiontú, tar éis é a leasú, le dlí Uimh. 89, an 3 Lúnasa 2013, maidir le bearta práinneacha nua chun an tsláinte, an comhshaol agus an leibhéal fostaíochta a chosaint i suiteálacha tionsclaíocha a bhfuil leas straitéiseach náisiúnta ag baint leo) an 4 Meitheamh 2013 (GURI Uimh. 129, an 4 Meitheamh 2013, lch. 1) sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (‘Dlí Foraithne Uimh. 61/2013’) go gcuirfear aon ghnóthas a chomhlíonann critéir áirithe ó thaobh méide de agus a bhfuil ar a laghad monarcha nó saoráid amháin á bhfeidhmiú acu a bhfuil leas straitéiseach náisiúnta ag baint leo faoi stiúir ‘riarthóirí speisialta’ i gcás ina bhfuil ‘an ghníomhaíocht táirgthe ina cúis le bagairtí tromchúiseacha agus suntasacha ar shláine an chomhshaoil agus na sláinte mar thoradh ar mhainneachtain arís agus arís eile an Údarú Comhshaoil Comhtháite a chomhlíonadh’. De réir Airteagal 2(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 61/2013, comhlíonadh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) den Dlí Foraithne sin i gcás Ilva.
30 Faoi Airteagal 1(5) den Dlí Foraithne sin, bhí coiste de thriúr saineolaithe le ‘plean de bhearta cosanta comhshaoil agus cosanta sláinte a tharraingt suas ina sonraítear na gníomhaíochtaí agus na tréimhsí ama is gá chun comhlíonadh an dlí agus comhlíonadh an Údarú Comhshaoil Comhtháite a áirithiú’, arb ionann a fhormheas agus ‘leasú ar an Údarú Comhshaoil Comhtháite’. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 1(7) den Dlí Foraithne sin, bhí na bearta a fhorordaítear leis an Údarú Comhshaoil Comhtháite le cur i gcrích laistigh de ‘36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an dlí lena dtiontaítear [an Dlí Foraithne sin]’, is é sin roimh an 3 Lúnasa 2016.
31 Le decreto del Presidente del Consiglio dei Ministri – Approvazione del piano delle misure e delle attività di tutela ambientale e sanitaria, a norma dell’articolo 1, commi 5 e 7, del decreto-legge 4 giugno 2013, n. 61, convertito, con modificazioni, dalla legge 3 agosto 2013, n. 89 (Foraithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí lena bhformheastar an plean maidir le bearta agus gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil agus cosanta sláinte i gcomhréir le hAirteagal 1(5) agus (7) de Dhlí Foraithne Uimh. 61 an 4 Meitheamh 2013, arna thiontú, tar éis é a leasú, le dlí Uimh. 89, an 3 Lúnasa 2013) an 14 Márta 2014 (GURI Uimh. 105, an 8 Bealtaine 2014, lch. 34) (‘Foraithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí 2014’), rinneadh athsceidealú ar na spriocdhátaí chun na bearta glanta suas comhshaoil a chur chun feidhme dá bhforáiltear leis an Údarú Comhshaoil Comhtháite 2011 chomh maith le hÚdarú Comhshaoil Comhtháite 2012.
32 Foráiltear le hAirteagal 2(5) de decreto-legge n. 1, convertito con modificazioni dalla legge 4 marzo 2015, n. 20 – Disposizioni urgenti per l’esercizio di imprese di interesse strategico nazionale in crisi e per lo sviluppo della città e dell’area di Taranto (Dlí Foraithne Uimh. 1 arna thiontú, tar éis é a leasú, le dlí Uimh. 20, an 4 Márta 2015, maidir le bearta práinneacha chun gnóthas a oibriú a bhfuil leas straitéiseach náisiúnta ag baint leis agus chun cathair agus limistéar Taranto a fhorbairt), an 5 Eanáir 2015 (GURI Uimh. 3, an 5 Eanáir 2015, lch. 1) go measfar go mbeidh an plean maidir le bearta agus gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil agus cosanta sláinte a formheasadh le Foraithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí 2014 curtha chun feidhme más rud é, faoin 31 Iúil 2015, gur comhlíonadh 80 % ar a laghad de na ceanglais ar an dáta sin nó roimhe sin’. Thairis sin, bhí an spriocdháta deiridh chun na ceanglais eile a chur chun feidhme le dul in éag an 3 Lúnasa 2016, tar éis síneadh a chur leis an dáta sin ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2017.
33 Foráladh le decreto-legge n. 98, convertito con modificazioni dalla legge 1 agosto 2016, n. 151 – Disposizioni urgenti per il completamento della procedura di cessione dei complessi aziendali del Gruppo Ilva (Dlí Foraithne Uimh. 98, arna thiontú, tar éis é a leasú, ina Dhlí Uimh. 151 an 1 Lúnasa 2016, maidir le bearta práinneacha chun aistriú ghnólachtaí ghrúpa ILVA a chur i gcrích), an 9 Meitheamh 2016 (GURI Uimh. 133, an 9 Meitheamh 2016, lch. 1) inter alia, d’Fhoraithne nua ó Uachtarán Chomhairle na nAirí a ghlacadh, Foraithne a measadh a bheith ina Údarú Comhshaoil Comhtháite, a tháinig in ionad MTC.
34 Le decreto-legge n. 244, convertito con modificazioni dalla legge 27 febbraio 2017, n. 19 – Proroga e definizione di termini (Dlí Foraithne Uimh. 244 arna thiontú, tar éis é a leasú, le dlí Uimh. 19, an 27 Feabhra 2017, lena gcuirtear síneadh le sprioc-amanna agus lena leagtar amach sprioc-amanna), an 30 Nollaig 2016 (GURI Uimh. 304, an 30 Nollaig 2016. lch. 13), cuireadh síneadh cinntitheach leis an sprioc-am a leagtar síos chun na bearta sonracha glantacháin comhshaoil a chur chun feidhme go dtí an 23 Lúnasa 2023.
35 Achtaíodh na bearta agus na gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil agus sláinte dá bhforáiltear le Dlí Foraithne Uimh. 98, an 9 Meitheamh 2016, le decreto del Presidente del Consiglio dei Ministri – Approvazione delle modifiche al Piano delle misure e delle attività di tutela ambientale e sanitaria di cui al decreto del Presidente del Consiglio dei ministri 14 marzo 2014, a norma dell’articolo 1, comma 8.1., del decreto-legge 4 dicembre 2015, n. 191, convertito, con modificazioni, dalla legge 1 febbraio 2016, n. 13 (Foraithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí lena bhformheastar na hathruithe ar phlean na mbeart agus na ngníomhaíochtaí cosanta comhshaoil agus sláinte a leagtar amach i bhForaithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí an 14 Márta 2014, i gcomhréir le hAirteagal 1 (8.1) d’Fhoraithne Uimh. 191, an 4 Nollaig 2015, arna thiontú, tar éis é a leasú, le dlí Uimh. 13, an 1 Feabhra 2016), an 29 Meán Fómhair 2017 (GURI Uimh. 229, an 30 Meán Fómhair 2017, lch. 1) (‘Foraithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí 2017’) arbh é Údarú Comhshaoil Comhtháite do 2017 agus lena gcuirtear deireadh leis na nósanna imeachta uile um Údarú Comhshaoil Comhtháite a bhí ar siúl os comhair na hAireachta Comhshaoil, Cosanta Acmhainní Nádúrtha agus na Farraige. Leis an Údarú Comhshaoil Comhtháite do 2017, deimhníodh síneadh an sprioc-ama a luaitear sa mhír roimhe seo.
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
36 Thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingean chomhchoiteann os comhair Tribunale di Milano (Cúirt Dúiche Milano, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, chun cearta aonchineálacha thart ar 300 000 áitritheoir bhardas Taranto agus na mbardas máguaird a chosaint. Maíonn siad go gcuireann gníomhaíochtaí mhonarcha Ilva isteach go mór ar na cearta sin.
37 Leis an gcaingean sin, iarrann na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí go ndéanfar a gceart chun sláinte, a gceart chun síochána agus suaimhnis le linn a saoil agus a gceart chun aeráide a chosaint. Maíonn siad gur sárú reatha agus fadtéarmach é sárú na gceart sin, mar gheall ar iompar d’aon ghnó as a n‑eascraíonn truailliú ó na hastaíochtaí ó mhonarcha Ilva, lena nochtar na háitritheoirí sin do ráta báis atá níos airde agus do ráta breoiteachta atá níos airde. Aicmítear críocha na mbardas lena mbaineann mar ‘suíomh a bhfuil tábhacht náisiúnta leis’ mar gheall ar thruailliú tromchúiseach na maitrísí comhshaoil ina bhfuil uisce, aer agus talamh.
