BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

28 Samhain 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Cionta coiriúla agus pionóis is infheidhme i réimsí na gáinneála ar dhrugaí agus an chomhraic i gcoinne na coireachta eagraithe – Inlaghdaitheacht na bpionós is infheidhme – Raon feidhme – Cinneadh Réime 2004/757/CGB – Airteagail 4 agus 5 – Cinneadh Réime 2008/841/CGB – Airteagail 3 agus 4 – Reachtaíocht náisiúnta nach gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme léi – Airteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Cosaint dlí éifeachtach – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Imeachtaí coiriúla i gcoinne roinnt daoine – Comhaontú maidir le réiteach an cháis dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta – Formheas ag foirmíocht cúirte ad hoc – Toiliú na gcúisithe eile)

I gCás C‑432/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe, an Bhulgáir), trí bhreith an 28 Meitheamh 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Meitheamh 2022, sna himeachtaí i gcoinne

PT,

idiragraí:

Spetsializirana prokuratura,

tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe, Uachtarán an Dara Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Tríú Dlísheomra, N. Jääskinen agus N. Piçarra (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann an pháirtí seo a leanas:

an Coimisiún Eorpach, ag S. Grünheid agus M. Wasmeier agus I. Zaloguin, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 14 Nollaig 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear bunfhorálacha maidir lena bhfuil i gcoireanna coiriúla agus maidir leis na pionóis is infheidhme i réimse na gáinneála ar dhrugaí (IO 2004 L 335, lch. 8), Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO 2008 L 300, lch. 42), an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, agus Airteagail 47 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne PT agus daoine eile, atá á n‑ionchúiseamh maidir le stiúradh gníomhaíochtaí in eagraíocht choiriúil agus/nó páirt a ghlacadh iontu.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Conradh AE

3

De réir an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE:

‘Cuirfidh na Ballstáit [leigheasanna] ar fáil a bheidh leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais.’

Cinneadh Réime 2004/757

4

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 4(1) de Chinneadh Réime 2004/757, ar Airteagal é dar teideal ‘Pionóis’:

‘Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá ionas gurb inghearrtha pionóis éifeachtacha chomhréireacha bhactha as na cionta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3.

Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá ionas gurb inghearrtha uasphionóis 1 bhliain go 3 bliana príosúnachta ar a laghad as na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 5 den Chinneadh Réime sin, dar teideal ‘Imthosca Sonracha’:

‘In ainneoin Airteagal 4, glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá ionas gurb inlaghdaithe na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcás ina ndéanann an ciontóir an méid seo a leanas:

(a)

éiríonn sé as na gníomhaíochtaí coiriúla i réimse na gáinneála ar dhrugaí agus an ábhair ionchuir agus

(b)

soláthraíonn sé do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha faisnéis, nach mbeadh teacht eile acu uirthi, trína gcabhraítear leo chun:

(i)

cosc nó srian a chur le héifeachtaí an chiona,

(ii)

na ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais,

(iii)

fianaise a aimsiú; nó

(iv)

cosc a chur le déanamh na gcionta eile dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Cinneadh Réime 2008/841

6

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3(1)(a) de Chinneadh Réime 2008/841, ar Airteagal é dar teideal ‘Pionóis’:

‘Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá ionas:

1.

gurb inghearrtha pionós príosúnachta idir dhá bhliain go cúig bliana ar a laghad as an gcion dá dtagraítear in Airteagal 2(a); [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 4 den Chinneadh Réime sin, dar teideal ‘Imthosca Sonracha’:

‘Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a ghlacadh ionas gurb inlaghdaithe na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 3 nó ionas gurb indíolmhaithe an ciontóir ó phionós i gcás, mar shampla, ina déanann sé an méid seo a leanas:

(a)

éiríonn sé as a ghníomhaíochtaí coiriúla; agus

(b)

soláthraíonn sé do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha faisnéis, nach mbeadh teacht eile acu uirthi, trína gcabhraítear leo chun:

(i)

cosc, deireadh nó srian a chur le héifeachtaí an chiona;

(ii)

na ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais;

(iii)

fianaise a aimsiú;

(iv)

acmhainní aindleathacha nó fáltais a gníomhaíochtaí coiriúla a cheilt ar an eagraíocht choiriúil; nó

(v)

cosc a chur le déanamh na gcionta eile dá dtagraítear in Airteagal 2.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Bulgáire

NK

8

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 55(1) den Nakazatelen kodeks (an Cód Coiriúil), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (‘NK’):

‘In imthosca eisceachtúla nó in imthosca maolaitheacha iomadúla, i gcás ina dtarlaíonn sé gur díréireach an pionós is éadroime dá dtagraítear leis an dlí, déanfaidh an chúirt an méid seo a leanas:

1. socróidh sí pionós faoi bhun na híosteorann;

[...]’

9

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 321 de NK:

‘[...]

(2)   Gearrfar pionós príosúnachta bliain amháin go sé bhliain as páirt a ghlacadh [in eagraíocht choiriúil].

(3)   I gcás ina mbunaítear nó ina n‑armáiltear [eagraíocht choiriúil] chun críche saibhrithe nó d’fhonn na cionta a dhéanamh dá dtagraítear in [...] Airteagal 354a(1) agus (2) [...] seo a leanas na pionóis:

[...]

2.

le haghaidh na gcionta dá dtagraítear i mír 2: Príosúnacht trí bhliain go deich mbliana.

[...]’

10

De réir Airteagal 354a(1) de NK:

‘Gearrfar pionós priosúnachta dhá bhliain go hocht mbliana agus fíneáil [BGN] 5000 go 20000 [(thart ar EUR 2260 go 10230)] le haghaidh drugaí ardriosca nó a leithéidí agus pionós priosúnachta bliain amháin go sé bhliain agus fíneáil [BGN] 2000 go 10000 [(thart ar EUR 1020 go 5115)] le haghaidh drugaí riosca nó a macasamhail, as drugaí nó a macasamhail a mhonarú, a phróiseáil, a fháil nó a bheith i seilbh, gan údarú dlí a bheith ann ina leith, chun críoch dáileacháin, nó chun críocha drugaí nó a macasamhail a dháileadh. [...]’

