Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

SZPUNAR

arna tabhairt an 14 Iúil 2022 (1)

Cásanna C31/22 P(I), C32/22 P(I) agus C74/22 P(I)

Atlas Copco Airpower,

Atlas Copco AB [C31/22 P(I)]

Anheuser-Busch Inbev,

Ampar [C32/22 P(I)]

Soudal NV,

Esko-Graphics BVBA [C74/22 P(I)]

v

Magnetrol International

agus an Coimisiún Eorpach


 

(Achomharc — Idiragairt — Achomharc ar idiragairt — Cead chun idiragairt a dhéanamh in imeachtaí achomhairc i gcoinne bhreithiúnas de chuid na Cúirte Ginearálta — An breithiúnas sin a chur ar ceal agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta — Eisiamh intuigthe, ag an gCúirt Ghinearálta, de na hidiragraithe san achomharc mar pháirtithe sna himeachtaí tar éis an tarchurtha)






I.      Réamhrá

1.        Ardaítear go sainráite leis na cásanna seo ceist nach raibh a leithéid ann riamh maidir le leanúnachas an stádais mar idiragraí, ar ghlac an Chúirt Bhreithiúnais leis le linn na n‑imeachtaí achomhairc, tar éis an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta. Tugann an cheist deis don Chúirt Bhreithiúnais freisin rialú a thabhairt ar na rialacha a bhaineann le hinghlacthacht achomhairc i gcoinne breitheanna lena ndiúltaítear d’iarratas ar idiragairt.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2.        Foráiltear an méid seo a leanas leis an gcéad mhír d’Airteagal 39 de Phrótacal (Uimh. 3) ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh”):

“Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, breithniú a dhéanamh ar iarratais chun forghníomhú a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal 278 [CFAE] agus Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú de bhun Airteagal 279 [CFAE] nó forfheidhmiú a fhionraí de réir an ceathrú mír d’Airteagal 299 [CFAE] nó an tríú mír d’Airteagal 164 de Chonradh CEFA.”

3.        Foráiltear an méid seo a leanas leis an gcéad mhír, an dara mír agus an ceathrú mír d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

“Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Beidh an ceart céanna ar fáil do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d’aon duine eile ar féidir leis leas a shuíomh i dtoradh cás a cuireadh faoi bhráid na Cúirte. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha idiragairt i gcásanna idir Bhallstáit, idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit ar thaobh amháin agus institiúidí de chuid an Aontais ar an taobh eile.

[...]

Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe.”

4.        Foráiltear an méid seo a leanas leis an gcéad mhír agus an tríú mír d’Airteagal 56 den Reacht:

“Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Ginearálta agus i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

[...]

Cé is moite de chásanna a bhaineann le díospóidí idir an tAontas agus a chuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta achomharc a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin agus a chuirtear ar Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag an gcéad chéim.”

5.        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 57 den Reacht:

“Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreith de chuid na Cúirte Ginearálta a rinneadh de bhun Airteagal 278 nó Airteagal 279 nó an ceathrú mír d’Airteagal 299 [CFAE] nó de bhun Airteagal 157 nó an tríú mír d’Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

Éistfear na hachomhairc dá dtagraítear sa chéad dá mhír den Airteagal seo, agus déanfar breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.”

6.        Foráiltear an méid seo a leanas leis an gcéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 61 den Reacht céanna:

“Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.

Má tharchuirtear cás ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta, beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.”

B.      Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais

7.        Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 172 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, dar teideal “Páirtithe atá údaraithe chun frithaighneacht a thaisceadh”:

“Féadfaidh aon pháirtí sa chás cuí os comhair na Cúirte Ginearálta a mbeidh leas aige i gceadú nó i scor an achomhairc frithaighneacht a thaisceadh laistigh de dhá mhí ón dáta a seirbheáladh an t‑achomharc air. Ní dhéanfar an teorainn ama chun frithaighneacht a chur isteach a fhadú.”

C.      Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta

8.        Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 1(2)(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta:

“2.      Chun críocha na Rialacha seo:

[...]

(c)      ciallaíonn ‘páirtí’ agus ‘páirtithe’, mura sonraítear a mhalairt, aon pháirtí sna himeachtaí, idiragraithe san áireamh;

[...]”

9.        Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 142 de na Rialacha Nós Imeachta sin, dar teideal “Cuspóir agus éifeachtaí na hidiragartha”:

“1.      Beidh idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, don ordú a bheidh á lorg ag ceann de na príomhpháirtithe. Ní dheonófar leis an idiragairt na cearta nós imeachta céanna a dheonófar ar na príomhpháirtithe, go háirithe an ceart maidir le héisteacht a iarraidh.

2.      Beidh idiragairt tánaisteach do na príomhimeachtaí. Beidh sé in éagmais aon chuspóir má bhaintear an cás ó chlár na Cúirte Ginearálta de bharr go scoirfidh príomhpháirtí de na himeachtaí nó de bharr comhaontú idir na príomhpháirtithe nó i gcás go ndeimhnítear go bhfuil an t‑iarratas do-ghlactha.

3.      Ní mór don idiragraí glacadh leis an gcás sa riocht ina bhfaighidh sé é tráth a idiragartha.”

10.      Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 143(1) de na Rialacha Nós Imeachta sin, dar teideal “Iarratas ar idiragairt”:

“1.      Ní foláir iarratas ar idiragairt a thíolacadh laistigh de shé seachtaine ó fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 79.”

11.      Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 217(1) de na Rialacha Nós Imeachta céanna:

“Sa chás go ndearnadh breith, arna cur ar ceal ag an gCúirt Bhreithiúnais níos déanaí, i ndiaidh clabhsúr a chur leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta, féadfaidh na páirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a mbarúlacha i scríbhinn ar na conclúidí a bheidh le baint ó bhreith na Cúirte Breithiúnais maidir le toradh na n‑imeachtaí a thaisceadh laistigh de dhá mhí ó sheirbheáil bhreith na Cúirte Breithiúnais orthu. Ní fhéadfar an teorainn ama sin a fhadú.”

12.      Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 219 den Rialachán céanna, dar teideal “Costais”:

“Is í an Chúirt Ghinearálta a thabharfaidh breith maidir leis na costais a bhaineann leis na himeachtaí a thionscnófar os a comhair agus leis na himeachtaí maidir le hachomhairc os comhair na Cúirte Breithiúnais.”

III. Cúlra na ndíospóidí

13.      Le Cinneadh (AE) 2016/1699 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2016 maidir le scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid an bhrabúis SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg (IO 2016 L 260, lch. 61, “an cinneadh atá faoi chonspóid”), chinn an Coimisiún Eorpach gur scéim chabhrach a bhí sna díolúintí arna ndeonú ag Ríocht na Beilge, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ar scéim í a bhí ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus a cuireadh i bhfeidhm de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE. D’ordaigh an Coimisiún go n‑aisghabhfaí ó na tairbhithe an chabhair arna deonú, agus bhí liosta críochnaitheach dóibh le tarraingt suas ag Ríocht na Beilge tar éis sin.

