BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Naoú Dlísheomra, ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí)
25 Márta 2026 ( *1 )
(Dliteanas neamhchonarthach – Iomaíocht – Comhaontaithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe – Margadh aerlasta – Laghdú na fíneála ag an gCúirt Ghinearálta – Diúltú an Choimisiúin ús a íoc ar an ró-íocaíocht – Tréimhse theorann – Túsphointe na tréimhse teorann – Briseadh – Inghlacthacht – An coincheap ‘ús’ – Ráta is infheidhme)
I gCás T‑310/21,
Air Canada, a bunaíodh in Saint‑Laurent, Québec (Ceanada), dá ndéanann T. Soames, I.-Z. Prodromou-Stamoudi, Dlíodóirí, agus T. Johnston, Barrister, ionadaíocht,
iarratasóir,
v
an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann P. Rossi, M. Domecq, T. Isacu de Groot agus L. Wildpanner, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht,
cosantóir,
tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Naoú Dlísheomra, ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí),
agus í comhdhéanta, le linn na bpléití, mar seo a leanas: S. Papasavvas, Uachtarán, L. Truchot, H. Kanninen (Rapóirtéir), M. Sampol Pucurull agus T. Perišin, Breithiúna,
Cláraitheoir: M. Zwozdziak-Carbonne, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, go háirithe:
|
– |
ordú an 5 Iúil 2022 go ndéanfar an cinneadh ar an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Coimisiún a fhorchoimeád, go dtí go dtabharfar breith ar an tsubstaint, |
|
– |
cinneadh an 10 Lúnasa 2023, arna ghlacadh de bhun Airteagal 69(d) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta agus tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go dtabharfar breith lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí sa chás as ar eascair breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), |
|
– |
barúlacha na bpáirtithe arna dtaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 25 agus an 29 Iúil 2024 maidir leis na hiarmhairtí atá le baint as breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), don chás seo, |
tar éis éisteacht an 5 Meitheamh 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena chaingean, iarrann an t‑iarratasóir, Air Canada, go príomha, de bhun Airteagal 268 agus an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, cúiteamh as an damáiste a mhaíonn sé a bhain dó mar gheall ar dhiúltú an Choimisiúin Eorpaigh ús atá dlite faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE a íoc leis i gcomhréir le breithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994), nó, mar mhalairt air sin, de bhun Airteagal 263 CFAE, cinneadh ón gCoimisiún an 25 Márta 2021 lena ndiúltaítear ús a íoc ar an ráta reachtúil a chur ar neamhní. |
I. Cúlra na díospóide
|
2 |
Is aerlíne é an t‑iarratasóir a oibríonn sa mhargadh aerlasta. |
|
3 |
An 9 Samhain 2010, ghlac an Coimisiún Cinneadh C(2010) 7694 final a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 CFAE, Airteagal 53 de Chomhaontú LEE agus Airteagal 8 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (Cás COMP/39258 – Aerlasta) (‘cinneadh an 9 Samhain 2010’). |
|
4 |
Bhí 21 sheolaí ag cinneadh an 9 Samhain 2010, lena n‑áirítear an t‑iarratasóir. Rinneadh cur síos sa chinneadh sin, ina fhorais, ar shárú aonair leanúnach ar Airteagal 101 CFAE, ar Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus ar Airteagal 8 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar. De réir na bhforas sin, chomhordaigh seolaithe an chinnidh sin a n‑iompar praghsála maidir le seirbhísí lasta a sholáthar in LEE agus san Eilvéis. |
|
5 |
Le hAirteagail 1 go 4 de chinneadh an 9 Samhain 2010, cuireadh an t‑iompar is saintréith den sárú aonair leanúnach sin i leith sheolaithe an chinnidh sin. |
|
6 |
Baineann Airteagal 5 de chinneadh an 9 Samhain 2010 le fíneálacha. A mhéid a bhaineann sé leis an díospóid seo, foráiltear an méid seo a leanas san Airteagal sin: ‘Maidir leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagail 1 go 4 [de chinneadh an 9 Samhain 2010], forchuirtear na fíneálacha seo a leanas:
