Cás C‑118/22

Nordic Info BV

v

Belgische Staat

(iarraidh ar réamhrialú
ó Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel)

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 5 Nollaig 2023

(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2004/38/CE – Airteagail 27 agus 29 – Bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais ar fhorais na sláinte poiblí – Bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chosc ar imeacht ón gcríoch náisiúnta chun dul ar thurais neamhriachtanacha go Ballstáit a aicmítear mar limistéir ardriosca i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus don oibleagáid atá ar gach taistealaí a thagann isteach sa chríoch náisiúnta ó cheann de na Ballstáit sin tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín – Cód Teorainneacha Schengen – Airteagal 23 – Feidhmiú cumhachtaí póilíneachta i ndáil leis an tsláinte phoiblí – Comhionannas le feidhmiú seiceálacha teorann – Airteagal 25 – An fhéidearthacht rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 – Rialú arna dhéanamh i mBallstát i gcomhthéacs bearta is cosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha ar mhaithe le dul ar thurais neamhriachtanacha ó Bhallstáit limistéir Schengen a aicmítear mar limistéir ardriosca i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 nó chuig na Ballstáit sin)

  1. Saoránacht an Aontais Eorpaigh – An ceart gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Treoir 2004/38 – Srian ar an gceart chun dul isteach agus an ceart cónaithe ar fhorais na sláinte poiblí – Coincheap galair a bhfuil baol eipidéime ag gabháil leis mar a shainítear in ionstraimí ábhartha EDS agus galar gabhálach, seadánach nó tógálach eile – COVID-19 – Cuimsiú – Coinníollacha – Galar lena mbaineann sraith beart cosanta i ndáil le náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann – Bearta arna nglacadh chun críoch neamh-eacnamaíocha – Fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur

    (Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2004/38, Airteagail 27(1) agus 29(1))

    (féach míreanna 52-54)

  2. Saoránacht an Aontais Eorpaigh – An ceart gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Treoir 2004/38 – Srian ar an gceart chun dul isteach agus an ceart cónaithe ar fhorais na sláinte poiblí – Raon feidhme – Bearta a chuimsiú lena gcuirtear srian ar an gceart imeachta freisin – An coincheap srianta ar shaorghluaiseacht – Cosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha – Oibleagáid ar thaistealaithe atá ag dul isteach i gcríoch Bhallstáit tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín – Cuimsiú

    (Airteagail 20 agus 21 CFAE; Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2004/38, Airteagail 4, 5, 27(1) agus 29(1))

    (féach míreanna 55, 56, 58, 59)

  3. Saoránacht an Aontais Eorpaigh – An ceart gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Treoir 2004/38 – An ceart imeachta agus chun dul isteach – Raon feidhme – Saoránach ar náisiúnach Ballstáit é ar mian leis imeacht ó chríoch an Bhallstáit sin chun taisteal chuig Ballstát eile – Saoránach ar náisiúnach Ballstáit é ar mian leis dul isteach i gcríoch Ballstáit eile – Cuimsiú

    (Airteagail 20 agus 21 CFAE; Treoir 2004/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 4(1))

    (féach mír 60)

  4. Saoránacht an Aontais Eorpaigh – An ceart gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Treoir 2004/38 – Srian ar an gceart chun dul isteach agus an ceart cónaithe ar fhorais na sláinte poiblí – Comhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 – Bearta sriantacha arna bhforchur ar shaoránaigh an Aontais a thaistealaíonn, ar chúiseanna neamhriachtanacha, ó Bhallstát chuig Ballstát eile a aicmítear mar limistéar ardriosca nó óna leithéid de Bhallstát – Reachtaíocht náisiúnta a bhfuil raon feidhme ginearálta aici lena bhforchuirtear a leithéid de bhearta – Inghlacthacht – Coinníollacha – Comhlíonadh na gcoinníollacha agus na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 30 go 32 den Treoir sin, na gceart agus na bprionsabal a chumhdaítear sa Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha agus phrionsabal na comhréireachta

