TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MANUEL CAMPOS SÁNCHEZ-BORDONA

arna tabhairt an 11 Bealtaine 2023 ( 1 )

Cás C-66/22

Infraestruturas de Portugal, S. A,

Futrifer Indústrias Ferroviárias, S. A

v

Toscca - Equipamentos em Madeira Lda,

idiragraí:

Mota-Engil Railway Engineering, SA

(iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Phortaingéil))

(Tarchur chun réamhrialú — Treoir 2014/24/AE — Soláthar poiblí — Forais eisiaimh roghnaigh — Airteagal 57(4)(d) — Oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta tairisceana —Pionós mar gheall ar chleachtais lena sriantar an iomaíocht — Eisiamh uathoibríoch bunaithe ar chinneadh arna dhéanamh roimhe seo ag údarás iomaíochta — Cumhachtaí an údaráis chonarthaigh measúnú a dhéanamh ar fhoras eisiaimh a bheith ann — Airteagal 57(6) — Oiriúnacht agus iontaofacht an tairgeora — Cúiseanna — Cleachtais lena sriantar an iomaíocht arna n-aimsiú sa nós imeachta tairisceana féin)

1.

Leis an tarchur chun réamhrialú seo ní mór don Chúirt Bhreithiúnais Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE ( 2 ) a léiriú, faoinar féidir le húdaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair i gcás ina bhfuil comhaontuithe déanta aige le hoibreoirí eile chun an iomaíocht a shaobhadh.

2.

Tháinig an iarraidh ar réamhrialú chun cinn in imeachtaí a bhaineann le conradh a dhámhachtain do ghnóthas ar gearradh pionós air roimhe seo ós rud é go ndearna sé comhbheart le gnóthais eile chun iompar lena sriantar an iomaíocht a thabhairt i gcrích (comhaontuithe maidir le praghsanna agus comhroinnt margaidh).

I. An dlí lena mbaineann

A.   Dlí an Aontais

1. Treoir 2014/24

3.

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 56 (“Prionsabail ghinearálta”):

“1.   Dámhfar conarthaí ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagail 67 go 69, ar chuntar é a bheith fíoraithe ag an údarás conarthach, i gcomhréir le hAirteagail 59 go 61, go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

[…]

b)

go dtagann an tairiscint ó thairgeoir nach n-eisiatar i gcomhréir le hAirteagal 57 […]”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.

In Airteagal 57 (“Forais eisiaimh”), sonraítear an méid seo a leanas:

“[…]

4.   Féadfaidh na húdaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin ag na Ballstáit, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

[…]

c)

nuair a fhéadfaidh an t-údarás conarthach a léiriú trí mhodhanna iomchuí go raibh an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach lena gcaitear amhras ar a ionracas;

d)

nuair a bheidh fianaise inchreidte leordhóthanach ag an údarás conarthach go bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch le hoibreoirí eacnamaíocha eile atá ceaptha an iomaíocht a shaobhadh;

[…]

5.   […]

Tráth ar bith le linn an nós imeachta, féadfaidh na húdaráis chonarthacha, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin ag na Ballstáit, oibreoir eacnamaíoch a eisiamh más rud é go ndeimhnítear go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch, ag féachaint do ghníomhartha a rinneadh nó nach ndearnadh roimh an nós imeachta nó lena linn, i gceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 4.

6.   Féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch atá i gceann de na cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 fianaise a sholáthar lena léirítear gur leor na bearta arna nglacadh aige chun a iontaofacht a léiriú d’ainneoin foras eisiaimh ábhartha a bheith ann. Má mheastar fianaise den sórt sin a bheith leordhóthanach, ní leanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann de bheith eisiata ón nós imeachta soláthair.

Chuige sin, beidh ar an oibreoir eacnamaíoch a léiriú go bhfuil cúiteamh iomchuí íoctha aige, nó go bhfuil geallta aige cúiteamh iomchuí a íoc, as aon damáiste a rinneadh mar gheall ar an gcion coiriúil nó an mí-iompar, go bhfuil na fíorais agus na himthosca soiléirithe aige go hiomlán trí chomhoibriú go gníomhach leis na húdaráis imscrúdaithe agus go bhfuil bearta nithiúla teicniúla, eagrúcháin agus pearsanra glactha aige, arb iomchuí iad chun a thuilleadh cionta coiriúla nó mí-iompair a chosc.

Déanfar measúnú ar na bearta arna nglacadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus tromchúis agus imthosca ar leith an chiona choiriúil nó an mhí-iompair á gcur san áireamh. I gcás ina measfar nach leor na bearta, gheobhaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ráiteas ar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

Ní bheidh na hoibreoirí eacnamaíocha ar eisiadh iad le breithiúnas críochnaitheach ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair nó i nósanna imeachta dámhachtana i dteideal leas a fháil as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa mhír seo le linn na tréimhse eisiaimh atá mar thoradh ar an mbreithiúnas sin sa Bhallstát ina bhfuil an breithiúnas in-fhorfheidhmithe.

7.   Déanfaidh na Ballstáit, trí dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin, agus dlí an Aontais á chur san áireamh acu, na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a shonrú. Cinnfidh siad, go háirithe, an uastréimhse eisiaimh i gcás nár ghlac an t-oibreoir eacnamaíoch na bearta a shonraítear i mír 6 chun a iontaofacht a léiriú. I gcás nach mbeidh an tréimhse eisiaimh socraithe le breithiúnas críochnaitheach, ní rachaidh an tréimhse sin thar cúig bliana ó dháta an chiontaithe le breithiúnas críochnaitheach sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, ná thar trí bliana ó dháta an teagmhais ábhartha sna cásanna dá dtagraítear i mír 4”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

2. Treoir 2014/25/AE ( 3 )

5.

De réir Airteagal 80 (“Úsáid na bhforas eisiaimh agus na gcritéar roghnúcháin dá bhforáiltear le Treoir 2014/24/AE):

“1.   Féadfar a áireamh i measc na rialacha agus na gcritéar oibiachtúil is infheidhme maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a lorgaíonn aicmiú i gcóras aicmiúcháin a eisiamh agus a roghnú agus na rialacha agus critéir oibiachtúla is infheidhme maidir le hiarrthóirí agus tairgeoirí a eisiamh agus a roghnú i nósanna imeachta oscailte, srianta nó idirbheartaithe, in idirphlé iomaíoch nó i gcomhpháirtíochtaí um nuálaíocht, na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57 de Threoir 2014/24/AE sna coinníollacha a leagtar amach ann.

Nuair is údarás conarthach é an t-eintiteas conarthach, áireofar i measc na gcritéar agus rialacha sin na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(1) agus (2) de Threoir 2014/24/AE, sna coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

I gcás ina n-éilíonn na Ballstáit é, áireofar i measc na gcritéar agus rialacha sin, thairis sin, na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24/AE sna coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

[…]”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.   Dlí na Portaingéile

1. Decreto-lei n.o 18/2008, Código dos Contratos Públicos ( 4 )

6.

Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 55 (“Baic”):

“Ní féidir leis na heintitis seo a leanas a bheith ina n-iarrthóirí, ina dtairgeoirí ná mar pháirt de ghrúpa:

[…]

c) Daoine nádúrtha ar forchuireadh pionós orthu mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach agus nár athshlánaíodh idir an dá linn, nó, daoine dlítheanacha ar forchuireadh pionós riaracháin den sórt sin ar a gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó rialaithe agus atá fós i mbun a feidhmeanna a dhéanamh.

[…]

f) Eintitis ar forchuireadh an pionós breise orthu ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí dá bhforáiltear sa reachtaíocht speisialta, go háirithe sna córais phionósacha a bhaineann [...] le hiomaíocht [...], le linn na tréimhse a leagtar síos sa chinneadh lena bhforchuirtear an pionós”.

7.

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 70(2) (“Measúnú ar thairiscintí”):

“2 –   Eiseofar tairiscintí nuair a léirítear leis an measúnú orthu:

[…]

g) Go bhfuil fianaise shuntasach ann de ghníomhartha, comhaontaithe, cleachtais nó faisnéis a d’fhéadfadh rialacha na hiomaíochta a shaobhadh”.

2. Ley n.o 19/2012 da Concorrência (Dlí na hIomaíochta) ( 5 )

8.

