BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

30 Eanáir 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Ciste Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh – Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006– Airteagail 99 agus 101 – Ceartuithe airgeadais i ndáil le neamhrialtachtaí arna mbrath – Airteagal 104 – Ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an gCoimisiún – Cinneadh ón gCoimisiún lena neamhnítear go páirteach ranníocaíocht ón gciste sin – Bailíocht – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 41 – An ceart chun dea-riaracháin – An chéad mhír d’Airteagal 47 – An ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair cúirte)

I gCás C‑471/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Administrativen sad Sofia-grad (an Chúirt Riaracháin, Sóifia, an Bhulgáir), trí bhreith an 4 Iúil 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 13 Iúil 2022, sna himeachtaí idir

Agentsia ‘Patna infrastruktura’

v

Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa ‘Transport’ 2007-2013 i direktor na direktsia ‘Koordinatsia na programi i proekti’ v Ministerstvo na transporta (RUO),

tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas, K. Jürimäe, Uachtarán Dlísheomra, N. Piçarra (Rapóirtéir), M. Safjan, N. Jääskinen agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

an Agentsia ‘Patna infrastruktura’, ag I. Ivanov,

Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa ‘Transport’ 2007-2013 i direktor na direktsia ‘Koordinatsia na programi i proekti’ v Ministerstvo na transporta (RUO), ag M. Georgiev,

Rialtas na Bulgáire, ag T. Mitova, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag P. Carlin, D. Drambozova agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú, ar an gcéad dul síos, le bailíocht Chinneadh C(2021) 5739 final ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 lena gcealaítear cuid den ranníocaíocht ón gCiste Comhtháthaithe leis an gclár oibríochta ‘Transport’ 2007-2013 faoin gcuspóir ‘Cóineasú’ sa Bhulgáir (‘cinneadh an 27 Iúil 2021 agus, ar an dara dul síos, le léiriú ar Airteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ar an tríú mír d’Airteagal 296 CFAE, agus ar Airteagail 98 agus 100 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (IO 2006 L 210, lch. 25).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir an Agentsia ‘Patna infrastruktura’ (an Ghníomhaireacht um Bonneagar Bóthair, an Bhulgáir; ‘API’) agus Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa ‘Transport’ 2007-2013 i direktor na direktsia Koordinatsia na programi i proekti v Ministerstvo na transporta (Ceann Údarás Bainistíochta an Chláir Oibriúcháin ‘Transport’ 2007-2013 agus Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um chomhordú na gclár agus na dtionscadal san Aireacht Iompar; ‘an t‑údarás bainistíochta’) maidir leis an gceartú airgeadais i méid 5% de luach conartha an 27 Feabhra 2012, arna mhaoiniú ag deontas arna dhámhachtain faoin gclár oibriúcháin ‘Transport’ 2007-2013, ar chuir an t‑údarás sin iarratas isteach air chuig API an 29 Nollaig 2021.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán Uimh. 1083/2006

3

Sonraítear mar a leanas in aithris 65 de Rialachán Uimh. 1083/2006, a bhfuil feidhm ratione temporis aige maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí:

‘I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, ba cheart go mbeadh an phríomhfhreagracht ar na Ballstáit as cur chun feidhme agus rialú na n‑idirghabhálacha.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

De bhun Airteagal 2(7) den Rialachán sin:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh leis na téarmaí seo a leanas na bríonna a shanntar dóibh anseo:

(7)

“neamhrialtacht”: aon sárú ar fhoráil de dhlí an Chomhphobail de thoradh gníomh nó faillí a rinne oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh trí mhír chaiteachais gan údar a ghearradh ar an mbuiséad ginearálta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 60 den Rialachán sin, dar teideal ‘Feidhmeanna an údaráis bainistíochta’:

‘Beidh an t‑údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibríochtúil a bhainistiú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go roghnófar oibríochtaí le haghaidh maoiniú i gcomhréir leis na critéir is infheidhme maidir leis an gclár oibriúcháin agus go gcomhlíonann siad na rialacha Comhphobail agus náisiúnta is infheidhme ar feadh a dtréimhse cur chun feidhme iomlán;

…’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear mar a leanas i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 70 den Rialachán céanna, dar teideal ‘Bainistiú agus rialú’:

‘1.   Beidh na Ballstáit freagrach as cláir oibriúcháin a bhainistiú agus a rialú, go háirithe trí na bearta seo a leanas:

(a)

a áirithiú go ndéanfar córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár oibríochtúil a bhunú i gcomhréir le hAirteagail 58 go 62 agus go bhfeidhmeoidh siad go héifeachtach;

(b)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil mar aon le hús ar íocaíochtaí déanacha nuair is iomchuí. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún [Eorpach] fúthu seo agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla.

2.   I gcás nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a ghnóthú, beidh an Ballstát freagrach as na méideanna a cailleadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a aisíoc, nuair a shuitear gur tabhaíodh an caillteanas mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit.

7

Bhí na focail seo a leanas in Airteagal 98 de Rialachán Uimh. 1083/2006, dar teideal ‘Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit’:

‘1.   Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a imscrúdú, ag gníomhú dó ar fhianaise ar aon athrú mór a dhéanfadh difear do chineál nó do na coinníollacha do chur chun feidhme nó do rialú oibríochtaí nó clár oibriúcháin agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh.