38 Bunaíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a n‑éilimh ar na Measúnuithe ar thionchair dhiúltacha sláinte a tarraingíodh suas in 2017, 2018 agus 2021, lena bhfaightear go bhfuil nasc cúisíoch idir an t‑athrú ar shláinte chónaitheoirí réigiún Taranto agus astaíochtaí mhonarcha Ilva, go háirithe a mhéid a bhaineann le hábhar cáithníneach PM10, a bhfuil trastomhas aige atá níos lú ná nó cothrom le 10 micriméadar, agus dé-ocsaíd sulfair (SO2) de thionscnamh tionsclaíoch. Braitheann siad freisin ar ‘rapport du rapporteur spécial sur la question des obligations relatives aux droits de l’homme se rapportant aux moyens de bénéficier d’un environnement sûr, propre, sain et durable’ (Tuarascáil an Rapóirtéara Speisialta maidir le saincheist na n‑oibleagáidí um chearta an duine a bhaineann le teachtadh comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe) ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, an 12 Eanáir 2022, ina liostaítear ceirtleán Taranto mar cheann de na ‘limistéir íobartha’, eadhon limistéar arb é is saintréith dó leibhéil fhoircneacha truaillithe agus éillithe ó shubstaintí tocsaineacha ina bhfuil ualach díréireach ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe ó thaobh na sláinte, chearta an duine agus an chomhshaoil de mar thoradh ar nochtadh do thruailliú agus do shubstaintí guaiseacha.
39 Cháin na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí freisin an síneadh ar cuireadh leis an spriocdháta de 36 mhí dá bhforáiltear le Dlí Foraithne Uimh. 207/2012 chun críocha chur chun feidhme Údarú Comhshaoil Comhtháite 2012. D’iarr siad ar an gcúirt a rinne an tarchur, go háirithe, a ordú go ndúnfaí ‘saincheantar te’ mhonarcha Ilva nó go gcuirfí deireadh leis na gníomhaíochtaí comhfhreagracha. Mar mhalairt air sin, d’iarr siad go n‑ordófaí do na cosantóirí sna príomhimeachtaí an gléasra táirgthe cóic a dhúnadh nó deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí comhfhreagracha agus, mar mhalairt air sin, go n‑ordófaí do na cosantóirí sin scor de ghníomhaíocht táirgthe an ‘shaincheantair the’ sin go dtí go gcuirfí chun feidhme go hiomlán na ceanglais a leagtar amach sa phlean comhshaoil dá bhforáiltear le hÚdarú Comhshaoil Comhtháite 2017. Ar deireadh, d’iarr siad ar an gcúirt sin a ordú, in aon chás, do na cosantóirí sna príomhimeachtaí plean gnó a chur ar fáil lena bhforáiltear do dheireadh a chur le 50 % ar a laghad de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa i ndáil leis na hastaíochtaí a eascraíonn as táirgeadh sé mhilliún tonna cruach in aghaidh na bliana idir dáta a n‑iarratais agus 2026, nó na bearta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí na sáruithe a aimsíodh a dhíothú nó a laghdú.
40 Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear le dlí na hIodáile go mbeidh an Measúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte ina dhlúthchuid den nós imeachta chun an Údarú Comhshaoil Comhtháite a dheonú nó a athbhreithniú. Ní fhoráiltear ach oiread, i gcás ina léiríonn measúnú den sórt sin torthaí lena léirítear riosca do-ghlactha don tsláinte do dhaonra suntasach a ndéanann na hastaíochtaí truaillitheacha difear dóibh, nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar an údarú sin ar ghearrfhógra agus go cinntitheach. Go bunúsach, foráiltear leis an dlí sin, a áitítear, do mheasúnú a posteriori ar thionchair dhiúltacha sláinte, nach bhféadfaí ach athbhreithniú ar an Údarú Comhshaoil Comhtháite a nascadh leis. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí Treoir 2010/75 a shárú, arna léamh i bhfianaise phrionsabal an réamhchúraim.
41 Ar an dara dul síos, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl gur iarr méara Taranto, trí ghníomh dár dáta an 21 Bealtaine 2019, faoi Fhoraithne Reachtach Uimh. 152/2006, go ndéanfaí athbhreithniú ar Údarú Comhshaoil Comhtháite 2017, go bunúsach ar bhonn tuarascálacha arna dtarraingt suas ag na húdaráis inniúla cosanta sláinte inar tháinig sé chun solas go raibh riosca do-ghlactha sláinte ann don phobal. I mí na Bealtaine 2019, d’ordaigh an Aireacht Comhshaoil, Cosanta Acmhainní Nádúrtha agus na Farraige go ndéanfaí athbhreithniú ar an Údarú sin. Is léir ón imscrúdú a rinne na húdaráis sin gur ghá a chur san áireamh san fhaireachán ar astaíochtaí ó mhonarcha Ilva na truailleáin ar fad ar déileáladh leo sa tuarascáil deiridh ina ndearnadh measúnú ar na tionchair dhiúltacha ar an tsláinte, a tarraingíodh suas in 2018 do réigiún Taranto, agus truailleáin eile amhail copar, mearcair agus naftailéin, ó fhoinsí idirleata sa mhonarcha sin, chomh maith le hábhar cáithníneach PM2.5 agus PM10 ó fhoinsí idirleata agus scaoileadh cainéalaithe. Bheadh sé seo ina ‘gné chomhlántach’ de shubstaintí truaillitheacha a bhí ann a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le díobhálacha do shláinte an duine. Leis na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva, áfach, bhíothas in ann athbhreithniú a dhéanamh ar an Údarú Comhshaoil Comhtháite a deonaíodh don ghnóthas sin gan gá na truailleáin a luaitear sa Tacar Forlíontach sin agus a n‑éifeachtaí díobhálacha ar dhaonra Taranto a chur san áireamh.
42 Ar an tríú dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go raibh 80 % ar a laghad de cheanglais Údarú Comhshaoil Comhtháite 2012 chomh maith leis an bplean maidir le bearta agus gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil agus sláinte a formheasadh le Foraithne Uachtarán Chomhairle na nAirí 2014 le comhlíonadh ar dtús faoin 31 Iúil 2015 ar a dhéanaí. Mar sin féin, tá an scoithdháta sin curtha siar níos mó ná 7 mbliana go leith, rud a chomhfhreagraíonn do chur siar 11 bhliain ó dháta tionscnaimh na hurghabhála caingne pionósaí ar thionscnamh ghlacadh na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva, a leagtar amach i míreanna 27 go 35 den bhreithiúnas seo. Tharla an cur siar sin, ar an gcéad dul síos, i gcás ina raibh oibríocht thionsclaíoch ann a mheas reachtas na hIodáile féin a bheith ina riosca tromchúiseach do shláinte an duine agus don chomhshaol agus, ar an dara dul síos, san aidhm oibreacha a dhéanamh agus a chur i gcrích a bhí, go teoiriciúil, chun gníomhaíochtaí déantúsaíochta chruacha mhonarcha Ilva a dhéanamh sábháilte do shláinte na ndaoine atá ina gcónaí gar don mhonarcha.