[...] Íocfar na fíneálacha a fhorchuirfear in euro, laistigh de 3 mhí ón dáta a thabharfar fógra faoin gCinneadh seo [...] Tar éis don tréimhse sin dul in éag, beidh ús iníoctha go huathoibríoch ar an ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin ar an gcéad lá den mhí inar glacadh le [cinneadh an 9 Samhain 2010], móide 3.5 pointe céatadáin. I gcás ina dtionscnaíonn gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1 [de chinneadh an 9 Samhain 2010] achomharc, ní mór don ghnóthas sin méid na fíneála a chumhdach faoin dáta dlite, trí ráthaíocht bainc inghlactha a sholáthar nó trí íocaíocht shealadach na fíneála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 85a(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
An 6 Eanáir 2011, thionscain an t‑iarratasóir caingean le haghaidh neamhniú i gcoinne chinneadh an 9 Samhain 2010. |
|
8 |
An 10 Feabhra 2011, rinne an t‑iarratasóir íocaíocht shealadach do mhéid iomlán na fíneála a forchuireadh air le hAirteagal 5 de chinneadh an 9 Samhain 2010. |
|
9 |
Le breithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994), chuir an Chúirt Ghinearálta cinneadh an 9 Samhain 2010 ar neamhní a mhéid a bhain sé leis an iarratasóir. |
|
10 |
An 5 Feabhra 2016, chuir an Coimisiún an t‑iarratasóir ar an eolas faoina chinneadh méid a chomhfhreagraíonn don fhíneáil a d’íoc sé go sealadach (EUR 21037500), móide toradh ráthaithe (EUR 468 540.80) a aisíoc leis (‘cinneadh an 5 Feabhra 2016’). Luaigh sé go ndéanfaí an méid sin de EUR 21 506 040.80 ‘a aistriú an lá sin’. |
|
11 |
Fuair an t‑iarratasóir an méid sin an 8 Feabhra 2016. |
|
12 |
An 4 Feabhra 2021, sheol an t‑iarratasóir litir chuig an gCoimisiún inar iarradh go n‑íocfaí na méideanna seo a leanas:
|
|
13 |
An 25 Márta 2021, thug an Coimisiún fógra don iarratasóir faoina chinneadh gan a iarraidh a leagtar amach i mír 12 thuas a dheonú (‘litir an 25 Márta 2021’), ar an bhforas go raibh an iarraidh sin faoi urchosc de bhun Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
II. An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe
|
14 |
Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
15 |
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:
|
III. An dlí lena mbaineann
|
16 |
Ós rud é go gur chuir an t‑iarratasóir a éileamh ar dhamáistí ar aghaidh mar a phríomhéileamh, is iomchuí é a scrúdú ar dtús. |
A. Éileamh ar dhamáistí
1. Na saincheisteanna dlí maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Coimisiún
|
17 |
Ina bharúlacha maidir leis na hiarmhairtí atá le baint, don chás seo, as breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), chuir an Coimisiún in iúl go raibh an dá shaincheist dlí maidir le do-ghlacthacht a ardaíodh sa phléadáil maidir le do-ghlacthacht á choimeád aige, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, go bhfuil caingean le haghaidh damáistí faoi urchosc ama faoi Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus, ar an dara dul síos, go bhfuil caingean le haghaidh damáistí míchuí chun agóid a dhéanamh i gcoinne chomhlíonadh bhreithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994). |
|
18 |
Is iomchuí an dara saincheist dlí maidir le do-ghlacthacht a scrúdú ar dtús. |
(a) An dara saincheist dlí maidir le do-ghlacthacht, lena n‑éilítear go bhfuil caingean le haghaidh damáistí míchuí chun agóid a dhéanamh i gcoinne chomhlíonadh bhreithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11)
|
19 |
Áitíonn an Coimisiún, go bunúsach, gur bhain an t‑iarratasóir úsáid as leigheas dlí míchuí chun agóid a dhéanamh i gcoinne chomhlíonadh bhreithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994). Ba cheart caingean le haghaidh neamhniú a bheith tionscanta aige i gcoinne an chinnidh lenar shocraigh an Coimisiún an tsuim a bhí le haisíoc leis, eadhon príomhmhéid na fíneála a íocadh go míchuí, móide an toradh a fuarthas, seachas caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh. |
|
20 |
Cuireann an Coimisiún leis sin gurb ionann an t‑éileamh ar dhamáistí agus teacht timpeall ar an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 263 CFAE chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh aisíocaíochta. Is i mí Feabhra 2016 a rinneadh an cinneadh sin, ach níor tionscnaíodh an chaingean seo le haghaidh damáistí go dtí mí an Mheithimh 2021. |
|
21 |
Cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne argóintí an Choimisiúin. |
|
22 |
Ní mór a mheabhrú, i gcás ina n‑iarrann an t‑iarratasóir, mar atá sa chás seo, ús atá dlite faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE a íoc tar éis breithiúnas lena gcuirtear beart ar neamhní, go n‑eascraíonn an damáiste líomhnaithe as mainneachtain éagórach an Choimisiúin beart a dhéanamh is gá chun an breithiúnas lena gcuirtear an beart ar neamhní a chomhlíonadh, de shárú ar a oibleagáidí faoin bhforáil sin (ordú an 4 Bealtaine 2005, Holcim (an Fhrainc) v an Coimisiún, T‑86/03, EU:T:2005:157, mír 51). |
|
23 |
Is léir ón gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE nach mór don institiúid óna dtagann an gníomh neamhnithe na bearta a dhéanamh chun an breithiúnas a chomhlíonadh lena ndearbhaítear go bhfuil an gníomh sin ar neamhní le héifeacht ex tunc. Ag dul leis sin, go háirithe, atá aisíocaíocht suimeanna arna mbailiú go míchuí ar bhonn an ghnímh sin agus íocaíocht úis (féach breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
24 |
Le hAirteagal 266 CFAE, ní bhunaítear leigheas dlí sonrach chun comhlíonadh bhreithiúnais Chúirteanna an Aontais a áirithiú. Má mheasann duine nach bhfuil an gníomh a glacadh chun teacht in ionad an ghnímh neamhnithe i gcomhréir le forais agus le cuid oibríochtúil an bhreithiúnais, féadfaidh sé caingean nua le haghaidh neamhniú a thionscnamh faoi Airteagal 263 CFAE. Os a choinne sin, is é an chaingean mar gheall ar mhainneachtain gníomhú dá bhforáiltear in Airteagal 265 CFAE an bealach iomchuí chun a chinneadh gur mhainnigh institiúid go neamhdhleathach na bearta is gá a dhéanamh chun an breithiúnas a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2014, Éditions Odile Jacob v an Coimisiún, T‑471/11, EU:T:2014:739, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féachann an chaingean le haghaidh damáistí dá bhforáiltear in Airteagal 268 agus sa dara mír d’Airteagal 340 CFAE, óna taobh féin, le cúiteamh a fháil as an damáiste a rinneadh de dheasca gníomh neamhdhleathach a rinneadh agus cinneadh ó chúirt de chuid an Aontais Eorpaigh á chomhlíonadh. |
|
25 |
Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, gur bunaíodh an chaingean le haghaidh damáistí mar chaingean uathrialach a bhfuil cuspóir ar leith aici a chomhlíonadh laistigh de chóras na leigheasanna dlí agus faoi réir coinníollacha maidir lena feidhmiú a shainítear i bhfianaise a cuspóra shonraigh (féach, chuige sin, ordú an 21 Meitheamh 1993, Van Parijsagus páirtithe eile v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑257/93, EU:C:1993:249, mír 14 agus an cásdlí dá dtagraítear; breithiúnas an 23 Márta 2004, Ombudsman v Lamberts, C‑234/02 P, EU:C:2004:174, mír 59, agus ordú an 3 Feabhra 2025, Kerkosand v an Coimisiún, T‑216/24, nár foilsíodh, EU:T:2025:142, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
26 |
Mar sin féin, cé go bhféadfaidh páirtí imeachtaí a thionscnamh trí chaingean le haghaidh damáistí, gan oibleagáid a bheith air le haon fhoráil dlí a iarraidh go ndéanfaí an gníomh neamhdhleathach is cúis le damáiste dó a chur ar neamhní, ní féidir leis, ar an gcaoi sin, teacht timpeall ar do-ghlacthacht iarratais a bhaineann leis an neamhdhleathacht chéanna agus a bhfuil an cuspóir airgeadais céanna aige (féach breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach, C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
27 |
Dá bhrí sin, ní mór a dhearbhú go bhfuil caingean le haghaidh damáistí do-ghlactha i gcás ina bhfuil sé beartaithe i ndáiríre a áirithiú go dtarraingeofar siar cinneadh aonair atá tagtha chun bheith críochnaitheach agus, dá seasfaí leis, go mbeadh sé d’éifeacht aige éifeachtaí dlíthiúla an chinnidh sin a chur ar neamhní. Is amhlaidh an cás má fhéachann an t‑iarratasóir, trí éileamh ar dhamáistí, leis an toradh céanna a fháil agus a gheobhadh sé ó rath caingne le haghaidh neamhniú nár thug sé in am trátha (féach breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach, C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
28 |