2.   Déanfaidh an Ballstát na ceartuithe airgeadais is gá maidir le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó i gcláir oibriúcháin. Is éard a bheidh sna ceartuithe a dhéanfaidh Ballstát an ranníocaíocht phoiblí iomlán leis an gclár oibriúcháin nó cuid den ranníocaíocht a chealú. Cuirfidh an Ballstát san áireamh cineál agus tromchúis na neamhrialtachtaí agus an caillteanas airgeadais ó thaobh na gCistí.

…’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 99 den Rialachán sin, dar teideal ‘Critéir maidir leis na ceartuithe’:

‘1.   Féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh tríd an ranníocaíocht Chomhphobail go léir le clár oibriúcháin nó cuid di a chur ar ceal más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go dtiocfaidh sé ar an gconclúid:

(a)

go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir agus go bhfuil ranníocaíocht an Chomhphobail a íocadh leis an gclár cheana féin i mbaol dá bharr;

(b)

go bhfuil an caiteachas i ráiteas deimhnithe caiteachais neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo;

(c)

nár chomhlíon an Ballstát a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 98 sular osclaíodh an nós imeachta ceartúcháin faoin mír seo.

2.   Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar chásanna aonair neamhrialtachta arna sainaithint, ag cur san áireamh chineál sistéamach na neamhrialtachta chun a chinneadh ar cheart ceartú ar ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite a chur i bhfeidhm.

3.   Nuair a bheidh méid an cheartúcháin á chinneadh ag an gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cineál agus tromchúis na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais na n‑easnamh a aimsíodh sa chlár oibriúcháin lena mbaineann.

4.   I gcás ina bhfuil seasamh an Choimisiúin bunaithe ar fhíorais arna mbunú ag iniúchóirí nach iniúchóirí a chuid seirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na hiarmhairtí airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinne an Ballstát lena mbaineann faoi Airteagal 98(2), na tuarascálacha arna soláthar faoi Airteagal 70(1)(b), agus freagraí ar bith ón mBallstát.

5.   I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 15(4), féadfaidh an Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú airgeadais a dhéanamh trí ranníocaíocht na gCistí Struchtúracha leis an mBallstát nó cuid den ranníocaíocht sin a chur ar ceal.

Déanfar an ráta is infheidhme maidir leis an gceartú airgeadais dá dtagraítear sa mhír seo a leagan síos i rialacha cur chun feidhme an Rialacháin seo arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 103(3).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 100 den Rialachán sin, dar teideal ‘Nós imeachta’:

‘1.   Sula nglacfar le Cinneadh maidir le ceartú airgeadais, osclóidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát a chur ar an eolas faoina chonclúidí sealadacha agus trína iarraidh ar an mBallstát a bharúlacha a chur faoina bhráid laistigh de 2 mhí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún aon fhianaise a sholáthróidh an Ballstát laistigh de na teorainneacha ama a luaitear i mír 1 a chur san áireamh.

3.   I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an Choimisiúin, tabharfaidh an Coimisiún cuireadh don Bhallstát chuig éisteacht, ina ndéanfaidh an dá thaobh i gcomhar lena gcéile bunaithe ar an gcomhpháirtíocht iarracht teacht ar chomhaontú maidir leis na barúlacha agus na conclúidí a bheidh le baint astu.

5.   Cheal comhaontaithe, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an gceartú airgeadais laistigh de 6 mhí ó dháta na héisteachta ag cur san áireamh gach faisnéise agus barúlacha ar cuireadh faoina bhráid le linn an nós imeachta. Mura mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse 6 mhí 2 mhí tar éis dháta na litreach cuiridh a sheol an Coimisiún.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 101 den Rialachán céanna, dar teideal ‘Oibleagáidí na mBallstát’:

‘Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais ag an gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit aisghabhálacha a shaothrú faoi Airteagal 98(2) den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir bhrí Airteagal [107 CFAE] agus faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal [108 CFAE] [(IO 1999 L 83, lch. 1)].’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (AE) 2021/1060

11

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO 2021 L 231, lch. 159), dar teideal ‘Ceartuithe airgeadais le déanamh ag an gCoimisiún’:

‘…

2.   Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoina chonclúidí agus tabharfaidh sé an deis don Bhallstát, laistigh de 2 mhí, a bharúlacha a chur i láthair agus a léiriú gur lú méid iarbhír na neamhrialtachta ná an méid atá sa tuarascáil ón gCoimisiún. Féadfar an spriocdháta a shíneadh i gcás ina gcomhaontófar sin go frithpháirteach.

3.   I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil le bheith mar bhunús le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

4.   Agus cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé méid agus minicíocht na neamhrialtachtaí nó na heasnaimh thromchúiseacha agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leo san áireamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, laistigh de 10 mí tar éis na héisteachta nó tar éis an dáta a chuirfear faisnéis bhreise isteach de réir éileamh ón gCoimisiún.

Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis uile agus na barúlacha uile arna gcur faoina bhráid.

…’

Dlí na Bulgáire

12

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 70(1) den Zakon za upravlenie na sredstvata ot evropeyskite strukturni i investitsionni fondove (An Dlí maidir le bainistiú acmhainní ó Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa, DV Uimh. 101 an 22 Nollaig 2015), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir leis na Cistí Eorpacha):

‘Féadfar tacaíocht airgeadais ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a chealú go hiomlán nó go páirteach trí cheartú airgeadais a dhéanamh ar na cúiseanna seo a leanas:

9.

i gcás neamhrialtacht arb ionann í agus sárú ar na rialacha maidir le conraitheoir a cheapadh faoi Chaibidil 4, de thoradh gnímh nó faillí a rinne an tairbhí, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa;

10.

i gcás aon neamhrialtacht eile arb ionann í agus sárú ar dhlí an Aontais agus/nó na Bulgáire is infheidhme, de thoradh gnímh nó faillí a rinne an tairbhí, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa’.

