19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/11


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Évora – an Phortaingéil) – imeachtaí cóiriúla i gcoinne TL

(Cás C-242/22 PPU) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir 2010/64/AE - Ceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin - Airteagail 2(1) agus 3(1) - Coincheap “doiciméad riachtanach” - Treoir 2012/13/AE - Ceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí cóiriúla - Airteagal 3(1)(d) - Raon feidhme - Easpa trasuí sa dlí náisiúnta - Éifeacht dhíreach - Cairt um Cheart Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 47 agus 48(2) - Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint - Airteagal 6 - Gearradh téarma príosúnachta a cuireadh ar fionraí le promhadh - Mainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh a leanann as an gcóras promhaidh - Easnamh aistriúcháin ar dhoiciméad riachtanach agus easpa ateangaire agus an doiciméad sin á bhunú - Cúlghairm na fionraí - Easpa aistriúcháin ar na doiciméid nós imeachta a bhain leis an gcúlghairm sin - Iarmhairtí maidir le bailíocht na cúlgairme sin - Neamhbhailíocht choibhneasta mar gheall ar locht nós imeachta)

(2022/C 359/13)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Évora

Páirtithe sna príomhimeachtaí cóiriúla

TL

tríú páirtí: Ministério Público

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 2(1) agus 3(1) de Threoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla, agus Airteagal 3(1)(d) de Threoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla, arna léamh i bhfianaise Airteagail 47 agus 48(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, a léirmhíniú sa chaoi go gcoisctear leo reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar thairbhithe na gcearta a leagtar síos le forálacha na dTreoracha sin, sárú ar na cearta sin a agair laistigh de theorainn ama bheartaithe agus murach sin go mbeidh toirmeasc ar chás a thionscnamh, nuair a thosaíonn an teorainn ama sin sula dtugtar fógra don duine lena mbaineann fiú, i dteanga a labhraíonn sé nó a thuigeann sé, ar thaobh amháin, gurb ann dá cheart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin agus an raon feidhme atá leo agus, ar an taobh eile, gurb ann do dhoiciméad riachtanach agus an t-ábhar atá ann agus na héifeachtaí a ghabhann leis.


(1)  IO C 257, 04.07.2022