30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 189/4 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 20 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Zemgales rajona tiesa – an Laitvia) – SIA “Sinda & V R” v Rīgas domes Satiksmes departaments
(Cás C-619/22 (1), Sinda & V R)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Ceanglas chun comhthéacs reachtach na díospóide sna príomhimeachtaí a leagan amach - Ceanglas an nasc a léiriú idir forálacha dhlí an Aontais a bhfuil léiriú á lorg ina leith agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme - Easpa sonraí leordhóthanacha - Neamh-inghlacthacht fhollasach)
(2023/C 189/04)
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Zemgales rajona tiesa
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SIA “Sinda & V R”
Cosantóir: Rīgas domes Satiksmes departaments
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ón Zemgales rajona tiesa (an Chúirt Dúiche, Zemgale, an Laitvia), a rinneadh le cinneadh an 20 Meán Fómhair 2022, neamh-inghlactha go follasach.
(1) Dáta an taiscithe: 27.09.2022