13

I gcomhréir le hAirteagal 71(1) den Dlí maidir le Cistí Eorpacha, ‘trí cheartuithe airgeadais a dhéanamh, tarraingeofar siar an tacaíocht airgeadais a dheonaítear faoi Chaibidil 3 de Chiste Sóisialta na hEorpa, nó laghdófar méid an chiste a chaitear (costais incháilithe an tionscadail), chun an staid, ina gcomhlíontar dlí an Aontais is infheidhme agus reachtaíocht na Bulgáire is infheidhme leis na caiteachais go léir arna ndeimhniú ag an gCoimisiún Eorpach, a bhaint amach nó a athbhunú.

14

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 73 den Dlí maidir le Cistí Eorpacha:

‘(1)   Cinnfear bonn agus méid an cheartaithe airgeadais le cinneadh réasúnaithe ó cheann an údaráis bainistíochta a d’fhormheas an tionscadal.

(2)   Sula nglacfaidh an t‑údarás bainistíochta an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, ní mór dó a áirithiú go mbeidh an deis ag an tairbhí a agóidí i scríbhinn a thíolacadh, laistigh de thréimhse réasúnach nach lú ná 2 sheachtain, maidir le bunús an cheartaithe airgeadais agus méid an cheartaithe airgeadais agus, de réir mar a bheidh, fianaise a chur isteach leis an tíolacadh sin.’

Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

15

Bhain API leas as an gclár oibriúcháin ‘Transport’ 2007-2013 faoi chonradh a rinneadh leis an údarás bainistíochta. I gcomhlíonadh an chonartha sin, ag leanúint nósanna imeachta soláthair phoiblí, rinne sé trí chonradh agus bhain gach ceann le dearadh agus tógáil bóithre.

16

An 18 Bealtaine 2017, d’oscail an Coimisiún nós imeachta ceartaithe airgeadais agus thug sé tréimhse 2 mhí do Phoblacht na Bulgáire chun a chuid barúlacha a thíolacadh. Tionóladh cruinniú teicniúil idir an Coimisiún agus an Ballstát sin an 4 Nollaig 2019 chun a gcuid seasamh a shoiléiriú. Tionóladh éisteacht freisin an 2 Márta 2021, agus thug an Ballstát sin faisnéis bhreise don Choimisiún ina dhiaidh sin.

17

Le Cinneadh an 27 Iúil 2021 a seoladh chuig Poblacht na Bulgáire, chinn an Coimisiún go raibh na trí nós imeachta um sholáthar poiblí i gceist eagraithe ag API de shárú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO 2004 L 134, lch. 114). Ar bhonn Airteagal 99(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 1083/2006, chuir an Coimisiún, dá bhrí sin, cuid den ranníocaíocht ón gCiste Comhtháthaithe leis an gclár oibriúcháin i dtrácht ar neamhní agus chuir sé ceartú airgeadais ar ráta comhréidh i bhfeidhm ag ráta 5 % ar an gcaiteachas arna dhearbhú faoi na hoibríochtaí lena mbaineann leis na conarthaí soláthair phoiblí sin.

18

Tar éis an chinnidh sin, chuir an t‑údarás bainistíochta tús le nós imeachta ceartúcháin airgeadais maidir le API i ndáil le gach ceann de na conarthaí soláthair phoiblí sin. I litir an 29 Nollaig 2021, chuir sé ceartú airgeadais i bhfeidhm de 5 % de luach ceann amháin de na conarthaí soláthair phoiblí i gceist. Thionscain API caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair Administrativen sad Sofia-grad (an Chúirt Riaracháin Sóifia, an Bhulgáir), an chúirt a rinne an tarchur.

19

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur faoi bhailíocht chinneadh an 27 Iúil 2021. Tugann sí dá haire, go háirithe, go raibh an Coimisiún, sa bhreis ar an bhfíoras gur mhainnigh sé ráiteas leormhaith ar chúiseanna a sholáthar agus gur mhainnigh sé contrárthacht fhéideartha a chur san áireamh idir an fógra conartha foilsithe atá i gceist agus sonraíochtaí na tairisceana, ar cuid de na doiciméid tairisceana iad, ag brath go minic ar chásdlí na Cúirte a bhaineann le léiriú Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO 2004 L 134, lch. 1), ach gurb í Treoir 2004/18 an treoir is infheidhme maidir leis an gcás atá os a comhair.

20

Ina theannta sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gceadaítear le hAirteagal 41 den Chairt don Choimisiún sárú ar na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme a chinneadh trí bhíthin a bheith ag brath go hiomlán ar bharúlacha an Bhallstáit agus ní ar bharúlacha an údaráis chonarthaigh, an gá do na húdaráis náisiúnta inniúla an neamhrialtacht a shuí i gcomhthéacs nós imeachta uathrialaitheach roimh cheartú airgeadais a chur i bhfeidhm nó an bhféadfaidh siad brath ar chinneadh neamhrialtachta a rinne an Coimisiún, agus sa chás sin, an gcuirtear cosc le hAirteagal 47 den Chairt ar chúirt nó ar bhinse a bhfuil dlínse acu athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta ceartúcháin óna bheith faoi cheangal ag cinneadh neamhrialtachta de chuid an Choimisiúin.

