22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/18


Breithiúnas na Cúirte (Céad Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – M.A.

(Cás C-72/22 PPU) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Polasaí um Thearmann agus Imirce - Treoir 2011/95/AE - Airteagal 4 - Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar - Treoir 2013/32/AE - Airteagail 6 agus 7 - Caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta - Airteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Treoir 2013/33/AE - Airteagal 8 - An t-iarratasóir á chur faoi choinneáil - Cúis na coinneála - Cosaint na slándála náisiúnta nó cosaint an oird phoiblí - An t-iarratasóir á chur faoi choinnéail ar an mbonn go bhfuil cónaí neamhdhlíthiúil air ar chríocha an Aontais)

(2022/C 318/25)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M.A.

Páirtí leasmhar: Valstybės sienos apsaugos tarnyba

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 6 agus Airteagal 7, mír 1 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar rialachán Ballstáit lena mbaintear go héifeachtúil an fhéidearthacht de náisiúnaigh tríú tír, a bhfuil cónaí neamhdhlíthiúil orthu, rochtain a fháil ar an nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, i gcás go bhfógraítear staid chogaidh nó staid éigeandála nó i gcás go bhfógraítear éigeandáil mar gheall ar mhórphlódú isteach eachtrannach.

2)

Ní mór Airteagal 8, míreanna 2 agus 3, de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar dhlí Ballstáit lenar féidir iarrathóir tearmainn a chur faoi choinneáil ar an mbonn amháin go bhfuil cónaí neamhdhlíthiúil air ar chríocha an Bhallstáit sin, i gcás go bhfógraítear staid chogaidh nó staid éigeandála nó i gcás go bhfógraítear éigeandáil mar gheall ar mhórphlódú isteach eachtrannach.


(1)  IO C 171, 25.04.2022.