27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/11


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia – an Iodáil) – VZ v CA

(Cás C-53/22 (1), VZ (Iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach))

(Tarchur chun réamhrialú - Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí - Airteagal 1(3) - Leas i gcaingean a thionscnamh - Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe - Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch - Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais)

(2023/C 112/14)

Teanga an cháis: Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VZ

Cosantóir: CA

Tríú páirtithe: RT, BO, Regione Lombardia, Regione Liguria

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le nósanna imeachta athbhreithnithe a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí, arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar dhlí Ballstáit nach gceadaíonn d’oibreoir a choisctear páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar an bhforas nár chomhlíon sé ceann de na coinníollacha rannpháirtíochta a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann, agus ar diúltaíodh dá chaingean i gcoinne an coinníoll sin a áireamh, sa ghlao sin ar thairiscintí, le cinneadh a bhfuil feidhm res judicata leis, agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an údaráis chonarthaigh lena mbaineann an cinneadh lenar dámhadh an conradh poiblí sin a neamhniú tar éis do chinneadh breithiúnach a dheimhniú, go raibh an tairgeoir rathúil agus gach tairgeoir eile rannpháirteach i gcomhaontú ar sárú é ar na rialacha iomaíochta san earnáil chéanna leis an nós imeachta chun an conradh poiblí sin a dhámhachtain.


(1)  IO C 148, 04.04.2022