21

Sna himthosca sin, chinn Administrativen sad Sofia-grad (an Chúirt Riaracháin, Sóifia) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An féidir a mheas go bhfuil [cinneadh an 27 Iúil 2021] a mheas bailí i bhfianaise na gceanglas a bhaineann leis an mbunús dlí, ráiteas ar chúiseanna, iomláine agus oibiachtúlacht an scrúdaithe a rinneadh, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 296 CFAE agus le prionsabal an dea-riaracháin faoi Airteagal 41 den Chairt?

(2)

An gá Airteagal 100 de Rialachán Uimh. 1083/2006 ón gComhairle a léiriú mar Airteagal a chiallaíonn nach gceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach, chun críocha dhlíthiúlacht a chinntí, na fíorais uile is ábhartha ó thaobh an dlí de sna himeachtaí a bhunú, a scrúdú agus a cháiliú, ach go gceanglaítear air na conclúidí a theorannú agus iad a bhunú go hiomlán ar an gcumarsáid leis an mBallstát agus ar mhalartú tuairimí nó fógraí leis an mBallstát sin?

(3)

I gcás amhail an ceann atá ann faoi láthair, ina bhfuil gníomh críochnaitheach ón gCoimisiún Eorpach lena bhforchuirtear ceartú airgeadais ar Bhallstát mar gheall ar neamhrialtacht i gcaiteachas chistí [AE] i dtrí nós imeachta soláthair ar leith, an bhfuil na húdaráis náisiúnta inniúla faoi oibleagáid a nós imeachta féin a sheoladh chun neamhrialtachtaí a bhunú chun ceartú airgeadais a dhéanamh go dleathach faoi Airteagal 98 de Rialachán Uimh. 1083/2006?

(4)

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, an nglacfar leis go ráthaítear ceart daoine páirt a ghlacadh sa nós imeachta ina ndéanfaidh na Ballstáit ceartuithe airgeadais, i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin faoi Airteagal 41 den Chairt?

(5)

An gá Airteagal 47 den Chairt a léiriú mar Airteagal a chiallaíonn, i gcás amhail an ceann atá ann faoi láthair, ina bhfuil gníomh críochnaitheach ón gCoimisiún Eorpach lena bhforchuirtear ceartú airgeadais ar Bhallstát mar gheall ar neamhrialtacht i gcaiteachas chistí AE i dtrí nós imeachta soláthair leithleacha, go bhfuil cúirt náisiúnta faoi cheangal ag fionnachtana agus conclúidí an Choimisiúin Eorpaigh i gcás ina n‑iarrtar uirthi rialú a dhéanamh ar chaingean in aghaidh ceartú airgeadais arna fhorchur ag an údarás inniúil náisiúnta i ndáil le ceann de na nósanna imeachta soláthair, nó an leanann sé ón bhforáil dhlíthiúil sin nach mór don chúirt, i gcomhthéacs nós imeachta breithiúnach iomlán agus ag baint úsáid as na modhanna uile dá bhforáiltear le dlí, fíorais agus imthosca na díospóide atá ábhartha ó thaobh dlí a bhunú agus a scrúdú, ag soláthar an réitigh dhlíthiúil chuí dá bharr?

(6)

Má fhreagraítear an cheist roimhe seo sa chaoi go bhfuil an chúirt náisiúnta faoi cheangal ag an gCinneadh ón gCoimisiún Eorpach, lena n‑áirítear a chinntí fíorais, an féidir glacadh leis go ráthaítear do dhaoine ar forchuireadh ceartú airgeadais orthu an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil faoi Airteagal 47 den Chairt?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear

An chéad cheist agus an dara ceist

22

Mar réamhphointe, is gá a thabhairt faoi deara, cé go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt, ina dara ceist, d’Airteagal 100 de Rialachán Uimh. 1083/2006, sa chás seo, lean an Coimisiún an nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 104 de Rialachán Uimh. 2021/1060, agus é den tuairim gurb é an tAirteagal deireanach sin a raibh feidhm ratione temporis aige i bhfianaise chineál nós imeachta na bhforálacha atá ann.

23

Sna himthosca sin, ní mór a thuiscint gurb é is aidhm don chéad dá cheist, ar iomchuí iad a scrúdú le chéile, a shuíomh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil, i bhfianaise an dara mír d’Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus Airteagal 104 de Rialachán 2021/1060, cinneadh an 27 Iúil 2021 curtha ó bhail de bharr neamhrialtachta.

24

Sa chéad áit, maidir leis an sárú atá líomhainte ag an gCoimisiún ar an gceart chun éisteachta a ráthaítear le hAirteagal 41(2)(a) den Chairt, i ngeall nár éisteadh le tairbhí na gcistí, leanann sé go háirithe ó aithrisí 22 go 27 de chinneadh an 27 Iúil 2021, agus ó bharúlacha i scríbhinn ón údarás bainistíochta, ó Rialtas na Bulgáire agus ón gCoimisiún chomh maith, in ainneoin nach bhforchuirtear go sainráite le hAirteagal 104 de Rialachán 2021/1060 ar an gCoimisiún an oibleagáid maidir le héisteacht le tairbhí na gcistí, gur ghlac ionadaithe an údaráis sin agus API araon páirt, sa chás seo, i gcruinniú teicniúil agus in éisteacht, arna eagrú ag an gCoimisiún, i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal sin.

