Cás C-551/22 P
an Coimisiún Eorpach
v
an Bord Réitigh Aonair
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 18 Meitheamh 2024
(Achomharc – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – an tAontas Baincéireachta – Rialachán (CE) Uimh. 806/2014 – an Sásra Réitigh Aonair – Nós imeachta réitigh is infheidhme i gcás ina bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air – Airteagal 18(7) – Scéim réitigh a bheith glactha ag an mBord Réitigh Aonair – Formheas na scéime seo ag an gCoimisiún Eorpach – Airteagal 86(2) – Beart ar féidir imeachtaí a thionscnamh ina choinne – Caingean le haghaidh neamhniú – Inghlacthacht)
Achomharc – Inghlacthacht – Saincheist dlí dírithe i gcoinne scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht na caingne os comhair na Cúirte Ginearálta – Achomharc arna thabhairt ag idirghabhálaí sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta – Incháilitheacht
(Airteagal 256 (1) CFAE; Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 56)
(féach mír 50)
Achomharc – Inghlacthacht – Cinntí ar féidir leo a bheith ina n-ábhar d’achomharc – Breithiúnas na Cúirte Ginearálta ag diúltú inghlacthacht achomhairc ag diúltú don achomharc mar achomharc gan bhunús – Incháilitheacht
(Airteagal 256 (1) CFAE; Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 56)
(féach mír 51)
Institiúidí an Aontais Eorpaigh – Feidhmiú cumhachtaí – Tarmligean – Coinníollacha – Cumhachtaí cinnteoireachta a tharmligean chuig gníomhaireachtaí – Cineálacha tarmligin agus éifeachtaí – Tarmligean cumhachtaí forghníomhaithe teorannaithe go soiléir – Éagmais leasú suntasach ar na cumhachtaí lena mbaineann – Tarmligean cumhachta lánroghnaí ag tabhairt le tuiscint lánrogha leathan ar cheisteanna bunúsacha an réimse beartais lena mbaineann – Aistriú freagrachta féideartha
(Airteagal 290 CFAE)
(féach míreanna 69 - 73)
Institiúidí an Aontais Eorpaigh – Feidhmiú cumhachtaí – Tarmligean – Coinníollacha – Tarmligean cumhachtaí cinnteoireachta chuig an mBord Réitigh Aonair (BRA) – Glacadh scéime réitigh arna dhéanamh ag BRA – Lánrogha leathan – Forálacha normatacha lena seachnaítear aistriú freagrachta ón gCoimisiún go dtí BRA
(Rialachán Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 18(1) go (7)
(féach míreanna 75 - 81)
Caingean le haghaidh neamhniú – Gníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne – Coincheap – Gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla sainordaitheacha acu – Gníomhartha ullmhúcháin – Cinneadh ón mBord Réitigh Aonair (BRA) córas réitigh a ghlacadh – Teacht i bhfeidhm – Éagmais éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha – Eisiamh – Cinneadh formheasa ón gCoimisiún, nó fiú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a shocraíonn go cinntitheach ábhar na scéime – Cuimsiú
(Airteagal 263 CFAE; Rialachán Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 18(1) go (8), agus 30(1) agus (2))
(féach míreanna 77-81, 83-86, 88, 89, 93, 94)
Résumé
Ag éisteacht le hachomharc arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 in Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA ( 1 ), seasann Mór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais leis an achomharc sin agus, ag rialú go cinntitheach ar na tuillteanais, déanann sé an chaingean a thug Fundación agus Stiftung für Forschung und Lehre os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne chinneadh an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh i leith Banco Popular Español SA ( 2 ) (‘an scéim réitigh atá faoi cheist’), arna glacadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ( 3 ), a dhíbhe mar chaingean dho-ghlactha.
Tar éis di anailís a dhéanamh, rialaíonn an Chúirt nach gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne í an scéim réitigh atá i gceist de réir bhrí an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE agus, dá bhrí sin, déanann sí an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal a mhéid a dearbhaíodh ann go raibh an chaingean chun scéim sin a neamhniú inghlactha. Bunaíonn an Chúirt an anailís sin, inter alia, ar na prionsabail lena rialaítear tarmligean cumhachtaí chuig gníomhaireachtaí a leagtar amach i mbreithiúnas an 13 Meitheamh 1958, Meroni v an tArd-Údarás ( 4 ), agus a mheabhraítear i mbreithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle ( 5 ).