IV.    An nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais agus na cineálacha ordaithe atá á lorg ag na páirtithe

14.      Trí iarratais a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 22 Márta agus an 25 Bealtaine 2016, faoi seach, thionscain Ríocht na Beilge agus Magnetrol International NV caingne chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar ceal.

15.      Chinn an Chúirt Ghinearálta Cásanna T‑131/16 an Bheilg v an Coimisiún agus T‑263/16 Magnetrol International v an Coimisiún a uamadh chun críocha na coda ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena réiteofar na himeachtaí.

16.      Le breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Feabhra 2019, an Bheilg agus Magnetrol International v an Coimisiún (T‑131/16 agus T‑263/16, EU:T:2019:91), chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid ar ceal.

17.      Ar an 24 Aibreán 2019, thaisc an Coimisiún achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin.

18.      Le horduithe ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 2019, ceadaíodh do Soudal NV, Esko-Graphics BVBA, Flir Systems Trading Belgium BVBA, Anheuser-Busch InBev SA/NV, Ampar BVBA, Atlas Copco Airpower SAS, Atlas Copco AB, Wabco Europe  BVBA agus Celio International NV idiragairt a dhéanamh mar thaca le Magnetrol International i ndáil leis na horduithe á lorg.

19.      Le breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2021 an Coimisiún v an Bheilg agus Magnetrol International (C‑337/19 P, EU:C:2021:741), chinn an Chúirt Bhreithiúnais:

–        breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 14 Feabhra 2019, an Bheilg agus Magnetrol International v an Coimisiún (T‑131/16 agus T‑263/16, EU:T:2019:91) a chur ar ceal.

–        an chéad agus an dara foras achomhairc i gCás T‑131/16 agus an chéad fhoras achomhairc agus an chéad chuid den tríú foras achomhairc i gCás T‑263/16 a dhiúltú;

–        an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a fháil ar an tríú go dtí an cúigiú foras achomhairc i gCás T‑131/16 agus ar an dara foras achomhairc, an dara agus an tríú cuid den tríú foras achomhairc agus an ceathrú foras achomhairc i gCás T‑263/16, agus

–        na costais a fhorchoimeád.

20.      Chuir Soudal agus Esko-Graphics, chomh maith le Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco, Anheuser-Busch Inbev agus Ampar, barúlacha faoi bhráid na Cúirte Ginearálta maidir leis na conclúidí atá le baint as breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Bheilg agus Magnetrol International (C‑337/19 P, EU:C:2021:741) maidir le toradh na n‑imeachtaí i litreacha an 16 agus an 25 Samhain 2021, faoi seach.

21.      Ar an 17 Nollaig 2021, fuair Atlas Copco Airpower, Atlas Copco, Anheuser-Busch Inbev, Ampar Soudal agus Esko-Graphics litir ó Chlárlann na Cúirte Ginearálta, dar dáta an 6 Nollaig 2021, inar cuireadh in iúl dóibh, ós rud é nárbh ionann na barúlacha sin agus doiciméad dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, go raibh cinneadh déanta ag Uachtarán Dhlísheomra na Cúirte Ginearálta ar tugadh an cás os a chomhair gan iad a chlárú sa chomhad.

22.      Le litir an 29 Nollaig 2021, a seoladh chuig Uachtarán na Cúirte Ginearálta agus a chomhaltaí, d’iarr na sé chuideachta sin, ag tagairt don ráiteas ar chúiseanna in ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 2019, an Coimisiún v an Bheilg agus Magnetrol International (C‑337/19 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:915), agus do chásdlí na Cúirte Ginearálta, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí “earráid” na Cúirte Ginearálta, trí dhiúltú dá mbarúlacha a chur ar an gcomhad, a cheartú agus, ar an dara dul síos, d’iarr siad go ndéanfaí a stádas mar idiragraithe os comhair na Cúirte Ginearálta a dheimhniú.

23.      Sa litir sin, d’iarr na sé chuideachta sin ar fhreagra laistigh de chúig lá, ós rud é go mbeadh orthu achomharc a thaisceadh, laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear, i gcoinne aon diúltú intuigthe stádas mar idiragraí a dheonú dóibh sa chás sin.

24.      Ar an 10 Eanáir 2022, thaisc Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco chomh maith le Anheuser-Busch Inbev agus Ampar na hachomhairc i gCásanna C‑31/22 P agus C‑32/22 P, faoi seach.

25.      Le litir an 11 Eanáir 2022, d’admhaigh Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta go bhfuarthas an litir ó Soudal agus Esko-Graphics an 29 Nollaig 2021 agus tharraing sé ar a n‑aird nár foráladh i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta go bhféadfadh na hidiragraithe ar tugadh cead dóibh páirt a ghlacadh sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais i gCás C‑337/19 P barúlacha a thíolacadh i gCás T‑263/16 RENV.

26.      Ar an 28 Eanáir 2022 thaisc Soudal agus Esko-Graphics an t‑achomharc i gCás C‑74/22 P.

27.      Iarrann Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an bhreith atá i litir na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2021 a seoladh chucu a chur ar ceal, agus

–        a ordú go gcoinníonn Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco a stádas mar idiragraithe i gCás T‑263/16 RENV tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an cás sin a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

28.      Iarrann Anheuser-Busch Inbev agus Ampar ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an bhreith atá i litir na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2021 a seoladh chucu a chur ar ceal, agus

–        a ordú go gcoinníonn Anheuser-Busch Inbev agus Ampar a stádas mar idiragraithe i gCás T‑263/16 RENV tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an cás sin a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

29.      Iarrann Soudal agus Esko-Graphics ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an bhreith atá i litir na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2021 a seoladh chucu a chur ar ceal, agus

–        a ordú go gcuirfear a mbarúlacha i scríbhinn sa chomhad, agus

–        a dhearbhú go gcoinníonn Soudal agus Esko-Graphics a stádas mar idiragraithe i gCás T‑263/16 RENV tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an cás sin a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

30.      Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        a dheimhniú go bhfuil na hachomhairc do-ghlactha;

–        ina éagmais sin, na hachomhairc a dhíbhe toisc iad a bheith gan bhunús;

–        a ordú do na hachomharcóirí na costais a íoc.

31.      Níor tionóladh aon éisteacht.

V.      Anailís

A.      Inghlacthacht

1.      Inghlacthacht na nachomharc i gCásanna C31/22 P agus C32/22 P

32.      Maíonn an Coimisiún go bhfuil na hachomhairc i gCásanna C‑31/22 P agus C‑32/22 P do-ghlactha sa mhéid go bhfuil siad bunaithe ar Airteagal 57 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ceadaítear leis an bhforáil sin achomharc a dhéanamh i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta lena ndiúltaítear d’iarratas idiragartha; sa dá chás sin, áfach, níor ghlac an Chúirt Ghinearálta breith den sórt sin. Níor chinn an Chúirt Ghinearálta ach gan na barúlacha i scríbhinn a chuir Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco chomh maith le Anheuser-Busch Inbev agus Ampar isteach a chur i gcomhad Chás T‑263/16 RENV.

