18.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 329/3


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 19 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) – an Phortaingéil) – A, SA v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-335/22 (1), A (Cánachas ar mhargaíocht urrús))

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí - Treoir 2008/7/CE - Airteagal 5(2)(b) - Cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil - Dleacht stampála ar sheirbhísí chun bannaí agus páipéar tráchtála a chur ar an margadh)

(2023/C 329/03)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A, SA

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 5(2)(b) de Threoir 2008/7/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 maidir le cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le dleacht stampála a fhorchur ar an luach saothair a íocann cuideachta chaipitiúil le bunaíocht bhaincéireachta ar chuir sí de chúram uirthi urrúis soshannta amhail bannaí nua-eisithe agus páipéir tráchtála a chur ar an margadh, is cuma an bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar na cuideachtaí a eisíonn na hurrúis atá i gceist seirbhísí tríú páirtí a úsáid nó ar roghnaigh siad iad a úsáid as a saorthoil féin.


(1)   IO C 326, 29.8.2022.