43 Sna himthosca sin, chinn Tribunale di Milano (Cúirt Dúiche Milano), bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘1) An féidir Treoir [2010/75] go háirithe aithrisí 4, 18, 34, 28 agus 29 agus [Airteagal] 3(2), [Airteagail] 11, 12 agus 23 [den Treoir sin], agus prionsabal an réamhchúraim agus cosaint shláinte an duine a leagtar síos [in Airteagal 191 CFAE] a léiriú agus dlí náisiúnta Ballstáit á chur i bhfeidhm aige, sa chiall go dtugtar an rogha don Bhallstát sin foráil a dhéanamh gur gníomh é an Measúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte atá lasmuigh de raon feidhme an nós imeachta chun an Údarú Comhshaoil Comhtháite á dheonú agus a athbhreithniú – sa chás seo decreto del Presidente del Consiglio dei Ministri 2017 (Foraithne ó Uachtarán Chomhairle na nAirí 2017) – agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh éifeachtaí uathoibríocha ag baint lena dhréachtú ó thaobh breithniú tráthúil agus éifeachtach ag an údarás inniúil i gcomhthéacs nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ag Údarú Comhshaoil Comhtháite/Foraithne Uachtarán Chomhairle na nAirí, go háirithe i gcás ina léiríonn Measúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte riosca do-ghlactha sláinte do dhaonra suntasach a bhfuil tionchar ag na hastaíochtaí truaillithe orthu; nó, ar an taobh eile, an féidir an Treoir a léiriú sa chiall:
(i) gur féidir an riosca inghlactha do shláinte an duine a mheasúnú trí anailísí eolaíocha de chineál eipidéimeolaíoch;
(ii) nach mór do Mheasúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte a bheith ina ghníomh a thagann laistigh de raon feidhme an nós imeachta chun Údarú Comhshaoil Comhtháite/Foraithne Uachtarán Chomhairle na nAirí a dheonú agus a athbhreithniú agus fiú réamhchoinníoll riachtanach chuige sin, agus go háirithe faoi réir breithniú riachtanach, éifeachtach agus tráthúil ag an údarás a bhfuil inniúlacht aige an Údarú Comhshaoil Comhtháite a dheonú agus a athbhreithniú?
2) An féidir Treoir [2010/75] go háirithe aithrisí 4, [15], 18, 21, 34, 28 agus 29 agus [Airteagal] 3(2), [Airteagail] 11, 14, 15, 18 agus 21 [den Treoir sin], a léiriú agus dlí náisiúnta Ballstáit á chur i bhfeidhm aige, sa chiall nach mór don Bhallstát sin foráil a dhéanamh nach mór don Údarú Comhshaoil Comhtháite (sa chás seo, Údarú Comhshaoil Comhtháite [don bhliain] 2012, Foraithne Uachtarán Chomhairle na nAirí 2014, Foraithne Uachtarán Chomhairle na nAirí 2017) na substaintí uile atá faoi réir astaíochtaí ar eol go heolaíoch go bhfuil siad díobhálach, lena n‑áirítear codáin PM10 agus PM2.5 a chur san áireamh i gcónaí i gcás ar bith de thionscnamh na suiteála faoi mheasúnú; nó an féidir an treoir a léiriú sa chiall nach mór don Údarú Comhshaoil Comhtháite (an cinneadh riaracháin lena ndeonaítear údarú) ach truailleáin a shainaithnítear roimh ré trí thagairt do chineál agus saghas na gníomhaíochta tionsclaíche atá ar bun?
3) An féidir Treoir [2010/75/AE] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú), go háirithe aithrisí 4, 18, 21, 34, 28, 29, 34 agus 43 agus [Airteagal] 3(2), [Airteagail] 11, 14, 16 agus 21 [den Treoir sin], a léiriú agus dlí náisiúnta Ballstáit á chur i bhfeidhm aige, i gcás ina bhfuil gníomhaíocht thionsclaíoch ag cruthú bagairt thromchúiseach shuntasach do shláine an chomhshaoil agus do shláinte an duine, síneadh a chur leis an tréimhse a deonaíodh don oibreoir chun an ghníomhaíocht thionsclaíoch a oiriúnú don údarú a deonaíodh, trí na bearta agus na gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil agus sláinte dá bhforáiltear ann a chur i gcrích, tuairim is seacht mbliana go leith ón spriocdháta bunaidh agus ar feadh tréimhse iomlán aon bhliain déag?’
Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú
44 Tá na cosantóirí sna príomhimeachtaí den tuairim go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ar thrí fhoras.
45 Ar an gcéad dul síos, maíonn siad nach gcomhlíonann an iarraidh sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 94(b) agus (c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Ní dhéanann an chúirt a rinne an tarchur cur síos leordhóthanach ar chomhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus ní leagann sí amach na cúiseanna a thug uirthi amhras a bheith uirthi maidir le léiriú fhorálacha dhlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna sin.
46 Ní mór a mheabhrú, i ndáil leis sin, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin – ar tugadh an díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh – atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a chuirtear le léiriú nó bailíocht rialach de chuid dhlí an Aontais Eorpaigh, dlitear ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Infraestruturas de Portugal agus Futrifer Indústrias Ferroviárias, C‑66/22, EU:C:2023:1016, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).
47 Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú rialú a thabhairt maidir le ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíorais iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑116/20, EU:C:2022:273, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).
48 Thairis sin, faoi Airteagal 94(a) go (c) de na Rialacha Nós Imeachta, tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an chúirt náisiúnta, ina hiarraidh ar réamhrialú, cur lena sainmhíniú ar chomhthéacs fíorasach agus reachtach na díospóide sna príomhimeachtaí agus an míniú is gá a thabhairt ar na cúiseanna atá le roghnú na bhforálacha de dhlí an Aontais atá sí ag iarraidh a léiriú agus ar an nasc a bhunaíonn sí idir na forálacha sin agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis na himeachtaí atá ar feitheamh os a comhair. Meabhraítear freisin na ceanglais charnacha sin maidir le hábhar iarrata ar réamhrialú i míreanna 13, 15 agus 16 de Mholtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le cur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta maidir le tionscnamh an nós imeachta um réamhrialú (IO 2019 C 380, lch. 1) (breithiúnas an 16 Samhain 2023, Ministerstvo vnútra Slovenskej republiky, C‑283/22, EU:C:2023:886, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear).
49 Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil na ceisteanna a tharchuir sí ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na n‑iarratas a thug na hiarratasóirí os a comhair sna príomhimeachtaí. Sonraíonn sí go sainráite san iarraidh sin, ar an gcéad dul síos, gur mian léi a fháil amach an leanann oibleagáidí sonracha áirithe ó dhlí an Aontais i gcomhthéacs an cháis sna príomhimeachtaí agus, ar an dara dul síos, go mbeidh tionchar cinntitheach ag an léiriú ar dhlí an Aontais arna sholáthar ag an gCúirt ar an measúnú ar dhlíthiúlacht ghníomhaíocht thionsclaíoch mhonarcha Ilva. Dá bhrí sin, leagtar amach cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí ar bhealach atá mionsonraithe go leor san iarraidh sin ar réamhrialú, ina bhfuil, ina theannta sin, an fhaisnéis go léir is gá chun a chur ar chumas na Cúirte freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna sin.
50 Ina theannta sin, shainaithin an chúirt a rinne an tarchur, ina hiarraidh ar réamhrialú, na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais agus na cúiseanna a thug uirthi an tsaincheist maidir le léiriú na bhforálacha sin a tharraingt anuas. Ina theannta sin, is léir ón iarraidh sin go bhfuil baint ag léiriú na bhforálacha sin le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, ós rud é gur dócha go mbeidh tionchar ag an léiriú sin ar thoradh na díospóide sin.
51 Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad fhoras do-ghlacthachta a d’ardaigh na cosantóirí sna príomhimeachtaí.
52 Ar an dara dul síos, áitíonn na cosantóirí sna príomhimeachtaí go bhfuil feidhm res judicata faighte ag an gcinneadh go bhfuil an spriocdháta nua chun a áirithiú go gcomhlíonann monarcha Ilva na bearta náisiúnta cosanta sláinte agus comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2010/75 tar éis tuairim a fháil ón Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), nach féidir leis an gcúirt a rinne an tarchur amhras a chaitheamh ar a mheasúnú.
53 I ndáil leis sin, ní mór an tábhacht a thabhairt chun cuimhne atá ag baint leis an bprionsabal res judicata, i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh agus i ndlíchórais náisiúnta araon. Dá réir sin, ní cheanglaítear ach oiread le dlí an Aontais, d’fhonn an léiriú ar fhoráil a bhaineann leis an gceart sin arna ghlacadh ag an gCúirt Bhreithiúnais a chur san áireamh, ar chúirt náisiúnta filleadh go huathoibríoch ar bhreithiúnas a bhfuil feidhm res judicata aige (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑116/20, EU:C:2022:273, míreanna 92 agus 94 agus an cásdlí dá dtagraítear).
54 Mar sin féin, ní féidir cinneadh a bheith mar thoradh ar an bprionsabal sin go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú seo do-ghlactha. Dá bhrí sin, chinn an Chúirt nach féidir le cúirt náisiúnta a mhaíomh go bailí go bhfuil sé dodhéanta di foráil den dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais díreach toisc gur léirigh cúirteanna eile an fhoráil sin ar bhealach a chruthaíonn a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑116/20, EU:C:2022:273, míreanna 97 go 104).