33.      Tugaim faoi deara ag an tús, mar an gcéanna leis an gCoimisiún, go raibh sé i gceist le litir na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2021 go gcuirfí Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco, chomh maith le Anheuser-Busch Inbev agus Ampar, ar an eolas nár cláraíodh na barúlacha a chuir siad isteach, ós rud é nárbh ionann iad agus doiciméad dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Thairis sin, is fíor nach ndearna Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco, ná Anheuser-Busch Inbev agus Ampar, iarratas idiragartha a thíolacadh go foirmiúil. Ó thaobh na foirmiúlachta de, dá bhrí sin, ní hionann an bhreith atá sa litir a chonspóidtear agus diúltú d’iarratas idiragartha, agus ní cosúil go mbeadh sé prima facie faoi réir achomharc de bhun Airteagal 57 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

34.      Ní cosúil, áfach, go mbeadh léamh foirmiúil ar an bhforáil sin sásúil. I bhfianaise chomhthéacs an-sonrach na gcásanna sin, ina raibh na cuideachtaí i gceist in ann a chreidiúint go dlisteanach gur choinnigh siad a stádas mar idiragraithe tar éis an cás a tharchur, cé nach ndiúltaíodh go sainráite leis an mbreith de chuid na Cúirte Ginearálta an stádas mar idiragraithe, ní cosúil dom, ann féin, go bhféadfaí a eisiamh gurb in é, i ndáiríre, an cás go hintuigthe.

35.      Thaisc Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco, chomh maith le Anheuser-Busch Inbev agus Ampar, barúlacha faoi bhráid na Cúirte Ginearálta “de bhun Airteagal 217(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta”, ina dtagraítear do na páirtithe sna himeachtaí atá os a comhair. Chuige sin, tá siad ag brath ar an stádas sin mar idiragraithe.

36.      Sna himthosca sin, áirítear, go hintuigthe, ach mar is gá, sa bhreith de chuid na Cúirte Ginearálta gan na barúlacha sin a chur sa chomhad cinneadh lena ndiúltaítear d’Atlas Copco Airpower agus Atlas Copco, chomh maith le Anheuser-Busch Inbev agus Ampar, an stádas mar idiragraithe.

37.      Dar liom, i ndáil le breith intuigthe den sórt sin, a bhfuil na héifeachtaí céanna aici agus ag breith ag díbhe an iarratais idiragartha nó ag breith a réitíonn idiragairt, d’fhéadfaí, ar an mbealach céanna leis an gcinneadh a réitíonn idiragairt, achomharc a dhéanamh ina leith ar bhonn Airteagal 57 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

38.      Is fíre fós é sin toisc gurb é an léirmhíniú a mholaim ar an bhforáil sin, i ndáiríre, an t‑aon léirmhíniú atá in ann cosaint bhreithiúnach a áirithiú d’iarrthóirí ar idiragairt a raibh a stádas mar idiragraithe aitheanta os comhair na Cúirte Breithiúnais agus, i ndeireadh na dála, éifeachtacht an chirt idiragartha a chumhdaítear in Airteagal 40 den Reacht sin a áirithiú, a mhéid nach bhfuil aon leigheas eile ar fáil dóibh.

39.      Ar an gcéad dul síos, creidim nach féidir a cheangal ar pháirtí a bhfuil stádas mar idiragraí aige os comhair na Cúirte Breithiúnais iarratas ar idiragairt fhoirmiúil a thaisceadh os comhair na Cúirte Ginearálta, agus an t‑aon aidhm amháin leis sin ná a bheith in ann achomharc a thaisceadh ina dhiaidh sin i gcoinne na breithe lena ndíbhtear an t‑iarratas sin, rud a tharlódh go córasach. Déanfar an t‑iarratas a dhiúltú toisc é a bheith déanach mar is léir nach dtaiscfear é laistigh de shé seachtaine ó fhoilsiú an iarratais tionscanta imeachtaí lena mbaineann, mar a cheanglaítear le hAirteagal 143 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

40.      Ar an dara dul síos, ní leigheas féideartha é ach oiread achomharc i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta a réitíonn na himeachtaí, ós rud é nach bhfuil achomharc den sórt sin ar fáil ach do na páirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus, dá bhrí sin, do pháirtithe a bhfuil a stádas mar idiragraithe os a comhair aitheanta cheana féin.

41.      Sna himthosca sin, táim den tuairim gur cheart a mheas go bhfuil na hachomhairc i gCásanna C‑31/22 P agus C‑32/22 P inghlactha.

2.      Inghlacthacht an achomhairc i gCás C74/22 P

42.      Maíonn an Coimisiún go bhfuil an t‑achomharc i gCás C‑74/22 P do-ghlactha. Cuireann an Coimisiún in iúl, ar an gcéad dul síos, nach dtagann an bhreith atá faoi achomharc faoi aon cheann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, nach féidir le Soudal agus Esko-Graphics a n‑achomharc a bhunú ar an bhforáil sin.

43.       Áitíonn an Coimisiún, ar an dara dul síos, fiú amháin dá bhféadfaí an t‑achomharc a athaicmiú mar “achomharc arna thaisceadh de bhun Airteagal 57 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh”, rud a ndéanann an Coimisiún díospóid ina leith, ní mór an t‑achomharc a dhíbhe freisin, ar chúiseanna atá mar an gcéanna leis na cúiseanna á gcur chun cinn i gCásanna C‑31/22 P agus C‑32/22 P. Dar leis an gCoimisiún, tá an t‑achomharc sin, ar aon chaoi, déanach.

44.      Táim den tuairim gur cheart an t‑achomharc a mheas, sa mhéid go bhfuil sé bunaithe ar Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mar achomharc atá do-ghlactha, ós rud é nach réitíonn an cinneadh atá faoi chonspóid na himeachtaí ná saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

45.      Ar thaobh amháin, ní mór a thabhairt faoi deara go leantar leis an scrúdú ar Chás T‑263/16 RENV os comhair na Cúirte Ginearálta tar éis an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh, cinneadh nach réitíonn aon ghné de na saincheisteanna substaintiúla.

46.      Ar an taobh eile, cé gur saincheist nós imeachta iad na heasaontais a bhaineann le hiarratas idiragartha, ní bhaineann siad le do-ghlacthacht nó le heaspa dlínse, arb iad na saincheisteanna nós imeachta amháin dá dtagraítear in Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Bíonn saincheisteanna nós imeachta maidir le do-ghlacthacht nó easpa dlínse faoi réir rialacha sonracha, (2) os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair na Cúirte Breithiúnais araon, agus tá sé d’aidhm acu a áirithiú go réiteodh an chúirt a dtugtar an cás os a comhair an díospóid gan déileáil le substaint an cháis. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfaí, mar thoradh orthu, deireadh a chur leis na himeachtaí, tá údar maith ann leis an rogha na hachomhairc i gcoinne na mbreitheanna sin a chur faoi réir rialacha atá mar an gcéanna leis na rialacha a bhaineann le hachomhairc i gcoinne breitheanna a réitíonn na himeachtaí ina bhfuil an chúirt tar éis déileáil le substaint an cháis atá i gceist.

