Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)
13 Meitheamh 2024 (*)
(Mainneachtain stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Treoracha 2008/115/CE, 2013/32/AE agus 2013/33/AE – Nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú – Rochtain éifeachtach – Nós imeachta teorann – Ráthaíocht nós imeachta – Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Caingne arna dtionscnamh i gcoinne cinntí riaracháin lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – An ceart chun fanacht ar an gcríoch – Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais lena gcinntear mainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh – Neamhfheidhmíocht – Airteagal 260(2) CFAE – Pionós airgid – Comhréireacht agus díspreagadh – Cnapshuim – Íocaíocht phionósach thréimhsiúil)
I gCás C‑123/22,
CAINGEAN mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 260(2) CFAE, arna tionscnamh an 21 Feabhra 2022,
an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann A. Azéma, L. Grønfeldt, A. Tokár agus J. Tomkin ionadaíocht ar dtús, agus A. Azéma, A. Tokár agus J. Tomkin ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,
iarratasóir,
v
an Ungáir, dá ndéanann M. Z. Fehér ionadaíocht, i gcáil Gníomhaire,
cosantóir,
tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: C. Lycourgos (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, O. Spineanu-Matei, J.-C Bonichot, S. Rodin agus L. S. Rossi, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,
Cláraitheoir: R. Şereș, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 30 Samhain 2023,
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
1 Trína chaingean, iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt Bhreithiúnais:
– a dhearbhú gur theip ar an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 260(1) CFAE trí mhainneachtain na bearta uile is gá a ghlacadh chun an méid a leagtar síos i mbreithiúnas an 17 Nollaig, an Coimisiún v an Ungáir (Glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta) (C‑808/18, ‘breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir’, EU:C:2020:1029), a fhorfheidhmiú;
– a ordú don Ungáir cnapshuim laethúil de EUR 5,468.45 a íoc leis an gCoimisiún, d’íosmhéid iomlán de EUR 1,044,000.00, don tréimhse idir an lá a thug an Chúirt a breithiúnas in 2020 an Coimisiún v an Ungáir agus an lá a chomhlíonfaidh an cosantóir an méid a leagtar síos sa bhreithiúnas sin nó an lá a thabharfar an breithiúnas sa chás seo, cibé acu is luaithe;
– a ordú don Ungáir íocaíocht phionósach laethúil EUR 16 393.16 a íoc leis an gCoimisiún don tréimhse ó dháta seachadta an bhreithiúnais seo go dtí an dáta a gcomhlíontar an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir; agus
– a ordú don Ungáir na costais a íoc.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2008/115/CE
2 Foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98):
‘Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a) leas an linbh;
(b) an saol teaghlaigh;
(c) sláinte an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann,
agus urraim a thabhairt do phrionsabal an non‑refoulement.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
3 Foráiltear le hAirteagal 6(1) den treoir sin:
‘Eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh d’aon náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, gan dochar do na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 2 go mír 5.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
4 De bhun Airteagal 12(1) den treoir sin:
‘Déanfar cinntí um fhilleadh agus, má eisítear iad, cinntí um thoirmeasc ar dhul isteach agus cinntí um aistriú a eisiúint i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna maidir le fíoras agus dlí iontu chomh maith le faisnéis faoi leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil.
D’fhéadfadh an fhaisnéis faoi chúiseanna i dtaca le fíoras a bheith teoranta i gcás ina gceadaítear, de réir an dlí náisiúnta, an ceart chun faisnéise a shrianadh, go háirithe d’fhonn an tslándáil náisiúnta, an chosaint agus an tslándáil phoiblí a chosaint agus d’fhonn cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
5 Faoi Airteagal 13(1) den treoir chéanna:
‘Tabharfar leigheas éifeachtach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le filleadh nó chun athbhreithniú a lorg ar chinntí den sórt sin, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), os comhair údarás inniúil breithiúnach nó riaracháin nó comhlacht inniúil a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí atá neamhchlaonta agus a bhfuil coimircí neamhspleáchais acu.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Treoir 2013/32/AE
6 Foráiltear le hAirteagal 6 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60):
‘1. Nuair a dhéanann duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chuig údarás atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun iarratais den sórt sin a chlárú, déanfar an clárú tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis don iarratas a bheith déanta.
Má dhéantar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chuig údaráis eile ar dóigh dóibh iarratais den sórt sin a fháil, ach nach bhfuil inniúil maidir leis an gclárú faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an clárú tráth nach déanaí ná sé lá oibre tar éis an t‑iarratas a bheith déanta.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis ábhartha ag na húdaráis eile sin ar dócha go bhfaighidh siad iarratais ar chosaint idirnáisiúnta amhail na póilíní, na gardaí teorann, na húdaráis inimirce agus pearsanra na saoráidí coinneála agus go bhfaighidh a bpearsanra an leibhéal oiliúna is gá agus is iomchuí dá gcúraimí agus dá bhfreagrachtaí agus treoracha chun iarratasóirí a chur ar an eolas maidir le cén áit agus conas is féidir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deis éifeachtach ag duine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, é a thaisceadh a luaithe is féidir. I gcás nach ndéanfaidh an t‑iarratasóir a iarratas nó a hiarratas a thaisceadh, féadfaidh na Ballstáit Airteagal 28 a chur i bhfeidhm dá réir sin.
3. Gan dochar do mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh go pearsanta agus/nó in áit ainmnithe.
4. D’ainneoin mhír 3, measfar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith taiscthe a luaithe a bheidh foirm arna cur isteach ag an iarratasóir nó, i gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta, tuarascáil oifigiúil, sroichte ag údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.
5. I gcás ina mbeidh sé an‑deacair go praiticiúil an teorainn ama a leagtar síos i mír 1 a urramú de bharr iarratais chomhuaineacha ar chosaint idirnáisiúnta ó líon mór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfar an teorainn ama sin a shíneadh go 10 lá oibre.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7 De réir Airteagal 24(3) den treoir chéanna:
‘Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil iarratasóirí sainaitheanta mar iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu, go dtabharfar tacaíocht iomchuí dóibh a chuirfidh ar a gcumas tairbhe a bhaint as na cearta agus oibleagáidí na Treorach seo a chomhlíonadh ar feadh ré an nós imeachta tearmainn.
I gcás nach féidir tacaíocht leordhóthanach den sórt sin a chur ar fáil faoi chuimsiú na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31(8) agus in Airteagal 43, go háirithe i gcás ina measann Ballstáit go bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth ar an iarratasóir mar thoradh ar chéastóireacht, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiciúil nó gnéasach, ní chuirfidh na Ballstáit Airteagal 31(8) agus Airteagal 43 i bhfeidhm, nó scoirfidh siad dá gcur i bhfeidhm. I gcás ina gcuireann Ballstáit Airteagal 46(6) i bhfeidhm maidir le hiarratasóirí nach féidir Airteagal 31(8) agus Airteagal 43 a chur i bhfeidhm maidir leo de bhun na fomhíre seo, soláthróidh na Ballstáit ar a laghad na ráthaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 46(7).’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
8 Tá an fhoclaíocht mar a leanas in Airteagal 43 den treoir sin, dar teideal ‘Nósanna imeachta teorann’:
‘1. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta, i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II, chun cinneadh a dhéanamh ag criosanna teorann nó idirthurais an Bhallstáit maidir leis an méid seo a leanas:
(a) inghlacthacht iarratais, de bhun Airteagal 33, a dhéanfar ag láithreacha den sórt sin; agus/nó
(b) substaint iarratais i nós imeachta de bhun Airteagal 31(8).
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cinneadh faoi chuimsiú na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 1 laistigh de thréimhse réasúnach. Nuair nach mbeidh cinneadh déanta laistigh de cheithre seachtaine, deonófar cead don iarratasóir dul isteach ar chríoch an Bhallstáit chun a iarratas nó a hiarratas a phróiseáil i gcomhréir le forálacha eile na Treorach seo.
3. I gcás teacht isteach ina mbeidh líon mór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ag déanamh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn nó i gcrios idirthurais, rud a fhágfadh go mbeadh sé dodhéanta go praiticiúil forálacha mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfar na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm freisin i gcás agus chomh fada agus a chuirtear cóiríocht ar fáil do na náisiúnaigh tríú tír nó do na daoine sin gan stát de ghnáth ag láithreacha cóngarach don chrios teorann nó don chrios idirthurais.’
9 Foráiltear le hAirteagal 46(5) agus (6) den treoir chéanna:
‘(5) Gan dochar do mhír 6, ligfidh na Ballstáit d’iarratasóirí fanacht ar a chríoch go dtí go mbeidh an teorainn ama ar ceadaíodh dóibh a gceart ar leigheas éifeachtach a fháil a chleachtadh imithe in éag laistigh di agus, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin feidhmithe laistigh den teorainn ama, go dtí go dtiocfaidh toradh ar an leigheas.
6. I gcás cinnidh:
(a) lena meastar gur léir nach bhfuil aon bhunús leis an iarratas i gcomhréir le hAirteagal 32(2) nó go bhfuil sé gan bhunús tar éis é a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 31(8), ach amháin i gcásanna ina bhfuil na cinntí sin bunaithe ar na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 31(8)(h);
(b) lena meastar go bhfuil iarratas neamh-inghlactha de bhun Airteagal 33(2)(a), (b) nó (d);
(c) lena ndiúltaítear d’athoscailt chás an iarratasóra tar éis dó a bheith scortha de réir Airteagal 28; nó
(d) gan an t‑iarratas a scrúdú nó gan scrúdú iomlán a dhéanamh air de bhun Airteagal 39,
beidh an chumhacht ag cúirt nó ag binse a rialú cibé an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an t‑iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit, arna iarraidh sin don iarratasóir nó ag gníomhú di ex officio, má chuireann cinneadh den sórt sin deireadh le ceart an iarratasóra fanacht sa Bhallstát agus i gcásanna den sórt sin nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta don cheart chun fanacht sa Bhallstát ar feitheamh thoradh an leigheas.’
