BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an tOchtú Dlísheomra)

16 Samhain 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 110 CFAE – Cánacha inmheánacha – Toirmeasc ar chánacha idirdhealaitheacha – Cáin feithicle – Feithiclí athláimhe arna n‑allmhairiú ó Bhallstáit eile – Rátaí cánach éagsúla a chur i bhfeidhm ag brath ar dháta cláraithe feithicle sa Phortaingéil)

I gCás C‑349/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) (an Chúirt um Eadráin Chánach (an Lárionad um Eadráin Riaracháin – CAAD), an Phortaingéil), trí bhreith an 23 Bealtaine 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 31 Bealtaine 2022, sna himeachtaí

NM

v

Autoridade Tributária e Aduaneira

tugann AN CHÚIRT (an tOchtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Piçarra, Uachtarán Dlísheomra, M. Safjan agus N. Jääskinen (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

NM, ag P. Carido, advogado,

Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, A. Pimenta, A. Rodrigues agus N. Vitorino, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag M. Björkland agus I. Melo Sampaio, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 110 CFAE.

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir NM agus an Autoridade Tributária e Aduaneira (an tÚdarás Cánach agus Custaim, an Phortaingéil) (‘an t‑údarás cánach’) maidir leis an bhfógra íocaíochta don cháin ar fheithiclí (‘an cháin’) dá bhforáiltear sa Código do Imposto sobre Veículos (an Cód Cánach Feithicle) a imríonn tionchar ar fheithicil arna hallmhairiú isteach sa Phortaingéil ag NM.

An dlí lena mbaineann

3

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 2(1)(a) den Chód Cánach Feithicle, dar teideal ‘Raon feidhme oibiachtúil’:

‘Beidh na feithiclí seo a leanas faoi réir na cánach:

(a)

mótarfheithiclí paisinéirí éadroma, a chiallaíonn feithiclí d’ollmheáchan nach mó ná 3500 [cileagram (kg)] agus toilleadh nach mó ná naoi suíochán, lena n‑áirítear suíochán an tiománaí, atá beartaithe chun daoine a iompar.’

4

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 3(1) den Chód sin, dar teideal ‘Raon feidhme suibiachtúil’:

‘Beidh an cháin iníoctha ag oibreoirí cláraithe, oibreoirí údaraithe agus daoine príobháideacha, mar a shainítear sa Chód seo, atá i mbun feithiclí atá faoi réir cánach a scaoileadh lena dtomhailt, agus measfar go mbeidh daoine den sórt sin na daoine a ndéantar an dearbhú custaim feithicle ina n‑ainm.’

5

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 5 den Chód, dar teideal ‘Teagmhas inchánach’:

‘1 –   Beidh an teagmhas inchánach le haghaidh na cánach monarú nó cóimeáil ar, nó ligean isteach nó allmhairiú isteach sa chríoch náisiúnta feithiclí inchánacha atá faoi réir ceanglas clárúcháin sa Phortaingéil.

[…]

3 –   Chun críocha an Chóid seo:

(a)

ciallaíonn “ligean isteach” iontráil feithicle sa chríoch náisiúnta, ar feithicil í a thagann ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach nó a scaoiltear le bheith i saorchúrsaíocht sa Stát sin’.

6

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 6 den Chód sin, dar teideal ‘Íocaíocht dhlite na cánach’:

‘1 – Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal roimhe, tagann an cháin chun bheith inmhuirearaithe tráth a scaoiltear le tomhailt, a mheastar a tharlaíonn:

[…]

(b)

nuair a thaisctear an dearbhú custaim feithicle le haghaidh daoine príobháideacha;

[…]

3 –   Beidh an ráta infheidhme an ráta atá i bhfeidhm nuair a thagann an cháin chun bheith inmhuirearaithe.’

7

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 7(1)(a) den Chód Cánach Feithicle, dar teideal ‘Rátaí caighdeánacha – mótarfheithiclí’:

‘I – Leagtar amach i dTábla A, thíos, na rátaí cánach atá bunaithe ar thoilleadh ciúbach agus an chuid chomhshaoil; tá feidhm aige i leith na bhfeithiclí seo a leanas:

(a)

mótarfheithiclí paisinéirí’.