Measúnú na Cúirte
Meabhraíonn an Chúirt go bhféadfaidh aon fhorálacha nó bearta, is cuma cén fhoirm atá iontu, arna nglacadh ag na hinstitiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú, faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, arna léamh i gcomhar lena chéad mhír, a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a thabhairt ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do leasanna duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, trína staid dhlíthiúil a mhodhnú go suntasach. Chun a chinneadh an mbeidh na héifeachtaí sin ag gníomh agus an féidir leis, dá bhrí sin, a bheith ina ábhar d’imeachtaí den sórt sin, ba cheart breathnú ar shubstaint an ghnímh sin agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail inneachar an ghnímh sin, agus, i gcás inarb iomchuí, an comhthéacs inar glacadh an gníomh sin á chur san áireamh chomh maith le cumhachtaí na hinstitiúide, an chomhlachta nó na heagraíochta is údar dó.
Ar an gcéad dul síos, maidir le hábhar na scéime réitigh atá i gceist, measann an Chúirt nár formheasadh an scéim sin go fóill tráth a glactha le linn sheisiún feidhmiúcháin BRA an 7 Meitheamh 2017, ós rud é gur tugadh fógra don Choimisiún ina dhiaidh sin chun í a fhormheas, ar a raibh a teacht i bhfeidhm ag brath agus, ar an gcaoi sin, a raibh éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag brath air sin freisin.
Ar an dara dul síos, maidir leis an gcomhthéacs inar glacadh an scéim réitigh atá i gceist, tugann an Chúirt dá haire, mar a léirítear sa bhrollach, gurb é Rialachán SRA a bunús dlí ( 6 ). Tá an córas a bhunaítear leis an Rialachán sin bunaithe ar an bhfíoras ( 7 ) go dtagann feidhmiú na gcumhachtaí réitigh dá bhforáiltear sa Rialachán faoi bheartas an Aontais maidir le hinstitiúidí baincéireachta a réiteach, nach féidir ach le hinstitiúidí de chuid an Aontais a shainiú, agus go bhfuil lamháil discréide i nglacadh gach scéime réitigh, ag cur san áireamh, go háirithe, an tionchar suntasach a bhíonn ag cinntí réitigh ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát agus ar an Aontas féin, agus ar fhlaithiúnas buiséadach na mBallstát freisin. Ar na cúiseanna sin, mheas reachtas an Aontais gur ghá foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht iomchuí na Comhairle agus an Choimisiúin, eadhon rannpháirtíocht lena neartaítear neamhspleáchas oibríochtúil riachtanach BRA agus prionsabail tharmligean na gcumhachtaí chuig gníomhaireachtaí á n-urramú ag an am céanna.
I ndáil leis sin, meabhraíonn an Chúirt gur chinn sí, go bunúsach, in Meroni v an tArd-Údarás agus an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle, go bhfuil iarmhairtí tharmligean na gcumhachtaí an-difriúil ag brath ar cé acu a thagraíonn nó nach dtagraíonn an tarmligean sin, ar thaobh amháin, do chumhachtaí cur chun feidhme atá sainithe go soiléir agus a bhfuil a n-úsáid faoi réir athbhreithniú dian i bhfianaise na gcritéar oibiachtúil arna leagan síos ag an údarás tarmligin nó, ar an taobh eile, do ‘cumhacht lánroghnach lena dtugtar le tuiscint go bhfuil discréid leathan ann atá in ann fíorbheartas eacnamaíoch a léiriú, tríd an úsáid a bhaintear as’. Ní féidir le tarmligean den chéad chineál iarmhairtí fheidhmiú na gcumhachtaí a ndéanann sé difear dóibh a athrú go suntasach, ach oibríonn tarmligean den dara cineál ‘fíoraistriú freagrachta’ trí roghanna an údaráis tarmligthe a chur in ionad roghanna an údaráis tarmligin. Tugann an Chúirt faoi deara, in Meroni v an tArd-Údarás, gur chinn sí nach bhféadfaí a mheas go raibh tarmligean na gcumhachtaí atá i gceist, a mhéid a cheadaigh sé do na comhlachtaí lena mbaineann ‘discréid a raibh cumhacht lánroghnach leathan ag baint leis’, ag luí le ‘ceanglais an Chonartha’, agus é á rá, trí gan ach an chumhacht chun formheas a dhiúltú do chinntí na gcomhlachtaí sin a fhorchoimeád dó féin, nár choinnigh an tArd-Údarás cumhachtaí leordhóthanacha chun aistriú freagrachta den sórt sin a sheachaint.