Dlí na hUngáire
An Dlí ar an gceart chun tearmainn
10 Foráiltear le mír 5(1) de menedékjogról szóló 2007. évi LXXX. törvény (Dlí Uimh. LXXX de 2007 maidir leis an gceart chun tearmainn) an 29 Meitheamh 2007 (Magyar Közlöny 2007/83; ‘an Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn’):
‘Beidh iarratasóir ar thearmann i dteideal:
(a) cónaí, de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa dlí seo, ar chríoch na hUngáire agus, i gcomhréir leis na rialacháin shonracha, cead a fháil chun cónaí ar chríoch na hUngáire;
…’
11 Tá na focail seo a leanas i mír 80/H den Dlí maidir le ceart chun tearmainn:
‘I gcás géarchéime de bharr oll-inimirce, tá forálacha Chaibidlí I go IV agus V/A go VIII le cur i bhfeidhm mar aon leis na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagail 80/I go 80/K.’
12 Foráiltear le fomhír 1 de mhír 80/J den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn:
‘Ní mór an t‑iarratas ar thearmann a thaisceadh go pearsanta leis an údarás inniúil, agus go heisiach sa chrios idirthurais, mura rud é go bhfuil an t‑iarratasóir ar thearmann:
(a) ina ábhar do bheart comhéigneach, do bheart nó do phionós trína gcuirtear srian ar a shaoirse phearsanta;
(b) ina ábhar do bheart coinneála arna ordú ag an údarás inniúil tearmainn;
(c) ag fanacht go dleathach san Ungáir agus nach bhfuil cóiríocht á lorg aige i lárionad fáiltithe.’
An dlí maidir le teorainneacha stáit
13 Foráiltear le mír 5 de az államhatárról szóló 2007. évi LXXXIX. törvény (Dlí Uimh. LXXXIX de 2007 maidir le teorainneacha Stáit), an 4 Iúil 2007 (Magyar Közlöny 2007/88; ‘an Dlí maidir le teorainneacha Stáit’):
‘(1) I gcomhréir leis an dlí reatha, is féidir, i gcríoch na hUngáire, úsáid a bhaint as stráice 60 méadar ó thaobh na teorann seachtraí a shainítear in Airteagal 2(2) de [Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2006 L). 105, lch. 1)], nó ó na comharthaí a thaispeánann an teorainn, chun saoráidí a thógáil, a bhunú nó a oibriú chun ord a choimeád ag an teorainn … agus chun cúraimí a bhaineann le cosaint agus slándáil náisiúnta, bainistiú tubaiste, faireachas teorann, rialú tearmainn agus imirce a chur i gcrích.
…
(1b) I gcás géarchéime de bharr oll-inimirce, féadfaidh na póilíní, ar chríoch na hUngáire, náisiúnaigh choigríche a fhanann go neamhdhleathach ar chríoch na hUngáire a ghabháil agus iad a thionlacan thar gheata na saoráide is gaire dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcás ina bhfuil amhras orthu go bhfuil cion déanta ag aige nó aici.
…’
Breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir
14 Sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir rialaigh an Chúirt gur mhainnigh an Ungáir a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 5, Airteagal 6(1), Airteagal 12(1) agus Airteagal 13(1) de Threoir 2008/115, Airteagal 6, Airteagal 24(3), Airteagal 43 agus Airteagal 46(5) de Threoir 2013/32 agus Airteagail 8, 9 agus 11 de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO 2013 L 180, lch. 96):
– trí fhoráil a dhéanamh nach bhféadfar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír nó ó dhaoine gan stát ar mian leo, a thagann ón tSeirbia, rochtain a fháil, ar a críoch, ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, ach amháin i gcriosanna idirthurais Röszke (an Ungáir) agus Tompa ( an Ungáir), agus cleachtas riaracháin comhsheasmhach agus ginearálaithe á ghlacadh aici lena gcuirtear srian mór ar líon na n‑iarratasóirí atá údaraithe dul isteach sna limistéir idirthurais sin ar bhonn laethúil;
– trí chóras a bhunú chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil go córasach i gcriosanna idirthurais Röszke agus Tompa, gan na ráthaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) agus in Airteagal 43 de Threoir 2013/32 agus in Airteagail 8, 9 agus 11 de Threoir 2013/33 a urramú;
– trí ligean do gach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch a aistriú, cé is moite díobh siúd a bhfuil amhras ann go ndearna siad cion coiriúil, gan na nósanna imeachta agus na coimircí a leagtar síos in Airteagal 5, Airteagal 6(1), Airteagal 12(1) agus Airteagal 13(1) de Threoir 2008/115 a urramú; agus
– tríd an bhfeidhmiú d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 46(5) de Threoir 2013/32 dá gceart chun fanacht ar a gcríoch faoi réir coinníollacha atá contrártha le dlí an Aontais.
Nós imeachta agus nós imeachta réamhdhlíthíochta os comhair na Cúirte
15 Le litir an 26 Eanáir 2021, d’iarr Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Imirce agus Gnóthaí Baile ar Rialtas na hUngáire é a chur ar an eolas faoi na bearta a glacadh chun an Breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorfheidhmiú go hiomlán.
16 An 26 Feabhra 2021, d’fhreagair Rialtas na hUngáire an litir sin, inar sonraíodh gur dúnadh criosanna idirthurais Röszke agus Tompa tar éis sheachadadh bhreithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság (C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367). Dar leis an Ungáir, bhí sí tar éis, dá bhrí sin, an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorfheidhmiú maidir le hiarrthóirí tearmainn a choinneáil.
17 Maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta agus le haistriú de náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach, mheas Rialtas na hUngáire, le linn dó an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorfheidhmiú, bhí ‘aincheist bhunreachtúil’ os a chomhair maidir le cur chun feidhme oibleagáidí na hUngáire faoi dhlí an Aontais. Mar thoradh air sin, an 25 Feabhra 2021, thionscain an rialtas sin caingean os comhair an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil, an Ungáir) ag iarraidh a chinneadh an bhféadfaí an Magyarország Alaptörvénye (Dlí Bunúsach na hUngáire) a léiriú ar bhealach a chiallaíonn go bhféadfaidh an Ungáir oibleagáid faoi dhlí an Aontais a chur chun feidhme, in éagmais éifeachtacht reachtaíochta an Aontais, a d’fhéadfadh bheith mar chúis le náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach san Ungáir cónaí ann ar feadh tréimhse éiginnte agus, mar sin, bheith ina bhall de facto dá dhaonra.
18 An 9 Meitheamh 2021, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Ungáir (‘an litir fógra fhoirmiúil’) ina raibh sé den tuairim nach raibh na bearta is gá déanta ag an mBallstát sin chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorfheidhmiú agus d’iarr sé ar an Stát sin a bharúlacha a thíolacadh de bhun Airteagal 260(2) CFAE laistigh de dhá mhí. Thagair an litir fógra fhoirmiúil do na ceithre shárú a sainaithníodh sa bhreithiúnas sin.
19 An 9 Lúnasa 2021, d’fhreagair Rialtas na hUngáire an litir fógra fhoirmiúil, inar shonraigh sí nach raibh sí in ann seasamh a ghlacadh maidir le hinfhorghníomhaitheacht an fhógra den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir go dtí go raibh na himeachtaí os comhair an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil), dá dtagraítear i mír 17 thuas, curtha i gcrích. D’iarr an rialtas sin ar an gCoimisiún leanúint d’imeachtaí forghníomhaithe i leith an bhreithiúnais 2020 an Coimisiún v an Ungáir faoi réir thabhairt chun críche na n‑imeachtaí thuasluaite os comhair an Alkotmánybíróság (Cúirt Bhunreachtúil), chun ‘a áirithiú go gcomhlíonfar an t‑idirphlé bunreachtúil’. Shonraigh Rialtas na hUngáire freisin, contrártha lena bhfuil á éileamh ag an gCoimisiún, agus é ag cur béime ar ‘thosaíocht gan srian’ de dhlí an Aontais, go raibh na rialacha bunreachtúla i réim ar an dlí sin.
20 An 7 Nollaig 2021, d’eisigh an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil) Cinneadh Uimh. 32/2021 (XII.20) inar chinn sí, ar an gcéad dul síos, fad is nár fheidhmigh an tAontas Eorpach inniúlacht chomhroinnte go héifeachtach, go bhféadfadh an Ungáir an inniúlacht sin a fheidhmiú, ar an dara dul síos, dá mba rud é gur sárú ar cheart chun céannachta na ndaoine a bhfuil cónaí orthu san Ungáir mar thoradh ar neamhdhóthanacht an Aontais Eorpaigh inniúlacht chomhroinnte a fheidhmiú, bheadh ar Stát na hUngáire cosaint an chirt sin a áirithiú agus, ar an tríú dul síos, go bhfuil cosaint ar cheart doshannta na hUngáire chun a hiomláine chríochach, a daonra, a saghas rialtais agus a struchtúr Stáit a chinneadh mar chuid dá fhéiniúlacht bhunreachtúil.
21 Ag glacadh leis an tuairim nach raibh aon chomhlíonadh leis an mbreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir fós, thionscain an Coimisiún an chaingean láithreach an 21 Feabhra 2022.
22 Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 1 Aibreán 2022, cuireadh bac ar na himeachtaí, arna iarraidh sin don Choimisiún, faoi Airteagal 55(1)(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Le cinneadh an 21 Meán Fómhair 2022, chinn Uachtarán na Cúirte na himeachtaí a atosú, faoi Airteagal 55(2) de na Rialacha Nós Imeachta, arna iarraidh sin don Choimisiún freisin.
An chaingean
Mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh
Argóintí na bpáirtithe
23 Admhaíonn an Coimisiún, mar réamhphointe, go bhfuil na criosanna idirthurais Röszke agus Tompa dúnta. Dá réir sin, níl aon argóintí san iarratas a bhaineann leis an dara sárú arna shuíomh sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil ar bhealach ginearálaithe sna criosanna idirthurais sin.