55 Dá bhrí sin, ní mór diúltú freisin don dara foras do-ghlacthachta a d’ardaigh na cosantóirí sna príomhimeachtaí.
56 Ar an tríú dul síos, áitíonn na cosantóirí sna príomhimeachtaí, de réir an dlí nós imeachta náisiúnta, i gcás idir páirtithe príobháideacha, nach féidir le gnáthchúirt gníomh riaracháin a fhágáil gan feidhm ach amháin mura bhfuil baint ag an sárú ar an dlí ar a bhfuil ceann de na páirtithe ag brath ar leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an gníomh sin dleathach, rud nach amhlaidh sa chás seo. Ina theannta sin, fiú dá ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais léiriú ar Threoir 2010/75 sa chiall nach mór measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag gníomhaíocht suiteáil ar shláinte sula ndeonaítear údarú oibríochta don shuiteáil sin nó le linn athbhreithniú a dhéanamh ar an údarú sin, is faoin reachtas náisiúnta atá sé beart cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn ábhar an mheasúnaithe sin a shainiú.
57 I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 62 dá Tuairim, nach bhfágann an fíoras go bhfuil an cás atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur idir daoine a rialaítear leis an dlí príobháideach go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ann féin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Praxair MRC, C‑486/18, EU:C:2019:379, mír 35).
58 Anuas air sin, is fíor i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 288 CFAE, nach bhfuil nádúr ceangailteach Treorach atá mar bhonn don fhéidearthacht brath uirthi, ann ach amháin i ndáil le ‘gach Ballstát chuig a ndíreofar í’. Fágann sé sin, de réir cásdlí socair, nach féidir oibleagáidí a fhorchur ar dhuine aonair de bhun treorach ann féin agus dá bhrí sin nach féidir brath ar threoir mar sin i gcoinne duine den sórt sin os comhair cúirt náisiúnta (breithiúnas an 22 Nollaig 2022, Sambre & Biesme agus Commune de Farciennes, C‑383/21 agus C‑384/21, EU:C:2022:1022, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).
59 Ní mór a mheabhrú, áfach, i gcás ina bhfuil duine in ann brath ar threoir, ní i gcoinne duine aonair ach i gcoinne Ballstáit, go bhféadfaidh a leithéid de dhuine é sin a dhéanamh beag beann ar an gcáil ina bhfuil an Ballstát sin ag gníomhú. Is gá cosc a chur leis an mBallstát leas a bhaint as a mhainneachtain féin dlí an Aontais a chomhlíonadh (breithiúnas an 22 Nollaig 2022, Sambre & Biesme agus Commune de Farciennes, C‑383/21 agus C‑384/21, EU:C:2022:1022, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).
60 I ndáil leis sin, faoin gcásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, ní mór go gcaithfear le heagraíochtaí nó comhlachtaí, fiú eagraíochtaí nó comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach, atá faoi réir údarás nó rialú comhlachta phoiblí, nó a ndearna Ballstát feidhmiú cúraim a tharmligean chucu ar mhaithe le leas an phobail agus a bhfuil cumhachtaí speisialta acu chun na críche sin thar na cumhachtaí sin a eascraíonn as na gnáthrialacha is infheidhme maidir le caidreamh idir daoine aonair, mar Bhallstát agus mar chomhlacht riaracháin de chuid Ballstát (breithiúnas an 22 Nollaig 2022, Sambre & Biesme agus Commune de Farciennes, C‑383/21 agus C‑384/21, EU:C:2022:1022, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).
61 Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhforáiltear le Dlí Foraithne Uimh. 207/2012, in Airteagal 1(1) de, ‘gur monarcha nó saoráid é [monarcha Ilva] lena mbaineann leas straitéiseach náisiúnta leo’.
62 Is léir freisin ón iarraidh sin go bhforáiltear le Dlí Foraithne Uimh. 61/2013, in Airteagal 1(1) de, don fhéidearthacht go gcuirfear aon ghnóthas a chomhlíonann critéir áirithe ó thaobh méide de agus a bhfuil ar a laghad monarcha nó saoráid amháin á feidhmiú acu a bhfuil leas straitéiseach náisiúnta ag baint leis faoi stiúir ‘riarthóirí speisialta’ i gcás ina bhfuil ‘an ghníomhaíocht táirgthe ina cúis le bagairtí tromchúiseacha agus suntasacha ar shláine an chomhshaoil agus na sláinte mar thoradh ar mhainneachtain arís agus arís eile an Údarú Comhshaoil Comhtháite a chomhlíonadh’. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin, faoi Airteagal 2(1) den Dlí Foraithne sin, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) den Dlí Foraithne sin i gcás Ilva.
63 Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chás atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur, go bhfuil deacracht ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí le sraith rialacha speisialta arna nglacadh ag na húdaráis náisiúnta maidir le Ilva nach mór a mheas, i dtéarmaí a n‑ábhair agus a gcineáil mar lex specialis i ndáil le Foraithne Reachtach Uimh. 152/2006, go dtagann siad faoi raon feidhme Threoir 2010/75.
64 Dá bhrí sin, ní mór diúltú freisin don tríú foras do-ghlacthachta a d’ardaigh na cosantóirí sna príomhimeachtaí.
65 I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, tá na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú inghlactha.
Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
66 Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Treoir 2010/75, arna léamh i bhfianaise Airteagal 191 CFAE, le léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit measúnú roimh ré a fhorchur ar éifeachtaí ghníomhaíocht na suiteála lena mbaineann ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine mar chuid lárnach de na nósanna imeachta chun údarú oibríochta suiteála den sórt sin a dheonú nó a athbhreithniú faoin Treoir.
67 Ní mór a thabhairt faoi deara ag an tús gur glacadh Treoir 2010/75 ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE maidir le gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an Aontas Eorpach i réimse an chomhshaoil chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 191 CFAE a bhaint amach. Foráiltear leis an Airteagal sin, sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc de mhír 1 de, go rannchuideoidh beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol leis na cuspóirí a bhaint amach maidir le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus sláinte an duine a chosaint. Faoi Airteagal 191(2) den Chonradh sin, tá sé d’aidhm ag beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol ardleibhéal cosanta a bhaint amach agus éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh.
68 Eascraíonn sé as na forálacha sin gur dhá chomhpháirt de bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol iad cosaint agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil agus cosaint shláinte an duine a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile, agus a bhfuil Treoir 2010/75 mar chuid de.
69 Mar is léir ón gcéad mhír d’Airteagal 1 den Treoir sin, is iad a cuspóirí cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú a eascraíonn as gníomhaíochtaí tionsclaíocha. I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 1 de, arna léamh i bhfianaise aithris 12 de, tá sé d’aidhm leis an Treoir sin cosc a chur ar astaíochtaí isteach san aer, san uisce nó sa talamh, nó i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, na hastaíochtaí sin a laghdú, agus cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol ‘ina iomláine’ a bhaint amach.
70 Dá bhrí sin, leis na rialacha a bunaíodh le Treoir 2010/75, cuirtear i dtéarmaí nithiúla oibleagáidí an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol agus sláinte an duine a chosaint, ar oibleagáidí iad a eascraíonn, inter alia, as Airteagal 191(1) agus (2) CFAE.
71 I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, foráiltear le hAirteagal 35 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) go bhfuil ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine le háirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais Eorpaigh. Ar an dara dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chairt, ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais Eorpaigh agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.
72 Ag féachaint don dlúthnasc idir cosaint an chomhshaoil agus cosaint shláinte an duine, féachtar le Treoir 2010/75 ní hamháin cur i bhfeidhm Airteagal 37 den Chairt a chur chun cinn, mar a luaitear in aithris 45 den Treoir sin, ach cur i bhfeidhm Airteagal 35 den Chairt a chur chun cinn freisin, gan bheith in ann ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a bhaint amach gan ardleibhéal cosanta don chomhshaol, i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe. Dá bhrí sin, rannchuidíonn Treoir 2010/75 le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá leordhóthanach do shláinte agus d’fholláine an duine, dá dtagraítear in aithris 27 di.