Ní mór a chinneadh, dá bhrí sin, an ionann, mar a áitíonn an Coimisiún, glacadh le hinghlacthacht na héilimh ar dhamáistí sa chás seo agus teacht timpeall, mar a thoirmisctear leis an gcásdlí a leagtar amach i míreanna 24 go 27 thuas, ar mhainneachtain an iarratasóra agóid a dhéanamh, trí chaingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh laistigh den tréimhse chun caingean a thionscnamh a leagtar síos in Airteagal 263 CFAE, i gcoinne chinneadh an 5 Feabhra 2016. |
|
29 |
I ndáil leis sin, is léir ón gcásdlí nach féidir, i bprionsabal, caitheamh le tost amháin ó institiúid ar an mbealach céanna le diúltú intuigthe, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sainráite don iarmhairt sin le foráil de dhlí an Aontais. Gan an fhéidearthacht a chur as an áireamh, in imthosca sonracha ar leith, nach bhféadfar an prionsabal sin a chur i bhfeidhm ionas go bhféadfar a mheas go heisceachtúil gurb ionann tost nó neamhghníomhaíocht institiúide agus cinneadh intuigthe diúltaithe, thuig an Chúirt Bhreithiúnas as sin nach ionann an gníomh lena n‑aisíocann an Coimisiún le gnóthas ach phríomhmhéid na fíneála a íocadh go míchuí gan seasamh a ghlacadh go sainráite maidir le híocaíocht úis agus cinneadh intuigthe lena ndiúltaítear an t‑ús sin a íoc a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do chaingean le haghaidh neamhniú (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Nollaig 2004, an Coimisiún v Greencore, C‑123/03 P, EU:C:2004:783, mír 45). |
|
30 |
Ar an gcéad dul síos, ní fhoráiltear le haon fhoráil de dhlí an Aontais go n‑eascraíonn diúltú intuigthe as tost an Choimisiúin i gcomhthéacs breithiúnas a chomhlíonadh de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE. Ar an dara dul síos, ní cosúil gur féidir caitheamh le tost an Choimisiúin ar an mbealach céanna le cinneadh diúltaithe intuigthe in imthosca amhail imthosca an cháis seo. I gcinneadh an 5 Feabhra 2016 a díríodh chuig an iarratasóir, níor luaigh an Coimisiún ach an méid a bhí beartaithe aige a íoc. Dearbhaigh sé go n‑aisíocfadh sé ní hamháin an fhíneáil a íocadh go sealadach, ach freisin go méadófaí an méid sin le toradh ráthaithe. Is léir ón gcinneadh an 5 Feabhra 2016 agus ón malartú ríomhphost idir an t‑iarratasóir agus an Coimisiún idir an 23 Nollaig 2015 agus an 17 Feabhra 2016 maidir le haisíocaíocht nár rialaigh an Coimisiún go sainráite riamh maidir le híocaíocht úis amhail an t‑ús a d’iarr an t‑iarratasóir sa chás seo. I gcomhthéacs na n‑imeachtaí seo, níor bhraith sé ar aon imthoisc shonrach lena dtugtar údar a mheas go heisceachtúil gurb ionann an cinneadh sin agus cinneadh intuigthe lena ndiúltaítear íocaíocht úis agus, thairis sin, níl aon rud sa chomhad chun aon imthoisc den sórt sin a léiriú. |
|
31 |
Sna himthosca sin, is é an gníomh, amhail litir an 25 Márta 2021 sa chás seo, lena ndiúltaítear go sainráite an iarraidh ar íocaíocht úis, arb ionann é agus gníomh ar féidir caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh ina choinne (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Nollaig 2004, an Coimisiún v Greencore, C‑123/03 P, EU:C:2004:783, mír 47, agus ordú an 4 Bealtaine 2005, Holcim (an Fhrainc) v an Coimisiún, T‑86/03, EU:T:2005:157, mír 43). |
|
32 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas nár rialaigh cinneadh an 5 Feabhra 2016 ar íocaíocht úis agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí é a mheas mar dhiúltú an t‑ús sin a íoc ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne trí chaingean le haghaidh neamhniú. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún mícheart a mhaíomh gurb ionann caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh agus teacht timpeall ar mhainneachtain an iarratasóra gníomhú trí chaingean le haghaidh neamhniú an chinnidh sin. |
|
33 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don dara saincheist dlí maidir le do-ghlacthacht. |
(b) An chéad saincheist dlí maidir le do-ghlacthacht, lena n‑éilítear go bhfuil caingean le haghaidh damáistí faoi urchosc ama
|
34 |
Áitíonn an Coimisiún go bhfuil caingean le haghaidh damáistí faoi urchosc ama faoi Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
|
35 |