24 Mar an gcéanna, maidir leis an gceathrú sárú arna shuí sa bhreithiúnas sin, eadhon mainneachtain ceart iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar chríoch na hUngáire a urramú go dtí go mbeidh an teorainn ama chun a gceart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú imithe in éag agus, nuair a bheidh an ceart sin feidhmithe laistigh den teorainn ama, go dtí go bhfaighfear toradh an réitigh, ní bhaineann an t‑iarratas ach le staid seachas staid ghéarchéime a bhfuil mar thoradh ar oll-inimirce í. Go deimhin, i míreanna 290 agus 291 den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, níor shuigh an Chúirt sárú i ndáil le staid ghéarchéime de dheasca oll-inimirce ach amháin mar gheall ar an gcóras coinneála córasach i gcriosanna idirthurais Röszke agus Tompa, córas a scor de bheith ann nuair a dúnadh na criosanna sin.
25 Mar sin féin, measann an Coimisiún nach leor dúnadh na gcriosanna idirthurais Röszke agus Tompa chun comhlíonadh bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a áirithiú. Is ionann an scéal i gcás na leasuithe a rinne an Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn i mí an Mheithimh 2020, i gcomhthéacs na paindéime COVID-19 ag a veszélyhelyzet megszstahlneturel összefüggő átmeneti szabályokról és a járványügyi készültségről szóló 2020. évi LVIII. törvény (Dlí Uimh. LVIII de 2020 maidir le rialacha idirthréimhseacha a bhaineann le deireadh a chur le staid na éigeandála agus le géarchéim na paindéime), an 17 Meitheamh 2020 (Magyar Közlöny 2020/144.; ‘an Dlí 2020’). De réir an Choimisiúin tá na leasuithe sin contrártha le dlí an Aontais, mar a d’áitigh sé sa chás as ar tháinig breithiúnas an 22 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Ungáir (Dearbhú rúin roimh iarratas ar thearmann) (C‑823/21, ‘an breithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir’, EU:C:2023:504).
26 Ina theannta sin, tá an Coimisiún den tuairim gur aithin Rialtas na hUngáire go hintuigthe gur leanadh leis na sáruithe a suíodh sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, toisc gur luaigh sé nach raibh sé in ann seasamh a ghlacadh maidir le hinfhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais sin go dtí go dtabharfaí cinneadh an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil) dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo.
27 De réir an Choimisiúin, sa chéad áit, maidir le rochtain éifeachtach ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, leanann sé ó mhír 104 agus ó mhír 106 den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, agus ón gcéad fhleasc de phointe 1 den chuid oibríochtúil de, nach mór don Ungáir, chun an breithiúnas sin a chomhlíonadh, na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhféadfaidh náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a gceart a fheidhmiú go héifeachtach chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ina chríoch, lena n‑áirítear ag a teorainneacha.
28 Go háirithe, chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú, tá gá le leasú a dhéanamh ar Airteagal 80/J(1) den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn, faoinar féidir, i gcás géarchéime de bharr oll-inimirce, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh, seachas eisceachtaí teoranta, ach amháin sna limistéir idirthurais lena mbaineann. Mar sin féin, níor aisghair ná níor leasaigh an Ungáir an fhoráil sin. Ós rud é go bhfuil na criosanna idirthurais Röszke agus Tompa dúnta, tá sé dodhéanta iarratais den sórt sin a dhéanamh ar chríoch na hUngáire.
29 Ina theannta sin, ar dháta dhul in éag na tréimhse atá leagtha síos sa litir fógra fhoirmiúil, bhí géarchéim mar gheall ar oll-inimirce fós ann ar fud chríoch na hUngáire. Go deimhin, rinneadh Rialtas na hUngáire an tréimhse infheidhmeachta de a tömeges bevándorlás okozta válsághelyzet Magyarország egész területére történő elrendeléséről, valamint a válsághelyzet elrendelésével, fennállásával és megszüntetésével összefüggő szabályokról szóló 41/2016. (III. 9.) Korm. rendelet (Foraithne an Rialtais Uimh. 41/2016 maidir le dearbhú an staid ghéarchéime ar fud na hUngáire mar thoradh ar an ollimirce agus maidir leis na rialacha a bhaineann le staid ghéarchéime a dhearbhú, marthain agus deireadh a chur léi) an 9 Márta 2016 (Magyar Közlöny 2016/33), a shíneadh go dtí an 7 Márta 2022, de bhun Airteagal 1 den a tömeges bevándorlás okozta válsághelyzet Magyarország egész területére történő elrendeléséről, valamint a válsághelyzet elrendelésével, fennállásával és megszüntetésével összefüggő szabályokról szóló 41/2016. (III. 9.) Korm. rendelet módosításáról szóló 509/2021. (IX. 3.) Korm. rendelet (Foraithne Rialtais Uimh. 509/2021 lena leasaítear Foraithne Rialtais Uimh. 41/2016 (III. 9.) an 3 Meán Fómhair 2021 maidir leis an dearbhú de staid ghéarchéime mar thoradh ar oll-inimirce san Ungáir agus maidir leis na rialacha a bhaineann le dearbhú, marthain agus deireadh a chur leis an ngéarchéim (Magyar Közlöny 2021/162.). Ina dhiaidh sin, cuireadh síneadh go dtí an 7 Márta 2024 ar a laghad le tréimhse infheidhmeachta an chórais dlí lena rialaítear an ghéarchéim mar thoradh ar oll-inimirce.
30 Maidir leis an Dlí 2020, i dtuairim an Choimisiúin ní thugtar isteach leis ach córas idirthréimhseach ar leith mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. Ar aon chuma, ní féidir an dlí sin a mheas mar thomhas ar fhorghníomhú an bhreithiúnais 2020 an Coimisiún v an Ungáir , ós rud é gur glacadh é sular tugadh an breithiúnas sin, i gcomhthéacs sonrach na paindéime sin, agus nach raibh sé beartaithe é a chur i bhfeidhm, i dtosach báire, ach go dtí an 31 Nollaig 2020 amháin, sula gcuirfí síneadh leis an infheidhmeacht sin go dtí an 31 Nollaig 2023.
31 Ina theannta sin, de réir an Choimisiúin, ní áitíonn an Ungáir go bhfuil sé beartaithe go bhfuil an Dlí 2020 ann chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú. Dá bhrí sin, ní sháraítear cearta cosanta na hUngáire sa chás seo leis an bhfíoras go raibh an dlí sin ab ábhar do nós imeachta faoi Airteagal 258 CFAE sa chás ba chúis leis an mbreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, mar gheall ar chastacht chóras tearmainn na hUngáire.
32 Sa dara háit, maidir le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach san Ungáir a aistriú, áitíonn an Coimisiún nár aisghaireadh ná nár leasaíodh Airteagal 5(1ter) den Dlí maidir le teorainneacha Stáit. Dá réir sin, le reachtaíocht na hUngáire ceadaítear fós do náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach ina críoch a aistriú, cé is moite díobh siúd a bhfuil amhras ann go ndearna siad cion coiriúil, nach bhfuil ag luí le mír 253 agus mír 254 den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir agus leis an tríú fleasc de phointe 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin. Chuige sin is léir ó shuíomh gréasáin phóilíní na hUngáire nach bhfuil deireadh curtha ag an Ungáir leis an aistriú neamhdhleathach de náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach ina críoch, ábhar nach gcuireann an Ballstát sin ina choinne.
33 Sa tríú háit, maidir le ceart na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar chríoch na hUngáire i gcás seachas staid ghéarchéime de bharr oll-inimirce, áitíonn an Coimisiún nár leasaigh an Ungáir Airteagal 5(1)(a) den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn, atá infheidhme i staid seachas staid ghéarchéime mar thoradh ar oll-inimirce.
34 Dá bhrí sin, tá na coinníollacha atá leagtha amach i ndlí na hUngáire maidir le feidhmiú an chirt chun fanacht ar an gcríoch, dá bhforáiltear in Airteagal 46(5) de Threoir 2013/32, fós ‘doiléir’, contrártha leis an méid a cheanglaítear le míreanna 288 agus 289 den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir agus leis an gceathrú fleasc de phointe 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin. De réir an Choimisiúin, i bhfianaise mhíreanna 297 go 301 den bhreithiúnas sin, ní mór an reachtaíocht náisiúnta a leasú, ós rud é nach mbaineann an sárú a chinn an Chúirt le cleachtas atá contrártha le dlí an Aontais, ach le trasuíomh neamhleor dhlí an Aontais i ndlí na hUngáire.
35 Áitíonn an Ungáir gur cheart don Chúirt an chaingean a dhíbhe trína dhearbhú go bhfuil sé neamh-inghlactha a mhéid a bhaineann sé le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, agus gan bhunús leis an gcuid eile.
36 Mar réamhphointe, measann an Ballstát sin nach bhfuil na ‘gnéithe lárnacha’ den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir ábhartha a thuilleadh, ós rud é nár úsáideadh na criosanna idirthurais Röszke agus Tompa ón 20 Bealtaine 2020 i leith. Ina theannta sin, le forbairt staid na himirce ar ‘bealach na mBalcán Thiar’ agus an líon mór daoine easáitithe ón Úcráin, fágtar go bhfuil argóintí an Choimisiúin míchuí agus gan bhunús.
37 De réir na hUngáire, sa chéad áit, maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, tá an chaingean neamh-inghlactha.
38 Ina tuairim, tá na cinntí go léir a rinneadh sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a bhaineann le criosanna idirthurais Röszke agus Tompa gan cuspóir anois mar thoradh ar dhúnadh na gcriosanna idirthurais sin. Níl aon chiall le labhairt ar ‘theorainneacha’ ar rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta sna criosanna idirthurais sin, ós rud é nach féidir ‘líon teoranta’ iarratas a dhéanamh ann a thuilleadh.
39 Is fíor go bhfuil forálacha a bhaineann le criosanna idirthurais fós i reachtaíocht na hUngáire, ach níl na forálacha sin infheidhme ón 26 Bealtaine 2020 mar gheall ar theacht i bhfeidhm Dhlí 2020. Leis an dlí sin tugtar isteach córas idirthréimhseach lena maolaítear ón Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn, faoina bhfuil rochtain ar nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta ar chríoch na hUngáire faoi réir réamh-nós imeachta a thionscnamh os comhair ionadaíocht taidhleoireachta ar an Ungáir i dtríú tír.