NPK

11

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 381 den Nakazatelno-protsesualen kodeks (an Cód um Nós Imeachta Coiriúil) dar teideal ‘Comhaontú maidir le Réiteach an Cháis mar chuid d’Imeachtaí Tosaigh’, sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (‘NPK’):

‘(1)   Ag deireadh an imscrúdaithe, ar mholadh ón ionchúisitheoir nó ón dlíodóir, d'fhéadfaidís teacht ar chomhaontú chun an cás a réiteach. [...]

[...]

(4)   Féadfar an pionós a shocrú leis an gcomhaontú faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 55 de NK fiú murab ann d’imthosca maolaitheacha eisceachtúla nó iomadúla.

(5)   Ní mór don chomhaontú a chur le chéile i scríbhinn agus caithfear a bheith ar aon intinn dá réir maidir leis na ceisteanna seo a leanas:

1.

An ndearnadh gníomh, an é an cúisí a rinne é agus an ndearnadh é go héagórach, an cion coiriúil an gníomh agus conas a aicmítear é de réir dlí?

2.

Cad ba cheart a bheith i gceist le cineál agus leibhéal an phionóis?

[...]

(6)   Síneoidh an t‑ionchúisitheoir agus an dlíodóir an comhaontú. Síneoidh an cúisí an comhaontú i gcás ina nglacann sé leis, i ndiaidh dearbhú go dtarscaoilfeadh sé an ceart go dtabharfaí rialú ar chás de réir an ghnáthnós imeachta.

(7)   I gcás ina ndírítear imeachtaí i gcoinne daoine nó ina mbaineann sé le roinnt cionta, d’fhéadfaí an comhaontú a thabhairt i gcrích ag roinnt acu de na daoine sin nó le haghaidh roinnt acu de na cionta sin

[...]’

12

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 383(1) de NPK, ar Airteagal é dar teideal ‘Iarmhairtí an chomhaontaithe maidir le socraíocht’:

‘Beidh na héifeachtaí ó chomhaontú arna fhormheas ag an gcúirt ag pianbhreith a tháinig le bheith ina res judicata.’

13

De réir Airteagal 384 de NPK, dar teideal ‘Comhaontú maidir le réiteach an cháis in imeachtaí cúirte’:

‘(1)   In imthosca agus de réir rialacha mionsonraithe na caibidle seo, d’fhéadfadh an chúirt chéadchéim comhaontú a fhormheas maidir le réiteach an cháis ar rinneadh idirbheartaíocht ina leith i ndiaidh imeachtaí cúirte a thionscnamh, ach roimh chlabhsúr a chur ar chéim an imscrúdaithe bhreithiúnaigh.

[...]

(3)   Sna cásanna sin, ní fhormheasfar comhaontú [maidir le réiteach an cháis] ach i ndiaidh thoiliú na bpáirtithe ar fad [sna himeachtaí] a fháil.’

14

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 384 de NPK, dar teideal ‘Cinneadh maidir le comhaontú arna thabhairt i gcrích le roinnt de na cúisithe nó le haghaidh ceann de na cionta’:

‘(1)   I gcás, i ndiaidh imeachtaí cúirte a thionscnamh, ach roimh chlabhsúr a chur ar chéim an imscrúdaithe bhreithiúnaigh, inar tugadh comhaontú i gcrích le duine de na cúisithe nó le haghaidh ceann de na cionta, cuirfidh an chúirt bac ar na himeachtaí.

(2)   Rialóidh foirmíocht eile den Chúirt ar an gcomhaontú arna thabhairt i gcrích [...]

(3)   Leanfaidh foirmíocht na cúirte dá dtagraítear i mír 1 de scrúdú a dhéanamh ar an gcás tar éis rialú a thabhairt ar an gcomhaontú.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

15

An 25 Márta 2020, thionscain an Spetsializirana prokuratura (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Speisialaithe, an Bhulgáir) imeachtaí coiriúla os comhair an Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe, an Bhulgáir), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, i gcoinne 41 dhuine, lena n‑áirítear SD agus PT, as stiúradh gníomhaíochtaí in eagraíocht choiriúil agus/nó páirt a ghlacadh iontu, arb é is aidhm dóibh drugaí a dháileadh chun críoch saibhrithe. Tá PT á chúiseamh as páirt a ghlacadh san eagraíocht choiriúil sin agus as seilbh drugaí a bheith aige chun críoch dáileacháin, de bhun Airteagal 321(2) agus (3)(2) agus Airteagal 354a(1) de NK.

16

An 19 Lúnasa 2020, tarchuireadh an cás ar ais os comhair an Spetsializirana prokuratura (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe) chun na lochtanna nós imeachta ar an mbille díotála a réiteach.

17

An 26 Lúnasa 2020, le linn réamhchéim na n‑imeachtaí, thug an t‑ionchúisitheoir agus dlíodóir SD comhaontú i gcrích ar dá réir a ghearrfaí a eádroime sin de phionós ar SD agus a fhoráiltear dó leis an dlí, ós rud é gur aithin an cúisí sin gur chiontach é sna cúisimh arna gcur ina leith. Luadh sa chomhaontú sin ainmneacha iomlána agus uimhreacha aitheantais náisiúnta an 40 cúisí eile, nár iarradh a dtoiliú chun an comhaontú sin a fhormheas. Foirmíocht chúirte seachas an fhoirmíocht chúirte ar tugadh an cás os a comhair ar dtús a d’fhormheas an comhaontú sin an 1 Meán Fómhair 2020.

18

An 28 Lúnasa 2020, thíolaic an Spetsializirana prokuratura (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Speisialaithe) leagan ceartaithe den bhille díotála agus tionscnaíodh céim bhreithiúnach na n‑imeachtaí.