Measann sé, ag glacadh leis gur thosaigh an tréimhse theorann ag rith an 8 Feabhra 2016 ar a dhéanaí, dáta na haisíocaíochta, go ndeachaigh an tréimhse theorann 5 bliana dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in éag an 8 Feabhra 2021 ar a dhéanaí. Ina theannta sin, fiú mura raibh an tréimhse theorann imithe in éag go fóill agus go raibh sé d’éifeacht ag litir an 25 Márta 2021 an tréimhse sin a bhriseadh, ní dhearna sí an tréimhse sin a fhadú ach go dtí an 25 Bealtaine 2021, i gcomhréir le hAirteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní thagraíonn an fhoráil dheireanach sin ach don tréimhse 2 mhí dá dtagraítear in Airteagal 263 CFAE agus ní don fhadú mar gheall ar fhad slí ó láthair tréimhse aonair 10 lá dá bhforáiltear in Airteagal 60 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Níl feidhm ag Airteagal 60 ach amháin maidir le teorainneacha ama forordaithe. Foráiltear sa chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do thréimhse theorann seachas do theorainn ama forordaithe. Mar thaca lena argóint, braitheann an Coimisiún ar bhreithiúnas an 8 Samhain 2012, Evropaïki Dynamiki v an Coimisiún (C‑469/11 P, EU:C:2012:705, míreanna 52, 54 agus 56). |
|
36 |
Cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne argóintí an Choimisiúin agus measann sé nach mór an tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE, dá dtagraítear in Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun caingean a thionscnamh i gcoinne an fhreagra ar an iarratas roimhe sin, a fhadú mar gheall ar fhad slí ó láthair tréimhse aonair 10 lá dá bhforáiltear in Airteagal 60 de na Rialacha Nós Imeachta. Dá bhrí sin, tionscnaíodh a chaingean le haghaidh damáistí laistigh den tréimhse fhorordaithe. |
(1) Túsphointe na tréimhse teorann le haghaidh caingean le haghaidh damáistí
|
37 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht sa chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is infheidhme maidir leis an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 53 den Reacht sin: ‘Beidh imeachtaí i gcoinne an Aontais in ábhair a éireoidh as dliteanais neamhchonarthacha faoi urchosc tar éis thréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide iomchuí de chuid an Aontais. Sa chás deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal 263 [CFAE]; beidh feidhm ag forálacha an dara mír d’Airteagal 265 [CFAE] nuair is cuí sin.’ |
|
38 |
De réir cásdlí socair, tosaíonn an tréimhse theorann ag rith nuair a chomhlíontar na coinníollacha lena rialaítear an oibleagáid an damáiste a shlánú, agus go háirithe nuair a tharlaíonn an damáiste atá le slánú (féach breithiúnas an 8 Samhain 2012, Evropaïki Dynamiki v an Coimisiún, C‑469/11 P, EU:C:2012:705, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
39 |
I gcás amhail an cás seo, a bhaineann le cúiteamh as damáiste a chomhfhreagraíonn do mhéid an úis atá dlite ar phríomhmhéid na fíneála a íocadh go míchuí, is é mainneachtain líomhnaithe an Choimisiúin ús a íoc leis an duine lena mbaineann, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, a rinne an damáiste líomhnaithe. Dá bhrí sin, is í an mhainneachtain sin arb ionann an ‘teagmhas’, de réir bhrí na chéad abairte den chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, lena spreagtar an tréimhse theorann 5 bliana (féach, chuige sin, orduithe an 27 Deireadh Fómhair 2023, British Airways v an Coimisiún, C‑138/23 P, nár foilsíodh, EU:C:2023:821, mír 57, agus an 4 Bealtaine 2005, Holcim (an Fhrainc) v an Coimisiún, T‑86/03, EU:T:2005:157, míreanna 40 agus 51). |
|
40 |
Sa chás seo, tháinig mainneachtain líomhnaithe an Choimisiúin na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994) a chomhlíonadh chun cinn an 8 Feabhra 2016 trí phríomhmhéid na fíneála a íocadh go míchuí a aisíoc go hiarbhír, rud a méadaíodh leis an toradh ráthaithe, gan an t‑ús dá dtagraítear i mír 23 thuas a bheith ag gabháil leis, áfach. |
|
41 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur thosaigh an tréimhse theorann ag rith an 8 Feabhra 2016, rud atá, thairis sin, mar chomhthuiscint idir na páirtithe. |
(2) Dul in éag na tréimhse teorann le haghaidh caingean le haghaidh damáistí
|
42 |
Faoi Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, brisfear an tréimhse theorann, in ábhair a éireoidh as dliteanas neamhchonarthach, má thionscnaítear imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide iomchuí de chuid an Aontais. |