40 De réir na hUngáire, ós rud é go raibh an chomhoiriúnacht den Dlí 2020 le hAirteagal 6 de Threoir 2013/32 mar ábhar don chás ba chúis leis an mbreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, ní fhéadfadh an Coimisiún nós imeachta comhthreomhar a thionscnamh, faoi Airteagal 260(2) CFAE, maidir leis an sárú líomhainte céanna gan neamhaird a dhéanamh ar chearta cosanta na hUngáire agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.
41 I ndáil leis sin, áitíonn an Ungáir go bhfuil údar maith ag an gCúirt an dlí sin a scrúdú i gcomhthéacs nós imeachta Airteagal 258 CFAE, ós rud é gur cuid de chomhthéacs nua é nár scrúdaíodh sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir. Mar sin féin, bhain na himeachtaí ba chúis leis an mbreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir freisin le cibé acu ar leanadh nó nár leanadh leis an sárú ar Airteagal 6 de Threoir 2013/32 a cinneadh sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir de bheith ann. Mar thoradh air sin, dá gcinnfeadh an Chúirt go bhfuil mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh sa chás seo, ní fhéadfadh aon éifeacht a bheith ag na hargóintí a chuir an Ungáir ar aghaidh sna himeachtaí faoi Airteagal 258 CFAE maidir le sárú ar Airteagal 6 de Threoir 2013/32, a bhainfeadh an bonn de chearta cosanta na hUngáire sa chás sin.
42 Ina theannta sin, de réir na hUngáire, ní leagtar amach san iarratas inneachar na bhforálacha a glacadh tar éis sheachadadh an bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, rud a chuireann cosc ar an gCúirt rialú a dhéanamh ar an tsubstaint.
43 Mar mhalairt air sin, áitíonn an Ungáir nach bhfuil bunús leis an gcuid sin den chaingean. Ar an gcéad dul síos, tá reachtaíocht glactha ag reachtóir na hUngáire a imíonn ó Airteagal 80/J den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn. Ar an dara dul síos, sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir tagraítear go sainráite don reachtaíocht agus don chleachtas a bhaineann leis na criosanna idirthurais Röszke agus Tompa. Mar sin féin, níl an staid a ndearnadh anailís uirthi sa chuid sin den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir ann a thuilleadh.
44 Sa dara háit, maidir le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a aistriú thar an gclaí teorann, tá bonn cirt, de réir na hUngáire, le hAirteagal 5(1ter) den Dlí maidir le teorainneacha Stáit a choinneáil i bhfeidhm, mar gheall ar an mbrú imirce méadaitheach ar h‘bealach imirce na mBalcán Thiar’ agus ar líon mór na ndídeanaithe ón Úcráin ó mhí Feabhra 2022 i leith. Ina theannta sin, sula leasaítear an fhoráil sin, is gá fanacht go n‑eiseofar cinneadh an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil) i gcás, atá ar siúl ar dháta dúnta na céime i scríbhinn den nós imeachta a bhaineann le, ar tionscnamh Fővárosi Törvényszék (Ard-Chúirt Bhúdaipeist, an Ungáir), bunreachtúlacht na forála sin.
45 Áitíonn an Ungáir, sa tríú háit, maidir le ceart iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, i staid seachas staid ghéarchéime de bharr oll-inimirce, fanacht ar chríoch na hUngáire, chinn an Chúirt sa bhreithiúnas 2020 Coimisiún v an Ungáir, go bhféadfaidh, i gcomhthéacs Airteagal 5(1)(a) den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn, an ceart chun fanacht ar chríoch na hUngáire a bheith faoi réir coinníollacha.
46 Mar sin féin, níor baineadh úsáid sa reachtaíocht lena mbaineann as an bhféidearthacht roghnach chun an ceart chun fanacht sa chríoch sin a chur faoi réir coinníollacha. Mar sin, ní gá an reachtaíocht sin a leasú. I ndáiríre, ní théann údaráis na hUngáire ar aghaidh le díbirt go dtí go mbeidh cinneadh na n‑údarás lena ndiúltaítear don iarratas ar thearmann tagtha chun bheith críochnaitheach. I dtaca leis sin, níor thagair an Coimisiún d’aon chinneadh riaracháin nó breithiúnach a chaithfeadh amhras ar an mbarúil sin.
Cinneadh na Cúirte
– Inghlacthacht na caingne
47 Measann an Ungáir nach bhfuil an chaingean inghlactha a mhéid a bhaineann sé le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta.
48 Sa chéad áit, trína áitiú nach bhfuil cuspóir leis na cinntí a rinneadh sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a bhain leis na criosanna idirthurais Röszke agus Tompa toisc gur dúnadh na criosanna idirthurais sin, agus gur tugadh isteach le Dlí 2020 córas idirthréimhseach lena maolaítear ón Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn, maíonn an Ungáir, go bunúsach, gur ghlac sí na bearta is gá chun an breithiúnas sin a fhorghníomhú maidir le rochtain leis an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, argóint nach mbaineann le scrúdú ar inghlacthacht na caingne, ach le scrúdú ar thuillteanais na caingne.
49 Sa dara háit, ní mór diúltú don argóint go mbainfí an bonn de phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus de chearta cosanta na hUngáire mar gheall ar na hábhair a ardaíodh ag an am céanna sa chás ba bhun leis an mbreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, ós rud é gur tháinig an breithiúnas sa chás sin chun bheith críochnaitheach agus go bhfuil feidhm res judicata aige dá réir.
50 Sa tríú háit, cáineann an Ungáir an Coimisiún as mainneachtain inneachar fhorálacha Dhlí 2020 a leagan amach, ina iarratas.
51 Chuige sin, is léir ó chásdlí socair maidir le hAirteagal 120(c) de na Rialacha Nós Imeachta nach mór ábhar na n‑imeachtaí a bheith luaite go soiléir agus go beacht in iarratas lena dtionscnaítear imeachtaí agus nach mór achoimre ar na pléadálacha dlí a rabhthas ag brath air a bheith leagtha amach ann, chun ligean don chosantóir a chosaint a ullmhú agus don Chúirt rialú a thabhairt ar an iarratas. Leanann sé go háirithe nach mór na gnéithe bunriachtanacha dlí agus fíorais ar a bhfuil caingean den sórt sin bunaithe a léiriú go comhleanúnach agus go hintuigthe san iarratas féin (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, an Coimisiún v An Danmhairg (Uasmhéid ama páirceála), C‑167/22, EU:C:2023:1020, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).
52 Sa chás seo, comhlíontar na ceanglais sin. Leag an Coimisiún amach go comhleanúnach agus go beacht, ina iarratas, na cúiseanna a raibh mar chúis leis a mheas nár ghlac an Ungáir na bearta is gá chun forghníomhú bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a áirithiú. Thagair an institiúid sin, inter alia, do na leasuithe a rinneadh ar an Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn i mí an Mheithimh 2020 i gcomhthéacs na paindéime COVID-19, ag sonrú nach raibh, dar léi, nach ndearnadh an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú leis na forálacha sin, agus go raibh mar a d’áitigh sé sa chás ba chúis leis an mbreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, contrártha le dlí an Aontais.
53 Dá bhrí sin, leis an iarratas cuirtear ar chumas na hUngáire agus na Cúirte seasamh an Choimisiúin a thuiscint go beacht, coinníoll nach mór a chomhlíonadh chun go mbeidh an Ballstát sin in ann cosaint éifeachtach a thíolacadh agus chun a chumasú don Chúirt a aimsiú ar ghlac an Ballstát sin na bearta is gá chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú.
54 I bhfianaise an méid sin thuas, ní mór a chinneadh go bhfuil an chaingean inghlactha.
– Substaint an cháis
55 Faoi Airteagal 260(2) CFAE, má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun breithiúnas a fhorghníomhú inar chinn an Chúirt gur mhainnigh an Ballstát sin oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, féadfaidh sé an cás a thabhairt os comhair na Cúirte tar éis deis a thabhairt don Bhallstát sin a bharúlacha a thíolacadh, ag sonrú méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí atá le híoc ag an mBallstát sin a mheasann sé is iomchuí sna himthosca.
56 Is é an dáta tagartha chun measúnú a dhéanamh ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 260(2) CFAE ná dáta éaga na tréimhse a fhorordaítear sa litir fógra fhoirmiúil arna eisiúint faoin bhforáil sin (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v An Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).
57 Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil údaráis an Bhallstáit lena mbaineann atá rannpháirteach i bhfeidhmiú na cumhachta reachtaigh faoi dhualgas leasú a dhéanamh ar fhorálacha reachtacha náisiúnta a bhí ina n‑ábhar do bhreithiúnas lena suitear mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh ionas go mbeidh siad i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Iúil 2023, YP agus páirtithe eile (Díolúine breitheamh a tharraingt siar agus a dhualgais nó a dualgais a chur ar fhionraí), C‑615/20 agus C‑671/20, EU:C:2023:562, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).
58 Ní mór a mheabhrú freisin go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcuid oibríochtúil de bhreithiúnas lena mbunaítear mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, ina ndéantar cur síos ar an mainneachtain arna suíomh ag an gCúirt oibleagáidí a chomhlíonadh, chun na bearta a chinneadh a gceanglaítear ar an mBallstát sin a ghlacadh chun an breithiúnas sin a fhorghníomhú go hiomlán. Tá an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin le tuiscint i bhfianaise fhorais an bhreithiúnais sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2013, an Coimisiún v an Ghearmáin, C‑95/12, EU:C:2013:676, mír 37 agus mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).
59 Sa chás seo, sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, chinn an Chúirt gur mhainnigh an Ungáir a hoibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann, ar an gcéad dul síos, le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, ar an dara dul síos, le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil sna criosanna idirthurais Röszke agus Tompa, ar an tríú dul síos, le náisiúnaigh tríú tír a fhanann go neamhdhleathach a aistriú, agus, ar an gceathrú dul síos, an ceart atá ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar chríoch na hUngáire go dtí go mbeidh an teorainn ama chun a gceart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú imithe in éag agus, nuair a bheidh ceart den sórt sin feidhmithe laistigh den teorainn ama, ar feitheamh thoradh an leighis.
60 Ba cheart a thabhairt faoi deara, mar réamhphointe, nach mbaineann iarratas an Choimisiúin le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a choinneáil sna criosanna idirthurais Röszke agus Tompa agus, maidir le ceart iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar chríoch na hUngáire, ní bhaineann an t‑iarratas ach le staid eile seachas staid ghéarchéime de bharr oll-inimirce.