Foráiltear le hAirteagal 71(1)(b) (“Pionóis bhreise”), má thugtar údar leis le tromchúis an tsáraithe agus le locht an tsáraitheora, go bhféadfaidh an Autoridade de Concorrência (an tÚdarás Iomaíochta; “ÚI”) an pionós breise lena gcoisctear an ceart chun bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair phoiblí áirithe a fhorchur, in éineacht leis an bhfíneáil, ar chuntar gur tharla an cleachtas ar sárú é atá inphionóis le fíneáil le linn an nós imeachta ábhartha nó mar thoradh air.

II. Na fíorais, an díospóid agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

9.

An 18 Eanáir 2019, thionscain Infraestruturas de Portugal S. A. (“Infraestruturas”) nós imeachta chun conradh a dhámhachtain chun cuaillí agus trasnáin péine le créasóid orthu a sholáthar ar bhunphraghas EUR 2979200. ( 6 )

10.

Bhí na cuideachtaí Toscca — Equipamentos em Madeira, Lda. (“Toscca”) agus Futrifer, Indústrias Ferroviárias, S. A. (“Futrifer”) rannpháirteach sa nós imeachta, agus chuir an dá cheann acu tairiscint isteach.

11.

An 12 Meitheamh 2019, d’ordaigh ÚI do Futrifer fíneáil a íoc as rialacha na hiomaíochta a shárú i roinnt nósanna imeachta soláthair ( 7 ) in 2014 agus 2015. ( 8 )

12.

Go háirithe, mheas ÚI gur chomhbheartaigh Futifer agus gnóthais eile san earnáil chun praghsanna a shocrú agus an margadh le haghaidh seirbhísí cothabhála don ghréasán iarnróid a roinnt, de shárú ar Airteagal 9(1) de Dhlí Uimh. 19/2012 agus Airteagal 101(1) CFAE.

13.

Ina chinneadh, mheas ÚI nach raibh sé riachtanach, ag féachaint d’imthosca an cháis agus don togra réitigh arna chur isteach ag Futrifer, an pionós breise a fhorchur air ar toirmeasc é ar thairiscint a chur isteach, dá bhforáiltear in Airteagal 71(1)(b) de Dhlí Uimh. 19/2012. ( 9 )

14.

An 27 Iúil 2019, dhámh Infraestruturas an conradh atá faoi chonspóid do Futrifer.

15.

Chuir Toscca achomharc i gcoinne an chinnidh sin faoi bhráid Tribunal administrativo e fiscal de Viseu (an Chúirt Riaracháin agus Cánach, Viseu, an Phortaingéil, “TAF Viseu”). D’iarr sé go gcuirfí an cinneadh dámhachtana ar neamhní, go n-eisiafaí an tairiscint arna cur isteach ag Futrifer agus go ndámhfaí an conradh do Toscca. Mar thaca lena achomharc, d’agair sé, inter alia, cinneadh ÚI lenar forchuireadh pionós ar Futrifer.

16.

Dhiúltaigh an chúirt chéadchéime d’achomharc Toscca trí Airteagal 70, mír 2, litir g) CCP a léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm aige ach i gcás ina ndeimhnítear an fhianaise go bhfuil an iomaíocht á saobhadh sa nós imeachta atá i gceist sa díospóid.

17.

Rinne Toscca achomharc i gcoinne bhreithiúnas TAF Viseu os comhair an Tribunal central administrativo norte (an Chúirt Riaracháin Thuaidh Lár, an Phortaingéil). Le breithiúnas an 29 Bealtaine 2020, chinn an chúirt sin go ndearnadh léiriú earráideach ar Airteagal 70, mír 2, litir g) CCP ag an gcéad chéim, chuir sí an breithiúnas faoi achomharc ar neamhní agus d’ordaigh sí do Infraestruturas an conradh a dhámhachtain do Toscca.

18.

Rinne Infraestruturas agus Futrifer achomharc i gcoinne an bhreithiúnais achomhairc sin os comhair an Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Phortaingéil), a chuir ar neamhní é mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua agus a d’ordaigh an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Riaracháin Thuaidh Lár.

19.

An 2 Meitheamh 2021, d’eisigh an Tribunal central administrativo norte (an Chúirt Riaracháin Thuaidh Lár) breithiúnas lenar chuir sí an breithiúnas céadchéime ar neamhní arís agus inar ordaigh sí do Infraestruturas an conradh a dhámhachtain do Toscca.

20.

Rinne Infraestruturas agus Futrifer achomharc i gcoinne bhreithiúnas an 2 Meitheamh 2021 os comhair an Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Uachtarach Riaracháin), a tharchuir na ceisteanna seo a leanas chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

An ionann an foras [“dícháilithe”] eisiaimh dá bhforáiltear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE1 agus ábhar forchoimeádta do chinneadh [“reserva de decisão”] an údaráis chonarthaigh?

2)

An bhféadfaidh an reachtas náisiúnta an cinneadh nach mór don údarás conarthach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE a mhalartú in iomlán le cinneadh (le héifeacht chinneadh) ginearálta ón Údarás um Iomaíocht pionós breise a fhorchur, ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí le linn tréimhse sonraithe, arna ghlacadh i gcomhthéacs forchur fíneála mar gheall ar shárú ar na rialacha iomaíochta?

3)

An gcaithfear cinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le “hiontaofacht” an oibreora eacnamaíoch i bhfianaise chomhlíonadh (nó neamhchomhlíonadh) rialacha Dhlí na hiomaíochta, lasmuigh den nós imeachta tairisceana sonraí, a thuiscint amhail go bhfuil riachtanas ann leis chun measúnú a dhéanamh bunaithe ar oiriúnacht choibhneasta an oibreora eacnamaíoch thuasluaite, arb ionann é léiriú nithiúil ar an gceart chun dea-riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

4)

An bhféadfar a mheas go bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hAirteagal 55, mír 1, litir f) CCP, lena bhforáiltear go bhfuil eisiamh oibreora eacnamaíoch ó nós imeachta soláthair de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta, arna dhéanamh lasmuigh den nós imeachta soláthair shonraigh, faoi réir an chinnidh a ghlacann an tÚdarás Iomaíochta i gcomhthéacs cur chun feidhme pionóis bhreise ar toirmeasc ar thairiscint é, arb é an tÚdarás Iomaíochta sa chomhthéacs seo a mheasann oiriúnacht na mbeart ceartaitheach arna nglacadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE?

5)

An bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hAirteagal 70, mír 2, litir g) CCP, lena gcuirtear teorainn ar an bhféidearthacht tairiscint a eisiamh mar gheall ar fhianaise shuntasach a bheith ann de ghníomhartha, comhaontaithe, cleachtais nó faisnéis lena bhféadfaí na rialacha iomaíochta maidir leis an nós imeachta soláthair shonraigh ina n-aithneofaí na cleachtais úd a shaobhadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE freisin?”

III. Na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais

21.

Fuarthas an iarraidh ar réamhrialú ag an gCúirt Bhreithiúnais an 2 Feabhra 2022.

22.

Chuir Futrifer, Toscca, Rialtais na Seice, na hUngáire agus na Portaingéile chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach.

23.

Ghlac gach ceann acu, cé is moite de Rialtais na Seice agus na hUngáire, páirt san éisteacht a reáchtáladh an 7 Márta 2023.

IV. Measúnú

A.   Réamhbharúlacha

1. An Treoir is infheidhme

24.

Iarrann an chúirt a rinne an tarchur go ndéanfaí léiriú ar Threoir 2014/24 amháin, gan tagairt a dhéanamh do Theoir 2014/25. Rialaítear leis an Treoir dheireanach sin conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha atá ag feidhmiú in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist.

25.

Baineann an conradh a bhfuil a dhámhachtain i gceist le soláthar comhpháirteanna bonneagair in earnáil an iarnróid, is é sin le rá, san earnáil iompair. Mar fhreagairt ar cheisteanna a chuir an Chúirt Bhreithiúnais, d’aontaigh na páirtithe ag an éisteacht go dtagann an conradh sin faoi raon feidhme Threoir 2014/25, a bhfuil feidhm shonrach aici maidir leis “na gníomhaíochtaí a bhaineann le gréasáin a chur ar fáil nó a oibriú lena soláthraítear seirbhís don phobal i réimse an iompair ar iarnród” (Airteagal 11). [Aistriúchán neamhoifigiúil]

26.

In aon chás, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé cinneadh a dhéanamh, i bhfianaise a téarmaí, an rialaítear an conradh atá faoi chonspóid le Treoir 2014/24 nó, mar a dhealraítear, le Treoir 2014/25.

27.

