8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 164/14 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) – Éire) – NJ, OZ v An Bord Pleanála, Éire, an tArd-Aighne
(Cás C-9/22, (1) An Bord Pleanála agus Páirtithe eile (Suíomh Ghairdíní San Treasa))
(Tarchur chun réamhrialú - an Comhshaol - Treoir 2001/42/CE - Measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol - Airteagal 2(a) - Coincheap “pleananna agus clá[i]r” - Airteagal 3(2)(a) - Measúnú comhshaoil - Gníomh neamhreachtúil arna ullmhú ag comhairle bhardasach agus ag forbróir - Treoir 2011/92/AE - Measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol - Airteagal 3(1) - Oibleagáid maidir le haithint, tuairisciú, agus measúnú a dhéanamh ar mhodh cuí faoi threoir gach cáis aonair, éifeachtaí díreacha agus neamhdhíreacha tionscadail - Treoirlínte ceangailteacha ón Aire maidir le hairde foirgneamh)
(2023/C 164/18)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
An Ard-Chúirt (Éire)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: NJ, OZ
Cosantóirí: An Bord Pleanála, Éire, an tArd-Aighne
Páirtí leasmhar: DBTR-SCR1 Fund, a Sub Fund of TWTC Multi-Family ICAV
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir le hAirteagal 2(a) agus Airteagal 3(2) agus (3) de Threoir 2001/42/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú, Ní mór léiriú a dhéanamh orthu amhail go dtagann plean faoi raoin feidhme na treorach sin más plean é (i) arna ullmhú ag údarás áitiúil i gcomhar le forbróir an tionscadail lena mbaineann an plean sin, a ghlac an t-údarás sin (ii) arna ghlacadh de bhonn foráil i bplean nó i gclár eil, agus (iii) lena bhforáiltear d’fhorbairtí atá éagsúil leis na forbairtí dá bhforáiltear i bplean nó i gclár eile, ach ar an gcoinníoll go mbeidh sé, ar a laghad, ceangailteach ar na húdaráis is inniúil chun toiliú a thabhairt i leith na forbartha. |
2. |
Maidir le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal áirithe poiblí agus príobháideach ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, Ní mór léiriú a dhéanamh uirthi amhail nach gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil sé de cheangal ar údaráis inniúla de chuid Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu an dtabharfar nó nach dtabharfar toiliú forbartha i leith tionscadail, gníomhú de réir treoirlínte faoinar gá airde foirgneamh a ardú más féidir, agus a bhí faoi réir measúnú ar an gcomhshaol faoi Threoir 2001/42. |