19

An 17 Samhain 2020, thug ionchúisitheoir poiblí PT agus dlíodóir PT comhaontú i gcrích ar dá réir a ghearrfaí pianbhreith choimeádta 3 bliana ar an gcúisí, a cuireadh ar fionraí le haghaidh 5 bliana, ós rud é gur aithin an cúisí sin go raibh sé ciontach sna cúisimh lena mbaineann sé. Ar mhaithe le breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, AH agus páirtithe eile (Toimhde na neamhchiontachta) (C‑377/18, EU:C:2019:670) a chur san áireamh, leasaíodh an comhaontú sin chun ainmneacha agus uimhir aitheantais náisiúnta na gcúisithe eile a fhágáil ar lár. An 17 Samhain 2020 an dáta atá ar leagan ceartaithe an chomhaontaithe sin.

20

An 18 Eanáir 2021, de réir Airteagal 384a de NPK, sheol an chúirt a rinne an tarchur an comhaontú maidir le réiteach an cháis dá dtagraítear sa mhír roimhe seo chuig uachtarán na cúirte sin ar mhaithe le cúirt nó foirmíochteile a ainmniú chun rialú a thabhairt ar an gcomhaontú sin. An 21 Eanáir 2021, dhiúltaigh an fhoirmíocht chúirte arna hainmniú mar sin an comhaontú sin a fhormheas, ar an bhforas nár thoiligh cuid de na cosantóirí dó, rud a cheanglaítear faoi Airteagal 384(3) de NPK.

21

An 10 Bealtaine 2022, thug ionchúisitheoir agus dlíodóir PT i gcrích comhaontú nua maidir le réiteach an cháis, ar comhionann an t‑ábhar de, agus d’iarr siad ar an gcúirt a rinne an tarchur rialú a thabhairt ar an gcomhaontú sin gan toiliú na gcúisithe eile a iarraidh.

22

An 18 Bealtaine 2022, dhiúltaigh an fhoirmíocht chúirte arna hainmniú de bhun Airteagal 384a de NPK comhaontú aidir le réiteach an cháis a fhormheas, ar an bhforas gur ceanglaíodh leis an bhformheas sin toiliú na 39 gcúisí eile, i gcomhréir le hAirteagal 384(3) de NPK.

23

De bharr an diúltaithe sin, dheimhnigh an t‑ionchúisitheoir, PT agus a dhlíodóir, an lá céanna, gur mhian leo comhaontú maidir le réiteach an cháis a thabhairt i gcrích, agus gurbh í an chúirt a rinne an tarchur, ar tíolacadh an fhianaise ar fad os a comhair, a d’fhormheasfadh an comhaontú sin gan toiliú na gcúisithe eile a iarraidh. Mar sin féin, chuir an t‑ionchúisitheoir in iúl gurbh ábhar amhrais aige neamhchlaontacht na cúirte a rinne an tarchur chun leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí maidir leis na cúisithe eile i gcás ina bhfuil an comhaontú sin le formheas aici. Ó thaobh PT, d’áitigh sé go sárófaí na cearta arna dtabhairt dó leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’) de thoradh ar a leithéid de chomhaontú gan bheith intugtha i gcrích aige.

24

Ó thaobh inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go mbaineann an cás atá os a comhair le cionta coiriúla a thagann faoi raon feidhme Chinntí Réime 2004/757 agus 2008/841 agus, dá bhrí sin, laistigh de na ‘réimsí a thagann faoi dhlí an Aontais’, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE. Ós rud é, ina tuairim, go háirithe, de réir an chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) de Chinneadh Réime 2004/757, nach mór na cionta sin a bheith faoi réir pionóis éifeachtacha chomhréireacha bhactha, tá an nós imeachta coiriúil ar dá réir a chuirtear na forálacha sin i bhfeidhm faoi réir na gceanglas faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus faoin gcéad mhír agus faoin dara mír, d’Airteagal 47 den Chairt. Measann an chúirt sin, ina theannta sin, gurb ionann na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta chun comhaontú maidir le réiteach an cháis a thabhairt i gcrích agus ‘cur chun feidhme’ de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, sa chás seo Airteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757 agus Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841.

25

Sna himthosca sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa chéad áit, maidir le comhréireacht Airteagal 384a de NPK leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus leis an gcéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar an bhforas, in imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne roinnt daoine, go gceanglaítear leis an bhforáil sin de dhlí na Bulgáire go n‑ainmneofaí foirmíocht chúirte seachas an fhoirmíocht ar tugadh an cás os a comhair chun rialú a thabhairt ar an gcomhaontú maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag duine de na cosantóirí le linn chéim bhreithiúnach na n‑imeachtaí sin. Sonraíonn an chúirt sin gurb é is cuspóir d’Airteagal 384 de NPK a chur i gcumas d’fhoirmíocht na cúirte a bhfuil an cás os a chomhair de bhua tuillteanais leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí i gcoinne na gcúisithe eile, gan an baol a bheith ann go gcaillfí a hoibiachtúlacht agus a neamhchlaontacht. Measann an chúirt sin, áfach, go sárófaí an ceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil i gcás i mbeadh measúnú le déanamh ag foirmíocht cúirte eile ar an bhfianaise arna tíolacadh os comhair fhoirmíocht na cúirte ar tugadh an cás os a comhair ar dtús.

26

Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa dara háit, maidir le comhréireacht Airteagal 384(3) de NPK le hAirteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757, Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagail 47 agus 52 den Chairt, ar an bhforas, i gcás na dtugann duine de na cúisithe comhaontú maidir le réiteach an cháis i gcrích le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne roinnt daoine, go gceanglaítear leis an bhforáil sin de dhlí na Bulgáire gur gá toiliú d’aon ghuth na ndaoine eile ionas go bhféadfaí a leithéid de chomhaontú a fhormheas, rud nach amhlaidh an cás le linn imeachtaí tosaigh a leithéide d’imeachtaí.