25

Sa dara háit maidir le sárú líomhainte an Choimisiúin maidir lena oibleagáid cúiseanna a lua, dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus in Airteagal 41(2)(c) den Chairt, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór don ráiteas cúiseanna sin an réasúnaíocht arna leanúint ag a húdar a chur in iúl ar bhealach soiléir agus aonchiallach ar shlí a chuirfidh ar chumas na ndaoine lena mbaineann na cúiseanna atá leis an mbeart a aimsiú agus a chuirfidh ar chumas na cúirte inniúla a cumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú (féach, go háirithe, breithiúnais an 2 Aibreán 1998, an Coimisiún v Sytraval agus Brink’s France, C‑367/95 P,EU:C:1998:154, mír 63; an 22 Márta 2001, an Fhrainc v an Coimisiún, C‑17/99, EU:C:2001:178, mír 35; agus an 2 Meán Fómhair 2021, EPSU v an Coimisiún, C‑928/19 P, EU:C:2021:656, mír 108).

26

Braitheann na ceanglais atá le comhlíonadh leis an ráiteas ar chúiseanna ar imthosca gach cáis, go háirithe inneachar an ghnímh atá i gceist, cineál na gcúiseanna a tugadh agus an leas a d’fhéadfadh a bheith ag seolaithe an ghnímh, nó ag daoine eile a bhfuil baint dhíreach nó aonair acu leis, ann ó thaobh mínithe a fháil. Mar sin ní gá go mionsonraítear sa réasúnaíocht na fíorais agus na pointí dlí ábhartha go léir a d’fhéadfaí a mheas a bheith ábhartha (féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Aibreán 1998, an Coimisiún v Sytraval agus Brink’s France, C‑367/95 P, EU:C:1998:154, mír 63, agus an 14 Deireadh Fómhair 2010, Deutsche Telekom v an Coimisiún, C‑280/08 P, EU:C:2010:603, mír 131).

27

I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún, tar éis dó a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 104(2) de Rialachán 2021/1060, na forais le teacht ar neamhrialtacht, in aithrisí 28 go 36 de chinneadh an 27 Iúil 2021, freagra, in aithrisí 49 go 67 den chinneadh sin, maidir leis na hargóintí a chuir Poblacht na Bulgáire ar aghaidh le linn na malartuithe éagsúla a tharla le linn an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 104 sin. Mar sin rinne an Coimisiún measúnú ar cibé an bhféadfaí a mheas gur imthosca eisceachtúla iad na boinn cirt ar bhraith an Ballstát sin orthu a thugann údar le maolú ar rialacha Threoir 2004/18 dá dtagraítear sa chás seo.

28

Ina dhiaidh sin, maidir leis an argóint nár chuir an Coimisiún san áireamh na sainiúlachtaí de gach ceann de na trí chonradh lena mbaineann an beart ceartaithe airgeadais, is léir ó aithrisí 32, 33 agus, go háirithe, ó aithrisí 56 go 59 den chinneadh an 27 Iúil 2021 gur fhorchuir an t‑údarás conarthach ar gach comhalta den chuibhreannas lenar síníodh na conarthaí, ceanglas comhionann i leith i gcás gach ceann de na conarthaí, eadhon taithí ar thógáil bóithre le cumas ualachiompartha de 11.5 tona in aghaidh na haise, gan bonn cirt a bheith leis sin de bharr imthosca eisceachtúla. Bhí an Coimisiún, ag brath ar mhír 91 de bhreithiúnas an 5 Aibreán 2017, Borta (C‑298/15, EU:C:2017:266), den tuairim go raibh an ceanglas sin, arna fhorchur go haonfhoirmeach ar chomhaltaí uile an chuibhreannais, beag beann ar a n‑inniúlachtaí gairmiúla sonracha laistigh den chuibhreannas sin, díréireach.

29

Maidir leis an bhfíoras, mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, go mbaineann an breithiúnas sin le Treoir 2004/17 cé gurb í Treoir 2004/18 an treoir is infheidhme sa chás sna príomhimeachtaí, ní chuirtear ábharthacht Threoir 2004/17 ná an breithiúnas sin as an áireamh. Go deimhin, tá cuspóir comhchosúil ag an dá threoir sin, tá na boinn dlí chéanna acu agus tá an fhoclaíocht chéanna i bhforáil ábhartha Threoir 2004/18 agus san fhoráil chomhfhreagrach i dTreoir 2004/17. Ina theannta sin, sa bhreithiúnas an 5 Aibreán 2017, Borta (C‑298/15, EU:C:2017:266), déantar tagairt do bhreithiúnas an 7 Aibreán 2016, Partner Apelski Dariusz (C‑324/14, EU:C:2016:214), a bhaineann le léiriú Threoir 2004/18.

30

Ar deireadh, maidir leis an gcontrárthacht líomhainte idir an fógra conartha foilsithe agus sonraíocht na tairisceana, a bhí mar chuid de na doiciméid tairisceana, maidir le cibé arbh éigean do gach cuibhreannas nó gach comhalta den chuibhreannas na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh ina n‑aonar, ní mór a thabhairt faoi deara nár ardaigh na páirtithe contrárthacht den sórt sin, fiú amháin dá mbunófaí í, le linn an nós imeachta um cheartú airgeadais a rinneadh de bhun Airteagal 104 de Rialachán 2021/1060. Ní féidir an Coimisiún a cháineadh, dá bhrí sin, as mainneachtain a oibleagáid cúiseanna a lua chuige sin a chomhlíonadh.

31

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór teacht ar an gconclúid nár léiríodh leis an gcomhscrúdú ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist aon rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht chinneadh an 27 Iúil 2021.

