31.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 271/6 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 15 Meitheamh 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Saint-Louis Sucre v Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation, SICA des betteraviers d’Etrepagny
(Cás C-183/22 (1), Saint-Louis Sucre (Aitheantas d'eagraíocht táirgeoirí)]
(Tarchur chun réamhrialú - Talmhaíocht - Comheagrú na margaí - Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 - Reachtanna eagraíochtaí táirgeoirí - Airteagal 153(1)(b) - Riail lena rialaítear comhaltaí ar le heagraíocht táirgeoirí aonair iad - Raon feidhme - Airteagal 153(2)(c) - Rialú daonlathach ar an eagraíocht táirgeoirí agus ar chinntí a dhéanann comhaltaí táirgeoirí laistigh di - Rialú arna fheidhmiú ag duine ar chomhaltaí áirithe den eagraíocht táirgeoirí)
(2023/C 271/08)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Saint-Louis Sucre
Cosantóirí: Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation, SICA des betteraviers d’Etrepagny
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 153(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 13 Nollaig 2017, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tá feidhm ag an gceanglas maidir le bheith páirteach in eagraíocht táirgeoirí aonair go heisiach maidir le comhaltaí na heagraíochta sin ar táirgeoirí iad. |
2) |
Maidir le hAirteagal 153(2)(c) de Rialachán 1308/2013, arna leasú le Rialachán 2017/2393, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: chun a chinneadh an bhfuil rialacha i reachtanna eagraíochta táirgeoirí lena gcumasaítear do tháirgeoirí ar comhaltaí den eagraíocht sin grinnscrúdú a dhéanamh orthu, ar bhealach daonlathach, ar a n-eagraíocht agus ar chinntí na heagraíochta sin, ba cheart don údarás náisiúnta atá freagrach as aitheantas a thabhairt don eagraíocht sin:
|