8

Sa leagan arna leasú le Lei n.o 82-D/2014 que procede à alteração das normas fiscais ambientais nos sectores da energia e emissões, transportes, água, resíduos, ordenamento do território, florestas e biodiversidade, introduzindo ainda um regime de tributação dos sacos de plástico e um regime de incentivo ao abate de veículos em fim de vida, no quadro de uma reforma da fiscalidade ambiental (Dlí Uimh. 82-D/2014 lena leasaítear rialacha cánach comhshaoil in earnálacha an fhuinnimh agus na n‑astaíochtaí, an iompair, an uisce, na dramhaíola, na pleanála spásúla, na bhforaoisí agus na bithéagsúlachta, agus lena dtugtar isteach scéim cánach le haghaidh málaí plaisteacha agus scéim dreasachta chun feithiclí deireadh ré a bhriseadh mar pháirt d’athchóiriú cánachais comhshaoil), an 31 Nollaig 2014 (Diário da República, 1ú sraith, Uimh. 252 an 31 Nollaig 2014), a raibh i bhfeidhm idir an 1 Eanáir 2015 agus an 31 Nollaig 2020 (‘Dlí Uimh. 82-D/2014’), foráladh in Airteagal 8(1)(d) den Chód Cánach Feithicle, dar teideal ‘Rátaí idirmheánacha – mótarfheithiclí’:

‘Beidh feidhm ag ráta idirmheánach – arna ríomh trí na céatadáin arna leagan amach thíos a chur i bhfeidhm i leith an mhéid a sroichtear trí Thábla A a chur i bhfeidhm i mír 1 den Airteagal roimhe seo – i leith na bhfeithiclí seo a leanas:

(d)

25 % le haghaidh mótarfheithiclí paisinéirí éadroma a bhfuil feistithe le hinnill hibride inluchtaithe i gcás gur féidir an ceallra a luchtú ón ngréasán leictreachais agus go bhfuil íosraon 25 km ag an bhfeithicil i mód leictreach.’

9

Sa leagan arna leasú le Lei n.o 75-B/2020, Orçamento do Estado para 2021 (Dlí Uimh. 75-B/2020, Dlí um an mBuiséad Stáit le haghaidh 2021) an 31 Nollaig 2020 (Diário da República, 1ú sraith, Uimh. 253 an 31 Nollaig 2020), atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, (‘Dlí Uimh. 75-B/2020’), foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 8(1)(d) den Chód Cánach Feithicle, dar teideal ‘Rátaí idirmheánacha – mótarfheithiclí’:

‘Beidh feidhm ag ráta idirmheánach – arna ríomh trí na céatadáin arna leagan amach thíos a chur i bhfeidhm i leith an mhéid a sroichtear trí Thábla A a chur i bhfeidhm i mír 1 den Airteagal roimhe seo – i leith na bhfeithiclí seo a leanas:

[…]

(d)

25 % le haghaidh mótarfheithiclí paisinéirí éadroma a bhfuil feistithe le hinnill hibride inluchtaithe i gcás gur féidir an ceallra a luchtú ón ngréasán leictreachais agus go bhfuil íosraon 50 km i mód leictreach agus astaíochtaí oifigiúla 50 g de CO2 in aghaidh an km ag an bhfeithicil.’

10

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 11 den Chód Cánach Feithicle, dar teideal ‘Rátaí – feithiclí athláimhe’:

‘1 –   Ríomhfar, go sealadach, an cháin ar fheithiclí le teastas clárúcháin buan de chuid an Aontais arna eisiúint ag Ballstát eile den Aontas Eorpach i gcomhréir le rialacha an Chóid seo; cuirfear na laghduithe céatadáin a liostaítear i dTábla D i bhfeidhm i leith mhéid na cánach arna ríomh i gcomhréir leis an tábla is infheidhme, lena gcuirtear toilleadh ciúbach agus codanna comhshaoil san áireamh, lena n‑áirítear an bhreisíocht a leagtar síos in Airteagal 7(3), agus tá na céatadáin sin nasctha le dímheas meánach ar luach feithiclí sa mhargadh náisiúnta agus ré meánach atá fágtha ag feithicil faoi seach:

Tábla D [...]’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

11

An 14 Meán Fómhair 2018, cláraíodh feithicil éadrom feistithe le hinneall hibride inluchtaithe den chéad uair sa Ghearmáin.