Is fíor, go praiticiúil, nach mbeidh éagsúlacht shuntasach idir tionchar Treorach amháin agus ceann eile maidir leis an bpointe atá i gceist: fiú dá mbeadh Treoir 2014/25 infheidhme, tagraítear le hAirteagal 80 di do “na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57 de Threoir 2014/24/AE i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos ann”. ( 10 ) [Aistriúchán neamhoifigiúil]

28.

Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar éigin a bheith ag cur i bhfeidhm Threoir 2014/25 ar “inniúlacht” (chonspóidithe) na mBallstát chun na forais eisiaimh roghnaigh a thrasuí ina ndlí náisiúnta, mar a mhíneoidh mé thíos. ( 11 )

29.

Tar éis dom na soiléirithe sin a dhéanamh, díreoidh mé anois ar Airteagal 57 de Threoir 2014/24.

2. Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a thrasuí i ndlí na Portaingéile

30.

Leis na barúlacha i scríbhinn ón gCoimisiún, cuireadh tús le díospóireacht, a lean ar aghaidh ag an éisteacht, maidir le corrlach lánroghnach na mBallstát gan na forais eisiaimh roghnaigh in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 a thrasuí.

31.

Forbraíonn an Coimisiún a argóint mar seo a leanas:

Léirítear in Airteagal 57(4) agus in aithris 101 de Threoir 2014/24 nach raibh sé de rún ag an reachtas saoirse a ligean do na Ballstáit rogha a dhéanamh na naoi bhforas eisiaimh atá ann a thrasuí nó gan iad a thrasuí. Tugtar an rogha sin do na húdaráis chonarthacha, mura gcuireann na Ballstáit d’oibleagáid orthu iad a chur i bhfeidhm. A mhalairt air sin, níl na Ballstáit in ann teacht timpeall ar thrasuí ceann nó roinnt de na forais sin.

Níor trasuíodh i ndlí na Portaingéile an foras eisiaimh roghnaigh maidir le comhaontuithe a bheith ann le hoibreoirí eacnamaíocha eile a bhfuil ceaptha an iomaíocht a shaobhadh.

32.

D’fhéadfaí déileáil leis an gceist arna hardú ag an gCoimisiún sa tarchur le haghaidh réamhrialú seo dá mbeadh an dara ceann de na ráitis sin ceart: ós rud é nár trasuíodh foras eisiaimh roghnaigh sa dlí náisiúnta, bheadh sé riachtanach athmheasúnú a dhéanamh an bhfuil leasú nó fiú ceartú ag teastáil ó chásdlí na Cúirte go dtí seo ( 12 ) maidir le hinniúlacht na mBallstát an chatagóir d’fhorais eisiaimh sin a thrasuí nó gan a thrasuí.

33.

Ar na cúiseanna a leagfaidh mé amach thíos, measaim nach bhfuil an dara ráiteas ón gCoimisiún (agus roinnt barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh sna himeachtaí maidir leis an tarchur le haghaidh réamhrialú mar thaca leis) ag luí leis an bhfírinne.

34.

Leasaíodh CCP le Dlí Foraithne Uimh. 111-B/2017 chun Treoir 2014/24 agus Treoir 2014/25 a thrasuí. In Airteagal 1 de, cinntíonn reachtas na Portaingéile go sainráite go “dtrasuitear” Treoracha 2014/24 agus 2014/25, i measc Treoracha eile, leis. ( 13 )

35.

Liostaítear na forais eisiaimh (“baic”) a chumhdaítear leis an leagan nua de CCP in Airteagal 55, mír 1, litreacha a) go l), agus déantar athléiriú leo, le miondifríochtaí áirithe, ar fhorais chomhfhreagracha Airteagal 57(1) agus (4) de Threoir 2014/24.

36.

Maidir leis an bhforas eisiaimh atá i gceist, foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 55, mír 1, litir f) CCP: “ní fhéadfaidh na heintitis seo a leanas a bheith ina n-iarrthóirí […] eintitis ar forchuireadh an pionós breise orthu ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí dá bhforáiltear sa reachtaíocht speisialta, go háirithe sna córais phionósacha a bhaineann [...] le hiomaíocht [...], le linn na tréimhse a leagtar síos sa chinneadh lena bhforchuirtear an pionós”.

37.

Ina theannta sin, tá foráil eile in CCP (Airteagal 70, mír 2, litir g) lena n-ordaítear go n-eiseofar tairiscintí a léiríonn a measúnú “go bhfuil fianaise shuntasach ann de ghníomhartha, comhaontaithe, cleachtais nó faisnéis a d’fhéadfadh rialacha na hiomaíochta a shaobhadh”. ( 14 )

38.

I bhfianaise an dá fhoráil sin, is deacair dom tuiscint a fháil ar ráitis áirithe a rinneadh i mbarúlacha i scríbhinn Futrifer agus Rialtas na Portaingéile féin (maidir leis an rialtas sin, i dtéarmaí débhríocha nár shoiléirigh sé ag an éisteacht) ( 15 ) maidir le mainneachtain Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a thrasuí le CCP.

39.

Léirítear le léamh ar an dá fhoráil de CCP, dar liomsa, go raibh sé de rún soiléir ag reachtas na Portaingéile an fhoráil in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a chur isteach (nó a choinneáil) ( 16 ) ina dhlíchóras. Tá sé d’aidhm leis an bhforáil dheireanach sin, agus an dá fhoráil náisiúnta dá dtagraítear, comhrac a dhéanamh, i réimse an tsoláthair phoiblí, in aghaidh chomhaontuithe na n-oibreoirí eacnamaíocha atá ceaptha an iomaíocht a shaobhadh.

40.

Is ceist éagsúil é, agus an foras eisiaimh á rialú mar a rinneadh, ar chomhlíon reachtas na Portaingéile Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 go docht, nó, a mhalairt ar fad, ar ghlac sé réitigh lenar saobhadh an fhoráil sin, a d’imigh óna bunphrionsabail nó a laghdaigh a raon feidhme go míchuí.

41.

D’athdhearbhaigh an Chúirt, “[...] a luaithe a chinneann Ballstát ceann de na forais eisiaimh roghnaigh a leagtar síos i dTreoir 2014/24 a thrasuí, ní mór dó a bhunghnéithe a urramú, mar a leagtar amach sa Treoir sin iad. Trína fhoráil nach mór do na Ballstáit ‘dlí an Aontais a chur san áireamh’ agus ‘na coinníollacha maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme’ á sonrú acu, cuirtear cosc le hAirteagal 57(7) de Threoir 2014/24 ar na Ballstáit na forais eisiaimh roghnaigh a leagtar amach ann a shaobhadh nó neamhaird a dhéanamh ar na cuspóirí agus na prionsabail is bonn le gach ceann de na forais sin”. ( 17 )

42.

Ar na cúiseanna a leagfaidh mé amach thíos, measaim, agus ábhar Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 á thrasuí sa dlí náisiúnta, go ndearnadh, le rialacha na Portaingéile, trasuí nach raibh go hiomlán i gcomhréir leis an Treoir sin: go háirithe, cuirtear srian go míchuí le hAirteagal 55, mír 1, litir f) CCP le cumhachtaí an údaráis chonarthaigh tairgeoirí atá páirteach i gcleachtais chlaonpháirteacha a eisiamh, trína cheangal nach mór go raibh a n-iompar faoi réir pionós breise roimhe sin ar toirmeasc a bhí ann ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí, arna bhforchur ag ÚI.

43.

Más amhlaidh atá, mar a shílim, ní chiallaíonn sé, áfach, nach ndearnadh aon trasuí ar bith, ach nach leor an trasuí a rinneadh. Thairis sin, d’fhéadfaí an t-easnamh sin a réiteach le léiriú níos leithne ar Airteagal 70, mír 2, litir g) CCP, is é sin le rá, i gcomhréir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 (léiriú comhréireach). ( 18 )

44.

Go bunúsach, ní dóigh liom go bhfuil an tarchur le haghaidh réamhrialú seo oiriúnach chun an díospóireacht maidir le cumhachtaí na mBallstát gan glacadh leis na forais eisiaimh roghnaigh sa dlí náisiúnta a athoscailt, go háirithe, ós rud é gur roghnaigh reachtas na Portaingéile a mhalairt a dhéanamh (fiú mura bhfuil an réiteach sin chomh sásúil agus ba cheart dó a bheith, ó thaobh dhlí an Aontais de).

45.