An tríú agus an ceathrú ceist

32

Leis an tríú agus an ceathrú ceist, ar iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 98(2) de Rialachán Uimh. 1083/2006, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 41 den Chairt, a léiriú sa chaoi a gciallaíonn, i gcás ina n‑aimsíonn an Coimisiún, i gcinneadh arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 99 de Rialachán Uimh. 1083/2006, neamhrialtacht, de réir bhrí Airteagal 2(7) den Rialachán sin, agus go bhforchuireann sé ceartú airgeadais ar Bhallstát dá bharr sin, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla, i bprionsabal, na suimeanna a fuarthas go mícheart a aisghabháil, trí cheartú airgeadais a fhorchur ar thairbhí na gcistí, ag deireadh nós imeachta riaracháin uathrialaigh.

33

Is léir ó Airteagail 98 agus 99 de Rialachán Uimh. 1083/2006, arna léamh i bhfianaise aithris 65 den Rialachán sin, go dtagann sé, sa chéad ásc, ar an mBallstát faireachán a dhéanamh ar úsáid chuí na gcistí agus a chinneadh, de réir mar a bheidh, an bhfuil neamhrialtacht ann, de réir bhrí Airteagal 2(7) den Rialachán sin. Soiléirítear mar sin sa chéad fhomhír d’Airteagal 98(2) den Rialachán céanna sin go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit ceartuithe airgeadais a dhéanamh nuair a bhraitheann siad neamhrialtachtaí in oibríochtaí nó i gcláir oibriúcháin (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Bealtaine 2016, Județul Neamț agus Județul Bacau, C‑260/14 agus C‑261/14, EU:C:2016:360, mír 48, agus an 6 Nollaig 2017, Compania Naţională de Administrare a Infrastructurii Rutiere, C‑408/16, EU:C:2017:940, míreanna 64 agus 65).

34

Tacaítear le léirmhíniú den sórt sin le hAirteagal 60(a) de Rialachán Uimh. 1083/2006, ar dá réir a bhfuil sé de fhreagracht ar an údarás bainistíochta a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha is infheidhme agus na rialacha náisiúnta maidir lena dtréimhse cur chun feidhme iomlán leis na hoibríochtaí a roghnaítear le haghaidh cistiú.

35

Is mar mhalairt air sin amháin atá sé, chun mainneachtain ar thaobh an Bhallstáit a mhaolú, atá an Coimisiún ábalta, ar bhonn Airteagal 99 de Rialachán Uimh. 1083/2006, bearta ceartúcháin airgeadais a ghlacadh tar éis dó teacht ar an gconclúid nár urscaoil Ballstát a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 98 den Rialachán sin. Sa chás seo, thug an Coimisiún faoi deara, i gcinneadh an 27 Iúil 2021, nach raibh aon chinneadh glactha ag Poblacht na Bulgáire faoi Airteagal 98 den Rialachán sin.

36

Ina theannta sin, leanann sé ó Airteagal 101 de Rialachán Uimh. 1083/2006 nach ndéanann ceartú airgeadais ón gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit dul i mbun aisghabhála, faoi Airteagal 98(2) den Rialachán sin, de na Cistí Eorpacha a fuarthas go míchuí ó thairbhithe na gcistí sin.

37

Tacaítear le léiriú den sórt sin le hAirteagal 70(1)(b) de Rialachán Uimh. 1083/2006, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit, atá freagrach as bainistiú agus rialú na gclár oibriúcháin, méideanna a aisghabháil arna n‑íoc go míchuí mar aon le hús ar íocaíochtaí déanacha nuair is cuí.

38

Leanann sé as sin, a mhéid a bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit méideanna arna n‑íoc go míchuí mar thoradh ar mhí-úsáid nó faillí ar thaobh thairbhithe na gcistí sin a aisghabháil, nach scaoiltear iad, i bprionsabal, leis an bhfíoras gur aisíoc siad leis an Aontas Eorpach i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún a díríodh chucu, ón oibleagáid na méideanna sin a aisghabháil ó na tairbhithe sin (féach, de réir analaí, breithiúnais an 13 Márta 2008, Vereniging Nationaal Overlegorgaan Sociale Werkvoorziening agus páirtithe eile, C‑383/06 go C‑385/06, EU:C:2008:165, míreanna 38 agus 58; an 21 Nollaig 2011, Chambre de commerce et d’industrie de l’Indre, C‑465/10, EU:C:2011:867, mír 34; agus an 18 Nollaig 2014, Somvao, C‑599/13, EU:C:2014:2462, míreanna 44 agus 45).

39

Dá réir sin, nuair a ghlacann an Coimisiún cinneadh um cheartú airgeadais faoi Airteagal 99 de Rialachán Uimh. 1083/2006, ceanglaítear ar an mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 101 den Rialachán sin, aisghabháil na méideanna a fuarthas go míchuí a shaothrú trí bhearta ceartaithe airgeadais a ghlacadh, faoi Airteagal 98(2) den Rialachán sin, mura rud é go bhfuil sé dodhéanta iad a aisghabháil mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, Elme Messer Metalurgs, C‑743/18, EU:C:2020:767, mír 71).

40

Agus bearta den sórt sin á nglacadh acu lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, ceanglaítear ar na Ballstáit prionsabail ghinearálta an dlí sin agus forálacha na Cairte a urramú (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Bealtaine 2016, Județul Neamț agus Județul Bacau, C‑260/14 agus C‑261/14, EU:C:2016:360, mír 54, agus an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms, C‑443/21, EU:C:2022:899, mír 38).