73 Ar an gcéad dul síos, maidir le forálacha Threoir 2010/75 a bhaineann leis na nósanna imeachta chun údarú a dheonú, foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir sin, sa chéad fhomhír de mhír 1, go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach n‑oibreofar aon suiteáil nó gléasra dócháin, gléasra loiscthe dramhaíola nó gléasra comhloiscthe dramhaíola gan údarú.
74 Is ionann an coincheap ‘suiteáil’, a dhéantar sainmhíniú air in Airteagal 3(3) de Threoir 2010/75, inter alia, aonad teicniúil seasta ina ndéantar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I den Treoir sin nó i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII den Treoir sin, agus aon ghníomhaíocht eile atá bainteach go díreach leis na gníomhaíochtaí sin ar an láithreán céanna a bhfuil nasc teicniúil acu leis na gníomhaíochtaí a liostaítear sna hIarscríbhinní sin agus a bhféadfadh éifeacht a bheith acu ar astaíochtaí agus ar thruailliú. Baineann Iarscríbhinn I sin, go háirithe, le gníomhaíochtaí táirgthe agus próiseála miotal.
75 Fágann sé sin, faoi Airteagal 4 de Threoir 2010/75, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(3) di, go n‑áirítear na gníomhaíochtaí táirgthe agus próiseála miotal a shroicheann na tairseacha acmhainneachta a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi sna gníomhaíochtaí a bhfuil údarú ag teastáil ina leith.
76 Dá bhrí sin, ní féidir monarcha amhail monarcha Ilva, ar comhthuiscint é ina leith nach mór é a mheas mar shuiteáil de réir bhrí Airteagal 3(3) de Threoir 2010/75 agus a shroicheann na tairseacha toillte sin, a oibriú gan údarú den sórt sin.
77 Tá deonú d’údarú ag an údarás inniúil, faoi Airteagal 5(1) de Threoir 2010/75, ag brath ar cheanglais na Treorach sin a chomhlíonadh.
78 I gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2010/75, tagann suiteáil amhail an suiteáil atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Chaibidil II den Treoir sin, a bhfuil Airteagail 11 go 27 ina gcuid di, lena leagtar síos na ceanglais maidir leis an gcineál sin suiteála.
79 Faoi Airteagal 12(1)(i) de Threoir 2010/75, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n‑áireofar in iarratas ar údarú tuairisc ar na bearta dá bhforáiltear chun prionsabail ghinearálta oibleagáidí bunúsacha an oibreora a chomhlíonadh, dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Treoir sin.
80 Faoi Airteagal 11(a) den Treoir sin, ní mór d’oibreoir suiteála gach beart coisctheach iomchuí a dhéanamh i gcoinne ‘truailliú’.
81 Foráiltear le hAirteagal 11(b) de Threoir 2010/75 go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a fhoráil go gcuirfear TIFAF i bhfeidhm agus suiteáil á hoibriú. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go sainmhínítear le hAirteagal 3(10) den Treoir sin an coincheap ‘[TIFAF]’ mar an chéim is éifeachtaí agus is airde d’fhorbairt gníomhaíochtaí agus a modhanna oibriúcháin lena léirítear go bhfuil teicnící áirithe oiriúnach go praiticiúil chun bunús a thabhairt do theorainnluachanna astaíochta agus do choinníollacha údaraithe eile atá ceaptha chun astaíochtaí agus a dtionchar ar an gcomhshaol ‘ina iomláine’ a chosc, agus i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, chun iad a laghdú.
82 Faoi Airteagal 11(c) de Threoir 2010/75, ceanglaítear ar oibreoir suiteála a áirithiú nach gcruthófar aon ‘truailliú’ suntasach.
83 Foráiltear le hAirteagal 12(1)(f) de Threoir 2010/75 nach mór a áireamh san iarratas ar údarú tuairisc ar chineál agus ar chainníochtaí na n‑astaíochtaí intuartha ón tsuiteáil isteach i ngach meán chomh maith le sainaithint éifeachtaí suntasacha na n‑astaíochtaí ar an gcomhshaol. Ceanglaítear le hAirteagal 12(1)(j) den Treoir sin nach mór a áireamh san iarratas ar údarú tuairisc ar na bearta a bheartaítear chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí isteach sa ‘chomhshaol’.
84 I ndáil leis sin, déantar tagairt in Airteagal 14 de Threoir 2010/75, a bhaineann le coinníollacha an údaraithe, i mír 1(a) de, do theorainnluachanna astaíochta maidir le substaintí truaillitheacha a liostaítear in Iarscríbhinn II den Treoir sin agus maidir le substaintí truaillitheacha eile, ar dócha go mbeidh méideanna nach beag díobh á n‑astú ón tsuiteáil lena mbaineann, ag féachaint dá gcineál agus dá n‑acmhainneacht ‘truailliú’ a aistriú ó mheán amháin go meán eile.
85 A mhéid a bhaineann, sa dara háit, le hathbhreithniú a dhéanamh ar údarú, foráiltear le hAirteagal 21(5)(a) de Threoir 2010/75, inter alia, go ndéanfar athbhreithniú ar na coinníollacha sin i gcás ina bhfuil an ‘truailliú’ arb é an tsuiteáil lena mbaineann is cúis leis chomh suntasach sin gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar theorainnluachanna astaíochta reatha an údaraithe chun an tsuiteáil sin a oibriú nó gur gá luachanna nua den sórt sin a áireamh san údarú.
86 Mar a d’áitigh an Coimisiún Eorpach, ní mór tréimhsiúlacht an athbhreithnithe ar an Údarú atá i gceist a oiriúnú do mhéid agus do chineál na suiteála. Is léir ó aithris 2 de Threoir 2010/75 gur gá saintréithe áitiúla sonracha na háite ina bhfuil an gníomhaíocht thionsclaíoch ar siúl a chur san áireamh. Is é sin, go háirithe, an cás ina bhfuil an dara ceann suite cóngarach d’áiteanna cónaithe.
87 Ní mór a lua, maidir leis na forálacha a bhaineann leis na nósanna imeachta chun údarú a dheonú nó a athbhreithniú, lena mbaineann míreanna 80, 82, 84 agus 85 den bhreithiúnas seo, go ndéantar tagairt iontu uile don choincheap ‘truailliú’.
88 Déantar sainmhíniú ar an gcoincheap sin, in Airteagal 3(2) de Threoir 2010/75, mar choincheap lena gcumhdaítear, go háirithe, tabhairt isteach substaintí san aer, san uisce nó sa talamh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine nó do cháilíocht an chomhshaoil (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2023, Sdruzhenie ‘Za Zemyata – dostap do pravosadie’ agus páirtithe eile, C‑375/21, EU:C:2023:173, mír 48).
89 Leanann sé as sin, chun críocha chur i bhfeidhm Threoir 2010/75, go n‑áirítear leis an gcoincheap sin an díobháil a rinneadh, nó a d’fhéadfaí a dhéanamh, don chomhshaol agus do shláinte an duine araon.
90 Deimhnítear leis an sainmhíniú leathan sin an dlúthnasc, a léirítear i míreanna 67 go 72 den bhreithiúnas seo, atá ann, go háirithe i gcomhthéacs na Treorach sin, idir cosaint cháilíocht an chomhshaoil agus cosaint shláinte an duine.
91 Dearbhaítear an léiriú sin ar Threoir 2010/75 leis an dara fomhír d’Airteagal 8(2) di, lena bhforáiltear, i gcás ina bhfuil mainneachtain coinníollacha an údaraithe a chomhlíonadh ina ‘chontúirt láithreach do shláinte an duine’ nó ina bhfuil baol ann go mbeidh éifeacht dhíobhálach shuntasach láithreach aige ar an gcomhshaol, go gcuirfear oibriú na suiteála lena mbaineann ar fionraí go dtí go gcuirfear an chomhlíontacht i bhfeidhm arís.
92 Deimhnítear freisin le hAirteagal 23(4), an ceathrú fomhír, pointe (a) den Treoir sin, ina luaitear go sainráite, maidir le cigireachtaí comhshaoil, nach mór an measúnú córasach ar na rioscaí comhshaoil a bhunú, inter alia, ar thionchair fhéideartha agus iarbhír na suiteálacha lena mbaineann ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol.