47.      Os a choinne sin, is de chineál difriúil iad na saincheisteanna a bhaineann le hidiragairt. Mar a luaitear i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, bíonn an idiragairt tánaisteach do na príomhimeachtaí, (3) agus ní féidir leis na breitheanna a bhaineann le hidiragairt na himeachtaí a réiteach ar bhealach ar bith.

48.      Sna himthosca sin, táim den tuairim nach féidir achomharc de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh i gcoinne an cinneadh atá faoi chonspóid agus, dá bhrí sin, gur cheart an t‑achomharc i gCás C‑74/22 P a mheas mar achomharc atá do-ghlactha i ndáil leis sin.

49.      Mar sin féin, leanann sé freisin ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhféadfadh an chúirt, chun éifeacht úsáideach a thabhairt d’iarratas, ar bhonn measúnú ar an iarratas ina iomláine, caingean a léirmhíniú lasmuigh den ainmníocht shoiléir a thug an t‑iarratasóir uirthi. (4) Mar an gcéanna, tá scrúdú déanta cheana ag an gCúirt Bhreithiúnais ar dhá bhonn achomhairc eile, gan í féin a theorannú don bhonn a léirigh an t‑achomharcóir. (5)

50.      Dá bhrí sin, táim den tuairim go bhféadfadh an Chúirt Bhreithiúnais, chun éifeacht úsáideach a thabhairt d’achomharc, an t‑achomharc atá i gceist a aicmiú mar “achomharc arna dhéanamh de bhun Airteagal 57 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh”, ós rud é gur léir ó éilimh na bpáirtithe go ndéanann siad, san achomharc sin, agóid i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta lena ndiúltaítear dóibh an stádas mar idiragraithe.

51.      Mar sin féin, ní cheadaítear leis an athaicmiú sin, dar liom, glacadh le hinghlacthacht an achomhairc i gCás C‑74/22 P. Mar an gcéanna leis an gCoimisiún, táim den tuairim go bhfuil an t‑achomharc, ar aon chaoi, déanach.

52.      I gcomhréir le hAirteagal 57 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart go mbeadh achomharc déanta ag Soudal agus Esko-Graphics laistigh de choicís tar éis na breithe lena ndíbhtear an t‑iarratas idiragartha nó ag fáil réidh leis an idiragairt, tréimhse arna fadú 10 lá mar gheall ar fhad slí.

53.      Tá an bhreith dífe atá i gceist i litir na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2021, a cuireadh in iúl do na páirtithe an 17 Nollaig 2021. Ba sa litir sin a dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, go hintuigthe, ach mar is gá, an stádas mar idiragraithe a thabhairt do Soudal agus Esko-Graphics agus, dá bhrí sin, ba cheart an t‑achomharc a bheith taiscthe, ar a dhéanaí, an 10 Eanáir 2022.

54.      Dá bhrí sin, is é mo thuairim go bhfuil an t‑achomharc do-ghlactha ar an bhforas go bhfuil sé déanach.

55.      Ní bhaintear an bonn den chonclúid sin le haon cheann d’argóintí na bpáirtithe lena líomhnaítear, ar dtús, nach í litir an 6 Nollaig 2021 ach litir an 11 Eanáir 2022 pointe tosaigh na teorann ama chun an t‑achomharc a thaisceadh agus, anuas air sin, gurb ann d’earráid incheadaithe ar thaobh Soudal agus Esko-Graphics.

56.      Ar an gcéad dul síos, maidir le pointe tosaigh na teorann ama chun an t‑achomharc a thaisceadh, tugaim faoi deara go bhfuil an dara litir ón gCúirt Ghinearálta an 11 Eanáir 2022 go hiomlán de chineál dearbhaithe. Is cásdlí socair é go bhfuil breith go hiomlán dearbhaithe de bhreith a rinneadh roimhe sin i gcás nach bhfuil aon toisc nua ann i gcomparáid le beart a bhí ann roimhe sin agus nár rinneadh athscrúdú roimh ré ar chás an tseolaí maidir leis an mbeart sin. (6)

57.      Is freagairt í litir an 11 Eanáir 2022 ar iarraidh Soudal agus Esko-Graphics ar dhearbhú go raibh siad fós ag glacadh páirt mar idiragraithe sna himeachtaí, agus ní dhéanann an Chúirt Ghinearálta inti ach na conclúidí a leagtar amach i litir an 6 Nollaig 2021 a athrá. Ina theannta sin, tugaim faoi deara go léiríonn Soudal agus Esko-Graphics iad féin, i bhfreagairt ar cheisteanna na Cúirte Breithiúnais, go “ndearbhaíodh leis an dara litir ábhar na chéad litreach”.

58.      Dá bhrí sin, níl i litir an 11 Eanáir 2022 ach breith ina ndearbhaítear litir an 6 Nollaig 2021 agus, mar sin, ní féidir í a mheas mar phointe tosaigh chun achomharc a thaisceadh.

59.      Ar an dara dul síos, maidir le hearráid incheadaithe a bhaineann leis an teorainn ama chun achomharc a dhéanamh ar bhonn Airteagal 57 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith ann, cinneann an Chúirt Bhreithiúnais go seasta, i gcomhthéacs na rialacha a bhaineann le teorainneacha ama chun caingne a thabhairt, nach bhfuil baint ag coincheap na “hearráide incheadaithe”, lena gceadaítear maolú ar na rialacha sin i gcúinsí eisceachtúla ina léiríonn, go háirithe, an institiúid lena mbaineann iompar a chuirfidh, ina aonar nó ar bhealach cinntitheach, mearbhall inmhaite ar pháirtí macánta a léiríonn an dúthracht chuí atá de dhíth ar ghnáthdhuine ar an eolas . (7)

60.      Dar liom, níl imthosca den sórt sin ann. Is fíor gur breith dhébhríoch í breith na Cúirte Ginearálta i litir an 6 Nollaig 2021, sa mhéid nach ndíbhtear stádas Soudal agus Esko-Graphics mar idiragraithe go sainráite inti. Mar sin féin, ní leor an débhríocht sin amháin chun mearbhall inmhaite a chruthú do pháirtí macánta a léiríonn an dúthracht chuí atá de dhíth ar ghnáthdhuine ar an eolas.

61.      Tugaim faoi deara, go háirithe, gur chuir Soudal agus Esko-Graphics, mar fhreagra ar litir na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2021, iarraidh faoi bhráid na Cúirte Ginearálta go gceartófaí an earráid sin a d’fhág nár ligeadh dá mbarúlacha agus nár dearbhaíodh a stádas mar idiragraithe.

62.      Níos tábhachtaí fós, ba mhaith liom béim a leagan air gur iarr Soudal agus Esko-Graphics ar an gCúirt Ghinearálta, trína litir a seoladh chuici an 29 Nollaig 2021, freagra ar a n‑iarraidh ar dhearbhú maidir lena stádas mar pháirtithe leasmhara laistigh de chúig lá, ós rud é, i gcás inar ndiúltódh an Chúirt Ghinearálta don iarraidh sin, go mbeadh “orthu achomharc a dhéanamh laistigh de na teorainneacha ama forordaithe i gcoinne na breithe lenar ndiúltaíodh go hintuigthe a stádas mar idiragraithe a dheonú dóibh”.