27

De réir na cúirte a rinne an tarchur, baineann an cúisí amach an toradh atá á lorg aige le tabhairt i gcrích agus formheas cúirte comhaontaithe maidir le réiteach, eadhon pionós níos éadroime a fhorchur ná an pionós a ghearrfaí air i gcás ina gcaithfí leis an gcás mar chuid de ghnáthnós imeachta. Sna himthosca sin, bhainfí ó chothroime na n‑imeachtaí, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt, leis an gceanglas maidir le toiliú d’aon ghuth ag na cúisithe eile agus chuirfí srian chomh maith leis an rochtain ar ‘leigheas dlí’ de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, atá ar neamhréir le prionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 52 den Chairt.

28

Sa tríú háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i gcás ina bhformheasfadh sé an comhaontú maidir le réiteach an cháis ó thaobh PT, an gceanglófaí air, i gcomhréir le hordú an 28 Bealtaine 2020, UL agus VM (C‑709/18, EU:C:2020:411), éirí as an scrúdú ar an gcúiseamh arna chur i leith na gcúisithe eile, ar mhaithe lena gceart chun cúirt neamhchlaonta a ráthú, a chumhdaítear sa dara mír d’Airteagal 47 den Chairt.

29

Tugann an chúirt sin dá haire go gcuirfidh na freagraí a chuirfidh an Chúirt ar fáil dá ceisteanna ar a cumas, go bunúsach, a chinneadh an féidir léi, nó an gcaithfidh sí fiú, mar a d’iarr PT, an comhaontú maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag PT a fhormheas, gan toiliú na gcúisithe eile.

30

Sna himthosca sin, chinn an Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe, an Bhulgáir) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

I gcomhthéacs imeachtaí coiriúla a bhaineann le cúisimh i dtaobh cionta a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, an bhfuil dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar chúirt, nach í an chúirt atá ag éisteacht an cháis agus a raibh an fhianaise go léir tugtha os a comhair, scrúdú a dhéanamh ar an ábhar i gcomhaontú a chuir an t-ionchúisitheoir poiblí agus cúisí i gcrích, nuair is é an chúis leis an gceanglas sin ná go bhfuil comhchúisithe eile ann nach bhfuil comhaontú curtha i gcrích acu, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 19(1) CAE agus leis an gcéad agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt?

(2)

An bhfuil dlí náisiúnta lena bhforáiltear nach ndéanfar comhaontú chun deireadh a chur le himeachtaí coiriúla a fhormheas ach amháin i gcás ina n-aontaíonn na cúisithe eile go léir agus a n‑abhcóidí cosanta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757, Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841, an dara habairt d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 52 [den Chairt], arna léamh in éineacht le hAirteagal 47, den Chairt?

(3)

An gceanglaítear, faoin dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar chúirt, tar éis di comhaontú a scrúdú agus a fhormheas, diúltú do scrúdú a dhéanamh ar na cúisimh i gcoinne na gcúisithe eile más [rud] é gur rialaigh sí ar an gcomhaontú sin i mbealach nach bhfuil aon ráiteas maidir lena rannpháirtíocht ná aon tuairim maidir lena gciontacht ann?’

31

Trí litir an 5 Lúnasa 2022, chuir Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathair Shóifia, an Bhulgáir) in iúl don Chúirt, i ndiaidh leasú reachtach a tháinig i bhfeidhm an 27 Iúil 2022, gur díscaoileadh an Spetsializiran nakazatelen sad (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe) agus gur aistríodh roinnt cásanna coiriúla ar tugadh os comhair na cúirte sin chuici, lena n‑áirítear an cás sna príomhimeachtaí, le héifeacht ón dáta sin.

Dlínse na Cúirte Breithiúnais

32

Mar réamhphointe, tá sé tábhachtach a mheabhrú nach mór don Chúirt féin, de réir cásdlí socair, scrúdú a dhéanamh ar na himthosca ina dtarchuireann an chúirt náisiúnta cásanna chun a mheas an bhfuil dlínse aici nó an bhfuil an iarraidh a cuireadh faoina bráid inghlactha (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Iúil 2006, Adeneler agus páirtithe eile, C‑212/04, EU:C:2006:443, mír 42 agus an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 29).

Infheidhmeacht na Cairte

33

Foráiltear le hAirteagal 51(1) den Chairt nach bhfuil baint ag na forálacha den Chairt sin leis na Ballstáit ach amháin sa chás go bhfuil dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Sonraítear le hAirteagal 51(2) nach gcuirtear ar chor ar bith trí fhorálacha na Cairte le hinniúlachtaí an Aontais Eorpaigh mar a shainmhínítear iad sna Conarthaí.

34

Deimhnítear leis na forálacha sin cásdlí na Cúirte ar dá réir a bhfuil feidhm le bheith ag na cearta bunúsacha arna ráthú i ndlíchóras an Aontais i ngach cás arna rialú le dlí an Aontais, ach ní lasmuigh de na cásanna sin. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs tarchur le haghaidh réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, nach bhféadfaidh an Chúirt dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú ach amháin laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar di (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, míreanna 30 agus 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Glactar tríd an gcoincheap ‘cur chun feidhme dhlí an Aontais’, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, le ceangal a bheith ann idir gníomh dhlí an Aontais agus an beart náisiúnta i gceist lena sáraítear raon na n‑ábhar dá dtagraítear nó an tionchar indíreach arna imirt le ceann de na hábhair sin ar an gceann eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Márta 2014, Siragusa, C‑206/13, EU:C:2014:126, mír 24, agus an 29 Iúil 2024, protectus, C‑185/23, EU:C:2024:657, mír 42).

36

Rialaigh an Chúirt cheana féin gur dho-fheidhme cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndáil le reachtaíocht náisiúnta toisc nár forchuireadh trí fhorálacha dhlí an Aontais maidir leis an réimse lena mbaineann aon oibleagáid shonrach ar na Ballstáit maidir leis an gcás i gceist sna príomhimeachtaí (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Márta 2014, Siragusa, C‑206/13, EU:C:2014:126, mír 26, agus an 10 Iúil 2014, Julián Hernández agus páirtithe eile, C‑198/13, EU:C:2014:2055, mír 35).