93 Thairis sin, tagann an anailís roimhe seo le hanailís na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, a bhí ag brath, maidir leis an truailliú a bhaineann go sonrach le hoibriú mhonarcha Ilva, chun a fháil amach gur sáraíodh Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950, maidir le staidéir eolaíocha lena dtugtar tuairisc ar éifeachtaí truaillitheacha astaíochtaí na monarchan sin ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine araon (ECtHR, 24 Eanáir 2019, Cordella agus páirtithe eile v an Iodáil, CE:ECHR:2019:0124JUD005441413, § 163 agus 172).
94 Is léir ó na breithnithe roimhe seo, murab ionann agus an méid a áitíonn Rialtas na hIodáile, nach mór d’oibreoir suiteála a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/75, ina iarratas ar údarú, inter alia, faisnéis leordhóthanach a sholáthar maidir leis na hastaíochtaí óna suiteáil agus nach mór dó freisin, le linn thréimhse oibríochta na suiteála sin, comhlíonadh bhunoibleagáidí an oibreora sin faoin Treoir sin agus comhlíonadh na mbeart dá bhforáiltear ina leith sin a áirithiú, trí mheasúnú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtaí ghníomhaíochtaí na suiteála sin ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine.
95 Ar an gcaoi chéanna, is faoi na Ballstáit agus a n‑údaráis inniúla atá sé foráil a dhéanamh gur dlúthchuid de na nósanna imeachta chun údarú a dheonú agus a athbhreithniú é measúnú den sórt sin.
96 Sa chás sna príomhimeachtaí, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhforáiltear leis na forálacha náisiúnta ábhartha do mheasúnú a posteriori ar thionchar na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha atá i gceist ar shláinte an duine, nach bhféadfaí ach athbhreithniú ar an Údarú Comhshaoil a nascadh leis.
97 Cuireann sí in iúl go háirithe, faoi Airteagal 1 bis(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 207/2012, i ngach réimse a bhfuil tionchar ag monarcha nó saoráid lena mbaineann leas straitéiseach náisiúnta leo, amhail monarcha Ilva, go bhfuil na húdaráis sláinte inniúla le ‘tuarascáil a tharraingt suas go comhpháirteach, agus a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad, ina ndéanfar Measúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte, lena n‑áirítear ar bhonn na gclár réigiúnach ailse agus léarscáileanna eipidéimeolaíocha na mórghalar a bhaineann le tosca comhshaoil’.
98 Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, nach bhforáiltear, faoi na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva, go bhfuil measúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte ina réamhriachtanas chun Údarú Comhshaoil Comhtháite a dheonú, nó go bhfuil sé ina dhlúthchuid de na nósanna imeachta chun an údarú sin a dheonú nó a athbhreithniú.
99 Dá bhrí sin, níl an Measúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte dá dtagraítear in Airteagal 1 bis(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 207/2012 in ann, ina aonar, Údarú Comhshaoil Comhtháite a mhodhnú, ach ní féidir leis a bheith ina bhunús ach amháin d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh ar an údarú sin. De réir na cúirte a rinne an tarchur, déantar torthaí an staidéir ar na sonraí a fuair na húdaráis sláinte a aicmiú i dtrí leibhéal measúnaithe de réir a chéile, ag brath ar thromchúis na bhfadhbanna a sainaithníodh. Mar sin féin, ní chuireann ach an tríú cuid de na leibhéil sin ar chumas an údaráis inniúil athbhreithniú ar údarú den sórt sin a iarraidh.
100 Dá bhrí sin, tugann an chúirt sin faoi deara nach bhforáiltear leis na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva, i gcás ina léirítear i measúnú den sórt sin torthaí lena léirítear cineál do-ghlactha na contúirte do shláinte daonra shuntasaigh atá neamhchosanta ar astaíochtaí truaillitheacha, nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar an Údarú Comhshaoil Comhtháite go héigeantach agus go pras.
101 Maidir le monarcha Ilva, deir an chúirt a rinne an tarchur freisin go ndearbhaíonn tuarascálacha measúnaithe ar na tionchair dhiúltacha ar an tsláinte a bhaineann le monarcha Ilva a dhréachtaigh na húdaráis inniúla sláinte go raibh riosca do-ghlactha fós ann don daonra, a bhaineann le hastaíochtaí truailleán áirithe ón monarcha sin is cúis leo. Ní dhearnadh measúnú, áfach, ar thionchar na substaintí truaillitheacha sin ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine i gcomhthéacs Údarú Comhtháite Comhshaoil 2011 agus 2012. Thug na tuarascálacha sin ar mhéara Taranto iarraidh, agus é a fháil, ar an Aireacht Comhshaoil, Cosanta Acmhainní Nádúrtha agus na Farraige i mí na Bealtaine 2019 tús a chur leis an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar Údarú 2017. Níor cuireach críoch leis an nós imeachta sin go fóill agus tá monarcha Ilva fós ag feidhmiú.
102 Measann Rialtas na hIodáile, i ndáil leis sin, nach ndéantar aon tagairt i dTreoir 2010/75 do Mheasúnú ar thionchair dhiúltacha sláinte, ná d’aon mheasúnú comhchosúil eile ar na tionchair diúltacha ná ar na héifeachtaí ar an tsláinte, mar choinníoll chun na húdaruithe dá bhforáiltear inti a dheonú.
103 Áitíonn an rialtas sin agus Ilva freisin go bhfuil measúnú ex ante agus athbhreithniú roimh ré ar tionchair dhíobhálacha den sórt sin ar neamhréir le cineál dinimiciúil na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha agus a n-údaruithe. Thairis sin, ní chinnteodh modheolaíocht den sórt sin go scoirfí go tráthúil den díobháil do shláinte an duine.
104 Leanann sé as míreanna 67 go 95 den bhreithiúnas seo, áfach, nach mór an measúnú ar thionchair gníomhaíochta suiteála ar shláinte an duine, amhail an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 1 bis(1) de Dhlí Foraithne Uimh. 207/2012, a bheith ina dhlúthchuid de na nósanna imeachta chun an t‑údarú chun an tsuiteáil sin a oibriú a dheonú agus a athbhreithniú agus nach mór dó a bheith ina réamhriachtanas chun an t-údarú sin a dheonú nó a athbhreithniú. Go háirithe, ní mór don údarás atá inniúil chun an t-údarú sin a dheonú nó a athbhreithniú an measúnú sin a chur san áireamh, go héifeachtach agus go tráthúil. Ní féidir leis a bheith ag brath ar chumhacht cur i bhfeidhm nach bhféadfadh na húdaráis sláinte a fheidhmiú ach amháin sna cásanna fadhbanna is tromchúisí. I gcás ina léirítear le measúnú den sórt sin, mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur le fios, torthaí lena léirítear cineál do-ghlactha na contúirte do shláinte daonra mhóir atá neamhchosanta ar astaíochtaí truaillitheacha, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an údarú lena mbaineann laistigh de thréimhse ghearr ama.
105 Ag féachaint do na breithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná go bhfuil Treoir 2010/75, arna léamh i bhfianaise Airteagal 191 CFAE chomh maith le hAirteagail 35 agus 37 den Chairt, le léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit measúnú roimh ré a fhorchur ar éifeachtaí ghníomhaíocht na suiteála lena mbaineann ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine mar chuid lárnach de na nósanna imeachta chun údarú oibríochta suiteála den sórt sin a dheonú nó a athbhreithniú faoin Treoir sin.
An dara ceist
106 Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Treoir 2010/75 le léiriú sa chaoi, chun críocha údarú chun suiteáil a oibriú a dheonú nó a athbhreithniú faoin Treoir sin, nach mór don údarás inniúil a chur san áireamh, sa bhreis ar na substaintí truaillitheacha is intuartha ag féachaint do nádúr agus do chineál na gníomhaíochta tionsclaíche lena mbaineann, na substaintí truaillitheacha sin go léir a aithnítear go heolaíoch mar astaíochtaí díobhálacha a eascraíonn as gníomhaíocht na suiteála lena mbaineann, lena n‑áirítear iad siúd a ghintear leis an ngníomhaíocht sin nach ndearnadh measúnú orthu le linn an nós imeachta údaraithe tosaigh don tsuiteáil sin.
107 Mar a cuireadh in iúl i mír 101 den bhreithiúnas seo, tagraíonn an chúirt sin do thuarascálacha, lena bhfianaítear go raibh riosca do-ghlactha fós ann don phobal a bhaineann, mar a cruthaíodh, le hastaíochtaí truailleán áirithe ó mhonarcha Ilva, eadhon ábhar cáithníneach mín PM2.5 agus PM10, copar, mearcair agus naftailéin ó fhoinsí idirleata. Ní dhearnadh measúnú, áfach, ar thionchar na substaintí truaillitheacha sin ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine i gcomhthéacs Údarú Comhtháite Comhshaoil 2011 agus 2012.