12

An 13 Meán Fómhair 2021, thaisc NM dearbhú custaim leis an údarás custaim inniúil a bhain leis an bhfeithicil sin maidir lena scaoileadh le tomhailt sa Phortaingéil.

13

Ríomh an t‑údarás custaim inniúil méid na cánach a raibh ar NM a íoc ar bhonn chuid toillte ciúbaigh agus chuid chomhshaoil (Tábla A) na feithicle sin, agus fad a húsáid ónar cláraíodh den chéad uair í (Tábla D). I ndiaidh an áirimh sin, bhunaigh an t‑údarás custaim gur cheart an cháin a chur i bhfeidhm ag an ráta iomlán i leith na feithicle sin, arb ionann sin agus EUR 2 928.28, agus d’eisigh sé fógra íocaíochta chuige sin.

14

D’íoc NM méid na cánach a cuireadh in iúl san fhógra íocaíochta arna sheoladh chuige ag an údarás custaim inniúil. Ina dhiaidh sin, chuir sé iarraidh faoi bhráid Uachtarán an Centro de Arbitgem Administrativa (an Lárionad um Eadráin Riaracháin, an Phortaingéile) ag lorg go mbunófaí bord eadrána d’fhonn an fógra íocaíochta sin a chonspóid.

15

Cuireadh iarratas NM ar aghaidh chuig an Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) (an Chúirt um Eadráin Chánach (an Lárionad um Eadráin Riaracháin – CAAD), an Phortaingéil), an chúirt a rinne an tarchur.

16

Go bunúsach, maíonn NM, ar an dáta a cláraíodh an fheithicil faoi cheist sna príomhimeachtaí den chéad uair, an 14 Meán Fómhair 2018, go raibh Airteagal 8(1)(d) den Chód Cánach Feithicle, sa leagan a leasaíodh le Dlí Uimh. 82-D/2014, i bhfeidhm agus, faoin Airteagal sin, go raibh ráta laghdaithe de 25 % den cháin i bhfeidhm i leith feithiclí éadroma feistithe le hinneall hibride inluchtaithe a raibh íosraon de 25 km acu i mód leictreach. I gcodarsnacht leis sin, ar an dáta a thaisc sé dearbhú custaim i leith na feithicle sin, ba é Airteagal 8(1)(d) den Chód Cánach Feithicle, sa leagan arna leasú le Dlí Uimh. 75-B/2020, a bhí i bhfeidhm. Murab ionann agus an leagan den Airteagal sin a bhí i bhfeidhm in 2018, áfach, ní cheadaíonn an fhoráil sin a thuilleadh d’fheithiclí le saintréithe cosúil leis an bhfeithicil faoi cheist sna príomhimeachtaí sochar a bhaint as cur i bhfeidhm ráta laghdaithe 25 % den cháin sin. Maíonn sé, mar thoradh air sin, go gcaitear níos mífhabhraí le feithiclí le saintréithe den sórt sin a cláraíodh ar dtús i mBallstát eile den Aontas Eorpach, a thugtar isteach ina dhiaidh sa Phortaingéil, ná feithicil le saintréithe cosúla ach a fhaightear agus a chláraítear i dtosach sa Phortaingéil, ós rud é nach féidir leis an gcéad fheithicil sin sochar a bhaint as chur i bhfeidhm an ráta laghdaithe de 25 % den cháin sin. Dá bhrí sin, cuirtear ualach airgeadais níos troime ar fheithiclí arna gclárú i dtosach i mBallstát eile den Aontas Eorpach ná feithiclí le saintréithe cosúla arna gclárú i dtosach sa Phortaingéil, nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 110 CFAE.

17

I gcodarsnacht leis sin, maíonn an t‑údarás cánach gurb ionann an teagmhas inchánach don cháin agus ligean isteach feithicle ar chríoch na Portaingéile ar feithicil í atá faoi réir ceanglais clárúcháin ann, agus go dtagann an cháin sin chun bheith inmhuirearaithe nuair a scaoiltear an fheithicil lena tomhailt sa Phortaingéil. Dá bhrí sin, ní ghá measúnú a dhéanamh, ach ar an dáta sin, cé acu an gcomhlíonann feithicil ar leith na critéir lena gceadaítear di sochar a bhaint as cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe de 25 % den cháin. In éineacht leis sin, maíonn an t‑údarás cánach nach bhfuil aon sárú ann ar Airteagal 110 CFAE i gcás nach sáraíonn méid na cánach a ghearrtar ar ligean isteach feithicle athláimhe ar chríoch na Portaingéile a thagann ó Bhallstát eile an méid iarmharach den cháin sin a chuimsítear i bpraghas feithiclí athláimhe comhchosúla arna gclárú cheana ar an gcríoch náisiúnta, arb é sin an cás le méid na cánach arna ghearradh i gcás na feithicle faoi cheist sna príomhimeachtaí.