    (Treoir 2004/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 27(1), 29(1) agus 30 go 32)

    (féach míreanna 62, 69 go 76, 98, an chuid oibríochtúil 1)

  5. Saoránacht an Aontais Eorpaigh – An ceart gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Treoir 2004/38 – Srian ar an gceart chun dul isteach agus an ceart cónaithe ar fhorais na sláinte poiblí – Comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta – Raon feidhme – Bearta atá iomchuí chun cuspóir na sláinte poiblí a chosaint a bhaint amach, atá teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus nach bhfuil díréireach leis an gcuspóir sin – Fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur

    (Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2004/38, Airteagail 31(1) agus (3))

    (Féach míreanna 77, 81 go 84, 87, 90 go 97)

  6. Seiceálacha ag teorainneacha, tearmann agus inimirce – Cód an Aontais maidir le gluaiseacht thar theorainneacha – Díothú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha – Comhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha inmheánacha chun turais neamhriachtanacha a dhéanamh ó Stáit de limistéar Schengen atá aicmithe mar limistéir ardriosca nó chucu – Seiceálacha lena bhféachtar leis an reachtaíocht sin a chomhlíonadh laistigh den chríoch náisiúnta – An gá le seiceálacha a dhéanamh agus cumhachtaí póilíneachta á bhfeidhmiú ar gá nach bhfuil an éifeacht chéanna acu agus éifeacht seiceálacha ag teorainneacha – Seiceálacha lena bhféachtar leis an reachtaíocht sin a chomhlíonadh ag teorainneacha inmheánacha – An gá leis na coinníollacha a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagail 25 go 28 den Chód sin

    (Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2016/399, Airteagail 22, 23 agus 25)

    (féach míreanna 104, 105, 109, 123, 128, 129, an chuid oibríochtúil 2)

  7. Seiceálacha ag teorainneacha, tearmann agus inimirce – Cód an Aontais maidir le gluaiseacht thar theorainneacha – Díothú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha – Seiceálacha laistigh den chríoch – An gá le seiceálacha a dhéanamh agus cumhachtaí póilíneachta á bhfeidhmiú ar gá go bhfuil an éifeacht chéanna acu agus éifeacht seiceálacha ag teorainneacha – Measúnú a dhéanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur ar na tásca dá dtagraítear sa dara habairt (i) go (iv) d’Airteagal 23(a) den Chód sin

    [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2016/399, Airteagal 23(a)]

    (féach míreanna 111 go 113, 117 go 122)

  8. Seiceálacha ag teorainneacha, tearmann agus inimirce – Cód an Aontais maidir le gluaiseacht thar theorainneacha – Díothú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha – Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach – Raon feidhme – An coincheap baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach – Bagairt sláinte arna cruthú ag paindéim COVID-19 – Cuimsiú

    [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2016/399, Airteagal 25]

    (féach míreanna 125-127)

Résumé

I gcomhthéacs phaindéim COVID-19, cuireadh cosc le foraithne aireachta Bheilgeach in Iúil 2020 ar thurais neamhriachtanacha idir an Bheilg agus tíortha an Aontais Eorpaigh, tíortha limistéar Schengen agus an Ríocht Aontaithe, a mhéid a aicmítear na tíortha sin mar limistéir ardriosca (“limistéir dhearga”), i bhfianaise a staide eipidéimeolaíche agus leibhéal na mbeart sláintíochta sriantach arna nglacadh ag a n‑údaráis. Thairis sin, foráladh le reachtaíocht na Beilge don oibleagáid, atá ar gach taistealaí atá ag dul isteach sa chríoch náisiúnta ó cheann de na tíortha sin, tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín.

Le linn na tréimhse sin, rinne údaráis na Beilge seiceálacha chun a fhíorú go raibh na bearta sin á gcomhlíonadh.