41

Ós rud é, i ndáil leis sin, go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur, go háirithe, tagairt d’Airteagal 41 den Chairt maidir leis an gceart chun dea-riaracháin, tá sé tábhachtach a chur in iúl go bhfuil an tAirteagal sin dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus ní ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí na mBallstát, agus mar thoradh air sin ní fhéadfaidh duine aonair a bheith ag brath go díreach ar an Airteagal sin i leith údaráis náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Iúil 2014, YS agus páirtithe eile, C‑141/12 agus C‑372/12, EU:C:2014:2081, mír 67). I gcás ina gcuireann Ballstát dlí an Aontais chun feidhme, áfach, tá na ceanglais a bhaineann leis an gceart chun dea-riaracháin, mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais, lena n‑áirítear an ceart atá ag aon duine a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaonta agus laistigh de thréimhse réasúnta, infheidhme i nós imeachta arna sheoladh ag an údarás inniúil náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2014, N., C‑604/12, EU:C:2014:302, míreanna 49 agus 50, agus an 10 Feabhra 2022, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Tréimhse teorann), C‑219/20, EU:C:2022:89, mír 37).

42

Ós rud é go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt freisin don cheart chun bheith rannpháirteach sa nós imeachta, is gá a lua gur cuid dhílis de chearta na cosanta é an ceart sin, a mhéid is go bhféadfaí an ceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é a urramú. Ráthaítear leis an gceart chun éisteacht a fháil go mbeidh an deis ag gach duine a thuairimí nó a tuairimí a chur in iúl go fóinteach agus go héifeachtach le linn nós imeachta riaracháin agus roimh ghlacadh aon chinnidh a bhféadfadh dochar a dhéanamh dá leasanna, lena n‑áirítear i gcás nach bhforáiltear d’fhoirmiúlacht den sórt sin sa reachtaíocht is infheidhme. Is é cuspóir na rialach nach mór go gcuirfí ar chumas seolaí cinnidh a dhéanann difear dó nó di a chuid nó a cuid barúlacha a thíolacadh sula nglacfar an cinneadh sin chun a chumasú don údarás inniúil an fhaisnéis ábhartha uile a chur san áireamh go héifeachtach (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Samhain 2014, Mucarubega, C‑166/13, EU:C:2014:2336, míreanna 44 go 47 agus 49).

43

Tá an riail sin infheidhme, dá bhrí sin, maidir le nós imeachta ceartaithe airgeadais arna sheoladh ag na húdaráis náisiúnta faoi Airteagal 98(2) de Rialachán Uimh. 1083/2006, tar éis cinneadh ón gCoimisiún lena bhfuarthas neamhrialtacht.

44

I bhfianaise an mhéid sin go léir thuas, is é an freagra ar an tríú agus ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 98(2) de Rialachán Uimh. 1083/2006, i gcomhar le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le dea-riarachán, urraim do chearta cosanta agus comhionannais arm, a léiriú sa chaoi a gciallaíonn i gcás ina n‑aimsíonn an Coimisiún, i gcinneadh arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 99 den Rialachán sin, neamhrialtacht, de réir bhrí Airteagal 2(7) den Rialachán sin, agus go bhforchuireann sé ceartú airgeadais ar Bhallstát dá bharr sin, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla, i bprionsabal, na suimeanna a fuarthas go mícheart a aisghabháil, trí cheartú airgeadais a fhorchur ar thairbhí na gcistí, tar éis nós imeachta riaracháin neamhspleách a raibh an tairbhí sin in ann a bharúlacha a chur in iúl go héifeachtach agus go fóinteach lena linn.

An cúigiú agus an séú ceist

45

De réir a cúigiú agus a séú ceist, ar iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt tagartha, go bunúsach, an gá Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chúirt náisiúnta a bheith faoi cheangal ag cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún lena neamhnítear, go hiomlán nó go páirteach, ranníocaíocht chiste AE, mar gheall ar neamhrialtacht, i gcás ina dtugtar caingean os comhair na cúirte sin in aghaidh an bhirt náisiúnta lena bhforchuirtear ceartú airgeadais, agus an cinneadh sin á chur chun feidhme, ar thairbhí an chiste sin.

46

Cuimsítear gnéithe éagsúla leis an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí a ráthaítear faoi Airteagal 47 den Chairt, lena n‑áirítear cearta na cosanta, prionsabal an chomhionannais arm, an ceart chun rochtain a fháil ar bhinse agus an ceart ag duine chun comhairle a fháil, a bheith cosanta agus go ndéanfaí ionadaíocht air (breithiúnas an 6 Samhain 2012, Otis agus páirtithe eile, C‑199/11, EU:C:2012:684, mír 48).

47

Mar a thugtar faoi deara i mír 42 thuas, ráthaítear leis an gceart éisteacht a fháil, ar cuid dhílis den cheart cosanta é, go mbeidh an deis ag gach duine a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach agus go fóinteach le linn nós imeachta (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2021, Openbaar Ministerie (An ceart éisteacht a fháil ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach), C‑428/21 PPU agus C‑429/21 PPU, EU:C:2021:876, mír 62). Bheadh an ceart sin sáraithe dá mbeadh cinneadh breithiúnach le bheith bunaithe ar fhíorais agus ar dhoiciméid nach raibh na páirtithe féin, nó ceann acu, ábalta aird a thabhairt orthu agus nach raibh siad, dá bhrí sin, in ann tuairim a nochtadh ina leith (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 63).

