|
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 223/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2023 – an Coimisiún Eorpach v Sopra Steria Benelux, Unisys Belgium
(Cás C-101/22 P) (1)
(Achomharc - Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 169 - Achomharc i gcoinne na coda oibríochtúla de chinneadh na Cúirte Ginearálta - Conarthaí seirbhíse poiblí - Nós imeachta tairisceana - Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 - Airteagal 170(3) - Mír 23 d’Iarscríbhinn I - Tairisceoir díshealbhaithe ag tabhairt aird an Choimisiúin Eorpaigh ar leideanna maidir le nádúr thar a bheith íseal na tairisceana a roghnaíodh - Raon feidhme na hoibleagáide cúiseanna a lua atá ar an údarás conarthach)
(2023/C 223/04)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. André, M. Ilkova, O. Verheecke, i gcáil Gníomhairí)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Sopra Steria Benelux, Unisys Belgium (ionadaithe: L. Masson, G. Tilman, avocats)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
2) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc. |