18

Sna himthosca sin, chinn an Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) (an Chúirt um Eadráin Chánach (an Lárionad um Eadráin Riaracháin – CAAD) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnas le haghaidh réamhrialú:

‘An gcuirtear cosc le hAirteagal 110 CFAE ar riail dlí náisiúnta — a leagtar síos in Airteagal 8(1)(d) [den Chód Cánach Feithicle] — lena bhforáiltear nach n‑íocann feithiclí paisinéirí éadroma a chomhlíonann critéir áirithe chomhshaoil ach 25% [den cháin], teacht i bhfeidhm agus a bheith curtha i bhfeidhm – sa leagan atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, níos sriantaí ná an leagan a bhí i bhfeidhm go dtí sin – d’fheithiclí náisiúnta nua agus d’fheithiclí athláimhe ó Bhallstáit eile den Aontas Eorpach a cláraíodh den chéad uair sa Phortaingéil ón dáta sin, lena dtugtar cóir chomhionann cánach do na feithiclí sin, ach a fhágann gur féidir a mheas go bhfuil cás éagothrom ann idir feithiclí athláimhe a bhfuil an fad úsáide céanna acu, a chomhlíonann critéir chomhshaoil na reachtaíochta a bhí ann roimhe sin nach bhfuil chomh dian céanna, ach ní critéir an dlí nua, ag brath ar cibé (a) ar cuireadh ar an margadh agus ar cláraíodh iad sa Phortaingéil ar dtús roimh dháta theacht i bhfeidhm an leagain nua, agus sa chás sin ní bheidh ach 25 % den cháin i bhfeidhm acu, ar féidir an méid sin a thuiscint ós rud é gur gnách é a bheith léirithe ina bpraghas díola mar fheithiclí athláimhe, nó (b) ar cláraíodh iad i mBallstát eile ar dháta ar a raibh an leagan roimhe sin i bhfeidhm agus go scaoiltear iad lena gcaitheamh sa Phortaingéil tar éis an dáta sin, agus sa chás sin tá 100% de mhéid na cánach orthu?’

Breithniú ar an gceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

19

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, cé acu an gcaithfear Airteagal 110 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis, ar an dáta a scaoiltear feithicil lena tomhailt i mBallstát, ar feithicil í a cláraíodh den chéad uair i mBallstát eile, ar cháin ar fheithiclí a bheith ríofa i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ar an dáta sin, cé go raibh leagan roimhe sin den reachtaíocht a bhaineann leis an gcáin seo, as a dtiocfadh cáin níos ísle a chur i bhfeidhm agus as a bhféadfadh feithiclí comhchosúla a bhfuil na saintréithe céanna acu ach a cláraíodh den chéad uair sa chéad Bhallstát, i bhfeidhm tráth chéadchláraithe na feithicle sin.

20

Ní mór a thabhairt chun cuimhne ag an tús, cé is moite d’eisceachtaí áirithe nach bhfuil ábhartha i leith an cháis seo, níor comhchuibhíodh cánachas ar mhótarfheithiclí ar leibhéal an Aontais. Tá na Ballstáit saor dá bhrí a gcumhachtaí cánachais a fheidhmiú sa réimse sin ar chuntar go ndéanann siad a leithéid i gcomhréir le dlí an Aontais (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2017, an Coimisiún v Éire (Cáin chláraithe), C‑552/15, EU:C:2017:698, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).