I gcásdlí na Cúirte roimhe seo maidir le cumhachtaí na mBallstát sa réimse seo, ní dhéantar neamhaird, go loighciúil, ar an oibleagáid (Airteagal 288 CFAE) atá ar an mBallstát an toradh atá le baint amach de bhun treorach a chomhlíonadh. Ar an mbonn sin, mheas comhdhéanaimh dhifriúla na Cúirte go gcomhlíontar cur chun feidhme Threoir 2014/24, maidir le forais eisiaimh roghnaigh, sna téarmaí a leagtar amach thuas. ( 19 )

46.

Thairis sin, bheadh athoscailt an phlé dá ndearna mé tagairt níos luaithe thar a bheith íogair maidir lena thoradh:

A d’fhéadfadh go ndéanfaí forais eisiaimh roghnaigh a thiontú ina bhforais éigeantacha gan beann ar idirghabháil na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 57(7) de Threoir 2014/24.

A d’fhéadfadh an córas aonair atá mar bhunús don tagairt do Threoir 2014/24 sna forálacha maidir leis na forais eisiaimh i dTreoir 2014/25 a scoilteadh. I gcomhréir le hAirteagal 80(1)(3) den Treoir sin, áireofar i measc na gcritéar agus rialacha is infheidhme maidir le hiarrthóirí a eisiamh na forais eisiaimh roghnaigh a leagtar amach in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24, má éilíonn na Ballstáit é sin.

B.   An chéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

47.

Is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach an ionann an foras eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 agus “ábhar forchoimeádta do chinneadh” an údaráis chonarthaigh.

48.

Thug an Chúirt Bhreithiúnais freagra ar an gceist cheana féin: “is léir ó fhoclaíocht Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 [...] go raibh sé de rún ag reachtóir an Aontais a bhronnadh ar an údarás conarthach — agus ar an údarás sin amháin — an cúram chun a chinneadh, le linn na céime ina roghnaítear na tairgeoirí, ar chóir iarrthóir nó tairgeoir a eisiamh ó nós imeachta soláthair phoiblí”. ( 20 )

49.

Tá an ráiteas sin ón gCúirt i gcomhréir le hAirteagal 56(1)(b) de Threoir 2014/24: ní mór don údarás conarthach a fhíorú “go dtagann an tairiscint ó thairgeoir nach n-eisiatar i gcomhréir le hAirteagal 57”. Dá bhrí sin, is faoin údarás conarthach atá sé, in aon chás, a chinneadh ar cheart tairgeoir a eisiamh ón nós imeachta soláthair.

50.

Ba cheart an ráiteas catagóireach thuas a cháiliú, áfach, i gcás inar aithníodh le cinneadh roimhe sin ón údarás inniúil, ar cinneadh críochnaitheach é, iompar nach bhfuil ag luí le rochtain ar nósanna imeachta soláthair, nó i gcás inar toirmeascadh ar an tairgeoir a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta den sórt sin.

51.

Sa chomhthéacs ina gcuirtear an cheist (is é sin, agus iompar lena sriantar an iomaíocht arna chur i leith tairgeora ann), tá trí chás fhéideartha ann:

Más rud é gur eisiadh an t-oibreoir sin roimhe sin ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair le breithiúnas críochnaitheach (an fhomhír dheireanach d’Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24), mar gheall ar iompar lena sriantar an iomaíocht, ( 21 ) ní mór don údarás conarthach an toirmeasc sin a urramú. Níl an t-oibreoir eacnamaíoch arna chiontú i dteideal brath ar an bhféidearthacht a chruthú go bhfuil sé iontaofa (bearta ceartaitheacha nó self cleaning) le linn na tréimhse eisiaimh a eascraíonn as an mbreithiúnas sa Bhallstát ina bhfuil an breithiúnas sin in-fhorfheidhmithe. ( 22 )

Más rud é nár forchuireadh an toirmeasc ar rannpháirtíocht le breithiúnas críochnaitheach ach le cinneadh ó ÚI, níl an cinneadh sin ceangailteach go hiomlán ar an údarás conarthach: féadfaidh sé a fhíorú ar ghlac an t-oibreoir na bearta ceartaitheacha dár thagair mé thuas agus a cheadú dó, d’ainneoin sin, a bheith rannpháirteach sa nós imeachta chun an conradh a dhámhachtain.

Is amhlaidh atá, a fortiori, más rud é nár fhorchuir ÚI aon toirmeasc ar rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair, ach gur fhorchuir sé pionós ar an oibreoir eacnamaíoch mar gheall ar iompar claonpháirteach.

52.

Tabharfaidh mé aghaidh ar an dara agus an tríú hipitéis atá díreach arna leagan amach thuas agam san anailís ar na ceisteanna ina dhiaidh seo a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú. Chun freagra a thabhairt ar an gcéad cheist, sna téarmaí leathana inar cuireadh í, measaim gur leor freagra lena leagtar amach an riail ghinearálta, gan dochar do na heisceachtaí a eascraíonn as Treoir 2014/24 féin.

C.   An dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

53.

Is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach, go hachomair, an bhféadfaidh an reachtas náisiúnta, i gcomhthéacs Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24, “an cinneadh nach mór don údarás conarthach a ghlacadh a mhalartú in iomlán” le cinneadh ó ÚI lena bhforchuirtear pionós breise ar oibreoir, ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair.

54.

Le Dlí Uimh. 19/2012 ceadaítear do ÚI an pionós ( 23 ) breise ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí ar feadh tréimhse áirithe (Airteagal 71(1)(b)) a fhorchur ar oibreoirí atá páirteach i gcleachtais lena sriantar an iomaíocht, sa bhreis ar an bhfíneáil.

55.

Mar sin féin, mar atá mínithe agam cheana féin, chinn ÚI, go sainráite, nach ngearrfadh sé an pionós breise ar Futrifer.

1. Do-ghlacthacht

56.

Ar an mbonn sin, in ainneoin na suimiúlachta a bhaineann leis an gceist arna cur ag an gcúirt a quo, ó dhearcthaí éagsúla agus i dtéarmaí ginearálta, is ceist de chineál hipitéiseach í i ndáil leis an gcás atá i gceist.

57.

Bheadh ciall leis an gceist dá mba rud é, i gcás cinneadh ó ÚI lena bhforchuirtear toirmeasc ar thairiscint a dhéanamh, go raibh gá scrúdú a dhéanamh, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ar a leordhóthanaí is atá an cinneadh sin chun é “a mhalartú” leis an gcinneadh (ina dhiaidh sin) ón údarás conarthach.

58.

Mar mhalairt air sin, nuair is léir, sna himeachtaí i gcoinne Futrifer, nár fhorchuir ÚI an pionós breise go feasach air ar toirmeasc é ar thairiscint a dhéanamh, ní heol dom a úsáidí is a bheadh sé don díospóid seo rialú a thabhairt ar iarmhairtí an toirmisc sin (nach ann dó).

59.

Dá bhrí sin, tá an dara ceist do-ghlactha. ( 24 )

2. Mar mhalairt air sin, maidir leis an tsubstaint

60.

Mura mbeidh an Chúirt ar aon intinn liom agus má roghnaíonn sí aghaidh a thabhairt ar shubstaint na ceiste seo, leagfaidh mé amach an seasamh atá agam maidir léi.

61.

I mo thuairimse (agus na cásanna inar forchuireadh an toirmeasc ar rannpháirtíocht le breithiúnas críochnaitheach á gcur ar leataobh), ( 25 ) níl an cinneadh ÚI lena gcuirtear toirmeasc ar oibreoir a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair ina cheangal ar an údarás conarthach go dtí an pointe “an cinneadh [...] a mhalartú ina iomláine”.

62.

Féadfaidh an t-údarás conarthach, sa hipitéis sin freisin, a fhíorú an bhfuil na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24 glactha ag an oibreoir eacnamaíoch ar a gearradh an pionós agus, d’ainneoin sin, a cheadú dó a bheith rannpháirteach sa nós imeachta chun an conradh a dhámhachtain.

63.

Ba mhaith liom a thabhairt chun cuimhne go bhfuil ceart soiléir ag an oibreoir eacnamaíoch a iontaofacht a shuíomh leis na bearta féincheartaitheacha sin, ceart a eascraíonn go díreach as Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24. ( 26 )

64.

