11.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 321/11


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 13 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Xella Magyarország Építőanyagipari Kft. v Innovációs és Technológiai Miniszter

(Cás C-106/22 (1), Xella Magyarország)

(Tarchur chun réamhrialú - Saorghluaiseacht chaipitil - Saoirse bhunaíochta - Rialachán (AE) 2019/452 - Reachtaíocht Ballstáit lena mbunaítear sásra chun infheistíocht eachtrach i gcuideachtaí cónaitheacha a mheastar a bheith ‘straitéiseach’ a scagadh - Cinneadh arna dhéanamh ar bhonn na reachtaíochta sin, lena gcuirtear cosc ar chuideachta chónaitheach scaireanna uile cuideachta chónaitheach eile a fháil - Cuideachta a fuarthas a mheastar a bheith ‘straitéiseach’ ar an bhforas go mbaineann a príomhghníomhaíocht le mianadóireacht amhábhar bunúsach áirithe amhail gairbhéal, gaineamh agus cré - Cuideachta éadála a mheastar a bheith ina ‘infheisteoir coigríche’ ar an bhforas gur cuid de ghrúpa cuideachtaí í a bhfuil a máthairchuideachta bunaithe i dtríú tír - Sárú nó baol sáraithe ar leas Stáit, ar an tslándáil phoiblí nó ar an ord poiblí sa Bhallstát - Cuspóir cinnteacht an tsoláthair amhábhar bunúsach a ráthú don tionscal tógála, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach)

(2023/C 321/12)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Xella Magyarország Építőanyagipari Kft.

Cosantóir: Innovációs és Technológiai Miniszter

Idiragraithe: ‘JANES ÉS TÁRSA’ Szállítmányozó, Kereskedelmi és Vendéglátó Kft.

An chuid oibríochtúil

Maidir le forálacha CFAE a bhaineann le saoirse bhunaíochta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar shásra scagtha infheistíochta eachtraí dá bhforáiltear i reachtaíocht Ballstáit trína bhféadfar cuideachta chónaitheach atá ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí atá bunaithe i roinnt Ballstát, a bhfuil tionchar cinntitheach ag gnóthas tríú tír uirthi, a thoirmeasc ó úinéireacht a fháil ar chuideachta chónaitheach eile a mheastar a bheith straitéiseach, ar an bhforas go ndéanann an éadáil díobháil don leas náisiúnta nó go bhfuil baol ann go ndéanfadh an éadáil dochar don leas náisiúnta chun slándáil an tsoláthair a áirithiú d’earnáil na foirgníochta, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, i ndáil le hamhábhair bhunúsacha amhail gairbhéal, gaineamh agus cré.


(1)   IO C 207, 23.5.2022.