BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

30 Márta 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach leictreachais – Treoir 2009/72/CE – Airteagal 37 – Iarscríbhinn I – Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta – Cosaint an tomhaltóra – Costais bainistíochta riaracháin – Cumhacht an údaráis rialála náisiúnta chun aisíocaíocht suimeanna a íocann custaiméirí deiridh de bhun clásail chonarthacha ar fhorchuir an t-údarás sin pionós ina leith a ordú)

I gCás C-5/22,

Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), trí bhreith an 31 Nollaig 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 3 Eanáir 2022, sna himeachtaí idir

Green Network SpA

agus

SF,

YB,

Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (ARERA),

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: E. Regan, Uachtarán Dlísheomra, D. Gratsias, M. Ilešič, I. Jarukaitis (Rapóirtéir) agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Green Network SpA, ag V. Cerulli Irelli agus A. Fratini, avvocati,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. Aiello agus F. Fedeli, avvocati dello Stato,

an Coimisiún Eorpach, ag O. Beynet, G. Gattinara agus T. Scharf, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 37(1) agus (4) agus Iarscríbhinn I de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO 2009 L 211, lch. 55).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir Green Network SpA agus an Autorità di Regolazione per Energia Reti e Ambiente (an tÚdarás Rialála um Fhuinnimh, Líonraí agus an Comhshaol, an Iodáil, “ARERA”) maidir le cinneadh an dara ceann lena bhforchuirtear pionós riaracháin airgid de EUR 655000 ar Green Network agus lena n-ordaítear dó suim EUR 13 987 495.22 a aisíoc lena chustaiméirí deiridh a fhreagraíonn do chostais áirithe bainistíochta riaracháin ar chuir sé sonrasc chucu ina leith.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

3

Foráiltear le haithrisí 37, 42, 51, agus 54 de Threoir 2009/72 mar a leanas:

“(37)

Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag rialálaithe fuinnimh cinntí ceangailteacha a ghlacadh maidir le gnóthais leictreachais agus pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur orthu siúd nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfaidh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu. Ba cheart an chumhacht a dheonú freisin do na rialálaithe fuinnimh bearta chun tairbhe tomhaltóirí a ghlacadh, gan beann ar rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm, trí chur chun cinn na hiomaíochta éifeachtaí is gá chun an margadh inmheánach i leictreachas a fheidhmiú go cuí. [...]

[...]

(42)

Ba cheart go mbeadh gach earnáil tionscail agus tráchtála [an Aontais Eorpaigh], agus go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith le saoránaigh uile an Aontais, a bhaineann tairbhe as buntáistí eacnamaíocha an mhargaidh inmheánaigh, in ann tairbhe a bhaint as leibhéil arda cosanta tomhaltóirí freisin, go háirithe custaiméirí teaghlaigh, agus, i gcás ina measann na Ballstáit gur cuí é, ba cheart go mbeadh fiontair bheaga in ann tairbhe a bhaint as ráthaíochtaí seirbhíse poiblí freisin, go háirithe maidir le slándáil soláthair agus taraifí réasúnta, ar chúiseanna cothroime, iomaíochais agus, go hindíreach, cruthú post. Ba cheart do na custaiméirí sin tairbhe a bhaint freisin as rogha, cóireáil chóir, deiseanna ionadaíochta agus sásraí um réiteach díospóidí.

[...]

(51)

Ba cheart leasanna tomhaltóirí a bheith i gcroílár na Treorach seo agus ba cheart cáilíocht na seirbhíse a bheith ina príomhfhreagracht ar ghnóthais leictreachais. Ba cheart cearta tomhaltóirí atá ann cheana a neartú agus a áirithiú, agus ba cheart trédhearcacht níos mó a bheith san áireamh leo. Ba cheart a áirithiú le cosaint tomhaltóirí, i gcomhthéacs an [Aontais Eorpaigh], i gcoitinne, go mbaineann gach tomhaltóir tairbhe as margadh iomaíoch. Ba cheart do na Ballstáit nó, má dhéanann Ballstát foráil amhlaidh, údaráis rialála, a chinntiú go n-urramaítear cearta tomhaltóirí.