Ón 12 go dtí an 15 Iúil 2020, bhí an tSualainn ar na tíortha a aicmíodh mar limistéir ardriosca. Chuir Nordic Info BV, ar gníomhaireacht taistil é a dhéanann sainchúram de thaisteal go dtí Críoch Lochlann agus uaithi, a gcuid turas go léir ar ceal a bhí eagraithe aige ón mBeilg go dtí an tSualainn le linn an tsamhraidh chun déanamh de réir reachtaíocht na Beilge.

Ansin, thug an ghníomhaireacht sin caingean os comhair Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime labhartha na hOllainnise, an Bhruiséil, an Bheilg), arb í an chúirt a rinne an tarchur, ar mhaithe le cúiteamh a iarraidh as an damáiste a dhearbhaigh sé gur bhain dó mar gheall ar earráidí arna ndéanamh ag Stát na Beilge, mar a líomhnaíodh, agus an reachtaíocht i gceist á dréachtú aige.

Lena tarchur chun réamhrialú, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt, ar an gcéad dul síos, an bhfuil nó nach bhfuil a leithéid de reachtaíocht ghinearálta Bhallstáit i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/38, ( 1 ) lena rialaítear na bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí. ( 2 ) Ar an dara dul síos, fiafraíonn sí den Chúirt an bhfuil nó nach bhfuil an cosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha inmheánacha an Bhallstáit sin chun dul ar thurais neamhriachtanacha ó thíortha limistéar Schengen a aicmítear mar limistéir ardriosca nó chucu i gcomhréir leis na hAirteagail de Chód Teorainneacha Schengen ( 3 ) lena bhforáiltear nach ndéanfar rialú ag teorainneacha inmheánacha, maidir lena n‑athbhunú féideartha ar bhonn sealadach agus maidir le feidhmiú cumhachtaí póilíneachta. ( 4 )

Lena breithiúnas, tugann an Chúirt freagraí dearfacha ar an dá cheist sin, agus shoiléirigh sí na coinníollacha lena mbaineann a leithéid de reachtaíocht náisiúnta.

Measúnú na Cúirte

Maidir le dleathacht na mbeart arna n‑achtú ag Ballstát i gcomhthéacs paindéime, ar bearta iad lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht, i bhfianaise Threoir 2004/38, dearbhaíonn an Chúirt nach mór na coinníollacha agus na coimircí uile dá dtagraítear in Airteagail 30 go 32 den Treoir sin, na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh leis an reachtaíocht náisiúnta.

I ndáil leis sin, sonraíonn an Chúirt, sa chéad áit, bíodh is go bhfuil siad faoi chaibidil de Threoir 2004/38 dar teideal “Srian ar an gceart chun dul isteach agus an ceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí”, déantar tagairt shainráite le hAirteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38 do “shaorghluaiseacht”, cé go gcumhdaítear iontu an dá chuid den tsaoirse sin, eadhon an ceart chun dul isteach agus an ceart imeachta, de bharr go dtugtar cead leo do na Ballstáit bearta a ghlacadh lena gcuirtear srian ar an dá cheart sin ar fhorais na sláinte poiblí. Maidir leis na bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht a fhéadfaidh Ballstát a ghlacadh ar fhorais sláinte poiblí faoi na forálacha sin, d’fhéadfadh sé go n‑áireofaí leo ní hamháin cosc ar chríoch Bhallstáit a fhágáil chun taisteal neamhriachtanach a dhéanamh, amhail sa chás seo, ach d’oibleagáid ar thaistealaithe a thagann isteach sa chríoch sin tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín chomh maith.

Sa dara háit, ní chuirtear cosc le ceachtar den dá fhoráil sin ar achtú a leithéide de bhearta sriantacha i bhfoirm gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige maidir le gach duine atá i gcás dá dtagraítear leis an ngníomh sin gan idirdhealú. Cuirtear treise lena leithéid de léiriú toisc go bhféadfaidh galair – eadhon galair ghabhálacha, sheadánacha nó thógálacha eile amhail COVID-19 – a d’fhéadfadh a bheith ina n‑údar le bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht mar gheall ar a saintréithe féin, dul i gcion ar phobail iomlána, beag beann ar iompar na ndaoine a chumhdaítear iad.