De réir na Cúirte, tá an cásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas sin bunaithe ar an mbonn gur ráthaíocht bhunúsach a dheonaítear leis na Conarthaí í cothromaíocht na gcumhachtaí, ar saintréith de struchtúr institiúideach an Aontais í, agus go mbainfeadh tarmligean cumhachta lánroghnaí leithne an bonn den ráthaíocht sin, sa mhéid is go gcuireann sé an chumhacht sin d’údaráis seachas na húdaráis sin a bhunaítear leis na Conarthaí chun a fheidhmiú a áirithiú agus a rialú faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach. Baineann an chumhachtú lánroghnach leathan dá dtagraítear sa chásdlí sin, go háirithe, le saincheisteanna bunúsacha an réimse beartais lena mbaineann, lena mbaineann lamháil discréide leathan chun cuspóirí éagsúla a thagann salach ar a chéile uaireanta a thabhairt chun réitigh.
Dúirt an Chúirt freisin gur léir go háirithe ón gcásdlí sin nach mbraitheann infheidhmeacht phrionsabail tharmligean na gcumhachtaí chuig gníomhaireachtaí a eascraíonn as an gcásdlí sin ar chineál aonair nó ginearálta na ngníomhartha a bhfuil sé de chumhacht ag na gníomhaireachtaí iad a ghlacadh, ach amháin ar cé acu an mbaineann an tarmligean le cumhacht lánroghnach leathan nó, os a choinne sin, le cumhachtaí cur chun feidhme atá teoranta go beacht.
Tá sé beartaithe leis an scéim a bunaíodh le Rialachán SRMR ( 8 ) go léireofar go nithiúil na prionsabail a leagtar síos in Meroni v an tArd-Údarás agus a mheabhraítear sa Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle.
Go deimhin, tá BRA freagrach, ar ndóigh, as gach cinneadh réitigh a ghlacadh a bhaineann, go háirithe, le hinstitiúidí airgeadais agus le grúpaí airgeadais a mheastar a bheith suntasach do chobhsaíocht airgeadais san Aontas Eorpach agus do ghrúpaí trasteorann eile ( 9 ). Chuige sin, ní ghlacann sé sásra réitigh i ndáil leis na heintitis agus na grúpaí sin ach amháin má mheasann sé, tar éis dó measúnú BCE a fháil i dtaobh an bhfuil an t‑eintiteas lena mbaineann ag cliseadh nó ar dócha go gclisfidh sé nó nó ar a thionscnamh féin ( 10 ), go gcomhlíontar na coinníollacha réitigh ( 11 ), a bhaineann lecliseach an intitis nó gur dócha go gclisfidh air, le heaspa bearta malartacha ar an réiteach chomh maith leis an ngá atá leis ar mhaithe le leas an phobail. Sa chás sin, glacfaidh an BRA scéim réitigh ( 12 ) lena gcuirfear an t-eintiteas lena mbaineann faoi réiteach agus lena gcinnfear cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh ( 13 ) maidir leis an eintiteas sin agus úsáid an Chiste Réitigh Aonair.