[...]

(54)

Cinntíonn modhanna éifeachtacha um réiteach díospóidí atá inrochtana do gach tomhaltóir cosaint níos fearr do thomhaltóirí. Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta gasta agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráladh le hAirteagal 1 den Treoir sin dar teideal “Ábhar agus raon feidhme”, mar seo a leanas:

“Leagtar síos sa Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir le leictreachas a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh agus a sholáthar, chomh maith le forálacha maidir le cosaint tomhaltóirí, d’fhonn margaí leictreachais iomaíocha a fheabhsú agus a chomhtháthú san [Aontas Eorpach]. [...] Sainmhíníonn sa Treoir seo freisin oibleagáidí seirbhíse uilíche agus cearta tomhaltóirí leictreachais, agus soiléirítear inti oibleagáidí i réimse na hiomaíochta.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

De réir Airteagal 2 de Threoir 2009/72, dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha na Treorach seo:

[...]

7.

ciallaíonn ‘custaiméir’ custaiméir mórdhíola nó deiridh leictreachais;

8.

ciallaíonn ‘custaiméir mórdhíola’ duine nádúrtha nó dlíthiúil a cheannaíonn leictreachas le hathdhíol taobh istigh nó lasmuigh den chóras ina bhfuil sé suiteáilte;

9.

ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ custaiméir a cheannaíonn leictreachas dá úsáid féin;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráladh le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Oibleagáidí seirbhíse poiblí agus cosaint tomhaltóirí”:

“[...]

7.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun na custaiméirí deiridh a chosaint, agus, go háirithe, áiritheoidh siad go mbeidh coimircí leormhaithe ann chun na custaiméirí leochaileacha a chosaint. [...] Áiritheoidh siad ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, go háirithe maidir le trédhearcacht i dtaobh téarmaí agus coinníollacha conarthacha, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí. [...]

[...]

9.   [...]

Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil náisiúnta eile na bearta is gá lena áirithiú go mbíonn an fhaisnéis a thugann na soláthróirí dá gcustaiméirí de bhun an Airteagail seo iontaofa agus go soláthraítear, ar an leibhéal náisiúnta, ar bhealach soiléir so-chomparáide í.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Seo a leanas Airteagal 36 de Threoir 2009/72, dar teideal “Cuspóirí ginearálta an údaráis rialála”:

“I ndéanamh na gcúraimí rialála a sonraítear sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás rialála gach beart réasúnta chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach faoi chuimsiú a chuid dualgas agus cumhachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 37 iad, i ndlúthchomhar, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis iomaíochta agus gan dochar dá gcumhachtaí:

[...]

(g)

a áirithiú go mbaineann custaiméirí tairbhe as feidhmiú éifeachtach na margaí náisiúnta, iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus cabhrú le cosaint tomhaltóirí a áirithiú;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráladh in Airteagal 37 den Treoir sin, dar teideal “Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála”, i míreanna 1 agus 4:

“ 1.   Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:

[...]

(i)

faireachán a dhéanamh ar an leibhéal trédhearcachta, lena n-áirítear trédhearcacht praghsanna mórdhíola, agus comhlíonadh na ngnóthas leictreachais le hoibleagáidí trédhearcachta a áirithiú;

(j)

faireachán a dhéanamh ar an leibhéal agus ar éifeachtacht a oscailt an mhargaidh agus na hiomaíochta ar an leibhéal mórdhíola agus ar an leibhéal miondíola, lena n-áirítear maidir le malartuithe leictreachais, praghsanna do chustaiméirí teaghlaigh, lena n-áirítear córais réamhíocaíochta, rátaí chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, rátaí díscoir, muirir ar sheirbhísí cothabhála agus déanamh na seirbhísí sin, agus gearáin ó chustaiméirí teaghlaigh, [...]

[...]

(n)

cabhrú chun a áirithiú, in éineacht leis na húdaráis ábhartha eile, go bhfuil na bearta cosanta tomhaltóirí, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I, éifeachtach agus go ndéantar forfheidhmiú orthu;

[...]