|
43 |
Maidir leis an dara cás, ina dtugann an duine lena mbaineann éileamh ar chúiteamh as an damáiste líomhnaithe os comhair institiúid inniúil an Aontais, d’fhéadfadh dhá chás a bheith ann. Is é an chéad cheann an cás ina dtionscnaíonn an duine lena mbaineann caingean os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh gan fanacht leis an institiúid inniúil chun rialú a thabhairt ar a iarratas agus roimh dhul in éag na tréimhse dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 265 CFAE. Is é an dara ceann an cás ina ndiúltaíonn an institiúid inniúil don iarratas roimhe sin nó nach dtugann sí freagra air laistigh den tréimhse dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 265 CFAE, agus sa chás sin ní tharlóidh briseadh na tréimhse ach amháin má dhéantar iarratas i ndiaidh an iarratais sin laistigh de na tréimhsí a leagtar síos in Airteagail 263 agus 265 CFAE, de réir mar a bheidh (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 1967, Kampffmeyer agus páirtithe eile v an Coimisiún, 5/66, 7/66, 13/66 go 16/66 agus 18/66 go 24/66, nár foilsíodh, EU:C:1967:31, lch. 337, agus ordú an 4 Lúnasa 1999, Fratelli Murri v an Coimisiún, T‑106/98, EU:T:1999:163, mír 29). Sa dá chás sin, is ar an dáta a fhaigheann an institiúid lena mbaineann an iarratas roimhe sin a mheastar gur briseadh an tréimhse theorann (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meán Fómhair 2007, Pelle agus Konrad v an Chomhairle agus an Coimisiún, T‑8/95 agus T‑9/95, EU:T:2007:298, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
44 |
Dá bhrí sin, tagraíonn an chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do roinnt teorainneacha ama. Ar an gcéad dul síos, socraíonn sé an tréimhse theorann ag 5 bliana. Ar an dara dul síos, i gcás iarratas roimh sin chun na hinstitiúide iomchuí, tagraíonn sí don teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 263 CFAE, agus é á shoiléiriú, go mbeidh feidhm ag forálacha an dara mír d’Airteagal 265 CFAE nuair is cuí sin. |
|
45 |
Mar a luaitear i mír 41 thuas, thosaigh an tréimhse theorann ag rith an 8 Feabhra 2016. Rinne an t‑iarratasóir a iarratas roimhe sin an 4 Feabhra 2021, is é sin le rá, roimh an 8 Feabhra 2021, an dáta a chuaigh an tréimhse theorann in éag. Dhiúltaigh an Coimisiún dá iarratas an 25 Márta 2021. |
|
46 |
Thionscain an t‑iarratasóir an chaingean seo an 2 Meitheamh 2021, is é sin le rá, 2 mhí agus 8 lá tar éis don Choimisiún diúltú dá iarratas roimhe sin an 25 Márta 2021. |
|
47 |
Ní aontaíonn na páirtithe maidir le cur i bhfeidhm an fhadaithe mar gheall ar fhad slí ó láthair tréimhse aonair 10 lá, dá bhforáiltear in Airteagal 60 de na Rialacha Nós Imeachta, ar an tréimhse 2 mhí a luaitear sa chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí thagairt d’Airteagal 263 CFAE. |
|
48 |
Foráiltear le hAirteagal 60 de na Rialacha Nós Imeachta go ndéanfar na teorainneacha ama forordaithe a fhadú mar gheall ar fhad slí ó láthair tréimhse aonair 10 lá. Tugadh isteach an tréimhse sin chun na deacrachtaí a bhíonn ag na páirtithe mar thoradh ar a bhfad níos mó nó níos lú ó shuíomh na Cúirte a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Samhain 2012, Evropaïki Dynamiki v an Coimisiún, C‑469/11 P, EU:C:2012:705, mír 48). |
|
49 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús nach teorainn ama forordaithe í an tréimhse theorann 5 bliana dá bhforáiltear sa chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá sé difriúil ó theorainn ama den sórt sin (breithiúnas an 8 Samhain 2012, Evropaïki Dynamiki v an Coimisiún, C‑469/11 P, EU:C:2012:705, mír 49). Dá bhrí sin, níl feidhm ag an fadú mar gheall ar fhad slí ó láthair tréimhse aonair 10 lá maidir leis an tréimhse theorann sin (breithiúnas an 8 Samhain 2012, Evropaïki Dynamiki v an Coimisiún, C‑469/11 P, EU:C:2012:705, mír 59). |
|
50 |
Is tréimhse seachas an tréimhse theorann í an tréimhse 2 mhí a luaitear sa chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí thagairt d’Airteagal 263 CFAE. Baineann sé le gníomh nós imeachta nach mór don duine lena mbaineann a ghlacadh chun go mbeidh a chaingean le haghaidh damáistí inghlactha tar éis bhriseadh na tréimhse teorann. |