61 Sa chéad áit, maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, leanann an cur síos ar an sárú atá i gceist ón bhfoclaíocht tosaigh agus ón gcéad fhleasc i bpointe 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir.
62 Leanann sé ón bhfoclaíocht tosaigh i bpointe 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin gurb éard atá sa sárú i dtrácht ná mainneachtain oibleagáidí na hUngáire faoi Airteagal 6 de Threoir 2013/32 a chomhlíonadh.
63 Suíodh an sárú sin mar gheall ar an staid dá dtagraítear sa chéad fhleasc de phointe 1 den chuid oibríochtúil sin, eadhon an comhcheangal den cheanglas go ndéanfaí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tríú tír nó ó dhaoine gan stát a thagann ón tSeirbia sna criosanna idirthurais Röszke agus Tompa, agus den chleachtas riaracháin comhsheasmhach agus ginearálaithe a bheith ann lena gcuirtear srian suntasach ar líon na n‑iarratasóirí atá údaraithe dul isteach sna criosanna idirthurais sin ar bhonn laethúil.
64 Chuige sin, chinn an Chúirt, inter alia, i mír 106 den bhreithiúnas sin, go gceanglaítear le hAirteagal 6 de Threoir 2013/32 ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na daoine lena mbaineann ábalta an ceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach, lena n‑áirítear ag a dteorainneacha, a luaithe a dhearbhóidh na daoine sin gur mian leo déanamh amhlaidh, ionas go gclárófar an t‑iarratas sin agus gur féidir é a thaisceadh agus a scrúdú chun na teorainneacha ama a leagtar síos sa treoir sin a urramú go héifeachtach. Mar a shonraítear i mír 104 den bhreithiúnas sin, is é cuspóir na Treorach sin, go háirithe cuspóir Airteagal 6(1) de, rochtain éifeachtach, éasca agus thapa ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a áirithiú.
65 Dá bhrí sin, maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, chun an breithiúnas sin a fhorghníomhú, ceanglaítear ar an Ungáir na bearta uile is gá a ghlacadh chun rochtain éifeachtach, éasca agus thapa ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a áirithiú.
66 Mar sin féin, ar dháta dhul in éag na tréimhse forordaithe sa litir fógra fhoirmiúil, is é sin 9 Lúnasa 2021, níor chomhlíon an Ungáir an ceanglas sin.
67 I dtaca leis sin, contrártha leis an méid atá á áitiú ag an Ungáir, ní leor dúnadh na gcriosanna idirthurais Röszke agus Tompa chun rochtain éifeachtach, éasca agus thapa ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a ráthú. Go deimhin, tá comhthuiscint ann idir na páirtithe, ar dháta dhul in éag na tréimhse a fhorordaítear sa litir fógra fhoirmiúil, gurb é an córas is infheidhme maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta ná an córas a d’eascair ón Dlí 2020.
68 Chuige sin, i bpointe 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, chinn an Chúirt gur mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi a chomhlíonadh de réir Airteagal 6 de Threoir 2013/32 trína chur de choinníoll leis an bhféidearthacht iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach, ag roinnt náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá i gcríoch na hUngáire nó ag teorainneacha an Bhallstáit sin, go ndéanfaí dearbhú intinne a thaisceadh roimh ré le hambasáid de chuid na hUngáire atá lonnaithe i dtríú tír roimh ré agus faoi réir comhdú roimh ré de dhoiciméad taistil lena dtugtar cead iontrála i gcríoch na hUngáire dóibh.
69 Is léir ó mhíreanna 8 go 13 agus 37 den bhreithiúnas sin go mbaineann an cinneadh sin le forálacha Dhlí 2020 maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, nach féidir a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, a mheas mar fhorghníomhú bailí den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir.
70 Tá sé tábhachtach a shoiléiriú nach mór go mbeadh na bearta nach mór a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a fhorghníomhú lena mbunaítear mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh ag luí, de riachtanas, le forálacha dhlí an Aontais a cinneadh a raibh sárú déanta orthu sa bhreithiúnas sin, eadhon, anseo, Airteagal 6 de Threoir 2013/32, agus ní mór dó cur i bhfeidhm cuí na bhforálacha sin a éascú. Mar sin féin, mar a rialaigh an Chúirt sa bhreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, ní amhlaidh an cás, anseo, maidir le forálacha Dhlí 2020 maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta.
71 Dá réir sin, ní mór a chinneadh nach bhfuil na bearta riachtanacha glactha ag an Ungáir chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú maidir le rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta.
72 Sa dara háit, maidir le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach san Ungáir a aistriú, chinn an Chúirt, sa tríú fleasc de phointe 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, trí cead a thabhairt gach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ina chríoch náisiúnta a aistriú, cé is moite díobh siúd a bhfuil amhras ann go ndearna siad cion, gan na nósanna imeachta agus na coimircí a leagtar síos in Airteagal 5, Airteagal 6(1), Airteagal 12(1) agus Airteagal 13(1) de Threoir 2008/115 a urramú, theip ar an Ungáir a hoibleagáidí faoi na forálacha sin a chomhlíonadh.
73 Ní chuireann an Ungáir i gcoinne an fhíorais go raibh Airteagal 5(1ter) den Dlí ar theorainneacha Stáit, a shainaithnítear i mír 254 den bhreithiúnas sin mar an fhoráil náisiúnta lena dtugtar údar maith don chinneadh sin, fós i bhfeidhm ar dháta dhul in éag na tréimhse a fhorordaítear sa litir fógra fhoirmiúil, eadhon an 9 Lúnasa 2021. Mar sin féin, measann an Ballstát sin go bhfuil bonn cirt leis an staid sin mar gheall ar an mbrú imirce atá ar ‘bhealach imirce na mBalcán Thiar’ agus líon na ndaoine easáitithe ón Úcráin.
74 Ní féidir le Ballstát deacrachtaí praiticiúla, riaracháin nó airgeadais ná deacrachtaí de chineál intíre a phléadáil chun údar a thabhairt do mhainneachtain oibleagáidí a eascraíonn faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, an Coimisiún v An tSlóvaic (Ceart foirceanta gan táillí), C‑540/21, EU:C:2023:450, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear).
75 Sa tríú háit, maidir le ceart na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, i staid seachas staid ghéarchéime de bharr oll-inimirce, fanacht ar chríoch na hUngáire go dtí go mbeidh an teorainn ama chun a gceart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú imithe in éag agus, nuair a bheidh ceart den sórt sin feidhmithe laistigh den teorainn ama, ar feitheamh thoradh an leighis, sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir , tá an chonclúid gur mhainnigh an Ungáir a hoibleagáidí faoi Airteagal 46(5) de Threoir 2013/32 a chomhlíonadh soiléir ón gceathrú fleasc de phointe 1 de chuid oibríochtúil an bhreithiúnais sin.
76 Tá an chonclúid sin bunaithe ar chinneadh a rinneadh i mír 289 agus 301 den bhreithiúnas sin, i gcás ina gcinnfidh Ballstát rialacha mionsonraithe a leagan síos lena rialaítear feidhmiú an chirt chun fanacht ar a chríoch, mar a bhunaítear le hAirteagal 46(5) de Threoir 2013/32, ní mór na rialacha sin a shainiú ar bhealach atá sách soiléir agus beacht chun go bhféadfaidh an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta méid beacht an chirt sin a fhionnadh agus gur féidir a mheasúnú an bhfuil na rialacha sin ag luí, inter alia, le Treoracha 2013/32 agus 2013/33.
77 Is léir ó mhír 297 den bhreithiúnas céanna sin, de réir na hUngáire, gurb éard atá sna coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Dlí um an gceart chun tearmainn ná a cheangal go gcloífidh an duine lena mbaineann le stádas iarratasóra arna shainiú le dlí, agus, ina theannta sin, go ndéanfaidh sé nó sí a oibleagáid nó a hoibleagáid, de réir mar a bheidh, maidir le cónaí in áit áirithe a chomhlíonadh.
78 Ar an gcéad dul síos, mar a shonraítear i mír 298 den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, ní shainaithníonn an Ungáir aon fhoráil den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn lena bhforáiltear go beacht go bhfuil an ceart chun fanacht ar chríoch Ballstáit faoi réir coinníoll cónaithe a chomhlíonadh.
79 Ar an dara dul síos, mar a breathnaíodh i mír 300 den bhreithiúnas sin, féadtar léirmhínithe éagsúla a bheith ann maidir leis an gcoinníoll lena gceanglaítear go gcomhlíonfar stádas iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta arna shainiú leis an dlí agus a bhfuil, de réir dhearbhuithe na hUngáire féin, an ceart chun cónaithe faoi Airteagal 5(1)(a)(b) den Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn freisin faoina réir agus tagraíonn sé do choinníollacha eile nár shainaithin an Ballstát sin.
80 Mar sin, chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú, tá gá le, maidir leis an sárú i dtrácht, leasuithe ar an reachtaíocht náisiúnta, beag beann ar an bhfíoras ar a mbraitheann an Ungáir, nach dtéann údaráis na hUngáire i ndáiríre, ar aghaidh le díbirt go dtí go dtiocfaidh cinneadh na n‑údarás lena ndiúltaítear don iarratas ar thearmann chun bheith críochnaitheach.
81 Chuige sin, ní mór a mheabhrú nach féidir a mheas go bhfuil na cleachtais riaracháin amháin, a d’fhéadfadh bheith inathraitheach ag na húdaráis de réir a nádúir agus nach dtugtar an phoiblíocht chuí dóibh, ina gcomhlíonadh cuí de na hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais (breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2013, an Coimisiún v an Spáinn, C‑151/12, EU:C:2013:690, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).
82 Ar dháta dhul in éag na tréimhse a fhorordaítear sa litir fógra fhoirmiúil, eadhon an 9 Lúnasa 2021, bhí Airteagal 5(1)(a) den Dlí maidir le ceart chun tearmainn fós i bhfeidhm gan é a bheith leasaithe, fíoras nach gcuireann an Ungáir ina choinne.
