Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 16 Samhain 2023 –
An Coimisiún v an Ísiltír (Aistriú luach na gceart pinsin)
(Cás C-459/22) ( 1 )
(Mainneachtain Stáit – Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – Saoirse gluaiseachta d’oibrithe – Saoirse seirbhísí a sholáthar – Saorghluaiseacht caipitil – Airteagail 45, 56 agus 63 CFAE. – Coinníollacha luach ceart pinsin a aistriú – Pinsean forlíontach arna bhunú tríd an bhfostóir – Comhlachtaí náisiúnta um pinsin agus um árachais agus an eagraíocht árachais pinsin – Idirdhealú)
|
1. |
Saorghluaiseacht daoine – An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar – Saorghluaiseacht caipitil – Forálacha an chonartha – Athbhreithniú ar an bheart náisiúnta a bhaineann le saoirsí bunúsacha – Critéir chun na rialacha is infheidhme a chinneadh (Airteagail 45, 56 agus 63 CFAE) (féach mír 18) |
|
2. |
Saorghluaiseacht daoine – Oibrithe – Forálacha an chonartha – Raon feidhme – Reachtaíocht chánach – Reachtaíocht náisiúnta ar fhorchur cánach ar luach na gceart pinsin arna bhfáil ag oibrithe imirceacha – Cuimsiú (Airteagal 45 CFAE) (féach míreanna 19-21) |
|
3. |
Saorghluaiseacht daoine – Oibrithe – Reachtaíocht chánach – Reachtaíocht náisiúnta ar fhorchur cánach ar luach na gceart pinsin arna bhfáil ag oibrithe imirceacha – Aistriú chuig eagraíocht an chuideachta árachais pinsin atá lonnaithe i mBallstát eile – Oibleagáid ar an gcuideachta árachais pinsin sin ráthaíocht a thabhairt an cháin a bhailiú nó aontú le bheith faoi dhliteanas cáin dá leithéid a íoc – Do-ghlacthacht – Bonn cirt – Easnamh (Airteagal 45 CFAE) (féach míreanna 32-40, 47, 54 agus an chuid oibríochtúil 1) |
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Trí na riachtanais maidir le haistrithe caipitil pinsin a leagtar síos in Airteagal 19(a)(1)(d) agus Airteagal 19(b)(1) agus (2) den Wet op de loonbelasting 1964 (an tAcht um Cháin ar Phá 1964) a ghlacadh agus a choinneáil i bhfeidhm, sa leagan is infheidhme sa chás seo, in Airteagal 40(c) den Uitvoeringsregeling invorderingswet (Foraithne Cur Feidhme an Achta um Chánacha a Bhailiú), in Airteagal 10(d)(3) den Uitvoeringsbesluit Loonbelasting 1965 (Foraithne Cur Chun Feidhme an Achta um Cháin ar Phá 1965) agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Besluit Loonheffingen, inkomstenbelasting, internationale aspecten van pensioenen en stamrechten (Cinneadh maidir le hasbhaintí párolla, cáin ioncaim, gnéithe idirnáisiúnta a bhaineann le pinsin agus cearta ar íocaíochtaí tréimhsiúla) an 9 Deireadh Fómhair 2015, faoina gcaithfidh an eagraíocht árachais pinsin atá lonnaithe i mBallstát eile seachas Ríocht na hÍsiltíre ráthaíocht a [thabhairt] cáin a bhailiú ar [aistriú] luach na gceart pinsin atá dlite [d’]oibrithe a théann i mbun oibre sa Bhallstát eile sin agus ar mian leo luach a gceart pinsin a aistriú nó, ina éagmais sin, a bheith faoi dhliteanas [i leith na cánach] atá dlite nó an fhéidearthacht [a thairiscint do na hoibrithe sin ráthaíocht leordhóthanach a [thabhairt], gur mhainnigh Ríocht na hÍsiltíre a oibleagáidí faoi Airteagal 45 CFAE a chomhlíonadh. |
|
2. |
Ordaítear do Ríocht na hÍsiltíre na costais a íoc. |
( 1 ) IO C 359, 19.9.2022.