Leis an réiteach atá á mholadh agam (lena bhforchoimeádtar don údarás conarthach an chumhacht chun na bearta ceartaitheacha a fhíorú, in ainneoin an toirmisc ar thairiscint a dhéanamh arna fhorchur ag an údarás iomaíochta) is féidir cothromaíocht a bhaint amach idir dhá chur chuige:

Ar thaobh amháin, an cur chuige lena bhféachtar le cumhachtaí an údaráis chonarthaigh a chaomhnú, nach mór dó a bheith saor chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht an iarrthóra gan a bheith faoi cheangal, go riachtanach, ag measúnuithe comhlachtaí poiblí eile. ( 27 )

Ar an taobh eile, an cur chuige lena n-urramaítear feidhmeanna na n-údarás poiblí atá freagrach, go háirithe, as ionchúiseamh a dhéanamh mar gheall ar iompar lena gcuirtear srian ar an iomaíocht. ( 28 ) Ní mór don údarás conarthach cinntí na n-údarás sin a chur san áireamh, ós rud é, ar deireadh, “nach féidir a mheas go bhfuil sé cruthaithe gurb ann d’iompar lena sriantar an iomaíocht ach amháin tar éis cinneadh den sórt sin a bheith glactha, lena n-aicmítear go dlíthiúil na fíorais sa chiall sin”. ( 29 )

65.

Is fíor, áfach, mar a chinn an Chúirt i bhfianaise aithris 102 de Threoir 2014/24, ( 30 ) go bhfuil na Ballstáit i seilbh “corrlach lánroghnach leathan [...] maidir le sainiú na n-údarás atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na bearta ceartaitheacha leordhóthanach. I ndáil leis sin, [...] féadfaidh siad an cúram measúnaithe sin a chur de chúram ar aon údarás eile seachas an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach”. ( 31 )

66.

I mbeagán focal, agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil Airteagal 57(4)(d) le cur i bhfeidhm, féadfaidh an t-údarás conarthach an méid seo a leanas a dhéanamh, de rogha air sin:

Oibreoir eacnamaíoch a eisiamh as a stuaim féin, a bhfuil comharthaí sách sochreidte ann ina leith go bhfuil comhaontuithe déanta aige le hoibreoirí eile atá ceaptha an iomaíocht a shaobhadh, in éagmais cinntí roimh ré ó údaráis eile.

Nó, nuair a bheidh na comhaontuithe sin lena sriantar an iomaíocht suite ag an údarás lena mbaineann, ( 32 ) agus cé acu ar fhorchuir nó nár fhorchuir an t-údarás sin toirmeasc ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair, a mheas an léirítear le bearta ceartaitheacha an tairgeora nó an iarrthóra a iontaofacht agus, dá bhrí sin, nár chóir é a eisiamh ón nós imeachta soláthair, de bhun Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24. Féadfaidh Ballstát, áfach, an measúnú ar bhearta ceartaitheacha a chur de chúram ar údarás seachas an t-údarás conarthach, agus sa chás sin ní mór don údarás sin an measúnú sin a dhéanamh.

D.   An tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

67.

Is cosúil go bhfuil dhá cheist i ndáiríre araon ann i bhfoclaíocht an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú:

Ar thaobh amháin, más féidir “cinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le ‘iontaofacht’ an oibreora eacnamaíoch i bhfianaise chomhlíonadh (nó neamhchomhlíonadh) na rialacha maidir le dlí na hiomaíochta” a ghlacadh “lasmuigh den nós imeachta conarthach sonrach”.

Ar an taobh eile, an gcaithfidh an measúnú sin ar oiriúnacht choibhneasta an oibreora eacnamaíoch a bheith “suite go leordhóthanach” le “cinneadh uathrialach” ón údarás conarthach ar féidir iomaitheoirí eile agóid a dhéanamh ina choinne. ( 33 )

68.

Arís, is cosúil gurb é bonn na ceiste seo ná gur tháinig an beart breise (toirmeasc ar thairiscint a dhéanamh), arna fhorchur ag ÚI, roimh chinneadh an údaráis chonarthaigh. Ar an mbonn sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil na cúiseanna atá mar bhunús leis an mbeart breise “den chineál agus nádúr céanna” leis an “measúnú ar iontaofacht” atá le glacadh ag an údarás conarthach. ( 34 )

69.

Agus tuiscint ar an gcaoi sin ar an gceist, bheadh na fadhbanna céanna i gceist léi maidir le do-ghlacthacht (mar gheall ar í a bheith hipitéiseach) a luadh cheana i ndáil leis an dara ceist. Mar sin féin, ina réasúnaíocht, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur don fhéidearthacht go bhféadfadh an t-údarás conarthach cinneadh a dhéanamh go bhfuil oibreoir eacnamaíoch oiriúnach, cé gur gearradh pionós ar an oibreoir eacnamaíoch sin mar gheall ar iompar claonpháirteach, i gcás nach raibh toirmeasc ar thairiscint a dhéanamh i measc na bpionós sin. ( 35 )

70.

Dá bhrí sin, freagróidh mé an dá cheist ar bhonn chur chuige na cúirte a rinne an tarchur dár thagair mé thuas.

1. Measúnú an údaráis chonarthaigh ar iontaofacht nó oiriúnacht

71.

Is fíor go leanann an freagra ar an gcuid seo den cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú as an bhfreagra a thug mé ar an dá cheist roimhe seo. Coinníonn an t-údarás conarthach a chumhacht go hiomlán chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht an tairgeora nó an iarrthóra, i ndiaidh chinneadh an údaráis iomaíochta, sna téarmaí a leagtar amach thuas.

72.

De réir aithris 101 de Threoir 2014/24, “ba cheart an deis a thabhairt do na húdaráis chonarthacha oibreoirí eacnamaíocha a léirigh nach bhfuil siad iontaofa a eisiamh, mar shampla, ós rud é go [...] ndearna siad cineálacha eile mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh, amhail sáruithe ar na rialacha iomaíochta”. ( 36 ) Tagraítear sa dara fomhír den aithris chéanna do ghníomhaíocht i gconarthaí roimhe seo “a chaitheann amhras tromchúiseach ar iontaofacht an oibreora eacnamaíoch”. ( 37 )

73.

Ní haon ionadh é, i bhfianaise na haithrise sin, gur dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais mar seo: “tá an chumhacht atá ag gach údarás conarthach tairgeoir a eisiamh ó nós imeachta soláthair ceaptha, go bunúsach, lena chur ar chumas an údaráis ionracas agus iontaofacht gach tairgeora a mheas.” ( 38 )

74.

Cuireann na forais eisiaimh roghnaigh ar chumas na mBallstát cuspóirí leasa ghinearálta a chomhlíonadh agus, ar aon chuma, féachaint le ráthaíochtaí maidir le hiontaofacht, ( 39 ) le dícheall, le hionracas gairmiúil agus le freagracht an tairgeora a dheimhniú. ( 40 )

75.

Go háirithe, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, maidir leis an “[g]cuspóir is bun le hAirteagal 57(4) de Threoir 2014/24” go bhfuil “an cumas — nó fiú an oibleagáid — atá ag an údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta tairisceana ceaptha go bunúsach chun é a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar ionracas agus ar iontaofacht gach ceann de na hoibreoirí eacnamaíocha”. ( 41 )

76.

Thairis sin, ceanglaítear le léiriú ceart ar Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 go leathnófaí an fíorú ar ionracas agus iontaofacht an tairgeora chomh fada lena iompar lenar srianadh an iomaíocht san am atá caite, agus ní hamháin le comhaontuithe claonpháirteacha arna ndéanamh laistigh den nós imeachta soláthair “sonrach” a bhfuil ar an údarás conarthach cinneadh a dhéanamh ina leith.

77.

Leanann sé sin, go háirithe, ón dara fomhír d’Airteagal 57(5) de Threoir 2014/24, faoina bhféadfaidh údaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh má shuitear, “go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch, i bhfianaise gníomhartha a rinneadh nó nach ndearnadh roimh an nós imeachta nó lena linn, le háireamh i gceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 4.” ( 42 )

78.

I dteannta na dtuairimí sin, ní mór a lua go bhféadfaidh an t-údarás conarthach, mar mhalairt air sin, úsáid a bhaint as Airteagal 57(4)(c) de Threoir 2014/24, agus a chinneadh chun an tairgeoir a eisiamh a bhunú ar an imthoisc go raibh sé ciontach as mí-iompar gairmiúil tromchúiseach.

79.