37

Is i bhfianaise na mbreithnithe sin nach mór a chinneadh, mar a áitíonn an chúirt a rinne an tarchur, an gcuirtear chun feidhme dlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt le reachtaíocht na Bulgáire maidir leis an gcomhaontú maidir le réiteach an cháis, agus, dá bhrí sin, an bhfuil dlínse ag an gCúirt léiriú a dhéanamh ar fhorálacha na Cairte dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur.

38

Sa chéad áit, a mhéid a mheasann an chúirt a rinne an tarchur go gcuirtear chun feidhme Airteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) den Chinneadh sin, agus Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 den Chinneadh sin, leis an reachtaíocht náisiúnta sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil na forálacha sin de dhlí an Aontais ar na gníomhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 31(1) CAE, lena ndearnadh athrá ar na forálacha sin sa chéad fhomhír d’Airteagal 83(1) CFAE. Tá in Airteagal 4(1) agus Airteagal 3 sin bunfhorálacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le cionta coiriúla sna réimsí coiriúlachta a thagann faoi raonta feidhme faoi seach an dá Chinneadh Réime sin, eadhon gáinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe.

39

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i míreanna 32 agus 33 dá Thuairim, go bunúsach, is gá bearta reachtacha a ghlacadh a thagann faoin dlí coiriúil ábhartha, amhail Airteagal 321 agus Airteagal 354a(1) de NK, ar mhaithe lena gcur chun feidhme. Os a choinne sin, i réimse an dlí choiriúil nós imeachta, faoina dtagann, go bunúsach, forálacha dhlí na Bulgáire maidir leis an gcomhaontú maidir le réiteach an cháis, eadhon Airteagal 384(3) agus Airteagal 384a de NPK, níor glacadh aon ghníomh reachtach de chuid an Aontais a bhaineann leis an gcineál comhaontaithe sin de bhun Airteagal 31 CAE nó Airteagal 82 CFAE, lena sainítear inniúlacht an Aontais i réimse an dlí choiriúil nós imeachta.

40

Tugtar le tuiscint uaidh sin nach sáraítear raon na n‑ábhar dá dtagraítear nó tionchar indíreach a imrítear le forálacha dhlí coiriúil ábhartha an Aontais dá dtagraítear i mír 38 den bhreithiúnas seo agus forálacha dhlí nós imeachta coiriúil na Bulgáire lena rialaítear an comhaontú maidir le réiteach an cháis i gceist sna príomhimeachtaí tríd an nasc eatarthu. Sna himthosca sin, ní inbhunaithe ceangal eatarthu de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 35 den bhreithiúnas seo.

41

Sa dara háit, ní dhéantar le hAirteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757 agus Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841, arb é ‘Imthosca Sonracha’ teideal an dá cheann acu, ach foráil go bhféadfadh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ionas gurb inlaghdaithe na pionóis dá dtagraítear sna Cinntí Réime sin i gcás ina n‑éiríonn an ciontóir as na gníomhartha coiriúla sna réimsí a thagann faoi na Cinntí Réime sin agus ina soláthraíonn sé do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha faisnéis, nach mbeadh teacht eile acu uirthi trína gcabhraítear leo, go háirithe, na ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais nó fianaise a aimsiú. Ní shonraítear le forálacha sin de dhlí an Aontais na rialacha mionsonraithe nó na coinníollacha maidir le comhaontú maidir le réiteach an cháis a thabhairt i gcrích agus ní cheanglaítear leo ach an oiread reachtaíocht a rith sa réimse sin, murab ionann agus a bhfuil á cheangal leis an gcásdlí arna lua i mír 36 den bhreithiúnas seo ionas gurb inbhunaithe ceangal idir forálacha sin de dhlí an Aontais agus na forálacha maidir leis an gcomhaontú maidir le réiteach an cháis i ndlí na Bulgáire.

42

Fágann na breithnithe roimhe seo nach bhfuil ‘cur chun feidhme’, de réir Airteagal 51(1) den Chairt, fhorálacha Chinntí Réime 2004/757 agus 2008/841, i gceist le forálacha NPK maidir le tabhairt i gcrích agus formheas an chomhaontaithe maidir le réiteach an cháis, go háirithe Airteagal 384(3) agus Airteagal 384a de NPK.

43

Dá réir sin, níl dlínse ag an gCúirt na ceisteanna arna dtarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur a fhreagairt a mhéid a bhaineann siad le hAirteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757, Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841, an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 agus Airteagal 52 den Chairt.

Infheidhmeacht an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE

44

De réir an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, cuirfidh na Ballstáit leigheasanna dlí ar fáil a bheidh leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú do dhaoine aonair sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, is faoi na Ballstáit atá sé foráil a dhéanamh maidir le córas leigheasanna agus nósanna imeachta dlíthiúla lena n‑áirithítear athbhreithniú breithiúnach éifeachtach sna réimsí sin (breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 34, agus an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45

Maidir le raon feidhme ratione materiae an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, baineann an fhoráil sin leis ‘na réimsí atá folaithe le dlí an Aontais’, gan beann ar an gcás ina bhfuil an dlí úd á chur chun feidhme ag na Ballstáit (breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 29, agus an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, go háirithe, maidir le haon chomhlacht náisiúnta ar féidir leis rialú, mar chúirt nó mar bhinse, ar cheisteanna a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh agus a thagann, dá bhrí sin, faoi na réimsí atá folaithe leis an dlí sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 40 agus an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47

Is amhlaidh an cás don chúirt a rinne an tarchur, a n-iarrtar uirthi, sa chás seo, rialú a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le léiriú agus cur i bhfeidhm Chinntí Réime 2004/757 agus 2008/841 a trasuíodh i ndlíchóras na Bulgáire le forálacha NK, rud a fhágann nach mór don chúirt sin na ceanglais a chomhlíonadh maidir le cosaint dlí éifeachtach faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE.

48

Dá réir sin, tá dlínse ag an gCúirt léiriú a thabhairt ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE sa chás seo.