108 Is léir freisin ón iarraidh ar réamhrialú gur fhág na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva gur féidir an tÚdarú Comhshaoil Comhtháite a dheonú don tsuiteáil sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar an údarú sin gan na truailleáin a shainaithnítear sa ‘ghné chomhlántach’ dá dtagraítear i mír 41 den bhreithiúnas seo, lena n‑áirítear ábhar cáithníneach mín PM2.5 agus PM10, nó a n‑éifeachtaí díobhálacha ar dhaonra Taranto, go háirithe i gceantar Tamburi, a chur san áireamh.
109 Maidir leis an iarratas ar Údarú agus an nós imeachta chun údarú a dheonú, ar an gcéad dul síos, foráiltear le hAirteagal 12(1)(f) de Threoir 2010/75 nach mór a áireamh in iarratas den sórt sin tuairisc ar chineál agus ar chainníochtaí na n‑astaíochtaí intuartha ón tsuiteáil isteach i ngach meán chomh maith le sainaithint éifeachtaí suntasacha na n‑astaíochtaí ar an gcomhshaol.
110 Is léir freisin ó fhoclaíocht Airteagal 14(1)(a) den Treoir sin nach mór don údarú teorainnluachanna astaíochta a leagan síos ní hamháin do shubstaintí truaillitheacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ach freisin do shubstaintí truaillitheacha eile ‘ar dócha go n‑astófar iad’ ón tsuiteáil lena mbaineann.
111 Is fíor, mar a luaitear in aithris 15 de Threoir 2010/75, go bhfuil corrlach lánroghnach ag na húdaráis náisiúnta inniúla sa mheasúnú a n-iarrtar orthu a dhéanamh chun na substaintí truaillitheacha ar cheart dóibh a bheith faoi réir teorainnluachanna astaíochta san údarú chun suiteáil a oibriú a shainaithint.
112 Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 14(1)(a) den Treoir sin gurb é an t‑údarú arna dheonú ag na húdaráis sin teorainnluachanna astaíochta a leagan síos le haghaidh substaintí truaillitheacha ‘eile’, chomh maith leis na substaintí truaillitheacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ar dócha go n‑astófar iad i ‘méideanna nach beag … ag féachaint dá gcineál agus dá n‑acmhainneacht truailliú a aistriú ó mheán amháin go meán eile’.
113 Ní mór a thabhairt faoi deara go léiríonn an ráiteas sin rún reachtóir an Aontais, i gcomhréir leis an bprionsabal coisctheach ar a bhfuil Treoir 2010/75 bunaithe, nach mór sainaithint chainníocht na substaintí truaillitheacha ar féidir a n‑astú a údarú a nascadh le leibhéal dhíobhálacht na substaintí lena mbaineann.
114 Fágann sé sin nach féidir ach substaintí truaillitheacha a meastar éifeacht dhiomaibhseach a bheith acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a eisiamh ón gcatagóir substaintí nach mór teorainnluachanna astaíochta a bheith ag gabháil leo san údarú chun suiteáil a oibriú.
115 Dá réir sin, tá oibreoir suiteála faoi réir na hoibleagáide faisnéis a sholáthar, ina iarratas ar údarú chun an tsuiteáil sin a oibriú, maidir le cineál, cainníocht agus éifeacht dhíobhálach fhéideartha na n‑astaíochtaí ar dócha go dtáirgfidh an tsuiteáil sin iad, chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann teorainnluachanna a shocrú le haghaidh na n‑astaíochtaí sin, cé is moite díobh sin, de réir a gcineáil nó a gcainníochta, nach dócha go mbeidh riosca ag baint leo don chomhshaol nó do shláinte an duine.
116 A mhéid a bhaineann, ar an dara dul síos, leis an nós imeachta chun údarú a athbhreithniú, foráiltear le hAirteagal 21(5)(a) de Threoir 2010/75 go ndéanfar athbhreithniú ar choinníollacha an údaraithe má tá an truailliú arb í suiteáil is cúis leis chomh suntasach sin gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar theorainnluachanna astaíochta an údaraithe atá ann cheana chun an tsuiteáil sin a oibriú nó ‘gur gá luachanna nua den sórt sin a áireamh san údarú’.
117 Dá bhrí sin, ní mór a mheas, murab ionann agus an méid a mhaíonn Ilva agus Rialtas na hIodáile, nach féidir an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar údarú a theorannú do theorainnluachanna a shocrú do shubstaintí truaillitheacha amháin a raibh a n‑astú intuartha agus a cuireadh san áireamh le linn an nós imeachta údaraithe tosaigh, gan na hastaíochtaí iarbhír a ghineann an tsuiteáil lena mbaineann le linn a hoibríochta agus a bhaineann le substaintí truaillitheacha eile a chur san áireamh freisin.
118 Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 133 dá Tuairim, is gá, dá bhrí sin, an taithí a fuarthas ó oibriú na suiteála lena mbaineann a chur san áireamh mar chuid de na sonraí eolaíocha ábhartha a bhaineann le truailliú agus, dá bhrí sin, na hastaíochtaí a bunaíodh iarbhír.
119 Ní mór a lua freisin, i gcomhthéacs, inter alia, na nósanna imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar údarú chun suiteáil a oibriú dá bhforáiltear le Treoir 2010/75, gur gá, in aon chás, measúnú cuimsitheach a dhéanamh agus gach foinse truailleán agus a n‑éifeacht charnach á gcur san áireamh, chun a áirithiú nach mbeidh suim iomlán a n‑astaíochtaí ina cúis le haon sárú ar na teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO 2008 L 152, lch. 1), arna leasú le Treoir (AE) 2015/1480 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2015 (IO 2015 L 226, lch. 4) (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2023, Sdruzhenie ‘Za Zemyata – dostap do pravosadie’ agus páirtithe eile, C‑375/21, EU:C:2023:173, mír 54).
120 Sna príomhimeachtaí agus, go háirithe, maidir le hábhar cáithníneach PM10 agus PM2.5, rud a deir an chúirt a rinne an tarchur nár cuireadh san áireamh chun teorainnluachanna astaíochta a shocrú tráth ar deonaíodh Údarú Comhshaoil Comhtháite 2011 do mhonarcha Ilva, ní mór a thabhairt faoi deara nach mór na teorainnluachanna a leagtar síos le Treoir 2008/50, arna leasú le Treoir 2015/1480, a mheas mar ‘Chaighdeáin cáilíochta comhshaoil’ de réir bhrí Airteagal 3(6) agus Airteagal 18 de Threoir 2010/75 (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2023, Sdruzhenie ‘Za Zemyata – dostap do pravosadie’ agus páirtithe eile, C‑375/21, EU:C:2023:173, mír 59).
121 Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá haire i mír 129 dá Tuairim, má fhágann comhlíonadh na gcaighdeán sin gur gá teorainnluachanna astaíochta níos déine a fhorchur ar an tsuiteáil lena mbaineann, ní mór na teorainnluachanna astaíochta sin a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2010/75, faoina gcaithfear bearta breise a áireamh san údarú ansin, gan dochar do bhearta eile a d’fhéadfaí a dhéanamh chun caighdeáin cáilíochta comhshaoil a chomhlíonadh.
122 Leanann sé ón méid atá roimhe seo gurb é an freagra ar an dara ceist nach mór Treoir 2010/75 a léiriú sa chaoi, chun críocha údarú chun suiteáil a oibriú a dheonú nó a athbhreithniú faoin Treoir sin, nach mór don údarás inniúil a chur san áireamh, i dteannta na substaintí truaillitheacha is intuartha ag féachaint do nádúr agus do chineál na gníomhaíochta tionsclaíche lena mbaineann, na substaintí truaillitheacha sin go léir a aithnítear go heolaíoch mar astaíochtaí díobhálacha ar dócha go n‑astófar iad ón tsuiteáil lena mbaineann, lena n‑áirítear iad siúd a ghintear leis an ngníomhaíocht sin nach ndearnadh measúnú orthu le linn an nós imeachta údaraithe tosaigh don tsuiteáil sin.
