12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 472/24


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 28 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht München – an Ghearmáin) – imeachtaí coiriúla i gcoinne HF

(Cás C-435/22 PPU) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 50 - An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme - Airteagal 54 - Prionsabal ne bis in idem - Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heiseachadadh - Eiseachadadh náisiúnaigh tríú Stát chuig na Stáit Aontaithe faoi chonradh déthaobhach arna thabhairt i gcrích ag Ballstát - Náisiúnach a ciontaíodh go críochnaitheach i leith na bhfíoras céanna agus a chuir an phianbhreith a gearradh air isteach ina hiomláine i mBallstát eile)

(2022/C 472/29)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht München

Páirtí sna príomhimeachtaí coiriúla

HF

Tríú páirtí: Generalstaatsanwaltschaft München

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 54 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990 agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Márta 1995, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, arna léamh i bhfianaise Airteagal 50 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

go gcuirtear cosc leis ar eiseachadadh náisiúnaigh tríú tír, ag údaráis Ballstáit, chuig tríú Stát eile más rud é, ar an gcéad dul síos, gur ciontaíodh an náisiúnach sin go críochnaitheach i mBallstát eile ar bhonn na bhfíoras céanna dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh agus gur chuir sé an phianbhreith a gearradh isteach agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an iarraidh ar eiseachadadh bunaithe ar chonradh déthaobhach eiseachadta lena dteorannaítear raon feidhme an phrionsabail ne bis in idem do bhreithiúnais a tugadh sa Bhallstát iarrtha.


(1)  IO C 326, 29.08.2022