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

49

Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar fhoráil den dlí náisiúnta lena dtugtar dlínse d’fhoirmíocht chúirte ad hoc, agus ní don fhoirmíocht atá freagrach as an gcás, chun rialú a thabhairt ar chomhaontú maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag cúisí agus oifig an ionchúisitheora phoiblí le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, i gcás ina bhfuil cúisithe eile á n-ionchúiseamh chomh maith mar chuid de na himeachtaí sin.

50

Cé go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit, go háirithe, bunú, comhdhéanamh, cumhachtaí agus feidhmiú na gcúirteanna náisiúnta faoi inniúlacht na Stát sin, ní lú an ceangal atá ar na Stáit sin, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, a n‑oibleagáidí atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus, go háirithe, faoi Airteagal 19 CAE (breithiúnas an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais is ea prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus a chumhdaítear, inter alia, sa dara mír d’Airteagal 47 den Chairt. Dá bhrí sin, ní mór aird chuí a thabhairt ar an bhforáil sin chun críocha léiriú a thabhairt ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52

Thairis sin, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 52(3) den Chairt, is ionann an bhrí agus an raon feidhme atá ag na cearta atá ann agus atá ag na cearta comhfhreagracha arna ráthú in ECHR. De réir an dara habairt den fhoráil sin, ní chuirtear bac leis sin ar chosaint níos leithne a thabhairt le dlí an Aontais. De réir na mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17), tá an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt ag teacht le hAirteagal 6(1) ECHR. Dá bhrí sin, ní mór don Chúirt Bhreithiúnais a áirithiú go n‑áiritheofar, lena léiriú ar an dara mír d’Airteagal leibhéal cosanta nach bhfuil ag teacht salach ar an leibhéal a ráthaítear in Airteagal 6(1) ECHR, arna léiriú ag ECtHR (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Ní mór d’aon Bhallstát, faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, a áirithiú go gcomhlíonann údaráis a n‑iarrtar orthu, mar ‘chúirteanna’ de réir dhlí an Aontais, rialú a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus a thagann, dá bhrí sin, faoina chóras leigheasanna sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais, na ceanglais maidir le cosaint dlí éifeachtach, lena n‑áirítear an neamhspleáchas (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/-547, EU:C:2021:1034, míreanna 220 agus 224, agus an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eile, C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, mír 47).

54

Thairis sin, maidir leis an dara habairt d’Airteagal 19(1) CAE, lena gcuirtear oibleagáid chomhlíonta shoiléir chruinn ar na Ballstáit agus nach bhfuil aon choinníoll ag dul leis, go háirithe ó thaobh neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcúirteanna a n-iarrtar orthu léiriú a thabhairt ar dhlí an Aontais agus é a chur i bhfeidhm, shoiléirigh an Chúirt cheana féin go bhfuil ag an abairt sin éifeacht dhíreach, ar dá réir nach mór aon fhoráil, cásdlí nó cleachtas náisiúnta atá ar neamhréir leis na forálacha sin de dhlí an Aontais a chur ó fheidhm (breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55

Tá dhá ghné ag baint leis an gceanglas neamhspleáchais sin. Ceanglaítear leis an gcéad ghné, atá de chineál seachtrach, ar an gcúirt lena mbaineann a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh go hiomlán neamhspleách, gan bheith faoi réir aon srian ordlathach nó faoi smacht aon chomhlachta eile agus gan orduithe nó treoracha a ghlacadh ó fhoinse ar bith, agus leis sin chosnófaí an chúirt in aghaidh idirghabhálacha seachtracha nó brú lenar dócha go gcuirfí as do bhreithiúnas neamhspleách a comhaltaí agus go mbeadh tionchar ag an méid sin ar a cinntí. Tá an dara gné, ar gné inmheánach í, nasctha le ‘neamhchlaontacht’ agus féachtar léi lena áirithiú go gcoimeádtar comhfhad idir na páirtithe sna himeachtaí agus a leasanna faoi seach maidir le hábhar na n‑imeachtaí sin. Éilíonn an ghné sin oibiachtúlacht agus easpa leasa i dtoradh an cháis seachas cur i bhfeidhm docht an smachta reachta (breithiúnas an 11 Iúil 2024, Hann‑Invest agus páirtithe eileC‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, EU:C:2024:594, míreanna 50 agus 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

56

Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur chuir an t‑ionchúisitheoir in iúl don chúirt a rinne an tarchur gurbh ábhar amhrais aige neamhchlaontacht na cúirte a rinne an tarchur chun leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí maidir leis na cúisithe eile i gcás ina bhfuil an comhaontú maidir le socraíocht an cháis le formheas aici.

57

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 66 dá Thuairim, i gcás, mar atá sa chás seo, ina bhfuil roinnt daoine á n‑ionchúiseamh i bpáirt a ghlacadh san aon eagraíocht choiriúil agus ina dtugann duine amháin acu comhaontú chun críche, le linn chéim bhreithiúnach na n‑imeachtaí sin, ina n‑aithníonn sé gur ciontach é, is beart riar an cheartais é foirmíocht cúirte ad hoc a cheapadh chun rialú a thabhairt ar an gcomhaontú sin is ceadmhach do na Ballstáit foráil dó chun comhlíonadh cheanglais neamhspleáchais agus neamhchlaontachta na foirmíochta cúirte, a bheidh rialú le tabhairt aici maidir leis na cúisithe nár admhaigh gur chiontach iad, a áirithiú, nó fiú iad a neartú, ar ceanglais iad a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE.

58

Mar sin, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mbreithiúnas dá cuid an 25 Samhain 2021, Mucha v an tSlóvaic (CE:ECHR:2021:1125JUD006370319, míreanna 62 go 64 agus 66), go sáraítear Airteagal 6(1) de ECHR, ó thaobh phrionsabal na neamhchlaontachta agus phrionsabal thoimhde na neamhchiontachta, i gcás inar rialaigh an fhoirmíocht chúirte sin, ar an gcéad dul síos, ar na comhaontuithe maidir le pléadáil chiontach ó thaobh ochtar arna n‑ionchúiseamh i bpáirt a ghlacadh in eagraíocht choiriúil agus, ar an dara dul síos, ar fhiúntas an chúisimh arna chur i leith duine eile arna ionchúiseamh i bpáirt a ghlacadh san eagraíocht choiriúil chéanna, ós rud é go raibh tagairt shonrach ar leith sna breithiúnais lena bhformheastar na comhaontuithe sin do na fíorais arna gcur i leith an duine sin agus, dá bhrí sin, rinneadh difear leo dá cheart go dtoimhdeofaí gur neamhchiontach é go mbunófaí de réir dlí gur ciontach é. Bhain an chúirt sin de chonclúid as go raibh údair mhaithe go hoibiachtúil leis an amhras maidir le neamhchlaontacht na foirmíochta cúirte sin.