83 I bhfianaise an méid sin go léir, ní mór a chinneadh, trí theip ar na bearta is gá a ghlacadh chun forghníomhú den bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a áirithiú, nár chomhlíon an Ungáir a hoibleagáidí faoi Airteagal 260(1) CFAE.
Pionóis airgeadais
Argóintí na bpáirtithe
84 Agus é den tuairim nár d’fhorghníomhaigh an Ungáir an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir go fóill, áitíonn an Coimisiún gur cheart don Chúirt a ordú don Bhallstát sin cnapshuim a íoc de EUR 5 468,45 arna iolrú faoi líon na laethanta idir dáta seachadta an bhreithiúnais sin agus dáta a bhforghníomhóidh an Ungáir an breithiúnas sin nó dáta seachadta an bhreithiúnais seo más luaithe an dáta sin ná an dáta a bhforghníomhófar an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, arb é EUR 1 044 000 íosmhéid na cnapshuime sin.
85 Áitíonn an Coimisiún freisin gur cheart don Chúirt a ordú don Ungáir íocaíocht phionósach EUR 16 393,16 a íoc in aghaidh an lae ó dháta seachadta an bhreithiúnais seo go dtí an dáta a bhforghníomhóidh an Ungáir an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir.
86 Ag tagairt dá Theachtaireacht SEC(2005) 1658 an 12 Nollaig 2005, dar teideal ‘Airteagal [260 CFAE] a chur chun feidhme’, arna nuashonrú go háirithe lena Theachtaireacht an 13 Aibreán 2021, dar teideal ‘Coigeartú ar an ríomh le haghaidh cnapshuime agus íocaíochtaí pionósacha arna moladh ag an gCoimisiún in imeachtaí sáraithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe’ (IO 2021 C 129, lch. 1), molann an Coimisiún méid na cnapshuime dá dtagraítear i mír 84 den bhreithiúnas seo a chinneadh trí mhéid caighdeánach comhréidh EUR 895 a iolrú faoi chomhéifeacht tromchúise. Méadaítear an toradh a fhaightear faoi fhachtóir ‘n’ a chuireann san áireamh, inter alia, cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann, agus faoi líon na laethanta a mhaireann an mhainneachtain na hoibleagáidí atá i gceist a chomhlíonadh. Maidir le méid na híocaíochta pionósaí laethúla dá dtagraítear i mír 85 thuas a ríomh, socraítear méid an ráta chomhréidh ag EUR 2 683 in aghaidh an lae agus ba cheart é a iolrú faoin gcomhéifeacht sin maidir le tromchúis, faoi chomhéifeacht ar feadh ré agus faoin bhfachtóir ‘n’ sin.
87 Sa chéad áit, maidir le tromchúis an tsáraithe atá i gceist, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún comhéifeacht 13 maidir le tromchúis ar scála 1 go 20 a chur i bhfeidhm.
88 De réir an Choimisiúin, tá tábhacht ar leith ag baint leis na rialacha AE a bhí ina n‑ábhar do na sáruithe atá i gceist. Ar an gcéad dul síos, tá Airteagail 6 agus 46 de Threoir 2013/32 sár-riachtanach chun éifeachtacht na gceart a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe, arna shíniú sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 [Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954)], a tháinig i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954 agus a forlíonadh leis an bPrótacal i dtaobh Stádas Dídeanaithe, a tugadh i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967, agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), go háirithe an ceart chun tearmainn, urraim do phrionsabal an non‑refoulement agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ar an dara dul síos, bíonn tionchar ag an sárú a bhaineann le haistrithe neamhdhleathacha ar roinnt forálacha bunúsacha de Threoir 2008/115.
89 De réir an Choimisiúin, tionchar suntasach ag mainneachtain an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú ar leas an phobail agus ar leasanna aonair. Ar an gcéad dul síos, sonraíonn an Coimisiún go bhfuil, ó 2015 i leith, seacht nós imeachta sáraithe tionscanta aige in aghaidh na hUngáire i réimse an tearmainn, ceithre cinn acu a tarchuireadh chuig an gCúirt. Tá baol ann go gcruthófar fasach do Bhallstáit eile le neamhchomhlíonadh leanúnach dhlí an Aontais agus go mbainfear an bonn den Chomhchóras Eorpach Tearmainn trí fhreagracht as glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistriú chuig Ballstáit eile agus trí gháinneáil mhídhleathach ar dhaoine a neartú. Ar an dara dul síos, bíonn tionchar tromchúiseach ag na sáruithe atá i gceist ar náisiúnaigh tríú tíortha.
90 Ina theannta sin, sainaithníonn an Coimisiún imthosca géaraitheacha. Níor chomhoibrigh an Ungáir leis an gCoimisiún le linn an nós imeachta réamhdhlíthíochta, toisc nár léirigh sí aon leasú ná aisghairm ar na forálacha a measadh a bheith contrártha le dlí an Aontais. Ina theannta sin, is imthosca géaraitheacha, tromchúiseacha iad sáruithe arís agus arís eile ar dhlí imirce agus tearmainn an Aontais, neamhaird fhollasach ar phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais agus diúltú sainráite breithiúnas na Cúirte a fhorghníomhú.
91 Sa dara háit, maidir le fad an tsáraithe, molann an Coimisiún comhéifeacht 1 ar feadh ré ar scála 1 go 3 a chur i bhfeidhm, ag cur san áireamh an tréimhse deich mí idir dáta seachadta an bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir agus an dáta a chinn an Coimisiún an t‑ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte, eadhon an 12 Samhain 2021.
92 Sa tríú háit, maidir leis an bhfachtóir ‘n’, agus aird á tabhairt ar an treoir a tugadh i mbreithiúnas an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v an Ghréig (Aisghabháil Státchabhrach – Ferronickel) (C‑51/20, EU:C:2022:36) – ónar léir gurb é olltáirgeacht intíre (OTI) an Bhallstáit lena mbaineann an príomhfhachtóir, ach nach bhfuil sé fíor-riachtanach ualach institiúideach an Bhallstáit sin a chur san áireamh – mar sin féin, bunaíonn an Coimisiún a iarraidh ar na paraiméadair a leagtar amach sna teachtaireachtaí dá dtagraítear i mír 86 den bhreithiúnas seo. I bhfianaise an chúlra sin, molann an Coimisiún an fachtóir ‘n’ a shocrú ag 0.47 don Ungáir.
93 Measann an Ungáir go ndearna an Coimisiún earráid ina mheasúnú ar thromchúis an tsáraithe atá i gceist de bharr mainneachtain a chur san áireamh an dúnadh de chriosanna idirthurais Röszke agus Tompa, reachtaíocht nua na hUngáire maidir le tearmann, brú méadaithe na himirce neamhdhleathaí agus iarmhairtí ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Go háirithe, ina thuairim, mar gheall ar dhúnadh na gcriosanna idirthurais sin, tá mainneachtain líomhainte na hUngáire maidir le hoibleagáidí a chomhlíonadh i bhfad níos teoranta ná mar a bhí i gceist sa chás ba chúis leis an mbreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, ar cheart a bheith ina bhreithniú bunúsach agus tromchúis an tsáraithe i gceist á meas. Ina theannta sin, tá sí den tuairim gur mar gheall ar na himeachtaí sa chás ba chúis leis an mbreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, ní féidir an cheist faoi chomhoiriúnacht fhorálacha an Dlí 2020 le hAirteagal 6 de Threoir 2013/32 a chur san áireamh agus tromchúis an tsáraithe sin á meas.
94 Ina theannta sin, measann an Ungáir nár sháraigh sí prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais. Chuige sin, ní féidir oscailt an nós imeachta os comhair Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil) dá dtagraítear i mír 17 thuas, chun comhlíonadh le Dlí Bunúsach na hUngáire, a mheas imthosca géaraitheacha. Ní dhearna Rialtas na hUngáire forghníomhú leis an mbreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a bheith faoi réir chinneadh Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil) dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo, agus ní dhearna sé ach fanacht leis an gcinneadh sin. Níor dhiúltaigh an rialtas sin go sainráite an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú ach an oiread; níor chuir sé ach imthosca seachtracha san áireamh, murab ionann agus an Coimisiún.
95 Ar deireadh, iarrann an Ungáir, ag tagairt do mhír 55 de bhreithiúnas an 30 Bealtaine 2013, an Coimisiún v an tSualainn (C‑270/11, EU:C:2013:339), ar an gCúirt a chur san áireamh, mar imthosca maolaitheacha, nár mhainnigh sí riamh breithiúnas na Cúirte a fhorghníomhú go dtí seo.
Cinneadh na Cúirte
96 Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú go bhfuil an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 260(2) CFAE dírithe ar Bhallstát mainneachtana a chur ina luí chun breithiúnas a fhorghníomhú lena mbunaítear mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i ndáiríre, agus tá na bearta dá bhforáiltear leis an bhforáil sin, eadhon cnapshuim agus íocaíocht phionósach, araon ceaptha chun an cuspóir sin a bhaint amach (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).
97 Ba cheart a mheabhrú freisin gur faoin gCúirt atá sé, i ngach cás, i bhfianaise imthosca an cháis atá os a comhair agus de réir an mhéid áitithe agus díspreagtha a fheictear di a bheith riachtanach, d’fhonn a mheas an bhfuil sé oiriúnach pionós airgeadais a fhorchur, i ngach cás, na pionóis airgeadais is iomchuí a chinneadh, go háirithe, chun cosc a chur ar sháruithe comhchosúla ar dhlí an Aontais tarlú arís (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).
– An íocaíocht cnapshuime
98 I gcomhréir le cásdlí socair, ní mór d’fhorchur íocaíocht cnapshuime agus socrú na suime sin a bheith ag brath i ngach cás ar leith ar na fachtóirí ábhartha go léir a bhaineann le saintréithe na mainneachtana oibleagáidí arna suíomh a chomhlíonadh agus le hiompar an Bhallstáit atá bainteach leis an nós imeachta arna thionscnamh faoi Airteagal 260 CFAE. Leis an bhforáil sin, tugtar lánrogha leathan don Chúirt le linn di cinneadh a dhéanamh i dtaobh pionós den sórt sin a fhorchur agus, má chinneann sí amhlaidh a dhéanamh, an méid a chinneadh (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear).
