31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/7


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – YQ, RJ v Getin Noble Bank S.A

(Cás C-287/22 (1), Getin Noble Bank (Comhaontú creidmheasa a chur ar fionraí nó a chomhlíonadh))

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Treoir 93/13/CEE - Iasacht mhorgáiste atá innéacsaithe d’airgeadra eachtrach - Airteagal 6(1) - Airteagal 7(1) - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Feidhmíocht an chomhaontaithe iasachta a chur ar fionraí - Lánéifeachtacht na héifeachta athdheimhnithí a áirithiú)

(2023/C 271/09)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: YQ, RJ

Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

sa chaoi go gcoisctear cásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh cúirt náisiúnta iarratas ar dheonú beart eatramhach arna thaisceadh ag tomhaltóir a bhfuil an fionraí á lorg aige a dhíbhe, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir le neamhbhailíocht an chomhaontaithe iasachta arna thabhairt i gcrích ag an tomhaltóir sin ar an bhforas go bhfuil téarmaí éagóracha sa chomhaontú iasachta sin, íocaíocht na dtráthchodanna míosúla atá dlite faoin gcomhaontú iasachta sin, i gcás inar gá na bearta eatramhacha sin a dheonú chun éifeachtacht iomlán an chinnidh sin a áirithiú.


(1)  IO C 318. 22.8.2022.