Leis an gcoincheap mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, a aithnítear le dlí na Portaingéile mar fhoras eisiaimh, ( 43 ) féadfar iompar lena sriantar an iomaíocht a áireamh freisin, fiú má tá cineál sonrach eisiaimh ann i gcás an iompair sin: dearbhaítear an méid sin le haithris 101 de Threoir 2014/24, a luaitear thuas, lena meastar (i gcomhréir le cur chuige na Cúirte Breithiúnais maidir leis an Treoir roimhe) ( 44 ) sáruithe ar na rialacha iomaíochta mar chineál mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh. ( 45 )

80.

Is fíor, mar a leagadh béim ag an éisteacht air, go dtugann an fhéidearthacht sin le tuiscint go bhfuil forluí áirithe ann idir an dá fhoras eisiaimh roghnaigh. Mar sin féin, measaim, má fhéachtar uirthi mar a bheith de chineál comhlánach, go gcuireann sí le baint amach chuspóirí Threoir 2014/24.

81.

Nuair a tharlaíonn an cás a leagtar síos in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24, is loighciúil don údarás conarthach an foras eisiaimh sin a aithint. Maidir le haon iompar eile lena sáraítear rialacha na hiomaíochta ach nach gcumhdaítear le “comhaontuithe le hoibreoirí eile”, féadfaidh sé brath ar fhoclaíocht níos ginearálta fhomhír (c).

82.

Más é an aidhm an cumas is leithne a thabhairt don údarás conarthach chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na dtairgeoirí agus na n-iarrthóirí, ní fheicim aon chúis lena chumhachtaí a theorannú agus na “sáruithe ar rialacha na hiomaíochta” a rinneadh á sainiú aige. Le haithris 101 de Threoir 2014/24, údaraítear arís Airteagal 57(4)(c) agus (d) a úsáid sna téarmaí a leagtar amach thuas. Dá bhrí sin, is é an toradh a bhíonn air sin ná easaontacht idir rialacha a mbeidh ar an údarás a dhéanann an léiriú a réiteach tríd an gceann is oiriúnaí maidir le himthosca gach cáis a chur i bhfeidhm.

2. Oibleagáid cúiseanna a lua

83.

Tá dualgas ar an údarás conarthach “measúnú nithiúil aonair a dhéanamh ar dhearcadh an eintitis lena mbaineann”. ( 46 ) Ní mór an measúnú sin a aistriú go ráiteas ar na cúiseanna atá leis an mbeart arna ghlacadh, lenar féidir leis an té ar a bhfuil sé dírithe, agus le haon iomaitheoir, agóid a dhéanamh ina choinne os comhair cúirte. ( 47 )

84.

I gcás inar mhaígh duine de na hiomaitheoirí (amhail sa chás seo) go gcumhdaítear iomaitheoir eile le raon feidhme forais eisiaimh faoi Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24, beidh ar an údarás conarthach a mhíniú, go háirithe, cén fáth a nglacann sé le hiontaofacht an iarrthóra sin. I gcás inarb iomchuí, ní mór go n-áireofar leis an ráiteas ar na cúiseanna measúnú ar na bearta ceartaitheacha arna nglacadh ag an tairgeoir pionósaithe. ( 48 )

85.

Féadfar an ceanglas maidir le cúiseanna a lua a chomhlíonadh má ghlacann an t-údarás conarthach, go díreach nó trí tharchur a dhéanamh, leis na hargóintí arna gcur san áireamh ag an údarás earnála (sa chás seo, ÚI) agus é á chinneadh go ndearna oibreoir comhbheart le hoibreoirí eile chun an iomaíocht a shaobhadh.

E.   An ceathrú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

86.

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil an “réiteach arna ghlacadh i ndlí na Portaingéile trí Airteagal 55, mír 1, litir f) CCP” ag luí le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24.

87.

Seo a leanas léiriú na forála sin de CCP arna dhéanamh ag an gcúirt a quo (nach mór don Chúirt Bhreithiúnais cloí leis, ós rud é gur ón gcúirt riaracháin is airde de chuid na Portaingéile a thagann sé): nuair a eisiatar oibreoir eacnamaíoch mar gheall ar “s[h]árú ar na rialacha iomaíochta arna dhéanamh lasmuigh den nós imeachta soláthair sonrach”, fágtar le hAirteagal 55, mír 1, litir f) CCP go mbraitheann an t-eisiamh sin ar chinneadh ÚI “i ndáil le pionós breise ar toirmeasc ar thairiscint a dhéanamh é a chur i bhfeidhm”. Sna himeachtaí sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin go ndéanann ÚI measúnú ar ábharthacht na mbeart ceartaitheach arna nglacadh.

88.

Tá an cheist seo hipitéiseach, ar na cúiseanna céanna a thugtar san anailís ar an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, ( 49 ) ós rud é:

Ar an gcéad dul síos, gur chinn ÚI go sainráite gan an pionós breise a chur i bhfeidhm mar fhreagra ar iompar Futrifer.

Agus ar an dara dul síos, nach léir ó na doiciméid i gcomhad an cháis gur agair aon cheann de na hoibreoirí atá i gceist, chun dul timpeall ar réamhthoirmeasc (nach raibh ann) ar thairiscint a dhéanamh, glacadh na mbeart ceartaitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24.

89.

Dá bhrí sin, téann ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur thar raon na díospóide, i bhfianaise na bhfíoras atá i gceist, agus éilítear leo, de facto, tuairim chomhairleach ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le hábhair nach mbaineann leis na fíorais sin.

90.

D’fhonn dul timpeall ar agóid na do-ghlacthachta, d’fhéadfaí an cheist a athfhoirmliú sa chaoi go dtagann sí chun cinn sa chás go measann ÚI an comhaontú comhpháirteach a bheith cruthaithe agus go ngearrann sé pionós le fíneáil, ach gan an toirmeasc ar thairiscint a dhéanamh a chur leis.

91.

In aon chás, bíodh sé de bhun an athfhoirmlithe sin nó mar mhalairt air, tá an freagra a mholaim bunaithe ar mo bhreithnithe roimhe seo. Mar sin:

Ní bheadh riail náisiúnta (nó léiriú uirthi sin) lena gceanglaítear, mar choinníoll riachtanach dá cur i bhfeidhm, réamhchinneadh ó údarás iomaíochta i gcomhréir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24.

Féadfaidh na Ballstáit an measúnú ar na bearta ceartaitheacha a shannadh ar údaráis nach údaráis chonarthacha iad, amhail ÚI. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an ionann sin agus an cás faoi dhlí na Portaingéile agus, más amhlaidh, a fhíorú “an gcomhlíonann an córas náisiúnta arna bhunú chuige sin na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal [57(6) de Threoir 2014/24].” ( 50 )

F.   An cúigiú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

92.

Díríonn an chúirt a rinne an tarchur a haird ar Airteagal 70, mír 2, litir g) CCP d’fhonn a fhiosrú an gcomhlíontar Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 lena ábhar.

93.

Fágann léamh na cúirte a rinne an tarchur ar an Airteagal sCCP sin go ndearbhaíonn sí “go dteorannaítear an fhéidearthacht chun tairiscint a eisiamh ar an bhforas go bhfuil fianaise shuntasach ann do ghníomhartha, do chomhaontaithe, do chleachtais nó d’fhaisnéis a d’fhéadfadh na rialacha iomaíochta a shaobhadh sa nós imeachta soláthair sonrach ina n-aithnítear na cleachtais sin”.

94.

Tagann Airteagal 70 CCP chun infheidhmeachta, go litriúil ar a laghad, níos déanaí sa nós imeachta soláthair: cé go bhfuil feidhm ag Airteagal 55 ag an gcéad chéim (roghnú an oibreora ar bhonn critéir cháilíochtúla), tá feidhm ag Airteagal 70 ag an gcéim ina dhiaidh sin (measúnú ar na tairiscintí a cuireadh isteach). Chun teacht chuig an dara céim sin, go loighciúil, bhí ar an tairgeoir nó ar an iarrthóir a bheith rathúil sa chéad chéim, is é sin le rá, nár eisiadh ón nós imeachta é roimhe sin.

95.

Mar sin, níl aon rud ann le bac a chur ar an bhforáil sa dlí náisiúnta má cheadaítear le léiriú na forála sin, in aon chás, don údarás conarthach a chinneadh, roimh an nós imeachta soláthair sonrach atá le dámhachtain, gur iompar tairgeoir ar chaoi lena sriantar an iomaíocht, lena gcinntear a eisiamh.

96.

Is é sin le rá, ní sháraítear aon fhoráil de Threoir 2014/24 más rud é go nach n-údaraítear le hAirteagal 70, mír 2, litir g) CCP ach don údarás conarthach, as a stuaim féin, tairiscint tairgeora a eisiamh ar an bhforas gur tharla sé mar thoradh ar iompar claonpháirteach i gcomhthéacs an nós imeachta soláthair féin. ( 51 )

97.