99 Sa chás seo, léiríonn na himthosca dlíthiúla agus fíorasacha ar fad as ar eascair an cinneadh um mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, má táthar chun cosc a chur go héifeachtach ar an atarlú de sháruithe comhchosúla ar dhlí an Aontais amach anseo, nach mór beart athchomhairleach a ghlacadh, amhail íocaíocht cnapshuime a fhorchur.
100 Sna himthosca sin, is faoin gCúirt, i bhfeidhmiú a lánrogha, an chnapshuim a shocrú i méid is iomchuí do na himthosca agus atá comhréireach leis na sáruithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear).
101 Áirítear ar na fachtóirí ábhartha ina leith sin tromchúis agus fad na sáruithe a cinneadh agus cumas an Bhallstáit i dtrácht íocaíocht a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear).
102 Sa chéad áit, maidir le tromchúis na sáruithe atá i gceist, má dhéantar mainneachtain fhadtréimhseach rialú na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh, baintear an bonn go mór de phrionsabal na dlíthiúlachta agus de phrionsabal res judicata in Aontas atá bunaithe ar an smacht reachta.
103 Chuige sin, in ainneoin gur dúnadh criosanna idirthurais Röszke agus Tompa, níl na bearta is gá déanta ag an Ungáir chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú maidir le roinnt gnéithe sár-riachtanacha den bhreithiúnas sin, eadhon rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, aistriú de náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus ceart na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar chríoch na hUngáire go dtí go mbeidh an teorainn ama chun a gceart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú imithe in éag agus, nuair a bheidh ceart den sórt sin feidhmithe laistigh den teorainn ama, ar feitheamh thoradh an leighis.
104 Sa chomhthéacs sin, is gá béim a leagan ar a thábhachtaí atá na forálacha is ábhar don mhainneachtain na hoibleagáidí a shuitear i mír 83 thuas a chomhlíonadh.
105 Ar an gcéad dul síos, is gá Airteagal 6 de Threoir 2013/32 a chomhlíonadh chun a áirithiú, i gcomhréir leis an gceart chun tearmainn a aithnítear in Airteagal 18 den Chairt, éifeachtacht fhorálacha eile na Treorach sin agus, mar thoradh air sin, an comhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach ina hiomláine.
106 Má sháraítear an fhoráil bhunúsach sin, cuirtear cosc córasach ar aon rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta, rud a fhágann nach féidir don Bhallstát lena mbaineann an beartas sin, mar a bhunaítear le hAirteagal 78 CFAE, a chur i bhfeidhm ina iomláine.
107 Ba cheart a thabhairt faoi deara gur sárú gan fasach agus thar a bheith tromchúiseach ar dhlí an Aontais í an tseachaint d’aon ghnó ag Ballstát de chur i bhfeidhm comhbheartais ina iomláine, arb ionann é agus bagairt shuntasach ar aontacht dhlí an Aontais agus ar phrionsabal chomhionannas na mBallstát, dá dtagraítear in Airteagal 4(2) CAE.
108 Maidir le cás sonrach an chomhbheartais maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach, baineann sárú den sórt sin an bonn go mór do leas an phobail agus do leasanna na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. Go háirithe, má dhéantar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a sheachaint go córasach, baintear na héifeachtaí sár-riachtanacha maidir leis an mBallstát lena mbaineann den Choinbhinsiún a maidir le Stádas Dídeanaithe, arna fhorlíonadh leis an bPrótacal i dtaobh Stádas Dídeanaithe, a bhfuil na Ballstáit go léir ina bpáirtithe ann agus atá mar an bhunchloch den chóras dlí idirnáisiúnta maidir le dídeanaithe a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Íospartaigh mná an fhoréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, toisc go bhfuil sé dodhéanta do náisiúnaigh tríú tír nó do dhaoine gan stát iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ag teorainn na hUngáire ní fhéadfaidh na daoine sin teachtadh éifeachtach dá gceart a fheidhmiú, mar a ráthaítear le hAirteagal 18 den Chairt, chun tearmann a lorg san Ungáir (féach, chuige sin, an breithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir, mír 52).
109 Ar an dara dul síos, tá comhlíonadh Airteagal 46(5) de Threoir 2013/32 ríthábhachtach chun a áirithiú, maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, éifeachtacht phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí do chearta an duine faoi dhlí an Aontais, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é a eascraíonn as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, atá cumhdaithe in Airteagail 6 agus 13 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950, agus atá athdhearbhaithe anois in Airteagal 47 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2023, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’, C‑216/21, EU:C:2023:628, mír 59).
110 Ar an tríú dul síos, bunaítear ráthaíochtaí bunúsacha le hAirteagal 5, le hAirteagal 6, le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 de Threoir 2008/115, go háirithe maidir leis an gceart chun cosanta i gcás aistrithe agus díbirt, atá cumhdaithe in Airteagal 19 den Chairt, chun an treoir sin a chur i bhfeidhm.
111 Trí chead a thabhairt, gan na ráthaíochtaí sin a chomhlíonadh, do gach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch a aistriú, cé is moite díobh siúd a bhfuil amhras ann go bhfuil cion déanta acu, mainníonn Ballstát aird a thabhairt ar chuid mhór d’inneachar na gceanglas maidir leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus atá, de bhun Airteagal 79(2)(c) CFAE, ina chomhpháirt ríthábhachtach den chomhbheartas inimirce.
112 Ina theannta sin, toisc go mbaineann imeachtaí le mainneachtain breithiúnas a bhaineann le cleachtas ginearálta agus leanúnach a fhorghníomhú, tá an mhainneachtain oibleagáidí i dtrácht a chomhlíonadh níos tromchúisí (breithiúnas an 2 Nollaig 2014, an Coimisiún v an Iodáil, C‑196/13, EU:C:2014:2407, mír 100).
113 Ba cheart a thabhairt faoi deara, trí mhainneachtain na bearta is gá a ghlacadh chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú, tá an Ungáir ag seachaint go córasach agus d’aon ghnó cur i bhfeidhm an chomhbheartais maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach, agus na rialacha a bhaineann, i gcomhthéacs comhbheartais inimirce, le daoine a bhfuil cónaí orthu gan údarú a fhilleadh, arb ionann é agus sárú ar dhlí an Aontais atá thar bheith tromchúiseach.
114 Ba cheart a chur leis go bhfuil d’éifeacht ag iompar na hUngáire, inter alia, a freagracht a aistriú chuig na Ballstáit eile, lena n‑áirítear freagracht airgeadais, as a áirithiú go nglacfar le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas Eorpach, as iarratais a scrúdú i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir leis an gcosaint sin a dheonú agus a tharraingt siar, agus chun socruithe a chomhlíonann dlí an Aontais a áirithiú maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh.
115 Baineann iompar den sórt sin an bonn go mór de phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n‑áirítear a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit, a rialaíonn, i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE, an comhbheartas maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach agus an comhbheartas inimirce (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn, an Ungáir agus Poblacht na Seice (Sásra sealadach chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athlonnú), C‑715/17, C‑718/17 agus C‑719/17, EU:C:2020:257, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear).
116 Chuige sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil prionsabal na dlúthpháirtíochta ar cheann de bhunphrionsabail dhlí an Aontais agus ar cheann de na luachanna is coiteann do na Ballstáit ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe, de bhun Airteagal 2 CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, mír 129 agus an cásdlí dá dtagraítear).
117 Trí chur isteach go haontaobhach ar an gcothromaíocht idir na buntáistí agus na hoibleagáidí a eascraíonn as a bhallraíocht san Aontas Eorpach, caitheann Ballstát amhras faoi phrionsabal comhionannais na mBallstát roimh dhlí an Aontais a urramú. Tá an mhainneachtain sin maidir le dualgas na dlúthpháirtíochta ar ghlac na Ballstáit leis lena n‑aontachas leis an Aontas Eorpach ina hionsaí ar dhlíchóras an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Feabhra 1979, an Coimisiún v An Ríocht Aontaithe, 128/78, EU:C:1979:32, mír 12).
118 Leanann sé ón méid sin go léir thuasluaite go bhfuil tionchar fíor-thromchúiseach ag an mainneachtain an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú ar leas an phobail agus ar leasanna príobháideacha araon, go háirithe leasanna náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta.
119 Is fíor nach mór a chur san áireamh nach raibh an Ungáir ina hábhar d’aon imeachtaí a tugadh faoi Airteagal 260 CFAE roimhe seo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).
120 Mar sin féin, i dteannta le tromchúis fíor-thromchúiseach an tsáraithe atá i gceist, is gá freisin a chur san áireamh, mar imthosca géaraitheacha, an t‑athdhéanamh den iompar neamhdhleathach ag an mBallstát sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v An Ghréig (Aisghabháil Státchabhrach – Ferronickel), C‑51/20, EU:C:2022:36, mír 103), as ar tháinig cinntí éagsúla eile maidir le sáruithe i réimse na cosanta idirnáisiúnta (breithiúnais an 2 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn, an Ungáir agus Poblacht na Seice (Sásra sealadach chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athlonnú), C‑715/17, C‑718/17 agus C‑719/17, EU:C:2020:257; an 16 Samhain 2021, an Coimisiún v an Ungáir (Coiriúlú cúnaimh d’iarrthóirí tearmainn), C‑821/19, EU:C:2021:930; agus an breithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir).
121 Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh gur luaigh Rialtas na hUngáire go raibh sé cuí fanacht, sula bhforghníomhófaí an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, chun na himeachtaí a thabhairt chun críche, dá dtagraítear i mír 17 den bhreithiúnas seo, a thionscain sí os comhair an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil), agus cinneadh na cúirte sin dá dtagraítear i mír 44 den bhreithiúnas seo.
122 Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, de bhua phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, nach féidir ligean do spleáchas Bhallstát ar rialacha náisiúnta, fiú más ordú bunreachtúil atá ann, an bonn a bhaint d’aontacht agus d’éifeachtúlacht dhlí an Aontais. Is gá na hoibleagáidí a leanann ón bprionsabal sin a chomhlíonadh go háirithe chun a áirithiú go dtabharfaí urraim ar chomhionannas na mBallstát de réir na gConarthaí agus is léiriú é ar phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE (breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).