59

Ina theannta sin, measann an chúirt a rinne an tarchur, in imeachtaí coiriúla ina bhfuil roinnt daoine á n‑ionchúiseamh, go bhfuil difear indéanta do neamh-mheánacht na n‑imeachtaí coiriúla le foirmíocht cúirte ad hoc a ainmniú chun rialú a thabhairt ar chomhaontú maidir le réiteach an cháis.

60

Tugtar le tuiscint leis an bprionsabal sin nach mór dóibh siúd atá freagrach as cinneadh a dhéanamh ar neamhchiontacht an chúisí, i bprionsabal, éisteacht le finnéithe go pearsanta agus measúnú a dhéanamh ar a n‑inchreidteacht, ós rud é go bhfuil sé ar na codanna is tábhachtaí d’imeachtaí coiriúla córa gur féidir an cúisí a chur i láthair na bhfinnéithe agus an bhreithimh ann, a thabharfaidh rialú sa deireadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Gambino agus Hyka, C‑38/18, EU:C:2019:628, míreanna 42 agus 43).

61

Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 73 dá Thuairim, níl difear indéanta do phrionsabal neamh-mheánacht na n‑imeachtaí coiriúla le foirmíocht cúirte ad hoc a ainmniú chun rialú a thabhairt ar chomhaontú maidir le réiteach an cháis, amhail an comhaontú i gceist sna príomhimeachtaí. Go deimhin, ós rud é go bhfuil an rogha á déanamh ag an gcúisí a aithint gur ciontach é, de shaorthoil agus iomlán an scéil aige ó thaobh a bhfuil á chur ina leith agus ó thaobh na n‑éifeachtaí dlí atá ag dul lena rogha, tarscaoileann sé an ceart, mar is léir ó Airteagal 381(6) de NPK, ‘go dtabharfaí rialú ar chás de réir an ghnáthnós imeachta’ agus cearta áirithe eile faoi.

62

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, ní mór freagra a thabhairt ar an gcéad cheist sa chaoi nach gcuirtear cosc leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE ar fhoráil den dlí náisiúnta lena dtugtar dlínse d’fhoirmíocht cúirte ad hoc, agus ní don fhoirmíocht atá freagrach as an gcás, chun rialú a thabhairt ar chomhaontú maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag cúisí agus oifig an ionchúisitheora phoiblí le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, i gcás ina bhfuil cúisithe eile á n‑ionchúiseamh chomh maith mar chuid de na himeachtaí sin.

An dara ceist

Inghlacthacht

63

Áitíonn an Coimisiún Eorpach, ina bharúlacha i scríbhinn, go luaitear go ‘han‑ghonta’ na cúiseanna leis an iarraidh ar réamhrialú maidir leis an dara ceist, a mhéid a bhaineann sé leis an léiriú ar an dara habairt d’Airteagal 19(1) CAE agus nach gcomhlíontar leis na ceanglais faoi Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte.

64

I gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach, tá toimhde ábharthachta ag ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a sainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a gcruinneas a fhíorú. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú do rialú a thabhairt maidir le hiarraidh ar réamhrialú ó chúirt náisiúnta ach amháin i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag léiriú dhlí an Aontais atá á lorg le fíorais iarbhír na bpríomhimeachtaí ná lena gcuspóir, i gcás ina bhfuil an fhadhb hipitéiseach, nó i gcás nach bhfuil an t‑ábhar fíorasach nó dlíthiúil os comhair na Cúirte is gá chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1995, Bosman, C‑415/93, EU:C:1995:463, mír 61, agus an 8 Samhain 2022, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Scrúdú ex officio ar choinneáil), C‑704/20 agus C‑39/21, EU:C:2022:858, mír 61).

65

Ós rud é go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú mar bhonn leis na himeachaí maidir le tarchur le haghaidh réamhrialú roimh an gCúirt faoi Airteagal 267 CFAE, is ríthábhachtach go soiléiríonn an chúirt náisiúnta, ina hiarraidh, comhthéacs fíorasach agus reachtach na díospóide sna príomhimeachtaí agus go dtugann sí íosmhéid mínithe ar na cúiseanna le roghnú na bhforálacha de dhlí an Aontais a bhfuil léiriú orthu á iarraidh aici agus ar an nasc atá á bhunú aici idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid arna cur faoina bráid. Leagtar amach na ceanglais charnacha sin go sainráite in Airteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Meitheamh 2020, C.F. (Iniúchadh cánach), C‑430/19, EU:C:2020:429, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66

Sa chás seo, leagann an chúirt a rinne an tarchur amach, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, imthosca an cháis sna príomhimeachtaí agus leagann sí amach go mion na forálacha náisiúnta is infheidhme. Leagtar amach ann freisin na cúiseanna amhrais aici maidir le comhréireacht, go háirithe, Airteagal 384(3) de NPK leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE. Go deimhin, measann an chúirt sin go gcuirtear srian ‘go míchuí’, tríd an gceanglas maidir le toiliú na gcúisithe eile ar fad ionas go bhformheasfaí an comhaontú maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag duine de na cúisithe, le linn céim bhreithiúnach imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne roinnt daoine, ar an ‘leigheas dlí’, atá ina leithéid de chomhaontú, dá réir, le haghaidh an chúisí sin, a mhéid, le tabhairt i gcrích agus formheas an chomhaontaithe sin, a ‘bhaineann an cúisí amach an toradh atá á lorg aige, eadhon pionós níos éadroime a fhorchur ná an pionós a ghearrfaí air i gcás ina gcaithfí leis an gcás mar chuid de ghnáthnós imeachta’. Dar leis an gcúirt sin, tá difear indéanta lena leithéid de shrian do ‘chothroime na n‑imeachtaí’.