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar na cumhachtaí is gá d’údaráis rialála a chuirfidh ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 6 a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag an údarás rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

[...]

(d)

pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir seo nó cinntí infheidhme atá ceangailteach ó thaobh an dlí de ón údarás rialála nó ón ngníomhaireacht, nó moladh a dhéanamh go ngearrfaidh cúirt inniúil pionóis den sórt sin. Áirítear leis seo an chumhacht chun pionós suas go 10 % de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais tarchurtha a ghearradh ar an oibreoir córais tarchurtha, nó moladh a dhéanamh iad a ghearradh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a ghearradh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó moladh iad a ghearradh air, de réir an cháis, as neamh-chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi seach de bhun na Treorach seo; [...]

9

Foráladh in Iarscríbhinn I leis an Treoir sin, dar teideal “Bearta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí”, i mír 1:

“1. Gan dochar do rialacha [an Aontais] maidir le cosaint tomhaltóirí, [...] is é cuspóir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 a áirithiú go mbeidh custaiméirí:

(a)

i dteideal conradh lena soláthróir leictreachais ina sonraítear na nithe seo a leanas:

[...]

aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;

[...]

(c)

faisnéis thrédhearcach a fháil maidir leis na praghsanna agus na taraifí a ghearrtar, chomh maith leis na coinníollacha ginearálta is infheidhme, maidir le rochtain ar sheirbhísí leictreachais agus úsáid na seirbhísí sin;

[...]

(f)

tairbhe a bhaint as nósanna imeachta trédhearcacha, simplí agus neamhchostasacha chun déileáil lena ngearáin. Go háirithe, tá ag tomhaltóirí an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí leictreachais. Ceadóidh na nósanna imeachta sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt socrú cothrom gasta díospóidí, laistigh de thrí mhí más féidir, lena ngabhann, nuair a bheidh údar leis, córas aisíocaíochta agus/nó cúitimh. [...]

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hIodáile

10

Le hAirteagal 2(12)(g) de legge n. 481 – Norme per la concorrenza et la regolazione dei servizi di pubblica utilità. Istituzione delle Autorità di regolazione dei servizi di pubblica utilità (Dlí Uimh. 481 maidir le rialacha iomaíochta agus rialáil fóntais phoiblí agus i ndáil le bunú údaráis rialála fóntais phoiblí) an 14 Samhain 1995 (Gnáth-Fhorlíonadh Uimh. 136 le GURI Uimh. 270 an 18 Samhain 1995), cuirtear de chúram ar ARERA “[rialú] feidhmithe seirbhísí le cumhachtaí iniúchta, rochtana, éadála doiciméadaithe agus faisnéise úsáidí, agus go gcinnfidh sé freisin cásanna cúitimh uathoibríoch ar thaobh an té a fheidhmíonn an tseirbhís i dtreo an úsáideora nuair nach gcomhlíonann an té sin na clásail chonarthacha nó nuair a sholáthraíonn sé an tseirbhís ar leibhéil cháilíochta níos ísle ná iad siúd a leagadh síos sna rialacháin seirbhíse”.

11

Faoi Airteagal 2(20)(d) den Dlí sin, tá sé de chumhacht ag ARERA ordú a thabhairt d’oibreoir na seirbhíse deireadh a chur le haon iompar a dhéanann dochar do chearta úsáideoirí agus a fhorchur air, de bhun Airteagal 2(12)(g) den Dlí sin, an oibleagáid cúiteamh a íoc.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

12

Tar éis dóibh tuarascáil a fháil ón Sportello per il consumatore Energia e Ambiente (Oifig Faisnéise do Thomhaltóirí faoi Fhuinneamh agus faoin gComhshaol, an Iodáil), a léirigh gur luaigh Green Network, cuideachta dáileacháin leictreachais agus gáis nádúrtha, ar na sonraisc a seoladh chuig a chustaiméirí ranníocaíocht a dhíospóid siad ar an bhforas nach raibh sí soiléir, thionscain ARERA imeachtaí i gcoinne na cuideachta sin.