|
51 |
Leanann sé ón gcásdlí go bhfuil sé d’éifeacht ag an tagairt, sa chéad mhír d’Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, don tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE na rialacha maidir le ríomh na dteorainneacha ama is infheidhme i gcomhthéacs an Airteagail sin a chur i bhfeidhm i réimse bhriseadh na tréimhse teorann (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Feabhra 2002, Schulte v an Chomhairle agus an Coimisiún, T‑261/94, EU:T:2002:27, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear), lena n‑áirítear an fadú mar gheall ar fhad slí dá bhforáiltear in Airteagal 60 de na Rialacha Nós Imeachta (féach, chuige sin, ordú an 19 Meán Fómhair 2001, Jestädt v an Chomhairle agus an Coimisiún, T‑332/99, EU:T:2001:218, mír 53). |
|
52 |
Dá bhrí sin, ós rud é gur teorainn ama forordaithe í an teorainn ama a bhunaítear le hAirteagal 263 CFAE, leanann sé ó Airteagal 60 de na Rialacha Nós Imeachta nach mór aon chur i bhfeidhm den teorainn ama sin a fhadú mar gheall ar fhad slí ó láthair tréimhse aonair 10 lá. Dá bhrí sin, a mhéid a thagraíonn Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go sainráite don teorainn ama a bhunaítear le hAirteagal 263 CFAE agus nach bhfuil aon fhoráil in Airteagal 46 lena gcuirtear cosc ar chur i bhfeidhm Airteagal 60 de na Rialacha Nós Imeachta, ní féidir le heaspa tagartha d’Airteagal 60 amháin, contrártha leis an méid a áitíonn an Coimisiún, cosc a chur ar chur i bhfeidhm Airteagal 60 maidir leis an gcás seo. |
|
53 |
Mar chonclúid, ní mór a mheas gur briseadh an tréimhse theorann le hiarratas roimhe sin an iarratasóra an 4 Feabhra 2021, sula ndeachaigh an tréimhse 5 bliana in éag. Ina dhiaidh sin, thionscain an t‑iarratasóir a chaingean laistigh de thréimhse 2 mhí agus 10 lá tar éis don Choimisiún freagra a thabhairt ar a iarratas an 25 Márta 2021. Dá bhrí sin, níl an t-éileamh ar dhamáistí i gcomhthéacs an chaingean seo faoi urchosc ama. |
|
54 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don chéad saincheist dlí maidir le do-ghlacthacht. |
|
55 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don phléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Coimisiún ina hiomláine agus ní mór tuillteanais an éilimh ar dhamáistí a scrúdú. |
2. Substaint
|
56 |
Iarrann an t‑iarratasóir, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, cúiteamh as an damáiste a eascraíonn as comhlíonadh neamhiomlán bhreithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994), mar gheall ar mhainneachtain an t‑ús go léir atá dlite a íoc, an 8 Feabhra 2016, i gcomhthéacs aisíocaíocht an mhéid arna mbailiú go míchuí den fhíneáil agus, ar an dara dul síos, íocaíocht úis mainneachtana arna ríomh ar bhonn mhéid an chúitimh sin don tréimhse tar éis an dáta sin go dtí dáta comhlíonta an bhreithiúnais seo. |
|
57 |
Foráiltear leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, i gcás dliteanas neamhchonarthach, go ndéanfaidh an tAontas, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna. |
|
58 |
De réir cásdlí socair, chun go dtabhóidh an tAontas Eorpach dliteanas neamhchonarthach, ní mór roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, eadhon sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair, fírinne an damáiste agus nasc cúisíoch a bheith ann idir an sárú ar an oibleagáid atá ar údar an ghnímh agus an damáiste a bhain do na páirtithe díobhálaithe (féach breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle, C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
(a) An t‑éileamh ar dhamáistí mar gheall ar chomhlíonadh neamhiomlán bhreithiúnas 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11)
(1) Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair a bheith ann
|
59 |