21

Thairis sin, de réir chásdlí socair na Cúirte, ní hionann cáin ar mhótarfheithiclí arna gearradh ag Ballstát ar chlárú feithiclí den sórt sin d’fhonn iad a chur i gcúrsaíocht ar a chríoch agus dleacht chustaim ná tobhach comhéifeachta le dleacht chustaim de réir bhrí Airteagal 28 CFAE agus Airteagal 30 CFAE. Ní féidir cáin den sórt sin a mheas i bhfianaise Airteagal 34 CFAE ach oiread, lena dtoirmeasctar srianta cainníochtúla ar allmhairí agus bearta comhéifeachta le srianta den sórt sin. Is ionann cáin amhail an cháin faoi cheist sna príomhimeachtaí agus tobhach inmheánach agus ní mór dá bhrí sin í a scrúdú i bhfianaise Airteagal 110 CFAE (breithiúnais an 7 Aibreán 2011, Tatu, C‑402/09, EU:C:2011:219, míreanna 32 agus 33, agus an 17 Nollaig 2015, Viamar, C‑402/14, EU:C:2015:830, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

22

Is é is aidhm Airteagal 110 CFAE saorghluaiseacht earraí idir na Ballstáit a áirithiú i ngnáthdhálaí iomaíochta. Tá an fhoráil sin beartaithe chun gach foirm de chosaint a bhféadfadh eascairt as chur i bhfeidhm cánachais inmheánaigh a scriosadh, go háirithe cosaintí lena ndéantar idirdhealú i gcoinne earraí ó Bhallstáit eile (breithiúnas an 14 Aibreán 2015, Manea, C‑76/14, EU:C:2015:216, mír 28). Sáraítear an tAirteagal sin nuair a ríomhtar an cháin a ghearrtar ar an earra arna allmhairiú agus an ceann a ghearrtar ar an earra comhchosúil inmheánach ar bhealach difriúil ar bhonn critéir dhifriúla a fhágann, fiú i gcásanna ar leith, go bhforchuirtear cánachas níos airde ar an earra arna allmhairiú (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Phortaingéil(Cáin feithicle), C‑169/20, EU:C:2021:679, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

23

Go sonrach, maidir le cánachas ar mhótarfheithiclí athláimhe arna n‑allmhairiú, tá sé mar aidhm ag Airteagal 110 CFAE a áirithiú go bhfuil cánachas inmheánach go hiomlán neodrach maidir le hiomaíocht idir earraí atá cheana féin ar an margadh inmheánach agus earraí arna n‑allmhairiú, agus ceanglaítear leis dá bhrí sin ar gach Ballstát cánacha ar mhótarfheithiclí a roghnú agus a choigeartú sa chaoi nach bhfuil d’éifeacht acu buntáiste a thabhairt do dhíol feithiclí athláimhe inmheánacha agus leis sin allmhairiú feithiclí athláimhe comhchosúla a dhíspreagadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2011, Tatu, C‑402/09, EU:C:2011:219, mír 56, agus ordú an 17 Aibreán 2018, dos Santos, C‑640/17, EU:C:2018:275, mír 17).

24

Is ionann mótarfheithiclí atá ar an margadh i mBallstát agus earraí inmheánacha an Stáit sin de réir bhrí Airteagal 110 CFAE. I gcás go gcuirtear na hearraí sin ar an margadh le haghaidh feithiclí athláimhe sa Bhallstát sin, ní mór iad a mheas mar bheith comhchosúil le feithiclí athláimhe den chineál céanna arna n‑allmhairiú, agus leis na saintréithe agus caitheamh céanna. Is earraí in iomaíocht iad feithiclí athláimhe arna gceannach ar mhargadh an Bhallstáit sin agus iad siúd arna gceannach i mBallstáit eile d’fhonn iad a allmhairiú agus a chur i gcúrsaíocht sa chéad Stát sin (breithiúnas an 7 Aibreán 2011, Tatu, C‑402/09, EU:C:2011:219, mír 55, agus ordú an 17 Aibreán 2018, dos Santos, C‑640/17, EU:C:2018:275, mír 16).