Mar sin féin, d’ainneoin na cumhacht lánroghnaí leithne a thugtar do BRA maidir le cibé ar cheart agus cén modh ar cheart an t-eintiteas lena mbaineann a a chur faoi réiteach, tá an chumhacht sin teorainnaithe le critéir oibiachtúla agus coinníollacha lena sainítear raon feidhme gníomhaíochta BRA agus a bhaineann leis na coinníollacha agus leis na hionstraimí réitigh araon ( 14 ). Ina theannta sin, foráiltear le Rialachán SRA do rannpháirtíocht an Choimisiúin agus na Comhairle sa nós imeachta a mbeidh glacadh scéime réitigh mar thoradh air, ar scéim í nach mór don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, don Chomhairle a fhormhuiniú chun go dtiocfaidh sí i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, ceanglaítear ar BRA an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh sé chun réiteach a ullmhú agus an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle ( 15 ). Ina theannta sin, ainmníonn an Coimisiún ionadaí i dteideal a bheith rannpháirteach i gcruinnithe BRA, i seisiún feidhmiúcháin agus i seisiún iomlánach, mar bhreathnadóir buan, agus tá an ceart ag an ionadaí sin páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus rochtain a fháil ar na doiciméid uile ( 16 ). Ina theannta sin, ceanglaítear ar BRA an scéim réitigh a tharchur, díreach tar éis a glactha, chuig an gCoimisiún, a dhéanfaidh, laistigh de 24 uair ón tarchur sin, an córas sin a fhormhuinniú nó agóidí maidir lena gnéithe lánroghnacha, cé is moite díobh siúd a bhaineann le comhlíonadh chritéar leas an phobail a áireamh agus an méid a leagtar síos le haghaidh úsáid an Chiste Réitigh Aonair ( 17 ). Maidir leis na gnéithe lánroghnacha deireanacha sin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 12 uair ón tarchur sin, a mholadh don Chomhairle agóidí a dhéanamh ( 18 ). Ar deireadh, ní fhéadfaidh an scéim réitigh teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid sainráite ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 uair an chloig tar éis do BRA í a tharchur ( 19 ). Nuair a fhormheasann an Coimisiún sásra den sórt sin, ní mór dó na freagrachtaí a thugtar dó leis na Conarthaí a ghlacadh chuige féin go hiomlán.
I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, cinneann an Chúirt go bhfuil Airteagal 18 de Rialachán SRA, ar glacadh an scéim réitigh atá i gceist ar a mbonn, de chineál a sheachnaíonn ‘aistriú freagrachta’, de réir bhrí an chásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás. Cé go dtugtar de chumhacht do BRA a mheas an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le scéim réitigh a ghlacadh sa chás agus na huirlisí is gá chun críocha scéime den sórt sin a chinneadh, leis na forálacha sin tugtar an fhreagracht don Choimisiún nó, de réir mar a bheidh, don Chomhairle measúnú deiridh a dhéanamh ar ghnéithe lánroghnacha na scéime sin. Tagann na bearta sin faoi bheartas an Aontais maidir le hinstitiúidí creidmheasa a réiteach a bhfuil ualú cuspóirí agus leasanna éagsúla i gceist leo, a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus cosaint leasanna scairshealbhóirí agus creidiúnaithe á gcur san áireamh.
Ar an tríú dul síos, maidir le cumhachtaí BRA, measann an Chúirt go ndéanann an léiriú arna ghlacadh ag an gCúirt Ghinearálta, ar dá réir a d’fhéadfadh éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith ag scéim réitigh beag beann ar chinneadh formheasa an Choimisiúin, neamhaird ar na cumhachtaí a thugann Rialachán SRA do BRA agus ar an gcásdlí a eascraíonn as Meroni v an tArd-Údarás.
Go deimhin, cé go bhforáiltear le Rialachán SRA ( 20 ) go bhfuil BRA freagrach as scéim réitigh a tharraingt suas agus a ghlacadh, ní thugtar de chumhacht dó gníomh a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha aige. I gcomhthéacs an nós imeachta réitigh, is gné bhunriachtanach é formheas an Choimisiúin chun go dtiocfaidh an scéim réitigh i bhfeidhm.
