|
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 164/22 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 6 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Mercantil no 11 de Barcelona- an Spáinn) – QJ agus IP v Deutsche Bank AG
(Cásanna uamtha C-198/22 agus C-199/22 (1))
(Tarchur le haghaidh réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 101 CFAE - Treoir 2014/104/AE - Airteagal 10 - Raon feidhme ratione temporis - Caingne i leith damáistí maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta an Aontais - Tréimhse teorann - Sárú a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm na treorach - Cosaint tomhaltóirí)
(2023/C 164/28)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de lo Mercantil no 11 de Barcelona
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: QJ (C-198/22)
Iarratasóir: IP (C-199/22)
Cosantóir: Deutsche Bank AG
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní mór Airteagal 101 CFAE agus prionsabal na héifeachtachta a léiriú sa chaoi is nach gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta, mar a léirítear leis an gcásdlí náisiúnta í, ar dá réir a thosaíonn an tréimhse teorann is infheidhme maidir le caingean i leith damáistí mar gheall ar shárú ar fhorálacha dhlí iomaíochta an Aontais arna tabhairt ag tomhaltóir ar an lá a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an achoimre ar an gcinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún Eorpach lena bhfuarthas an sárú sin, ar choinníoll gur féidir a mheas go réasúnta gur tháinig an duine dá ndearnadh damáiste ar an eolas faoi na gnéithe riachtanacha a chuir ar a chumas a chaingean le haghaidh damáistí a thionscnamh ar dháta an fhoilsithe sin. |
|
2. |
Ní mór Airteagal 10(3) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (2) a léiriú sa chaoi is go dtagann caingean i leith damáistí mar gheall ar shárú ar an dlí iomaíochta faoina raon feidhme ama, ar caingean í, cé go mbaineann sí le sárú ar tháinig deireadh leis roimh theacht i bhfeidhm na treorach sin, a thugtar tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha lena dtrasuitear an treoir sin sa dlí náisiúnta, a mhéid is nach ndeachaigh an tréimhse teorann is infheidhme maidir leis an gcaingean sin in éag roimh dhul in éag don tréimhse chun an treoir sin a thrasuí. |
(1) Dáta an taiscthe: 14.03.2022