Tá foclaíocht Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 leathan go leor chun gach bealach féideartha a bhféadfadh an t-údarás conarthach teacht ar an eolas faoi iompar tairgeora atá ceaptha an iomaíocht a shaobhadh a chur san áireamh.

98.

Sa Tuairim in Vossloh Laeis, d’áitigh mé go mbronntar le hAirteagal 57 de Threoir 2014/24 feidhmeanna imscrúdaithe áirithe ar na húdaráis chonarthacha, ( 52 ) agus sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis an mbarúil sin sa bhreithiúnas sa chás sin. ( 53 )

99.

Trí úsáid a bhaint as na feidhmeanna sin, tá na húdaráis chonarthacha údaraithe chun láithreacht comhaontuithe arna ndéanamh ag na tairgeoirí i ndáil leis an nós imeachta soláthair atá ar bun agus lena saobhtar an iomaíocht a aithint. Is féidir, mar a thugann an Coimisiún le fios, go mbeidh deacrachtaí ag an údarás conarthach maidir le cruthú iompair lena sriantar an iomaíocht ag an údarás conarthach féin. Ní thugann na deacrachtaí sin, seachas a n-easpa dosháraitheachta i ngníomh, údar le teorainn a chur le cumhacht an údaráis chonarthaigh measúnú a dhéanamh ar iompar claonpháirteach a mheasann sé féin a bheith ann.

V. Conclúid

100.

I bhfianaise a bhfuil thuas, molaim go ndearbhóidh an Chúirt go bhfuil an dara agus an ceathrú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú do-ghlactha agus freagra mar seo a leanas a thabhairt ar an Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Phortaingéil):

“Maidir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

Ní mór don údarás conarthach measúnú a dhéanamh ar an bhforas eisiaimh roghnaigh a leagtar amach san fhoráil sin gan a bheith faoi cheangal ag cinntí ó údaráis eile, seachas má eisiadh oibreoir le breithiúnas críochnaitheach ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair, le linn na tréimhse eisiaimh atá mar thoradh ar an mbreithiúnas sin sa Bhallstát ina bhfuil sé in-fhorfheidhmithe.

Ní mór don údarás conarthach a shonrú, go díreach nó trí tharchur a dhéanamh, na cúiseanna a nglacann sé le rannpháirtíocht tairgeora ar a gearradh pionós roimhe sin ós rud é go ndearna sé iompar lena sriantar an iomaíocht sa nós imeachta soláthair.

Ní choisctear riail náisiúnta leis lena n-údaraítear don údarás conarthach tairiscint a eisiamh ar an bhforas go bhfuil fianaise shuntasach ann do ghníomhartha, do chomhaontaithe, do chleachtais nó d’fhaisnéis a d’fhéadfadh rialacha na hiomaíochta a shaobhadh sa nós imeachta soláthair sonrach ina n-aithnítear na cleachtais sin.

Mar mhalairt air sin, molaim go bhfreagródh an Chúirt an dara agus an ceathrú ceist mar seo a leanas:

I gcás inar fhorchuir údarás iomaíochta pionós breise ar oibreoir eacnamaíoch ar toirmeasc é ar a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair phoiblí ar feadh tréimhse áirithe, coinneoidh an t-údarás conarthach an chumhacht gan an t-oibreoir sin a eisiamh ón nós imeachta soláthair, sna himthosca a leagtar amach in Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24.

Tá sé de cheart ag oibreoir eacnamaíoch fianaise a chur ar fáil go bhfuil bearta leordhóthanacha glactha aige chun a iontaofacht a léiriú faoi Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24, ar a mbeidh ar an údarás conarthach (nó, ar an údarás atá údaraithe chuige sin faoin dlí náisiúnta) measúnú a dhéanamh, fiú i gcás ina bhfuil pionós breise forchurtha ag údarás iomaíochta ar an oibreoir eacnamaíoch ar toirmeasc é ar a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair”.


( 1 ) Bunteanga: an Spáinnis.

( 2 ) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94 lch. 65).

( 3 ) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 2014 L 94, lch. 243).

( 4 ) Dlí Foraithne Uimh. 18/2008, Cód Soláthair Phoiblí; “CCP” (Diário da República Uimh. 20/2008, Sraith I, an 29 Eanáir 2008), de réir an leagain reatha arna leasú le Decreto-lei n.o 111-B/2017, de 31 de agosto (“Dlí Foraithne Uimh. 111-B/2017”) (Diário da República Uimh. 168/2017, 2.o Forlíonadh, Sraith I, an 31 Lúnasa 2017).

( 5 ) Lei n.o 19/2012, de 8 de maio, aprova o novo regime jurídico da concorrência [Dlí Uimh. 19/2012 an 8 Bealtaine lena bhformheastar córas dlí nua na hiomaíochta] (Diário da República, 1.a série, n.° 89, de 8 de maio de 2012).

( 6 ) Nós imeachta 2019/S 015-030671, arna fhoilsiú san fhorlíonadh le IO an 22 Eanáir 2019 (IO 2019 S 15, lch. 1).

( 7 ) Ba nósanna imeachta iad sin a chuir gnóthas poiblí i gcrích chun seirbhísí cothabhála maidir le trealamh agus ráillí ghréasán iarnróid na Portaingéile a dhámhachtain.

( 8 ) Comhad PRC/2016/6. Maidir le Futrifer, is é sin an “Cinneadh críochnaitheach i nós imeachta socraíochta (leagan nach bhfuil rúnda)”.

( 9 ) Míreanna 231 et seq. de Chinneadh an 12 Meitheamh 2019.

( 10 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 10 Samhain 2022, Taxi Horn Tours (C-631/21, EU:C:2022:869), míreanna 39 agus 40.

( 11 ) Mír 46 den Tuairim seo.

( 12 ) Cinntíodh an téis a bhí ann i mbreithiúnais an 19 Meitheamh 2019Meca (C-41/18, EU:C:2019:507; breithiúnas in Meca), mír 33; agus an 30 Eanáir 2020, Tim (C-395/18, EU:C:2020:58), mír 34, i mbreithiúnas an 3 Meitheamh 2021, Rad Service agus páirtithe eile (C-210/20, EU:C:2021:445), mír 28, sna téarmaí seo: “[...] i gcomhréir le hAirteagal 57(4) agus (7) de Threoir 2014/24, tá sé de chumhacht ag na Ballstáit gan na forais eisiaimh roghnaigh a leagtar amach sa Treoir sin a chur i bhfeidhm nó a thrasuí sa dlí náisiúnta le céim déine ar féidir léi a athrú de réir an cháis, ag féachaint d’imthosca dlíthiúla, eacnamaíocha nó sóisialta atá ann ag an leibhéal náisiúnta”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 13 ) Tá sé neamhábhartha, chun críocha an cháis seo, nár leasaíodh roinnt d’fhorálacha CCP a bhí i bhfeidhm roimhe sin le Dlí Foraithne Uimh. 111-B/2017.

( 14 ) Is í an fhoráil sin an fhoráil a chuir Toscca ar aghaidh ina bharúlacha i scríbhinn chun a mhaíomh gur “thrasuigh reachtas na Portaingéile Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 agus foclaíocht Airteagal 70, mír 2, litir g) CCP á coinneáil aige (an leagan a d’eascair as leasú 2017)”. Cló Iodálach curtha leis.

( 15 ) Míreanna 80 go 84 dá bharúlacha i scríbhinn. Arna léamh in éineacht leis na míreanna roimhe, cuireann siad in iúl, go bunúsach, go ndearna reachtas na Portaingéile an foras eisiaimh atá i gceist a thrasuí, le hAirteagal 70 CCP i gcomhar le hAirteagal 55, mír 1, litir f). Chuir Rialtas na Portaingéile in iúl go soiléir é i mír 71 dá bharúlacha: “Tá an méid a fhoráiltear in Airteagal 55, mír 1 litir f) agus in Airteagal 70, mír 2, litir g) CCP i gcomhréir go hiomlán le Treoir 2014/24, go háirithe an méid a leagtar síos ina Airteagal 57(4)(d).