67

Tugtar le tuiscint uaidh sin, murab ionann agus a bhfuil á áitiú ag an gCoimisiún, ó thaobh na ceiste sin, go gcomhlíontar leis an iarraidh ar réamhrialú na ceanglais arna socrú in Airteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta agus, dá bhrí sin, gurb inghlactha í, a mhéid a bhaineann sí leis an léiriú ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE.

Substaint

68

Leis an dara ceist dá cuid, fiafraíonn an chúirt, go bunúsach, an bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar fhoráil den dlí náisiúnta, mar chuid d’imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne roinnt cúisithe de réir páirt a ghlacadh acu san aon eagraíocht choiriúil, lena gcuirtear formheas cúirte comhaontaithe maidir le socraíocht an cháis, arna thabhairt i gcrích ag duine de na cúisithe agus oifig an ionchúisitheora phoiblí le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, faoi réir thoiliú na gcúisithe eile.

69

Mar a luann an chúirt an rinne an tarchur, sna príomhimeachtaí, níl a leithéid de cheanglas ‘le leas [cúisithe] eile a d’fhéadfadh PT fianaise a thabhairt ina n‑aghaidh mar fhinné i ndiaidh fhormheas an chomhaontaithe a bhaineann leis’. Thairis sin, shonraigh an chúirt sin, mar fhreagra ar iarraidh ar shoiléiriú ón gCúirt, arna déanamh de réir Airteagal 101(1) dá Rialacha Nós Imeachta, go bhfuil an chúirt atá freagrach as breithniú a dhéanamh ar na cosantóirí eile ‘faoi cheangal’ ag ábhar an chomhaontaithe maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag duine de na cosantóirí.

70

Ón taobh sin de, tagann an ceanglas maidir le toiliú na gcúisithe eile faoi raon feidhme an chirt chun triail chóir agus a gcearta cosanta. Tá urramú na gceart sin ar na codanna dílse de phrionsabal bunúsach na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, amhail an coincheap ‘triail chóir’, dá dtagraítear in Airteagal 6 ECHR (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas Araíonachta do Bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 203).

71

Sáraítear an bunphrionsabal sin de dhlí an Aontais i gcás inar bun le cinneadh cúirte fíorais agus doiciméid nach raibh eolas inchurtha orthu ag na páirtithe féin, nó ag ceann acu, dá bhrí nárbh fhéidir leo seasamh a ghlacadh ina leith (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Márta 1961, Snupat v Ard-Údarás, 42/59 agus 49/59, EU:C:1961:5, lch. 156, agus an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 63). Thairis sin, ceanglaítear trí phrionsabail na trialach córa, i gcásanna iomchuí, go mbainfí amach cothromaíocht idir leasanna na cosanta agus leasanna na bhfinnéithe agus na n‑íospartach a iarrtar orthu fianaise a thabhairt (breithiúnas an 29 Iúil 2019, Gambino agus Hyka, C‑38/18, EU:C:2019:628, mír 41).

72

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní féidir an prionsabal maidir le hurraim a thabhairt do chearta na cosanta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhorálacha an dlí náisiúnta amhail Airteagal 384(3) de NPK, arb é is cuspóir dó na cearta sin a ráthú i leith cosantóirí, nár aithin gur chiontach iad, nach mór cinneadh a thabhairt orthu le linn imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin, i bhfianaise ní hamháin na faisnéise a bhaineann leo a d’fhéadfaidís a bheith sa chomhaontú maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag an gcúisí ar aithin gur ciontach é, ach i ndearbhuithe atá indéanta aige chomh maith, mar fhinné, os comhair na foirmíochta cúirte a bhfuil rialú le tabhairt aici ar dhliteanas coiriúil na gcúisithe eile.

73

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór freagra a thabhairt ar an dara ceist sa chaoi nach gcuirtear cosc le hAirteagal 19(1) CAE ar fhoráil den dlí náisiúnta, mar chuid d’imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne roinnt cúisithe de réir páirt a ghlacadh acu san aon eagraíocht choiriúil, lena gcuirtear formheas cúirte comhaontaithe maidir le réiteach an cháis, arna thabhairt i gcrích ag duine de na cúisithe agus oifig an ionchúisitheora phoiblí le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, faoi réir thoiliú na gcúisithe eile.

An tríú ceist

74

Mar is léir ó mhír 42 den bhreithiúnas seo, níl dlínse ag an gCúirt freagra a thabhairt ar an tríú ceist ós rud é nach mbaineann sí ach leis an léiriú ar Airteagal 47 den Chairt.

Costais

75

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór léiriú a dhéanamh ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE sa chaoi nach gcuirtear cosc léi ar fhoráil den dlí náisiúnta lena dtugtar dlínse d’fhoirmíocht cúirte ad hoc, agus ní don fhoirmíocht atá freagrach as an gcás, chun rialú a thabhairt ar chomhaontú maidir le réiteach an cháis arna thabhairt i gcrích ag cúisí le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, i gcás ina bhfuil cúisithe eile á n‑ionchúiseamh chomh maith mar chuid de na himeachtaí sin.

 

2.

Ní mór léiriú a dhéanamh ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE sa chaoi nach gcuirtear cosc léi ar fhoráil den dlí náisiúnta, mar chuid d’imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne roinnt cúisithe de réir páirt a ghlacadh acu san aon eagraíocht choiriúil, lena gcuirtear formheas cúirte comhaontaithe maidir le réiteach an cháis, arna thabhairt i gcrích ag duine de na cúisithe agus oifig an ionchúisitheora phoiblí le linn na céime breithiúnaí d’imeachtaí coiriúla, faoi réir thoiliú na gcúisithe eile.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.