63.      Dá bhrí sin, ní mór tátal a bhaint as na tosca sin ní hamháin go raibh léirmhíniú ceart déanta ag Soudal agus Esko-Graphics ar litir na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2021 mar litir lena ndiúltaítear dóibh go hintuigthe, ach mar is gá, a stádas mar pháirtithe leasmhara, ach, níos tábhachtaí fós, go raibh na teorainneacha ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne breith den sórt sin go hiomlán ar eolas acu, toisc go raibh sé mar thosaíocht acu é sin a dhéanamh laistigh de na teorainneacha ama a leagadh síos.

64.      Dá bhrí sin, níor taisceadh an t‑achomharc seo lasmuigh de na teorainneacha ama sin mar gheall ar earráid inmhaite a tharla toisc go raibh débhríocht sa bhreith de chuid na Cúirte Ginearálta ina litir an 6 Nollaig 2021, ach mar gheall ar iompar Soudal agus Esko-Graphics amháin.

65.      Sna himthosca sin, táim den tuairim gur cheart an t‑achomharc i gCás C‑74/22 P a dhíbhe toisc é a bheith do-ghlactha ar an bhforas go bhfuil sé déanach.

B.      Substaint an cháis

66.      Ba mhaith liom a chur in iúl ag an tús nach bhfuil feidhm ag na breithnithe a bhaineann le substaint an cháis a bhfuilim chun forbairt anois ach amháin maidir le Cásanna C‑31/22 P agus C‑32/22 P, ós rud é go bhfuilim den tuairim nach mór an t‑achomharc a rinneadh i gCás C‑74/22 P a mheas mar achomharc atá do-ghlactha. Mar sin féin, i gcás nach n‑aontaíonn an Chúirt Bhreithiúnais le m’anailís, sonraím gur féidir na breithnithe seo a leanas a chur i bhfeidhm ar an gcás sin freisin.

67.      Chun tacú lena n‑achomhairc, ardaíonn Atlas Copco Airpower, Atlas Copco, Anheuser-Busch Inbev agus Ampar (“na hachomharcóirí”) foras achomhairc amháin atá roinnte ina dhá chuid. Sa chéad chuid den fhoras achomhairc amháin sin, áitíonn siad go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí neamhaird a thabhairt ar a cásdlí féin, ar dá réir go gcoinníonn na páirtithe ar tugadh cead dóibh idiragairt san achomharc a stádas sna himeachtaí a tarchuireadh ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta. Sa dara cuid den fhoras achomhairc amháin sin, áitíonn na hachomharcóirí freisin gur thug an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar Airteagal 217(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Dar leo, is léir ó chásdlí na Cúirte Ginearálta nach mór an fhoráil sin a léirmhíniú sa chaoi go n‑áirítear freisin leis an bhfrása “páirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta”, a thagraíonn do na páirtithe atá údaraithe a gcuid barúlacha a thíolacadh tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an cás a tharchur ar ais, na páirtithe ar tugadh cead dóibh idiragairt sna himeachtaí achomhairc.

68.      Ós rud é go n‑ardaíonn an dá chuid den fhoras achomhairc amháin sin an cheist maidir le leanúnachas an stádais mar idiragraí, scrúdóidh mé le chéile iad.

69.      Cuirfidh mé tús le m’anailís trína chur in iúl, cé nach bhfuil na forálacha is infheidhme maidir leis an idiragairt soiléir i ndáil leis an gceist maidir le leanúnachas an stádais mar idiragraí (roinn 1), go soláthraítear leis an gcásdlí a bhaineann le hidiragairt, mar sin féin, tagarmharcanna úsáideacha i bhfábhar an stádais mar idiragraí a bheith ann tar éis an cás a tharchur ar ais (roinn 2). Míneoidh mé go bhfuil, dar liom, an leanúint sin ann freisin mar thoradh ar leanúnachas feidhmiúil na n‑imeachtaí achomhairc agus na n‑imeachtaí a tarchuireadh (roinn 3). Ar deireadh, cuirfidh mé leis sin breithnithe áirithe a bhaineann leis an ngaol idir an réiteach a mholaim agus cleachtas na gcásanna “píolótacha” (roinn 4).

1.      Débhríocht na bhforálacha a bhaineann leis an idiragairt

70.      Tá baint dhíreach ag an gceist maidir le leanúnachas an stádais mar idiragraí a aithnítear os comhair na Cúirte Breithiúnais le linn na n‑imeachtaí tar éis an cás a tharchur ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta le léirmhíniú Airteagal 217(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, lena rialaítear an nós imeachta maidir le cás a tharchur i ndiaidh neamhnithe.

71.      Leis an bhforáil sin ceadaítear do “na páirtithe sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta” a gcuid barúlacha i scríbhinn a thaisceadh maidir leis na hiarmhairtí atá le baint as an ordú tarchuir a rinne an Chúirt Bhreithiúnais, (8) i gcás inar gcuireadh deireadh leis an nós imeachta i scríbhinn maidir le substaint an cháis roimh na himeachtaí achomhairc. Cé go dtagraíonn an frása “páirtithe os comhair na Cúirte Ginearálta” freisin d’idiragraithe os comhair na Cúirte Ginearálta, (9) is í an cheist i gcónaí an n‑ainmnítear ann na hidiragraithe a thugann an Chúirt Bhreithiúnais cead dóibh páirt a ghlacadh le linn an achomhairc.

72.      Leis na forálacha lena rialaítear idiragairt ní thugtar freagra soiléir ar an gceist sin agus, in éagmais foráil shainráite ina bhforáiltear do leanúnachas na hidiragartha a cheadaítear le linn an achomhairc, is féidir a cheistiú cibé acu ar cheart nó nár cheart an tost atá ann sna forálacha a thuiscint mar dheimhniú intuigthe go dtéann an idiragairt in éag le deireadh na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais.

73.      D’fhéadfaí an léirmhíniú sin a atreisiú toisc go ndearbhaítear expressis verbis sna forálacha ábhartha leanúnachas na hidiragartha i gcásanna comhchosúla. Ar dtús, níl aon amhras ann, faoi Airteagal 217(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, go dtugtar cead do na páirtithe ar tugadh cead dóibh idiragairt sna himeachtaí ar shubstaint an cháis os comhair na Cúirte Ginearálta idiragairt sna himeachtaí tar éis an cás a tharchur ar ais chuici. Anuas air sin, foráiltear le hAirteagal 172 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais go bhféadfaidh páirtithe a rinne idiragairt ar shubstaint an cháis os comhair na Cúirte Ginearálta idiragairt sna himeachtaí achomhairc, ar choinníoll go bhfuil leas acu iontu. In éagmais foráil choibhéiseach sa chás malartach ina ndeimhnítear go soiléir leanúnachas na hidiragartha a cheadaigh an Chúirt Bhreithiúnais le linn an achomhairc, d’fhéadfaí a thuiscint a contrario gurb ionann é sin agus fianaise go bhfuil an idiragairt sin imithe in éag.