13

Tar éis na tuarascála sin, rinne ARERA tuilleadh seiceálacha trína bhfuair sé amach go ndearna clásal foráil don ranníocaíocht sin sna coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir leis na conarthaí soláthair fuinnimh a thairgeann Green Network, le haghaidh leictreachais agus gás nádúrtha araon. De réir an chlásail sin, níor cuireadh costais bainistíochta riaracháin san áireamh sna taraifí a leagadh síos chun fuinneamh a sholáthar, agus bhí an soláthróir in ann ranníocaíocht nach mó ná EUR 5 nó, do chustaiméirí áirithe, EUR 10 in aghaidh na míosa a ghearradh ar an gcustaiméir.

14

Tar éis a chinneadh go raibh sainmhíniú Green Network ar an ranníocaíocht sin sna téarmaí agus coinníollacha ginearálta sin neamhdhleathach sa mhéid nár luadh an ranníocaíocht sin sa bhileog inchomparáideachta, lenar féidir comparáid a dhéanamh idir na tairiscintí tráchtála éagsúla ar an margadh, agus sa chóras cuardaigh tairisceana, d’fhorchuir ARERA, trí chinneadh an 20 Meitheamh 2019, pionós riaracháin airgeadais de EUR 655000 ar Green Network as faisnéis chonarthach a chur in iúl dá chustaiméirí deiridh de shárú ar na forálacha rialála a d’achtaigh ARERA. Sa chinneadh sin, d’ordaigh sé do Green Network suim EUR 13 987 495.22 a bailíodh uathu a aisíoc trí chostais bainistíochta riaracháin.

15

Thug Green Network caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Tribunale amministrativo regionale per la Lombardia (Cúirt Riaracháin Réigiúnach, an Lombaird, an Iodáil), agus diúltaíodh don chaingean sin.

16

Rinne Green Network achomharc i gcoinne an bhreithiúnais diúltaithe os comhair an Consiglio di Stato (Comhairle Stáit, an Iodáil), an chúirt a rinne an tarchur, ag maíomh, inter alia, go raibh cumhacht ARERA chun a cheangal go dtabharfaí ranníocaíocht ar ais do chustaiméirí contrártha le Treoir 2009/72, ó cinneadh an ranníocaíocht sin i gcomhthéacs caidrimh chonarthaigh phríobháidigh.

17

Luann an chúirt a rinne an tarchur go mbaineann an díospóid atá ar feitheamh os a comhair leis an gceist an bhféadfar a thuiscint ó Threoir 2009/72 go bhfuil cumhacht ag ARERA chun a ordú go n-aisíocfar suimeanna ar cuireadh sonrasc ina leith chuig custaiméirí. Ní cosúil go ndearna an Chúirt léiriú ar fhorálacha ábhartha na Treorach sin cheana, a bhfuil Green Network ag brath orthu, nach bhfuil a léiriú ceart soiléir.

18

Sna himthosca sin, chinn an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

An bhfuil forálacha dhlí an Aontais atá i [dTreoir 2009/72/CE] – go háirithe in Airteagal 37(1) agus (4) lena rialaítear cumhachtaí na n-údarás rialála agus in Iarscríbhinn I – le léirmhíniú amhail is go n-áirítear iontu cumhacht shaintreorach a fheidhmíonn [ARERA] i leith cuideachtaí atá gníomhach in earnáil an leictreachais, faoina bhféadfaidh an t-údarás a ordú ar chuideachta den sórt sin suimeanna airgid a aisíoc do chustaiméirí, lena n-áirítear iar-chustaiméirí agus custaiméirí atá chun deiridh, a d’íoc na custaiméirí sin ar chostais bainistíochta riaracháin, de bhun clásal conarthach ar eisigh [ARENA] pionós ina leith?