25

Dá bhrí sin, tá sárú ar Airteagal 110 CFAE ann i gcás go sáraíonn méid na cánach a ghearrtar ar fheithicil athláimhe a thagann ó Bhallstát eile méid iarmharach na cánach sin a chuimsítear i luach feithiclí athláimhe comhchosúla arna gclárú cheana sa chríoch náisiúnta. Is dóchúil go dtabharfaí buntáiste le cás den sórt sin do dhíol feithiclí athláimhe, agus go ndíspreagfaí leis sin allmhairiú feithiclí athláimhe comhchosúla (breithiúnas an 19 Nollaig 2013, X, C‑437/12, EU:C:2013:857, míreanna 31 agus 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Sa chás seo, is léir ón bhfaisnéis os comhair na Cúirte, sa chéad áit, gur cáin tomhaltais í an cháin a ghearrtar, inter alia, ar aon fheithicil atá faoi réir ceanglas clárúcháin sa Phortaingéil agus go bhfuil sí inmhuirearaithe tráth a scaoiltear feithicil den sórt sin lena tomhailt ann. Tá feidhm ag an gcáin sin dá bhrí sin i leith feithiclí nua agus feithiclí athláimhe arna n‑allmhairiú, ós rud nach ngearrtar ach uair amháin í, nuair a scaoiltear feithicil ar leith lena tomhailt ar chríoch na Portaingéile.

27

Sa dara háit, míníonn an chúirt a rinne an tarchur gur leasaíodh Airteagal 8 den Chód Cánach Feithicle i ndiaidh an dáta a cláraíodh an fheithicil faoi cheist sna príomhimeachtaí sa Ghearmáin den chéad uair ach sular scaoileadh lena tomhailt í sa Phortaingéil. Bhí an leasú sin beartaithe chun na coinníollacha a raibh le comhlíonadh chun go mbainfeadh feithicil sochar as cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe de 25 % ar an gcáin a dhéanamh níos déine.

28

Mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú, faoin scéim a raibh infheidhme sa Phortaingéil de bhun Airteagal 8(1)(d) den Chód Cánach Feithicle, sa leagan a eascraíonn as Dlí Uimh. 82-D/2014, ar an dáta a cláraíodh an fheithicil faoi cheist sna príomhimeachtaí den chéad uair sa Ghearmáin, bhí feithicil den sórt sin i dteideal sochar a bhaint as cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe de 25 % den cháin. Ar an taobh eile, ar an dáta a scaoileadh lena tomhailt í sa Phortaingéil, níor chomhlíon an fheithicil sin na coinníollacha arna leagan síos le haghaidh teidlíochta i leith ráta laghdaithe den sórt sin faoi scéim dá bhforáiltear in Airteagal 8(1)(d) den Chód Cánach Feithicle, sa leagan a eascraíonn as Dlí Uimh. 75-B/2020.

29

Is léir uaidh sin, gur féidir feithiclí athláimhe den chineál céanna, agus leis na saintréithe agus caitheamh chéanna, atá dá bhrí sin earraí comhchosúla chun críocha an chásdlí dá dtagraítear i mír 24 thuas, a chur faoi réir na cánach ag ráta difriúil ag brath ar cé acu ar scaoileadh lena dtomhailt sa Phortaingéil roimh nó i ndiaidh an leasaithe reachtaigh ar a ndéantar cur síos i míreanna 27 agus 28 thuas.

30

Sa chomhthéacs sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a dhéanamh amach, tráth a scaoiltear feithicle athláimhe ó Bhallstát eile lena tomhailt sa Phortaingéil, nach gciallaíonn cur chun feidhme na reachtaíochta cánach go sáraíonn an cháin a fhorchuirtear ar an bhfeithicil athláimhe sin méid iarmharach na cánach a chuimsítear i luach feithiclí athláimhe comhchosúla arna gclárú cheana ar an gcríoch náisiúnta agus nach dóchúil dá bhrí sin go dtabharfar buntáiste do dhíol feithiclí athláimhe náisiúnta agus go ndíspreagfar allmhairiú feithiclí athláimhe comhchosúla, chun críocha an chásdlí dá dtagraítear i mír 25 thuas.

31

Sa chéad áit, beidh ar an gcúirt sin an fíoras go ngearrtar an cháin ag an ráta iomlán ar allmhairiú agus scaoileadh lena tomhailt feithicle den sórt sin a thagann ó Bhallstát eile a chur san áireamh, fiú i gcás gur chomhlíon an fheithicil sin na coinníollacha le haghaidh chur i bhfeidhm an ráta laghdaithe de 25 % den cháin sin nuair a cláraíodh den chéad uair í sa Bhallstát eile sin. In éineacht leis sin, beidh uirthi an fíoras nach mór do cheannaitheoir feithicle athláimhe comhchosúla, atá ann cheana ar mhargadh na Portaingéile, ach amháin méid na cánach iarmharaí a chuimsítear i luach margadh na feithicle a cheannaíonn sé a íoc, a chur san áireamh, agus tá luach na cánach sin nasctha, thairis sin, le ráta laghdaithe den sórt sin arna íoc tráth a scaoiltear an fheithicil sin lena tomhailt i dtosach.