74.      Dar liom, áfach, tá léirmhíniú den sórt sin amhrasach. Ar dtús, is léir ón dara mír d’Airteagal 40 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil an ceart idiragartha faoi réir leas a bheith ag an idiragraí i dtoradh an cháis. Má tá leas den sórt sin ann le linn na n‑imeachtaí achomhairc, dá bhforáiltear go sainráite in Airteagal 172 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, níl aon rud ann a thugann le tuiscint go n‑imíonn sé in éag tráth an tarchurtha, nuair atá toradh an cháis fós, de réir sainmhínithe, neamhchinnte. (10)

75.      Ina dhiaidh sin, cé gur fíor, faoi théarmaí na bhforálacha in Airteagal 40 i gcomhar leis an tríú mír d’Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhféadfaidh na hidiragraithe ag a bhfuil “pribhléid”, eadhon, na Ballstáit agus institiúidí an Aontais, idiragairt sa nós imeachta achomhairc i gcónaí, (11) ní féidir tátal a bhaint a contrario as an bhforáil sin nach bhféadfaidh páirtithe nach bhfuil an phribhléid sin acu idiragairt riamh, ach is féidir baint aisti go bhfuil idiragairt den sórt sin coinníollach ar leas a bheith ann i dtoradh an cháis.

76.      Ar deireadh, i bhfianaise an leasa chruthaithe atá ag an idiragraí i dtoradh an cháis, arna dhearbhú ag an gCúirt Bhreithiúnais le linn an achomhairc, ós rud é nach féidir iarratas nua a thíolaic go héifeachtach chun idiragairt a dhéanamh sna himeachtaí tar éis an tarchurtha toisc an t‑iarratas sin a bheith déanach, (12) féadfar a thuiscint as sin go ndéantar cineál leanúnach na hidiragartha a dheimhniú go hintuigthe.

77.      Sna himthosca sin, is cosúil go bhfágann na forálacha, astu féin, nach féidir freagra a thabhairt ar an gceist maidir le leanúnachas an stádais mar idiragraí tar éis an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta. Déanfaidh mé scrúdú, dá bhrí sin, ar an tsaincheist maidir le marthanacht na hidiragartha, i bhfianaise an chásdlí, ina bhfuil, dar liom, faisnéis atá úsáideach chun an cheist os comhair na Cúirte Breithiúnais a réiteach.

2.      An cásdlí maidir le marthanacht na hidiragartha

78.      I dtosach báire, d’fhéadfadh duine a cheapadh go bhfuil na réitigh a glacadh leis an gcásdlí ag teacht salach ar a chéile. Tá comhleanúnachas ag baint leo, áfach, toisc go bhfuil an leas maidir le toradh an cháis ina bhonn leis an gceart idiragartha.

79.      Eascraíonn an chéad cheann de na réitigh sin as cásdlí na Cúirte Ginearálta a bhfuil na hachomharcóirí ag brath air, ar dá réir go gcoinníonn na páirtithe ar tugadh cead dóibh idiragairt san achomharc a stádas sna himeachtaí tar éis an tarchurtha, rud a chuireann ar a gcumas, go háirithe, a mbarúlacha ar na conclúidí atá le baint as breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a thíolacadh. I gcodarsnacht leis an méid a mhaíonn an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn, níl an réiteach sin bunaithe ar dhá bhreithiúnas leithlisithe ina ndearnadh an réiteach sin a bhunú agus a dhearbhú go sainráite, (13) mar is féidir é a bhaint de thátal freisin as an gcaoi a gcaitear le hidiragraithe i roinnt cásanna a tarchuireadh ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta. (14) I gcomhréir leis na cúiseanna a thug an Chúirt Ghinearálta sa chás as ar eascair breithiúnas an Spáinn agus páirtithe eile v an Coimisiún, (15) tá an réiteach sin bunaithe ar bhreithnithe maidir le riaradh cuí an cheartais, sa mhéid is go bhfuil sé i bhfabhar leanúnachas na díospóireachta os comhair na cúirte tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an cás a tharchur ar ais.

80.      Leis an dara réiteach sa chásdlí, ceadaítear do na páirtithe sa díospóid do-ghlacthacht idiragartha a phléadáil ag céim níos luaithe de na himeachtaí. Cé gur ligeadh don idiragairt roimhe sin sna himeachtaí, ní chuireann sé sin cosc ar scrúdú nua ar inghlacthacht na hidiragartha, bíodh sin le linn na n‑imeachtaí substaintiúla (16) nó i gcomhthéacs an nós imeachta achomhairc. (17) Fágann sé sin nach bhfaightear riamh an ceart idiragartha go cinntitheach agus féadfar é a chur faoi cheist i gcás athrú sna himthosca a chiallaíonn nach bhfuil leas i dtoradh an cháis ann a thuilleadh. (18)

81.      Ba mhaith liom a chur in iúl nach n‑eascraíonn na réitigh sin sa chásdlí go sainráite as na forálacha lena rialaítear an nós imeachta atá os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Ar an taobh eile, an bonn atá leo ná an loighic is bun leis an gceart idiragartha, atá bunaithe ar leas díreach agus láithreach a bheith ann i dtoradh an cháis. (19) Más féidir leis an gCúirt Ghinearálta idiragraithe ar tugadh cead dóibh páirt a ghlacadh san achomharc a ligean isteach sna himeachtaí tarchurtha, is féidir é sin a dhéanamh toisc go bhfuil an leas sin fós ann, i bprionsabal, go dtí go bhfuil toradh críochnaitheach ar an gcás. Agus is mar gheall ar chaillteanas féideartha an leasa sin i gcúrsa na n‑imeachtaí, de bharr athrú féideartha sna himthosca, go bhféadfaidh na páirtithe, tráth ar bith le linn na n‑imeachtaí, agóid a dhéanamh in aghaidh inghlacthacht idiragartha, ar idiragairt í a ceadaíodh roimhe sin.

82.      Dá bhrí sin, is léir ó na forálacha agus ón gcásdlí a bhaineann le hidiragairt go dtugtar, le stádas idiragraí, ceart nós imeachta agus na ráthaíochtaí nós imeachta gaolmhara don duine lena mbaineann, lena léirítear a leas i dtoradh an cháis, agus gur féidir an stádas sin a chur faoi cheist i gcás ina gcailltear, de bharr athrú sna himthosca ina dhiaidh sin, an leas i gceist.

83.      Má dhéantar breith na Cúirte Ginearálta a chur ar ceal go páirteach agus an cás a tharchur ar ais chuici ina dhiaidh sin, leanann sé, dar liom, gur cheart don pháirtí ar tugadh cead dó idiragairt le linn an achomhairc, i bprionsabal, an stádas sin a choinneáil, a mhéid is go bhfuil an leas atá aige ag deireadh an achomhairc fós ann, mar is gá, go dtí go mbeidh réiteach deiridh ar an gcás.