2)

An bhfuil forálacha dhlí an Aontais atá i [dTreoir 2009/72/CE] – go háirithe in Airteagal 37(1) agus (4) lena rialaítear cumhachtaí na n-údarás rialála agus in Iarscríbhinn I – le léirmhíniú amhail is go n-áirítear iontu, faoi raon feidhme aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme do chustaiméirí sa mhargadh leictreachais mura gcomhlíonfaidh an t-oibreoir margaidh na leibhéil cháilíochta seirbhíse chonarthacha, aisíocaíocht airgid a d’íoc na custaiméirí sin a rialaítear go sainráite le clásal conarthach i gcomhaontú arna shíniú agus arna ghlacadh agus nach bhfuil gaol acu le cáilíocht na seirbhíse féin ach a shonraítear mar airgead lena gcumhdaítear costais bainistíochta riaracháin an oibreora eacnamaíoch féin?”

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

19

Lena ceisteanna, ar cuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 37(1)(i) agus (n) agus (4)(d) de Threoir 2009/72 agus Iarscríbhinn I leis an Treoir sin a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar Bhallstát an chumhacht a thabhairt don údarás rialála náisiúnta chun gnóthais leictreachais a ordú chun aisíocaíocht a dhéanamh lena gcustaiméirí den tsuim a fhreagraíonn don chomaoin a d’íoc siad mar “chostais bainistíochta riaracháin” de bhun téarma conarthach a mheasann an t-údarás sin a bheith neamhdhleathach, freisin i gcásanna nach bhfuil an t-ordú aisíocaíochta sin bunaithe ar chúiseanna cáilíochta na seirbhíse lena mbaineann a sholáthraíonn na gnóthais sin, ach ar shárú oibleagáidí trédhearcachta taraife.

20

Maidir leis sin, mar a thug an Chúirt faoi deara cheana, is léir ó Airteagal 1 de Threoir 2009/72 agus ó aithrisí 37, 42, 51 agus 54 den Treoir sin go bhfuil sé beartaithe leis an Treoir an chumhacht a thabhairt do rialálaithe fuinnimh lánéifeacht na mbeart cosanta tomhaltóirí a áirithiú, a áirithiú go mbaineann gach earnáil tionscail agus tráchtála agus saoránaigh uile an Aontais tairbhe as leibhéil arda cosanta tomhaltóirí agus sásraí réitigh díospóide, leasanna tomhaltóirí a chur i gcroílár na Treorach sin, go gcinntíonn an t-údarás rialála náisiúnta, i gcás ina leagann an Ballstát an chumhacht sin air, go n-áirithítear go dtugtar urraim do chearta tomhaltóirí leictreachais agus go bhfuil modhanna éifeachtacha um réiteach díospóidí ar fáil do gach tomhaltóir (breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 2020, Crown Van Gelder, C-360/19, EU:C:2020:805, mír 26).

21

De réir Airteagal 3(7) de Threoir 2009/72, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun custaiméirí deiridh a chosaint agus ní mór dóibh ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, go háirithe maidir le trédhearcacht i dtaobh téarmaí agus coinníollacha conarthaí, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí. De réir na forála sin, maidir le custaiméirí teaghlaigh ar a laghad, ní mór a áirithiú sna bearta sin iad siúd atá liostaithe in Iarscríbhinn I leis an Treoir sin, lena n-áirítear bearta atá beartaithe chun a chinntiú go bhfaigheann custaiméirí faisnéis thrédhearcach maidir le praghsanna agus taraifí, agus ar na coinníollacha ginearálta is infheidhme.

22

Thairis sin, chinn an Chúirt cheana féin, chun na cuspóirí thuasluaite a shaothrú, go gceanglaíonn Treoir 2009/72 ar na Ballstáit cumhachtaí leathana a thabhairt dá n-údaráis rialála náisiúnta chun an margadh leictreachais a rialáil agus monatóireacht a dhéanamh air (breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Prezident Slovenskej republiky, C-378/19, EU:C:2020:462, mír 23). Mar is léir ó Airteagal 36(g) den Treoir sin, i measc na gcuspóirí ginearálta a gcaithfidh na Ballstáit a saothrú a shannadh dá n-údaráis rialála náisiúnta i bhfeidhmiú a ndualgas agus a gcumhachtaí, tá cosaint tomhaltóirí a áirithiú (féach chuige sin, breithiúnais an 23 Eanáir 2020, Energiavirasto, C-578/18, EU:C:2020:35, mír 35, agus an 8 Deireadh Fómhair 2020, Crown Van Gelder, C-360/19, EU:C:2020:805, mír 27).