An tríú ceist
123 Lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Treoir 2010/75 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta faoinar cuireadh síneadh ama arís agus arís eile leis an spriocdháta d’oibreoir suiteála chun na bearta maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine dá bhforáiltear san údarú chun an tsuiteáil sin a oibriú a chomhlíonadh, nuair a sainaithníodh bagairt thromchúiseach shuntasach do shláine an chomhshaoil agus do shláinte an duine.
124 Cuireann an chúirt náisiúnta in iúl i ndáil leis sin gur chumasaigh na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva go leor síntí a dheonú do mhonarcha Ilva nach raibh baint acu i gcónaí le hathbhreithniú éifeachtach agus nuashonruithe ar choinníollacha oibriúcháin na monarchan sin. Cuireadh síneadh leis na spriocdhátaí chun na bearta a chur chun feidhme atá beartaithe chun comhlíonadh Údarú Comhshaoil Comhtháite 2011 a áirithiú, ar an gcéad dul síos, maidir le hoibríocht thionsclaíoch a mheasann an reachtas féin a bheith ina riosca tromchúiseach do shláinte an duine agus don chomhshaol agus, ar an dara dul síos, leis an gcuspóir an obair a dhéanamh atá beartaithe chun an oibríocht sin a dhéanamh, go teoiriciúil, sábháilte, do shláinte daoine atá ina gcónaí gar don mhonarcha sin. Mar sin féin, mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú agus mar a dhearbhaigh Ilva agus Rialtas na hIodáile ag an éisteacht os comhair na Cúirte Breithiúnais, rinneadh glacadh le agus cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe chun an cuspóir sin a bhaint amach a chur siar roinnt mhaith uaireanta.
125 Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, ós rud é gur bhain an t-údarú atá i gceist, sna príomhimeachtaí, le suiteáil atá ann cheana de réir bhrí Airteagal 2(4) de Threoir 96/61, gur faoin Treoir sin a tháinig sé ar dtús, agus faoi Threoir 2008/1 ina dhiaidh sin. Faoi Airteagal 5(1) den Treoir sin, ba é an 30 Deireadh Fómhair 2007 an spriocdháta chun a áirithiú go gcomhlíonfadh na suiteálacha a bhí ann cheana coinníollacha na dTreorach sin (breithiúnas an 31 Márta 2011, an Coimisiún v an Iodáil, C‑50/10, EU:C:2011:200, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar sin féin, mar is léir ón eolas atá ar fáil don Chúirt Bhreithiúnais, níor comhlíonadh an spriocdháta sin i gcás mhonarcha Ilva, nach raibh a oibriú faoi réir Údarú Comhshaoil go dtí an 4 Lúnasa 2011.
126 Mar sin féin, ní mór a mheas, maidir le Treoir 2010/75, de bhun Airteagal 82(1) den Treoir sin, i ndáil le suiteálacha amhail monarcha Ilva, go raibh sé de cheangal ar na Ballstáit, ón 7 Eanáir 2014, na forálacha a glacadh chun an Treoir sin a thrasuí ina ndlíchóras náisiúnta a chur i bhfeidhm, cé is moite d’fhorálacha na Treorach sin nach bhfuil ábhartha i gcomhthéacs na bpríomhimeachtaí. Le hAirteagal 21(3) de Threoir 2010/75 tugadh tréimhse ceithre bliana tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí TIFAF i gcomhréir le hAirteagal 13(5) den Treoir sin a bhaineann le príomhghníomhaíocht suiteála, sa chás seo go dtí an 28 Feabhra 2016, chun coinníollacha an údaraithe a oiriúnú do na teicnící nua.
127 Ní mór a chur leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 8(2)(a) agus (b) de Threoir 2010/75, i gcás sárú ar choinníollacha an údaraithe chun suiteáil a oibriú, nach mór do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin láithreach. Go háirithe, ní mór d’oibreoir na suiteála lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh láithreach chun a áirithiú go ndéanfar comhlíontacht a shuiteála leis na dálaí sin a athbhunú laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir.
128 Thairis sin, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 91 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhfuil contúirt láithreach do shláinte an duine nó ina mbagraíonn sé éifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol, ceanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 8(2) de Threoir 2010/75 go gcuirfear oibriú na suiteála ar fionraí.
129 D’áitigh Rialtas na hIodáile ag an éisteacht os comhair na Cúirte go mbeadh briseadh ar ghníomhaíocht na bunaíochta ar feadh roinnt blianta mar thoradh ar an monarcha a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos le hÚdarú Comhshaoil Comhtháite 2011. Áitíonn an Rialtas gur foinse thábhachtach fostaíochta í an tsuiteáil sin don réigiún atá i gceist. Dá bhrí sin, is gníomh cothromaíochta é glacadh na rialacha speisialta is infheidhme maidir le Ilva idir na leasanna lena mbaineann, eadhon cosaint an chomhshaoil, ar thaobh amháin, agus cosaint na fostaíochta, ar an taobh eile.
130 I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, de réir aithris 43 de Threoir 2010/75, gur fhoráil reachtas an Aontais go mbeidh feidhm ag ceanglais nua áirithe faoin Treoir sin maidir le suiteálacha atá ann cheana, amhail monarcha Ilva, tar éis tréimhse shocraithe ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach sin, ‘chun go leor ama a thabhairt’ do na suiteálacha sin atá ann cheana chun oiriúnú go teicniúil do na ceanglais nua sin.
131 Sna himthosca sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a mheas an raibh sé d’éifeacht ag na rialacha speisialta a glacadh i ndáil le monarcha Ilva cur chun feidhme na mbeart is gá chun Údarú Comhshaoil Comhtháite 2011 a chomhlíonadh a chur siar go hiomarcach, tar éis na hidirthréimhse sin agus na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 21(3) de Threoir 2010/75, ag féachaint do thromchúis an damáiste a sainaithníodh don chomhshaol agus do shláinte an duine.
132 I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Treoir 2010/75 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta faoinar cuireadh síneadh ama arís agus arís eile leis an spriocdháta d’oibreoir suiteála chun na bearta maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine dá bhforáiltear san údarú chun an tsuiteáil sin a oibriú a chomhlíonadh, nuair a sainaithníodh bagairt thromchúiseach shuntasach do shláine an chomhshaoil agus do shláinte an duine. I gcás ina bhfuil bagairt den sórt sin ag baint le gníomhaíocht na suiteála lena mbaineann, ceanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 8(2) den Treoir sin, in aon chás, go gcuirfear oibriú na suiteála sin ar fionraí.
Costais
133 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:
1. Maidir le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú), arna léamh i bhfianaise Airteagal 191 CFAE agus Airteagail 35 agus 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mór measúnú roimh ré a fhorchur ar éifeachtaí ghníomhaíocht na suiteála lena mbaineann ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a bheith ina dhlúthchuid de na nósanna imeachta maidir le húdarú chun suiteáil den sórt sin a oibriú a dheonú agus a athbhreithniú faoin Treoir sin.
2. Maidir le Treoir 2010/75,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní mór don údarás inniúil a chur san áireamh, chun críocha údarú chun suiteáil a oibriú a dheonú agus a athbhreithniú faoin Treoir sin, i dteannta na substaintí truaillitheacha is intuartha ag féachaint do nádúr agus do chineál na gníomhaíochta tionsclaíche lena mbaineann, na substaintí truaillitheacha sin go léir a aithnítear go heolaíoch mar astaíochtaí díobhálacha ar dócha go n‑astófar iad ón tsuiteáil lena mbaineann, lena n‑áirítear iad siúd a ghintear leis an ngníomhaíocht sin nach ndearnadh measúnú orthu le linn an nós imeachta údaraithe tosaigh don tsuiteáil sin.
3. Maidir le Treoir 2010/75,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta faoinar cuireadh síneadh ama arís agus arís eile leis an spriocdháta d’oibreoir suiteála chun na bearta maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine dá bhforáiltear san údarú chun an tsuiteáil sin a oibriú a chomhlíonadh, nuair a sainaithníodh bagairt thromchúiseach shuntasach do shláine an chomhshaoil agus do shláinte an duine. I gcás ina bhfuil bagairt den sórt sin ag baint le gníomhaíocht na suiteála lena mbaineann, ceanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 8(2) den Treoir sin, in aon chás, go gcuirfear oibriú na suiteála sin ar fionraí.
Sínithe
* Teanga an cháis: an Iodáilis.