Tá an formheas sin cinntitheach freisin maidir le hinneachar na scéime réitigh atá i gceist. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, cé go gceadaíonn Rialachán SRA don Choimisiún córas den sórt sin a fhormheas gan agóid a dhéanamh maidir lena ghnéithe lánroghnacha ná a mholadh don Chomhairle agóid a fhoirmiú, ceadaítear leis freisin don Choimisiún agus don Chomhairle a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú BRA maidir leis na gnéithe lánroghnacha sin trí agóidí a dhéanamh ina gcoinne ( 21 ), agus sa chás sin ceanglaítear ar an BRA an scéim sin a leasú, laistigh d’ocht uair an chloig, de réir na gcúiseanna a chuir an Coimisiún nó an Chomhairle in iúl, chun go dtiocfaidh an scéim i bhfeidhm ( 22 ). Ar an dara dul síos, tá sé d’éifeacht ag agóid ón gComhairle de bhun an fhorais nach gcomhlíontar critéar leas an phobail cosc a chur, ar deireadh, ar réiteach faoin Rialachán sin an eintitis lena mbaineann, agus ní mór an t‑eintiteas sin a fhoirceannadh ansin ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme ( 23 ).
Sa chás seo, mar a chuir sé in iúl go sainráite ina chinneadh lena bhformheastar an scéim réitigh atá i gceist ( 24 ), chuir an Coimisiún a ‘aontú’ in iúl le hinneachar na scéime sin agus leis ‘na cúiseanna a thugann BRA maidir leis an bhfáth a bhfuil gá atá le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail’. Tá dlúthbhaint idir na gnéithe lánroghnacha de scéim réitigh, a bhaineann le bunú na gcoinníollacha réitigh agus le cinneadh na n-uirlisí réitigh araon, agus na gnéithe níos teicniúla den réiteach. Murab ionann agus an méid a choinnigh an Chúirt Ghinearálta, ní féidir, dá bhrí sin, idirdhealú a dhéanamh idir na gnéithe lánroghnacha sin agus na gnéithe teicniúla sin, chun críocha an gníomh is féidir agóid a dhéanamh ina choinne a chinneadh i gcomhthéacs scéim réitigh arna formheas ina hiomláine ag an gCoimisiún.
Dá bhrí sin, is le cinneadh formheasa an Choimisiúin amháin a cinneadh go cinntitheach an ghníomhaíocht réitigh a ghlac BRA sa scéim réitigh atá i gceist agus a cruthaíodh éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha leis an mbeart sin, agus mar thoradh air sin is é an Coimisiún, agus ní BRA, nach mór freagra a thabhairt ar an ngníomhaíocht réitigh sin os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.
Dá bhrí sin, tagann an Chúirt ar an gconclúid gur léir óna ábhar, ó chomhthéacs a ghlactha agus ó chumhachtaí BRA nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag an scéim réitigh atá i gceist a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna duine dhlítheanaigh nó nádúrtha, agus mar thoradh air sin nach gníomh é ar féidir caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh ina choinne faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE.
Cuireann an Chúirt in iúl freisin, ar an gcéad dul síos, contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta, nach féidir a thuiscint ó Airteagal 86(1) agus (2) de Rialachán SRA go bhféadfadh an scéim réitigh atá i gceist a bheith ina hábhar caingne le haghaidh neamhniú os comhair na Cúirte Ginearálta, cé nárbh ionann í agus toradh deiridh an nós imeachta réitigh atá i gceist, nár tháinig an toradh sin chun cinn ach amháin trí fhormheas na scéime sin ag an gCoimisiún, agus nach raibh éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha aige.
Ní féidir le forálacha rialacháin athrú a dhéanamh ar an gcóras leigheasanna dá bhforáiltear le Conradh FAE. Thairis sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 86 de Rialachán SRA nach mór na caingne dá dtagraíonn sé a thabhairt os comhair na Cúirte ‘i gcomhréir le hAirteagal 263 [CFAE]’, lena nglactar leis go gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar amach ann gur gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é an gníomh atá faoi chonspóid.