23

Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 37(1)(i) agus (n) de Threoir 2009/72 go bhfuil sé de chúram ar an údarás rialála náisiúnta comhlíonadh oibleagáidí trédhearcachta ag gnóthais leictreachais a chinntiú agus cabhrú, i gcomhar le húdaráis inniúla eile, le héifeachtacht agus cur i bhfeidhm beart cosanta tomhaltóirí, lena n-áirítear iad siúd atá leagtha amach in Iarscríbhinn I den Treoir sin, a áirithiú. Maidir leis sin, foráiltear le hAirteagal 37(4) den Treoir sin go n-áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar na cumhachtaí is gá d’údaráis rialála chun a chur ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 37(1), (3) agus (6) den Treoir sin a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus gasta, agus chuige sin, beidh na cumhachtaí ag an údarás rialála atá liostaithe san fhoráil sin, ar a laghad. Cé go gcuimsíonn na cumhachtaí sin an chumhacht, dá bhforáiltear in Airteagal 37(4)(d) de Threoir 2009/72, pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur i gcoinne gnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir sin nó faoi chinntí is infheidhme atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, ní luann an fhoráil sin an chumhacht chun a cheangal ar na gnóthais sin aon suim a fhaightear mar chúiteamh ar théarma conarthach a mheastar a bheith neamhdhleathach a aisíoc.

24

Mar sin féin, léiríonn úsáid in Airteagal 37(4) de Threoir 2009/72 den fhrása “beidh cumhachtaí ag an údarás rialacha an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh” go bhféadfar cumhachtaí seachas iad siúd a luaitear go sainráite in Airteagal 37(4) a thabhairt d’údarás den sórt sin chun a chumasú dó na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 37(1), (3) agus (6) den Treoir sin a chur i gcrích (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Eanáir 2020, Energiavirasto, C-578/18, EU:C:2020:35, míreanna 37, 38 agus 40).

25

Ós rud é go gcinntítear go dtagann áirithiú chomhlíonadh na n-oibleagáidí trédhearcachta atá ar ghnóthais leictreachais agus tomhaltóirí a chosaint laistigh de na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 37(1), (3) agus (6) den Treoir sin, ba cheart a chinneadh go bhféadfaidh Ballstát an chumhacht a dheonú d’údarás den sórt sin chun a cheangal ar na hoibreoirí sin suimeanna a bhailigh siad de shárú ar cheanglais cosanta tomhaltóirí a aisíoc, go háirithe iad siúd a bhaineann le hoibleagáid na trédhearcachta agus cruinneas an tsonraisc.

26

Ní chuirtear amhras ar a leithéid de léiriú toisc go bhforáiltear le hAirteagal 36 de Threoir 2009/72, go bunúsach, go bhfuil an t-údarás rialála náisiúnta chun na bearta riachtanacha a dhéanamh “i ndlúthchomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis náisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis iomaíochta, agus gan dochar dá gcumhachtaí”, nó go bhfuil in Airteagal 37 den Treoir sin, i mír 1(n), an frása “in éineacht leis na húdaráis inniúla eile”. Ní léir ó na forálacha sin, i gcás mar atá sna príomhimeachtaí, nach bhféadfaidh ach ceann amháin de na húdaráis náisiúnta eile sin a ordú go n-aisíocfar suimeanna a bhailíonn gnóthas leictreachais go héagórach ó chustaiméirí deiridh. A mhalairt ar fad, tugann úsáid na bhfocal “i gcás inarb iomchuí” le tuiscint nach gá comhairliúchán den sórt sin ach amháin sa chás gur dócha go mbeidh impleachtaí i gceist d’údaráis inniúla eile ag an mbeart a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh.