( 16 ) D’fhonn cloí leis an oibleagáid forálacha treorach a thrasuí sa dlí náisiúnta, is leor má tá na rialacha lena dtrasuitear na forálacha sin go hábhartha sa reachtaíocht náisiúnta roimh ré. Níl gá, agus Treoir á trasuí sa dlí náisiúnta, glacadh go foirmiúil agus go téacsúil lena hábhar ceangailteach le riail i ndiaidh na Treorach sin. Féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Ultimo Portfolio Investment (Luxembourg) (C-303/20, EU:C:2021:479), míreanna 33 go 36. Go háirithe, i mír 35, dearbhaítear, chun a chinneadh “an gcuirtear na hoibleagáidí a eascraíonn as Treoir ar leith chun feidhme go leordhóthanach le reachtaíocht náisiúnta, ní mór a chur san áireamh ní hamháin an reachtaíocht arna glacadh go sonrach chun an Treoir sin a thrasuí, ach na rialacha dlíthiúla go léir atá ar fáil agus infheidhme freisin”.

( 17 ) Breithiúnas in Meca, mír 33.

( 18 ) Is cosúil gurb é sin tuairim an Tribunal central administrativo norte (an Chúirt Riaracháin Thuaidh Lár) ina breithiúnas an 29 Bealtaine 2020, ag seasamh le héileamh Toscca. Mar is léir ó argóintí Infraestruturas arna leagan amach i mír 7 den ordú tarchuir: dar leis an gcúirt sin, “cumhdaítear freisin cásanna roimhe seo d’fhianaise ar iompar frithiomaíoch ag iomaitheoirí nach bhfuil i láthair nó nach bhfuil luaite i dtairiscint an iomaitheora” le hAirteagal 70, mír 2, litir g) CCP (cló Iodálach curtha leis).

( 19 ) Supra, fonóta 12.

( 20 ) Breithiúnas in Meca, mír 34.

( 21 ) Féadfar an toirmeasc ar thairiscint a fhorchur le breithiúnas críochnaitheach mar gheall ar sháruithe a rinneadh i réimsí eile den dlí. Díreoidh mé anois ar na cinn arna bhforchur ag údarás iomaíochta, ós rud é gurb amhlaidh a tharla sa chás seo.

( 22 ) Maidir leis an léiriú ar an riail analógach i dTreoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO 2014 L 94, lch. 1), féach breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Vert Marine (C-472/19, EU:C:2020:468), mír 20.

( 23 ) Le Dlí Uimh. 19/2012 aicmítear an toirmeasc sin mar “p[h]ionós”. Dá bhrí sin, ní bhíonn díospóireacht ann maidir lena nádúr dlíthiúil, díospóireacht a bhíonn ann i ndlíchórais eile.

( 24 ) Maíonn Futrifer go bhfuil an tarchur le haghaidh réamhrialú do-ghlactha ina iomláine, ós rud é nach bhfuil aon cheann de na ceisteanna, a mheasann sé iad a bheith ginearálta agus hipitéiseach, ábhartha maidir le réiteach na díospóide. Cáineann an Coimisiún, ar bhealach níos gonta, gurb amhlaidh go bhfuil an chúirt a quo“ag iarraidh ar an gCúirt rialú a thabhairt, ar bhealach leathan agus beagnach teibí, maidir le trasuí Threoir 2014/24” ach ní théann sé chomh fada le hagóid a dhéanamh maidir le hinghlacthacht an tarchuir le haghaidh réamhrialú. Ó mo thaobhsa de, measaim go bhfuil cáineadh Futrifer ceart maidir leis an dara agus an ceathrú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú.

( 25 ) Féach míreanna 50 agus 51 den Tuairim seo.

( 26 ) Breithiúnas an 14 Eanáir 2021, RTS infra agus Aannemingsbedrif Norré-Behaegel (C-387/19, EU:C:2021:13), mír 48.

( 27 ) Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do mo thuairim in Delta Antrepriză de Construcţii şi Montaj 93 (C-267/18, EU:C:2019:393), mír 30.

( 28 ) Breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2018, Vossloh Laeis (C-124/17, EU:C:2018:855, “an breithiúnas in Vossloh Laeis”), míreanna 25 agus 26.

( 29 ) An breithiúnas in Vossloh Laeis, mír 39.

( 30 )

( 31 ) Breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Vert Marine, (C-472/19, EU:C:2020:468), mír 29.

( 32 ) Maidir leis an ngaol idir cinntí an údaráis iomaíochta agus cinntí na n-údarás conarthach, féach míreanna 25 go 33 den bhreithiúnas in Vossloh Laeis.

( 33 ) An t-ordú tarchuir, an tríú fomhír de mhír 2.2.6.

( 34 ) De réir na cúirte a quo, sa chás seo, “níl aon spéis léirithe ag an údarás conarthach a mheasúnú féin a dhéanamh ar ‘iontaofacht’ an tairgeora [...] Mar mhalairt air sin, déanann sé an argóint nach bhfuil air measúnú den sórt sin a dhéanamh, ós rud é go bhfuil a leithéid ann cheana sa chinneadh arna ghlacadh ag ÚI” (mír 2.2.6, an cúigiú fomhír den ordú tarchuir).

( 35 ) Dealraíonn sé go leanann an méid sin, gan é a bheith soiléir, ó mhír 2.2.6 den ordú tarchuir.

( 36 ) Cló Iodálach curtha leis.

( 37 ) Féach an breithiúnas in Meca, mír 30.

( 38 ) Ibidem, mír 29.

( 39 ) Sa tuairim in Delta Antrepriză de Construcţii şi Montaj 93 (C-267/18, EU:C:2019:393), mír 28, chuir mé in iúl cheana féin “go n-áirítear le Treoir 2014/24 an iontaofacht mar phríomhghné den chaidreamh” idir an t-údarás conarthach agus na tairgeoirí.

( 40 ) Breithiúnas an 10 Iúil 2014, Consorzio Stabile Libor Lavori Pubblici (C-358/12, EU:C:2014:2063), míreanna 29, 31 agus 32.

( 41 ) Breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Tim (C-395/18, EU:C:2020:58), mír 41.

( 42 ) Cló Iodálach curtha leis.

( 43 ) Le hAirteagal 55, mír 1, litir c) CCP toirmeasctar ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ar forchuireadh pionós riaracháin orthu mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach tairiscint a chur isteach.

( 44 ) Ordú an 4 Meitheamh 2019, Consorzio Nazionale Servizi (C-425/18, EU:C:2019:476), maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 45(2)(d) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO 2004 L 134, lch. 114).

( 45 ) Maidir le “Raon feidhme an fhorais eisiaimh a bhaineann le claonpháirteachas: cumhdach cleachtas comhbheartaithe agus idirghaol leis an bhforas eisiaimh mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach”, ba cheart tagairt a dhéanamh do mhír 5.2 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le huirlisí chun comhpháirtíocht sa soláthar poiblí a chomhrac agus maidir le treoracha conas an foras eisiaimh lena mbaineann a chur i bhfeidhm (2021/C 91/01).

( 46 ) Breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras (C-927/19, EU:C:2021:700), mír 157, ag tagairt do bhreithiúnas an 9 Samhain 2017, LS Customs Services (C-46/16, EU:C:2017:839), mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear ann.

( 47 ) Ibidem, mír 120.

( 48 ) Faoin tríú fomhír d’Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24, “i gcás ina measfar nach leor na bearta [arna nglacadh ag na hoibreoirí eacnamaíocha], gheobhaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ráiteas ar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin”. Mar sin féin, ní choisceann an fhoráil sin feidhmiú an ráiteas ar chúiseanna sa treo eile, má éilíonn oibreoir iomaíoch eile é chun eisiamh a chomhiomaitheora a chosaint.

( 49 ) Is é an difríocht idir seo agus an dara ceist ná, anseo, go ndíríonn an chúirt a rinne an tarchur ar an bhfíoras, faoi dhlí na Portaingéile, a luaithe a ghearrtar an pionós breise ar toirmeasc ar thairiscint a dhéanamh, go bhfuil ÚI inniúil freisin chun cinneadh a dhéanamh maidir le hathshlánú an oibreora eacnamaíoch ar a gearradh pionós.

( 50 ) Breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Vert Marine (C-472/19, EU:C:2020:468), míreanna 31, 38 agus an chuid oibríochtúil, mír 2.

( 51 ) Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an bhféadfaí, ina theannta sin, Airteagal 70, mír 2, litir g) CCP a léiriú sa chiall dá dtagraítear i bhfonóta 18.

( 52 ) C-124/17, EU:C:2018:316, míreanna 46 go 49.

( 53 ) An breithiúnas in Vossloh Laeis, míreanna 24 et seq.