32

Chuige sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne gur leag an Chúirt síos nach féidir leis na Ballstáit cánacha nua a thabhairt isteach ná athruithe a dhéanamh ar chánacha atá ann cheana a bhfuil de chuspóir nó d’éifeacht leo díol earraí arna n‑allmhairiú a dhíspreagadh chun leas díola earraí comhchosúla atá ar fáil sa mhargadh inmheánach a cuireadh ar an margadh sular tháinig na cánacha nó athruithe sin i bhfeidhm (breithiúnas an 19 Nollaig 2013, X, C‑437/12, EU:C:2013:857, mír 35).

33

Sa dara háit, is léir ó na míniúcháin arna dtabhairt ag an gcúirt a rinne an tarchur gur leasaíodh na rialacha mionsonraithe chun an cháin a ríomh de réir a chéile trí roinnt athchóirithe reachtacha, sa chaoi go gcuirtear san áireamh anois leis an gcuid chomhshaoil den cháin sin an dímheas a eascraíonn as an tréimhse a úsáidtear feithiclí athláimhe arna n‑allmhairiú isteach sa Phortaingéil.

34

Mar sin féin, faoi réir na seiceálacha atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní chosúil gur féidir le hathchóirithe reachtacha den sórt sin a áirithiú, iontu féin, cur i bhfeidhm na cánach atá i gcomhréir le hAirteagal 110 CFAE. Mar is léir, go bunúsach, ó mhír 31 thuas, cuimsítear i luach margaidh feithiclí atá comhchosúil le feithicil amhail an ceann faoi cheist sna príomhimeachtaí, a dhíoltar ar mhargadh na Portaingéile le haghaidh feithiclí athláimhe agus a bhain leas as cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe de 25 % den cháin tráth a scaoilte lena dtomhailt, méid iarmharach na cánach sin. Is trí thagairt don ráta ar a íocadh an cháin sin nach mór méid iarmharach den sórt sin a mheas.

35

I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear nach mór Airteagal 110 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis, ar an dáta a scaoiltear feithicil lena tomhailt i mBallstát, ar feithicil í a cláraíodh den chéad uair i mBallstát eile, ar cháin ar fheithiclí a ríomh de réir na rialacha is infheidhme ar an dáta sin, cé go raibh leagan roimhe seo den reachtaíocht a bhaineann leis an gcáin seo, as a dtiocfadh cáin níos ísle a chur i bhfeidhm agus as a bhféadfadh feithiclí comhchosúla a bhfuil na saintréithe céanna acu ach a cláraíodh den chéad uair sa chéad Bhallstát, i bhfeidhm tráth chéadchláraithe na feithicle sin, más rud é, agus a mhéid, gur mó an méid cánach a thoibhítear ar an bhfeithicil allmhairithe chéanna ná méid luach iarmharach na cánach atá corpraithe sa luach feithiclí náisiúnta comhchosúla atá ar an margadh náisiúnta feithiclí úsáidte.

Costais

36

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an tOchtú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 110 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis, ar an dáta a scaoiltear feithicil a cláraíodh den chéad uair i mBallstát eile chun a tomhailte i mBallstát eile, ar cháin ar fheithiclí a ríomh de réir na rialacha is infheidhme ar an dáta sin, cé go raibh leagan roimhe seo de na rialacháin a bhaineann leis an gcáin seo, as a dtiocfadh cáin níos ísle a chur i bhfeidhm agus as a bhféadfadh feithiclí comhchosúla a bhfuil na saintréithe céanna acu ach a cláraíodh den chéad uair sa chéad Bhallstát, i bhfeidhm tráth chéadchláraithe na feithicle sin, más rud é, agus a mhéid, gur mó an méid cánach a thoibhítear ar an bhfeithicil allmhairithe chéanna ná méid luach iarmharach na cánach atá corpraithe sa luach feithiclí náisiúnta comhchosúla atá ar an margadh náisiúnta feithiclí úsáidte.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Phortaingéilis.