Sa tríú háit, tugann an Chúirt dá haire, in ainneoin a bhfoclaíocht, atá ceaptha prima facie i gcomhair cinntí aonair, nach mór na coinníollacha agus na coimircí go léir atá leagtha síos in Airteagail 30 go 32 de Threoir 2004/38 a chomhlíonadh chomh maith i gcás ina nglactar bearta sriantacha i bhfoirm gníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta acu. Dá bhrí sin, de réir Airteagal 30(1) agus (2) den Treoir sin, tá aon ghníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige lena leagtar síos bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí le cur in iúl don phobal i gcomhthéacs foilseachán oifigiúil ag an mBallstát a ghlacann é agus trí bhíthin clúdach oifigiúil leordhóthanach sna meáin ionas gur féidir ábhar agus éifeachtaí an bhirt sin a thuiscint, chomh maith le forais bheachta agus chuimsitheacha na sláinte poiblí a bhfuiltear ag brath orthu chun tacú leis an mbeart sin. Ina theannta sin, d’fhonn na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 30(3) agus in Airteagal 31 den Treoir sin a chomhlíonadh, ní mór an gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige a bheith inchurtha faoi chonspóid mar chuid de chaingean dlí agus, i gcás inarb iomchuí, mar chuid de chaingean riaracháin, ar caingean í nach mór an gnás feidhmithe de a chur in iúl don phobal. Ní mór prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos sa Chairt a urramú lena leithéid de bhearta sriantacha prionsabal chomh maith.

Sa cheathrú háit agus ag an deireadh ar fad, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31(1) agus (3) de Threoir 2004/38, ní mór gach beart arna achtú ar fhorais na sláinte poiblí lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht a bheith comhréireach i bhfianaise an chuspóra um chosaint na sláinte poiblí arna shaothrú, agus go bhfuil beart den sórt sin le measúnú agus comhréireacht a leithéide de bheart agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh chomh maith. Ceanglaítear go sonrach le ceanglas na comhréireachta a fhíorú an bhfuil bearta amhail na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar an gcéad dul síos, iomchuí chun cuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú a bhaint amach, eadhon an tsláinte phoiblí a chosaint, ar an dara dul síos, go bhfuil na bearta sin teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis, sa mhéid nach bhféadfaí an cuspóir sin a bhaint amach go réasúnach ar dhóigh eile a bheadh chomh héifeachtach céanna nach ndéanfaí an dochar céanna léi do na cearta agus do na saoirsí a ráthaítear do na daoine lena mbaineann, agus, ar an tríú dul síos, nach bhfuil siad díréireach leis an gcuspóir sin, rud óna dtugtar le tuiscint, inter alia, nach mór machnamh ar an tábhacht a bhaineann leis agus ar a thromchúisí agus atá an cur isteach ar na cearta agus na saoirsí sin.

Maidir le seiceálacha atá beartaithe chun comhlíonadh na reachtaíochta atá i gceist a áirithiú, measann an Chúirt nach féidir a leithéid de sheiceálacha a dhéanamh laistigh den chríoch náisiúnta ach amháin má thagann siad faoi fheidhmiú chumhachtaí na bpóilíní de réir bhrí Airteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen. I gcás ina ndéantar na seiceálacha sin go díreach ag teorainneacha inmheánacha, is gá don Bhallstát na coinníollacha go léir a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagail 25 go 28 den Chód sin chun rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, agus é sonraithe go bhfuil an baol a bhaineann lena leithéid de phaindéim ag freagairt do bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, de réir bhrí Airteagal 25(1) den Chód sin.