3.      Leanúnachas feidhmiúil an nós imeachta nuair a dhéantar an cás a tharchuir

84.      Is toradh é an leas leanúnach sin i dtoradh an cháis freisin ar an leanúnachas feidhmiúil idir na himeachtaí achomhairc agus na himeachtaí tar éis an tarchurtha, ós rud é go dtarraingítear iarmhairtí ó na himeachtaí san achomharc sna himeachtaí tar éis an tarchurtha .

85.      Ar an gcéad dul síos, nochtar an leanúnachas sin le hAirteagal 219 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ós rud é go bhforchoimeádtar don Chúirt Ghinearálta an bhreith maidir leis na costais arna dtabhú ag an idiragraí sna himeachtaí achomhairc, sa mhéid nach féidir tuillteanais na hidirghabhála a mheas go hiomlán ach amháin nuair a bhíonn réiteach deiridh ar an gcás.

86.      Ar an dara dul síos, is cosúil freisin go n‑eascraíonn an leanúnachas sin ón bhféidearthacht atá ag an gCúirt Bhreithiúnais rialú ar shubstaint an cháis ag deireadh an achomhairc, ós rud é nach ndéantar an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta ach amháin sa chás nach gceadaítear breithiúnas a thabhairt de bharr staid na n‑imeachtaí. Dá bhrí sin, tá tarchur den sórt sin ag brath go hiomlán ar an dul chun cinn a dhéantar sa chás os comhair na Cúirte Ginearálta, agus ní féidir a mheas, dar liom, go bhfuil cás atá tarchurtha ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta éagsúil ón achomharc lenar ordaíodh é a tharchur, ós rud é nach mór a mheas gur nós imeachta amháin atá i gceist nuair a thugann an Chúirt Bhreithiúnais rialú air.

87.      Tugaim faoi deara i ndáil leis sin, dá ndiúltófaí do leanúnachas an stádais mar idiragraí tar éis an cás a tharchur, gur ghá go mbeadh neamhshiméadracht sa chaoi a gcaitear leis na páirtithe ar tugadh cead dóibh idiragairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, ag brath ar staid an cháis ag deireadh an nós imeachta achomhairc. I gcás ina ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais rialú ar shubstaint an cháis ag deireadh an achomhairc, ceadófar do na páirtithe ar tugadh cead dóibh páirt a ghlacadh san achomharc idiragairt a dhéanamh go dtí réiteach deiridh ar an gcás. Sa chás malartach, chaillfidís a stádas sna himeachtaí tar éis an tarchurtha. Dar liom, níl aon údar maith leis an idirdhealú sin a dhéanamh ar na cearta a thugtar do na hidiragraithe. Thairis sin, i gcás ina ndéanfar an dara hachomharc tar éis tarchur a dhéanamh, d’fhéadfadh dhá idiragairt i ndiaidh a chéile os comhair na Cúirte Breithiúnais a bheith mar thoradh ar an réiteach sin, agus déanfar an páirtí lena mbaineann a eisiamh ón díospóireacht a thiocfadh os comhair na Cúirte Ginearálta idir an dá linn. Tá sé deacair údar maith a thabhairt don ilroinnt sin ar an stádas i bhfianaise scéim ghinearálta an chirt idiragartha, scéim atá bunaithe ar mheasúnú ar leas an idiragraí i dtoradh an cháis, agus ar an leanúnachas feidhmiúil idir na himeachtaí achomhairc agus na himeachtaí tar éis an tarchurtha.

88.      Sna himthosca sin, áitíonn na cúinsí córasacha, bunaithe ar chomhsheasmhacht na réiteach arna nglacadh sa chásdlí agus ar an leanúnachas atá ann idir na himeachtaí achomhairc agus an tarchur ina dhiaidh sin, dar liom, i bhfabhar an idiragairt a choinneáil tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an cás a tharchur ar ais, ach amháin má chailltear an leas idiragartha de bharr athrú sna himthosca ina dhiaidh sin.

4.      Measúnuithe breise a bhaineann le “cásanna píolótacha”

89.      Mar mheabhrúchán, is é atá i gceist le cásanna píolótacha ná a áirithiú go dtugtar tosaíocht don chás atá i gceist agus go gcuirfear imeachtaí ar feitheamh i gcásanna comhchosúla ar fionraí go dtí go réiteofar é. Trí chlaonadh a thabhairt do dhíospóireacht dhírithe os comhair na gcúirteanna, leis an gcleachtas sin féachtar lena áirithiú go gcaitear le cásanna comhchosúla ar bhealach aonfhoirmeach agus éifeachtach, agus na hacmhainní a chuireann an Chúirt Ghinearálta ar fáil a shábháil ag an am céanna.

90.      Dá bhrí sin, is féidir an chaoi a gcaitear leis na hachomharcóirí sa chás seo a mhíniú leis an dúil atá ag an gCúirt Ghinearálta i gcosc a chur ar mhoilleanna a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gcead chun idiragairt a dhéanamh tar éis an tarchurtha. Mar sin féin, ní cosúil go bhfuil an réiteach a mholaim in ann difear a dhéanamh don stádas tosaíochta a aithnítear sa chás Magnetrol International v an Coimisiún (T‑263/16), a d’ainmnigh an Chúirt Ghinearálta mar chás píolótach, agus ina bhfuil na hachomharcóirí ag iarraidh idiragairt a dhéanamh.

91.      Go háirithe, ba dheacair dom aontú le hargóint an Choimisiúin gurbh ionann glacadh leis na hidiragairtí sa chás píolótach tar éis é a tharchur agus “dul timpeall” ar an mbreith na himeachtaí i gCásanna T‑278/16 agus T‑370/16 a chur ar fionraí, a tionscnaíodh le caingne na n‑achomharcóirí. Déantar inghlacthacht idiragartha a mheasúnú go neamhspleách ar chinniúint an duine lena mbaineann agus é an príomhpháirtí i gcás eile, ach amháin má tá tionchar ag toradh an cháis sin ar a leas idiragartha. Go háirithe, tá sé socraithe sa chásdlí, cé go bhfuil an t‑achomharchóir déanach agus nach féidir leis, dá bhrí sin, agóid a dhéanamh, trí achomharc a thabhairt, i gcoinne na breithe atá dírithe air, nach dtoirmeasctar dó idiragairt a dhéanamh in imeachtaí arna dtionscnamh ag seolaí eile den bhreith chéanna. (20) Mura ndéantar an t‑iarratas ar idiragairt arna cheadú faoi na coinníollacha sin a mheas mar iarracht chun dul timpeall ar an teorainn ama chun caingean a thionscnamh, is é an fáth leis sin ná go ndéantar measúnú ar inghlacthacht na hidiragartha ar bhonn leas an achomharcóra i dtoradh an cháis amháin.

92.      I bhfianaise na mbarúlacha sin roimhe seo, ní cosúil domsa go bhfuil imní ann go n‑áiritheofar go gcaitear leis an gcás píolótach (21) go héifeachtach ina údar maith chun an stádas mar idiragraí a bhaint, stádas, nuair a aithnítear é, a thugann an ceart chun bheith rannpháirteach sa chás agus na ráthaíochtaí a eascraíonn as sin a aithint don duine lena mbaineann.