Is fíor go dtugann an Chúirt dá haire, i mbreithiúnas an 6 Bealtaine 2021, ABLV Bank agus páirtithe eile v BCE ( 25 ), gur chinn sí, go bunúsach, go bhféadfadh scéim réitigh, mar thoradh deiridh an nós imeachta réitigh chasta, a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Sa chás as ar eascair an breithiúnas sin, áfach, iarradh uirthi measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cinnidh na Cúirte tar éis rialú a dhéanamh ar chaingne le haghaidh neamhniú a bheith do-ghlactha a tionscnaíodh, ní i gcoinne scéim den sórt sin, ach i gcoinne ghníomhartha ullmhúcháin BCE a chinn go raibh eintitis ag cliseadh nó gur dóigh dóibh cliseadh ( 26 ). Ní mór, dá bhrí sin, na breithnithe a leagtar amach sa bhreithiúnas seo a léamh i bhfianaise chásdlí socair na Cúirte a bhaineann le nósanna imeachta casta, ar dá réir, i nós imeachta den sórt sin, nach féidir gníomhartha a ghlactar le linn chéimeanna ullmhúcháin ghlacadh an ghnímh chinntithigh, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha acu, a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú.
Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart a mheas, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, go mbeadh sárú ar cheart na n-iarratasóirí chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil mar thoradh ar mhainneachtain a aithint gur féidir agóid a dhéanamh i gcoinne na scéime réitigh atá i gceist.
Tá saintréithe gnímh a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar caingne le haghaidh neamhniú faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE ag cinneadh formheasta ón gCoimisiún, amhail an cinneadh atá i gceist sa chás seo. I gcaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt i gcoinne cinneadh den sórt sin, is féidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann neamhdhleathacht na scéime réitigh arna formheas ag an institiúid sin a phléadáil, agus ar an gcaoi sin éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a thabhairt di, ar éifeachtaí iad lena ráthaítear cosaint bhreithiúnach leordhóthanach dóibh. Thairis sin, meabhraíonn an Chúirt go meastar, leis an bhformheas sin, go nglacann an Coimisiún na heilimintí agus na forais atá sa scéim sin, ionas nach mór dó, i gcás inarb iomchuí, freagra a thabhairt orthu os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.
( 1 ) Breithiúnas an 1 Meitheamh 2022, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA, T-481/17, EU:T:2022:311 (‘an breithiúnas faoi achomharc’).
( 2 ) Cinneadh ó sheisiún feidhmiúcháin an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) SRB/EES/2017/08 an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh i dtaobh Banco Popular Español, S. A.
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).
( 4 ) Breithiúnas an 13 Meitheamh 1958, Meroni v an tArd-Údarás (9/56, EU:C:1958:7).
( 5 ) Breithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C 270/12, EU:C:2014:18).
( 6 ) Go háirithe Airteagal 18 de.
( 7 ) Féach, go bunúsach, aithrisí 24 agus 26 de SRMR.
( 8 ) Mar is léir ó aithrisí 24 agus 26 de Rialachán SRA.
( 9 ) De bhun Airteagal 7(2) de Rialachán SRA.
( 10 ) De bhun Airteagal 18(1) agus (6) de Rialachán SRA.
( 11 ) Dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(a) go (c) de Rialachán SRA.
( 12 ) De bhun Airteagal 18(6) de Rialachán SRA.
( 13 ) Dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán SRA.
( 14 ) De bhun Airteagal 18(1) agus (4) go (6) den Rialachán SRA.
( 15 ) De bhun Airteagal 30 (1) agus (2) de Rialachán SRA.
( 16 ) De bhun Airteagal 43(3) de Rialachán SRA.
( 17 ) Airteagal 18(7), fomhíreanna 1 go 3 de Rialachán SRA.
( 18 ) Airteagal 18(7) (3) de Rialachán SRA.
( 19 ) Airteagal 18(7) (5) de Rialachán SRA.
( 20 ) De bhun Airteagail 7 agus 18 de Rialachán SRA.
( 21 ) Airteagal 18(7) de Rialachán SRA.
( 22 ) Airteagal 18(7), an seachtú mír de Rialachán SRA.
( 23 ) Airteagal 18(8) de Rialachán SRA.
( 24 ) Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español SA (IO 2017 L 178, lch. 15), aithris 4, arna cheartú an 6 Nollaig 2017 (IO 2017 L 320, lch. 31).
( 25 ) Breithiúnas an 6 Bealtaine 2021, ABLV Bank agus páirithe eile v BCE (C-551/19 P agus C-552/19 P, EU:C:2021:369, míreanna 56 agus 66).
( 26 ) De réir bhrí Airteagal 18(1) de Rialachán SRA.