Maidir le hAirteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen, sa chéad áit, meabhraíonn an Chúirt go ráthaítear leis an bhforáil sin an ceart do na Ballstáit seiceálacha a dhéanamh, laistigh den chríoch náisiúnta, lena n‑áirítear i limistéir teorann, a bhfuil bonn cirt leo trí chumhachtaí na bpóilíní a fheidhmiú, ar choinníoll nach bhfuil an éifeacht chéanna ag an bhfeidhmiú sin le seiceáil teorann, agus gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é sin a fhíorú.

Chuige sin, tugann an dara habairt d’Airteagal 23(a)(i) go (iv) den Chód sin tásca do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na gcumhachtaí póilíneachta sin.

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir leis an tásc atá sa dara habairt d’Airteagal 23(a)(i) den Chód sin, ní mór na cuspóirí a shaothraítear leis na seiceálacha a bheith éagsúil leis na cuspóirí a shaothraítear le seiceálacha teorann, eadhon iad siúd chun a áirithiú go bhféadfar údarú iontrála i gcríoch an Bhallstáit nó údarú imeacht uaithi a thabhairt do dhaoine. Measann an Chúirt gur cosúil gurb amhlaidh atá sa chás seo, a mhéid arbh é príomhchuspóir an rialuithe lena bhféachtar le háirithiú go bhfuil reachtaíocht na Beilge i gceist á comhlíonadh srian a chur le leathadh COVID-19 laistigh de phobal na Beilge mar ábhar práinne.

Ar an dara dul síos, maidir leis an tásc in Airteagal 23(a), an dara habairt, (ii) de Chód Teorainneacha Schengen, is leor go ndearnadh an rialú a chinneadh agus a chur chun feidhme i bhfianaise cúinsí lena mbunaítear riosca mór tromchúiseach díobhála don tsláinte phoiblí agus ar bhonn an eolais ghinearálta a bhí ag na húdaráis faoi na limistéir isteach agus amach as an gcríoch náisiúnta trínar dócha go mbeadh líon mór taistealaithe a raibh an cosc sin dírithe orthu ar idirthuras.

Ar an tríú dul síos, maidir leis na tásca sa dara habairt d’Airteagal 23(a) (iii) agus (iv) de Chód Teorainneacha Schengen, ní mór iad a dhéanamh go randamach agus, uime sin, ar bhonn “spotseiceálacha” ar an gcéad dul síos, agus go gceaptar agus déantar iad ar bhealach ar léir é a bheith éagsúil leis na seiceálacha córasacha a dhéantar ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha an Aontais ar an dara dul síos. Ina leith sin, sonraíonn an Chúirt, i gcomhthéacs paindéim amhail COVID-19, go bhfuil corrlach lánroghnach áirithe ag na Ballstáit maidir le déine, minicíocht agus roghnaíocht an rialuithe.

Sa dara háit, más rud é gur ag teorainneacha inmheánacha a rinneadh na seiceálacha atá i gceist, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú ar chomhlíon Ríocht na Beilge nó nár chomhlíon na coinníollacha go léir a leagtar síos in Airteagal 25 go hAirteagal 28 de Chód Teorainneacha Schengen maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcás bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí agus/nó don tslándáil inmheánach. Sonraíonn an Chúirt gurb in‑aicmithe mar bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí agus/nó don slándáil inmheánach, de réir bhrí Airteagal 25(1) den Chód sin, í paindéim atá chomh mór sin le COVID-19, a mhéid a d’fhéadfadh sí difear a dhéanamh do leas bunúsach na sochaí, eadhon beatha na saoránach a áirithiú agus baint a bheith aici le marthanas cuid den phobail chomh maith, go háirithe na daoine is leochailí.


( 1 ) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, lch. 77, agus ceartúchán IO 2004 L 229, lch. 35).

( 2 ) Baineann sé le hAirteagail 27 agus 29 den Treoir sin go háirithe.

( 3 ) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2016 L 77, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 (IO 2016 L 327, lch. 1).

( 4 ) Is iad atá i gceist, go háirithe, ná Airteagail 22, 23 agus 25 den Chód sin.