11.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 321/13


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 13 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia n. 17 de Palma de Mallorca) – ZR, PI v Banco Santander, SA

(Cás C-265/22, (1) Banco Santander (Tagairt d’innéacs oifigiúil)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra - Comhaontuithe maidir le hiasachtaí morgáiste - Téarma lena bhforáiltear do ráta úis athraitheach - Innéacs tagartha bunaithe ar rátaí céatadánacha bliantúla muirir (APRC) iasachtaí morgáiste arna ndeonú ag institiúidí creidmheasa - Innéacs arna bhunú le gníomh rialála nó riaracháin - Faisnéis atá i mbrollach an ghnímh sin - Seiceáil a bhaineann leis an gceanglas trédhearcachta - Measúnú ar chineál éagórach an téarma)

(2023/C 321/16)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia n. 17 de Palma de Mallorca

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: ZR, PI

Cosantóir: Banco Santander, SA

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3(1), Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá sé ábhartha d’fhonn measúnú a dhéanamh ar thrédhearcacht agus ar nádúr éagórach féideartha téarma i gcomhaontú iasachta morgáiste ar ráta athraitheach lena n-ainmnítear mar innéacs tagartha, le haghaidh athbhreithniú tréimhsiúil ar an ráta úis is infheidhme maidir leis an iasacht sin, innéacs arna bhunú le fógra is ábhar d’fhoilsiú oifigiúil, a gcuirtear méadú i bhfeidhm air, inneachar na faisnéise atá i bhfógra eile – ina léirítear gur gá corrlach diúltach a chur i bhfeidhm maidir leis an innéacs sin, i bhfianaise a mhodh ríofa, chun an ráta úis sin a ailíniú le ráta an mhargaidh. Tá sé ábhartha freisin an bhfuil rochtain leordhóthanach ag gnáth-thomhaltóir ar an bhfaisnéis sin.


(1)   IO C 326, 29.8.2022.