27

Ina theannta sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 37(1)(i) agus (n) agus (4)(d) de Threoir 2009/72 agus Iarscríbhinn I leis an Treoir sin a léiriú sa chaoi go gceadaítear don údarás rialála náisiúnta, ar bhonn foráil náisiúnta atá dírithe ar chúiteamh uathoibríoch i bhfabhar custaiméirí ar shuimeanna a bhailíonn gnóthas leictreachais nuair nach mbaintear amach leibhéil cháilíochta na seirbhísí dá bhforáiltear, a ordú go n-aisíocfaidh gnóthas leictreachais lena chustaiméirí deiridh suimeanna ar cuireadh sonrasc chucu ina leith, i gcás nach bhfuil an t-ordú aisíocaíochta sin bunaithe ar chúiseanna cáilíochta na seirbhíse lena mbaineann, ach ar neamhdhleathacht clásail chonarthaigh lena bhforáiltear do “t[h]áillí riaracháin” a íoc.

28

Maidir leis sin, mar is léir, go bunúsach, ó mhír 25 den bhreithiúnais seo, cé nach gceanglaíonn Treoir 2009/72 ar na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás rialála náisiúnta a ordú go n-aisíocfaidh gnóthas leictreachais suimeanna a bailíodh go héagórach óna chustaiméirí, ní chuireann an Treoir sin cosc ar Bhallstát a leithéid de chumhacht a bhronnadh ar an údarás sin. Sa mhéid go dtagann cosaint tomhaltóirí agus comhlíonadh oibleagáidí trédhearcachta faoi na dualgais a bheidh le tabhairt do na húdaráis rialála faoi Airteagal 37(1)(i) agus (n) den Treoir sin, ní bhaineann le hábhar an chúis chruinn go n-ordaítear do ghnóthas den sórt sin aisíocaíocht a dhéanamh lena chustaiméirí chun ceann de na dualgais sin a chomhlíonadh.

29

Bíodh sin mar atá, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a mheas an dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht don údarás rialála náisiúnta i ndáiríre chun aisíocaíocht suimeanna a fuarthas go héagórach i gcásanna mar sin atá i gceist sna príomhimeachtaí a ordú, nó ar chuir an t‑údarás sin an dlí náisiúnta sin i bhfeidhm i gceart.

30

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é freagra na gceisteanna a chuirtear ná go gcaithfear Airteagal 37(1)(i) agus (n) agus (4)(d) de Threoir 2009/72 agus Iarscríbhinn I leis an Treoir sin a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar Bhallstát an chumhacht a thabhairt don údarás rialála náisiúnta chun a ordú do ghnóthais leictreachais aisíocaíocht a dhéanamh lena gcustaiméirí deiridh den tsuim a fhreagraíonn don chomaoin a d’íoc siad mar “chostais bainistíochta riaracháin” de bhun téarma conarthach a mheasann an t-údarás sin a bheith neamhdhleathach, agus sin freisin i gcásanna nach bhfuil an t-ordú aisíocaíochta sin bunaithe ar chúiseanna cáilíochta na seirbhíse lena mbaineann a sholáthraíonn na gnóthais sin, ach ar shárú oibleagáidí trédhearcachta taraife.

Costais

31

Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 37(1)(i) agus (n) agus (4)(d) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE agus Iarscríbhinn I de Threoir 2009/72,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

ní chuirtear cosc ar Bhallstát an chumhacht a thabhairt don údarás rialála náisiúnta chun a ordú do ghnóthais leictreachais aisíocaíocht a dhéanamh lena gcustaiméirí deiridh den tsuim a fhreagraíonn don chomaoin a d’íoc siad mar “chostais bainistíochta riaracháin” de bhun téarma conarthach a mheasann an t-údarás sin a bheith neamhdhleathach, agus sin freisin i gcásanna nach bhfuil an t-ordú aisíocaíochta sin bunaithe ar chúiseanna cáilíochta na seirbhíse lena mbaineann a sholáthraíonn na gnóthais sin, ach ar shárú oibleagáidí trédhearcachta taraife.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.