123 Ina theannta sin, i ndiaidh an bhreithiúnais 2020 an Coimisiún v an Ungáir, in ionad forghníomhú iomlán an bhreithiúnais sin, leathnaigh an Ungáir an infheidhmeacht ratione temporis d’fhorálacha Dhlí 2020, a bhí ar neamhréir freisin le hAirteagal 6 de Threoir 2013/32, mar a cinneadh sa bhreithiúnas 2023 an Coimisiún v an Ungáir.
124 Sna himthosca sin, léiríonn iompar na hUngáire nár ghníomhaigh sí i gcomhréir lena dualgas comhair dhílis deireadh a chur leis an mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh a shuigh an Chúirt sa bhreithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, arb ionann é agus imthoisc ghéaraitheach bhreise (féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Samhain 2019, an Coimisiún v Éire (feirm ghaoithe Dharaidh Braoin), C‑261/18, EU:C:2019:955, mír 120).
125 Ar deireadh, ní mór a lua nach féidir gluaiseachtaí imirce le blianta beaga anuas, agus go háirithe iad siúd a tharla tar éis ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a mheas, sa chás seo, mar imthoisc mhaolaitheach ós rud é nár bhunaigh an Ungáir, ina barúlacha i scríbhinn nó ag an éisteacht, conas a cuireadh cosc air, mar thoradh ar na gluaiseachtaí imirceacha sin, glacadh leis na bearta is gá chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorghníomhú.
126 Sa dara háit, maidir le fad na sáruithe atá i gceist, ba cheart a mheabhrú nach mór an fad sin a mheasúnú trí thagairt a dhéanamh don dáta a ndéanann an Chúirt measúnú ar na fíorais (breithiúnas an 20 Eanáir 2022, an Coimisiún v an Ghréig (Aisghabháil Státchabhrach – Ferronickel), C‑51/20, EU:C:2022:36, mír 105 agus an cásdlí dá dtagraítear).
127 D’fhonn a chinneadh ar lean an cosantóir leis an mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh go dtí go ndearna an Chúirt scrúdú ar na fíorais, is gá na bearta a glacadh, de réir an pháirtí sin, a bhreithniú tar éis na tréimhse a fhorordaítear sa litir fógra fhoirmiúil (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).
128 Níl aon bheart luaite ag an Ungáir, a glacadh idir an dáta éagtha den teorainn ama sin agus deireadh na céime i scríbhinn den nós imeachta, a bhfuil sé de chumas aige amhras a chaitheamh ar an gcinneadh a rinneadh i mír 83 den bhreithiúnas seo. Dúirt sí ag an éisteacht nach raibh aon athrú tagtha ar an reachtaíocht náisiúnta ábhartha ó tháinig deireadh leis an gcéim i scríbhinn den nós imeachta.
129 Tá sé suite dá bhrí sin gur lean an mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh ar feadh níos mó ná trí bliana tar éis an dáta ar tugadh an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir, ar tréimhse ama fhada í.
130 Cé nach sonraítear in Airteagal 260(1) den CFAE an tréimhse nach mór breithiúnas a fhorghníomhú laistigh di, leanann sé ó chásdlí socair gurb é an bhrí atá leis an tábhacht a bhaineann le cur i bhfeidhm láithreach agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais ná nach mór an próiseas um fhorghníomhú a thionscnamh láithreach agus é a chur i gcrích a luaithe is féidir (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).
131 Sa tríú háit, maidir le cumas an Bhallstáit lena mbaineann íocaíocht a dhéanamh, ba cheart a OTI a ghlacadh mar an príomhfhachtóir, gan a hualach institiúideach a chur san áireamh. Chuige sin, is gá freisin treochtaí le déanaí a chur san áireamh in OTI an Bhallstáit sin tráth scrúdú na Cúirte ar na fíorais (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).
132 I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, agus go háirithe tromchúis eisceachtúil na sáruithe atá i gceist agus mainneachtain na hUngáire comhoibriú de mheon macánta chun deireadh a chur leo, measann an Chúirt gur cuí cnapshuim a fhorchur, nach mór a shocrú ag EUR 200 000 000.
133 Ní mór ordú a thabhairt don Ungáir, dá bhrí sin, cnapshuim EUR 200 000 000 a íoc leis an gCoimisiún.
– An íocaíocht phionósach
134 De réir cásdlí socair, agus an lánrogha a thugtar di in ábhair den sórt sin á feidhmiú, tá sé de chumhacht ag an gCúirt íocaíocht phionósach agus íocaíocht chnapshuime a fhorchur go carnach (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).
135 Níl údar maith, i bprionsabal, le híocaíocht phionósach a ghearradh ach amháin a mhéid a leanann le mainneachtain breithiúnas níos luaithe ón gCúirt a fhorghníomhú suas go dtí tráth scrúdú na Cúirte ar na fíorais (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).
136 Sa chás seo, mar atá leagtha síos i mír 129 den bhreithiúnas seo, leanadh le mainneachtain na hUngáire maidir le hoibleagáidí a chomhlíonadh go dtí an tráth a scrúdaigh an Chúirt fíorais an cháis.
137 Sna himthosca sin, is modh iomchuí airgeadais é ordú lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar an Ungáir chun an Ballstát sin a spreagadh chun na bearta is gá a ghlacadh chun deireadh a chur leis an mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh arna suíomh agus lena áirithiú go bhforghníomhófar an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir (féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).
138 Chuige sin, de réir cásdlí socair, ní mór an íocaíocht phionósach sin a chinneadh de réir an mhéid áitimh is gá chun go bhféadfaidh an Ballstát i dtrácht a iompar a athrú agus deireadh a chur leis an iompar iomardaithe (féach chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).
139 Agus a lánrogha á feidhmiú aici san ábhar, is faoin gCúirt atá sé an íocaíocht phionósach sin a shocrú ionas go mbeidh sí iomchuí do na himthosca agus comhréireach leis an sárú arna shuíomh agus le cumas íocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).
140 Níl tograí an Choimisiúin maidir le méid na híocaíochta pionóis sin ina gceangal ar an gCúirt agus níl iontu ach pointe tagartha úsáideach. Ní mór don Chúirt a bheith saor chun an íocaíocht phionósach a bheidh le forchur a shocrú i méid agus i bhfoirm a mheasann sí is iomchuí chun an Ballstát lena mbaineann a spreagadh deireadh a chur lena mhainneachtain comhlíonadh lena oibleagáidí a eascraíonn faoi dhlí an Aontais (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).
141 Chun críocha méid na híocaíochta pionósaí a chinneadh, is iad na bunchritéir nach mór a chur san áireamh chun a áirithiú go bhfuil éifeacht chomhéigneach ag an íocaíocht sin agus go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go héifeachtach, ná i bprionsabal, tromchúis na sáruithe, a ré agus cumas an Bhallstáit i dtrácht íocaíocht a dhéanamh. Agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm, ní mór aird a thabhairt go háirithe ar na héifeachtaí a bheidh ag mainneachtain comhlíonadh ar leasanna príobháideacha agus poiblí agus aird ar an bpráinn a bhaineann leis an mBallstát lena mbaineann a spreagadh chun a oibleagáidí a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v an Rómáin (Dúnadh de láithreáin líonta talún), C‑109/22, EU:C:2023:991, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).
142 Sa chás seo, i bhfianaise na n‑imthosca dlíthiúla agus fíorasacha ar fad as ar eascair an cinneadh maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh chomh maith leis na breithnithe atá leagtha amach i míreanna 102 go 131 den bhreithiúnas seo, measann an Chúirt gur cuí íocaíocht phionósach EUR 900 000 in aghaidh an lae a fhorchur i leith Airteagal 6 agus Airteagal 46(5) de Threoir 2013/32, agus íocaíocht phionósach EUR 100 000 in aghaidh an lae a fhorchur i leith Airteagail 5, 6, 12 agus 13 de Threoir 2008/115.
143 Ní mór ordú a thabhairt don Ungáir, dá bhrí sin, íocaíocht phionósach EUR 900 000 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh an lae de mhoill ar chur chun feidhme na mbeart is gá chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorfheidhmiú, ó dháta seachadta an bhreithiúnais seo go dtí an dáta a gcomhlíontar an chéad bhreithiúnas sin go hiomlán, a mhéid a bhaineann le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 46(5) de Threoir 2013/32. Ní mór ordú a thabhairt don Ungáir freisin íocaíocht phionósach EUR 100 000 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh an lae de mhoill ar chur chun feidhme na mbeart is gá chun an breithiúnas 2020 an Coimisiún v an Ungáir a fhorfheidhmiú, ó dháta seachadta an bhreithiúnais seo go dtí an dáta a gcomhlíontar an chéad bhreithiúnas sin go hiomlán, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 5, 6, 12 agus 13 de Threoir 2008/115.
Costais
144 Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Ós rud é nár éirigh leis an Ungáir, ní mór a ordú di na costais a íoc, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (An Ceathrú Dlísheomra) leis seo:
1. Trí mhainneachtain na bearta uile is gá a dhéanamh chun breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta) (C‑808/18, EU:C:2020:1029), a fhorghníomhú, mhainnigh an Ungáir ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 260(1) CFAE a chomhlíonadh;
2. Ordaítear don Ungáir cnapshuim EUR 200 000 000 a íoc leis an gCoimisiún;
3. Ordaítear don Ungáir íocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 900 000 in aghaidh an lae a íoc leis an gCoimisiún Eorpach ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo go dtí dáta forghníomhaithe bhreithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta) (C‑808/18, EU:C:2020:1029), a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 6 agus Airteagal 46(5) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar;
4. Ordaítear don Ungáir íocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 100 000 in aghaidh an lae a íoc leis an gCoimisiún Eorpach ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo go dtí dáta forghníomhaithe bhreithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta) (C‑808/18, EU:C:2020:1029), a mhéid a bhaineann sé le hAirteagail 5, 6, 12 agus 13 de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh;
5. Ordaítear don Ungáir na costais a íoc.
[Sínithe]
* Teanga an cháis: an Ungáiris.