93.      I gcás mar sin, mar atá sa chás seo, ina bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid sa chás píolótach dírithe ar na hidiragraithe freisin, is cosúil gurb iomchuí freisin an díospóid os comhair na Cúirte Ginearálta a dhíriú trí chead a thabhairt d’idiragairt na bpáirtithe a éilíonn leas díreach i dtoradh an cháis, toradh a bheidh cinntitheach maidir le toradh na gcásanna ar fionraí.

VI.    Conclúid

94.      I bhfianaise na mbarúlacha roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais:

–        an t‑achomharc i gCás C‑74/22 P a dhíbhe toisc é a bheith do-ghlactha;

–        an bhreith de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i litir an 6 Nollaig 2021 i gCásanna C‑31/22 P agus C‑32/22 P a chur ar ceal.


1      Bunteanga: an Fhraincis.


2      Airteagal 130(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta agus Airteagal 151(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.


3      Airteagal 142(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.


4      Ordú an 28 Meitheamh 2011, Verein Deutsche Sprache v an Chomhairle (C‑93/11 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2011:429, míreanna 20 agus 21).


5      Breithiúnas an 29 Iúil 2019, Bayerische Motoren Werke agus Freistaat Sachsen v an Coimisiún (C‑654/17 P, EU:C:2019:634, míreanna 27 agus 28).


6      Breithiúnais an 14 Aibreán 1970, Nebe v an Coimisiún (24/69, EU:C:1970:22, mír 145), agus an 10 Nollaig 1980, Grasselli v an Coimisiún (23/80, EU:C:1980:284), agus ordú an 7 Nollaig 2004, Internationaler Hilfsfonds v an Coimisiún (C‑521/03 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2004:778, mír 41).


7      Breithiúnas an 15 Nollaig 1994, Bayer v an Coimisiún (C‑195/91, EU:C:1994:412, mír 26), agus ordú an 14 Eanáir 2010, SGAE v an Coimisiún (C‑112/09 P, EU:C:2010:16, mír 20).


8      Tá feidhm ag foráil den chineál céanna i gcás tarchur a dhéantar tar éis athbhreithniú a dhéanamh (Airteagal 222(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta).


9      Airteagal 1(2)(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.


10      I gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfar an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta i ndiaidh an nós imeachta achomhairc mura dtugann an Chúirt Bhreithiúnais féin breithiúnas críochnaitheach san ábhar, toisc nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí é sin a dhéanamh.


11      Féach, Muguet-Poullenec, G., agus Domenicucci, D. P., “L’intervention devant le Tribunal après l’entrée en vigueur du nouveau règlement de procédure : entre droit d’ingérence et urgence judiciaire”, Revue Lamy de la concurrence, Uimh. 45, 2015.


12      Airteagal 143(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Féach mír 39 den Tuairim seo freisin.


13      Féach breithiúnais an 23 Márta 1993, Gill v an Coimisiún (T‑43/89 RV, EU:T:1993:24), agus an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn agus páirtithe eile v an Coimisiún (T‑515/13 RENV agus T‑719/13 RENV, EU:T:2020:434).


14      Féach, go háirithe, breithiúnais an 24 Meán Fómhair 2019, Xinyi PV Products (Anhui) Holdings v an Coimisiún (T‑586/14 RENV, EU:T:2019:668); an 14 Nollaig 2018, Hamas v an Chomhairle (T‑400/10 RENV, EU:T:2018:966); an 21 Samhain 2018, Stichting Greenpeace Nederland agus PAN Europe v an Coimisiún (T‑545/11 RENV, EU:T:2018:817); an 25 Eanáir 2017, Rusal Armenal v an Chomhairle (T‑512/09 RENV, EU:T:2017:26); an 15 Nollaig 2016, DEI v an Coimisiún, (T‑169/08 RENV, EU:T:2016:733); an 2 Iúil 2015, an Fhrainc agus Orange v an Coimisiún (T‑425/04 RENV agus T‑444/04 RENV, EU:T:2015:450), agus an 14 Aibreán 2015, Ayadi v an Coimisiún (T‑527/09 RENV, neamhfhoilsithe, EU:T:2015:205).


15      Breithiúnas an 23 Meán Fómhair 2020 (T‑515/13 RENV agus T‑719/13 RENV, EU:T:2020:434, mír 65).


16      Féach breithiúnais an 16 Nollaig 1999, Acciaierie di Bolzano v an Coimisiún (T‑158/96, EU:T:1999:335, mír 33); an 10 Feabhra 2000, Nederlandse Antillen v an Coimisiún (T‑32/98 agus T‑41/98, EU:T:2000:36; mír 30); an 9 Meán Fómhair 2009, Diputación Foral de Álava agus páirtithe eile v an Coimisiún (T‑30/01 go T‑32/01 agus T‑86/02 go T‑88/02, EU:T:2009:314, mír 95), agus an 12 Aibreán 2019, Deutsche Lufthansa v an Coimisiún (T‑492/15, EU:T:2019:252, mír 98).


17      Féach, go háirithe, breithiúnas an 8 Iúil 1999, Hüls v an Coimisiún (C‑199/92 P, EU:C:1999:358, mír 52), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Cosmas sa chás sin (EU:C:1997:358, míreanna 10 go 17).


18      Mar shampla, máthairchuideachta a dhéanann idiragairt i ndíospóid a bhaineann le Státchabhair arna deonú do cheann dá fochuideachtaí, d’fhéadfadh sí a cumas idiragairt a dhéanamh a chailleadh tar éis aistriú an ghnóthais a thairbhigh den chabhair atá faoi chonspóid.


19      Féach, go háirithe, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2010, an Ghréig agus páirtithe eile v an Coimisiún (T‑415/05, T‑416/05 agus T‑423/05, EU:T:2010:386, míreanna 64 agus 65).


20      Mar shampla, féach ordú an 17 Feabhra 2010, Fresh Del Monte Produce v an Coimisiún (T‑587/08, EU:T:2010:42), míreanna 30 go 32.


21      Le hordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2019, an Chomhairle v K. Chrysostomides & Co. agus páirtithe eile (C‑597/18 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:743), tagraíonn an Chúirt Bhreithiúnais sa chomhthéacs sin don riosca a bhaineann le hidiragraithe maidir leis an gcaoi a gcaitear le cásanna píolótacha. Is cosúil, áfach, nach bhfuil na barúlacha a tugadh i ndáil leis sin i mír 19 den ordú cinntitheach. Rinneadh an t‑ordú atá i gceist i gcomhthéacs fíorasach a bhí an-difriúil ó na cásanna a bhí á scrúdú sa chás seo, maidir le caingean le haghaidh damáistí, ós rud é gur diúltaíodh do na hiarratais ar idiragairt toisc nach raibh leas díreach ag na hachomharcóirí i dtoradh an cháis (féach míreanna 14 go 17 den ordú). Mheas an Chúirt Bhreithiúnais gur ábhar tánaisteach amháin é an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na hidiragraithe ar an gcaoi a gcaitear leis an gcás píolótach.