48

Ar an gcaoi chéanna, tugtar le tuiscint le prionsabal an chomhionannais arm, atá, cosúil leis an gceart chun éisteacht a fháil, ar atoradh é ar an gceart chun éisteacht chóir a fháil, nach mór deis réasúnach a thabhairt do gach páirtí a chás nó a cás a chur i láthair, lena n‑áirítear fianaise, faoi choinníollacha nach gcuireann an páirtí sin faoi mhíbhuntáiste substaintiúil i leith a chéile comhraic nó a céile comhraic. Leis an bprionsabal sin, ráthaítear comhionannas cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe maidir, go háirithe, leis na rialacha lena rialaítear fianaise a thabhairt ar aird agus an éisteacht sáraíochta os comhair na cúirte inniúla. Dá bhrí sin ní mór go bhféadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí aon doiciméad a chuirtear ar fáil don chúirt sin a scrúdú agus agóid a dhéanamh ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Samhain 2012, Otis agus páirtithe eile, C‑199/11, EU:C:2012:684, míreanna 71 agus 72; an 10 Feabhra 2022, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Tréimhse theorann), C‑219/20, EU:C:2022:89, mír 46; agus an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 62).

49

Dá bhrí sin leanann sé, nuair a iarrtar ar chúirt de chuid Ballstáit breith a thabhairt i gcaingean i gcoinne beart náisiúnta lena bhforchuirtear ceartú airgeadais ar thairbhí ciste AE, arna ghlacadh chun cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún a chur chun feidhme lena neamhnítear an ranníocaíocht iomlán nó cuid di as ciste den sórt sin, i ngeall ar neamhrialtacht, nach mór don chúirt sin a bheith ábalta bailíocht an chinnidh sin a mheasúnú freisin. Má mheasann an chúirt sin go bhfuil bunús maith le foras neamhbhailíochta amháin nó níos mó arna n‑ardú ag na páirtithe, nó as stuaim na cúirte féin, i gcoinne chinneadh an Choimisiúin, ní mór di bac a chur ar imeachtaí agus tarchur ar réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le bailíocht an ghnímh, ós rud é go bhfuil dlínse ag an gCúirt amháin chun gníomh AE a dhearbhú neamhbhailí (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Feabhra 2021, VodafoneZiggo Group v an Coimisiún, C‑689/19 P, EU:C:2021:142, mír 144).

50

Leis an nós imeachta réamhrialú, a mhéid is go bhféadfar a agóid a dhéanamh, os comhair na Cúirte, le cinneadh neamhrialtachta a rinne an Coimisiún, ráthaítear an ceart chun leighis éifeachtaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt, as a mbaineann seolaithe an bhirt téarnaimh náisiúnta leas, ós rud é, leis an mbeart sin, go bhfuil dlí an Aontais á chur chun feidhme ag údaráis an Bhallstáit.

51

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuas, is é an freagra ar an gcúigiú agus ar an séú ceist ná nach mór Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar chúirt náisiúnta a bheith faoi cheangal ag cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún lena neamhnítear, go hiomlán nó go páirteach, ranníocaíocht chiste de chuid an Aontais mar gheall ar neamhrialtacht, i gcás ina dtugtar caingean os comhair na cúirte sin in aghaidh an bhirt náisiúnta lena bhforchuirtear ceartú airgeadais, agus an cinneadh sin á chur chun feidhme, ar thairbhí an chiste sin, ós rud é go bhfuil oibleagáid uirthi tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú ar bhailíocht an chinnidh sin, má tá amhras ann maidir le bailíocht an chinnidh sin.

Costais

52

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Agus scrúdú á dhéanamh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist le chéile, níor nochtadh aon toisc de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Chinneadh C(2021) 5739 final ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 lena gcealaítear cuid den ranníocaíocht ón gCiste Comhtháthaithe leis an gclár oibríochtúil ‘Iompar’ 2007-2013 faoin gcuspóir ‘Cóineasú’ sa Bhulgáir.

 

2.

Maidir le hAirteagal 98(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999, arna léamh in éineacht le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le dea-riarachán, urraim do chearta cosanta agus comhionannais arm,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina n‑aimsíonn an Coimisiún Eorpach, i gcinneadh arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 99 den Rialachán sin, neamhrialtacht, de réir bhrí Airteagal 2(7) den Rialachán sin, agus go bhforchuireann sé ceartú airgeadais ar Bhallstát dá bharr sin, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla, i bprionsabal, na suimeanna a fuarthas go mícheart a aisghabháil, trí cheartú airgeadais a fhorchur ar thairbhí na gcistí, tar éis nós imeachta riaracháin neamhspleách a raibh an tairbhí sin in ann a bharúlacha a chur in iúl go héifeachtach agus go héifeachtach lena linn.

 

3.

Maidir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar chúirt náisiúnta a bheith faoi cheangal ag cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún lena neamhnítear, go hiomlán nó go páirteach, ranníocaíocht chiste de chuid an Aontais mar gheall ar neamhrialtacht, i gcás ina dtugtar caingean os comhair na cúirte sin in aghaidh an bhirt náisiúnta lena bhforchuirtear ceartú airgeadais, agus an cinneadh sin á chur chun feidhme, ar thairbhí an chiste sin, ós rud é go bhfuil oibleagáid uirthi tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú ar bhailíocht an chinnidh sin, má tá amhras ann maidir le bailíocht an chinnidh sin.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.