Maíonn an t‑iarratasóir gur sháraigh an Coimisiún an chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE trí dhiúltú an t‑ús a íoc leis atá beartaithe chun caillteanas úsáide na suime a íocadh go sealadach mar gheall ar an bhfíneáil a forchuireadh a chúiteamh ar chothromráta (‘ús ar chothromráta’). Is léir ó bhreithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39), gurb ionann diúltú íocaíochta den sórt sin agus sárú atá tromchúiseach go leor ar an Airteagal sin. Comhlíontar an ceart chun aisíoc iomlán trí ús den sórt sin a íoc ar ráta athmhaoiniúcháin BCE méadaithe 3.5 pointe céatadáin, eadhon, sa chás seo, 4.5%. Eascraíonn an ráta sin as cur i bhfeidhm Airteagal 86 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO 2002 L 357, lch. 1). Dá bhrí sin, maíonn sé gur cheart a ordú don Choimisiún an difríocht idir an t‑ús a fuair sé agus an t‑ús ba cheart a bheith faighte aige mar ús ar chothromráta a íoc. Ina bharúlacha maidir le breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), áitíonn an t‑iarratasóir go ndeimhnítear a sheasamh leis an mbreithiúnas sin. |
|
60 |
Sa chosaint agus san athfhreagra, áitíonn an Coimisiún nár sháraigh sé Airteagal 266 CFAE, gan trácht ar shárú atá tromchúiseach go leor a dhéanamh ar an bhforáil sin. I ndáil leis sin, cuireann sé in iúl gur aisíoc sé leis an iarratasóir méid na fíneála a íocadh go sealadach, mar aon leis an ús arna shaothrú, i gcomhréir le hAirteagal 85a(2) de Rialachán Uimh. 2342/2002 chun deireadh a chur le haon saibhriú éagórach. |
|
61 |
Ina bharúlacha maidir le breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), aithníonn an Coimisiún go réitíonn an breithiúnas sin i bhfabhar an iarratasóra an cheist ghinearálta maidir le teidlíocht an iarratasóra ar ús ar chothromráta, agus go bhféadfaí ráta an úis sin a shocrú trí thagairt a dhéanamh, inter alia, d’Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO 2012 L 362, lch. 1), don tréimhse idir íocaíocht shealadach na fíneála agus an cinneadh aisíocaíochta. |
|
62 |
Áitíonn an Coimisiún, áfach, fiú má chuirtear léiriú dlíthiúil ceart i bhfeidhm le breithiúnais an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39), agus an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81), nach sárú atá tromchúiseach go leor ar riail de dhlí an Aontais é mainneachtain iad a chomhlíonadh i mí Feabhra 2016. Níor sainíodh ceanglais oibiachtúla dhlí an Aontais go soiléir tráth a glacadh cinneadh an 5 Feabhra 2016, rud a léiríonn go bhfuil deacracht cur i bhfeidhm nó léirithe ann. De réir an iarratasóra, le breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81), cruthaíodh ceart iomlán nua chun aisíocaíochta. I mbreithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), níor tháinig an cheist sin chun cinn ó tugadh breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81), sular thug an Coimisiún an aisíocaíocht do Deutsche Telekom an 19 Feabhra 2019. |
|
63 |
Sa chás seo, is é sárú ar Airteagal 266 CFAE an sárú atá tromchúiseach go leor a líomhnaítear i gcoinne an Choimisiúin ar an bhforas nár chomhlíon sé go hiomlán breithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994). |
|
64 |
Maidir leis an gcoinníoll a bhaineann leis an iompar neamhdhleathach a líomhnaítear i gcoinne na hinstitiúide nó an chomhlachta lena mbaineann de chuid an Aontais, meabhraítear, i mír 58 thuas, gur gá sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair a shuí. |
|
65 |
Is riail dlí í an chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair. Leagtar síos leis an bhforáil sin oibleagáid iomlán neamhchoinníollach ar an institiúid ar dearbhaíodh a gníomh a bheith ar neamhní na bearta is gá a dhéanamh, ar mhaithe leis an iarratasóir a n‑éireoidh leis, chun an breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil an gníomh sin ar neamhní le héifeacht ex tunc a chomhlíonadh, dá gcomhfhreagraíonn ceart an iarratasóra an oibleagáid sin a chomhlíonadh go hiomlán (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún, T‑201/17, EU:T:2019:81, mír 55). Ag dul leis sin, go háirithe, atá aisíocaíocht suimeanna arna mbailiú go míchuí ar bhonn an ghnímh sin agus íocaíocht úis (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 57). |
|
66 |
Is léir ó chásdlí comhsheasmhach gur beart í íocaíocht úis mainneachtana lena dtugtar éifeacht do bhreithiúnas lena gcuirtear gníomh ar neamhní, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, a mhéid atá sé beartaithe leis go gcúiteofaí an caillteanas úsáide airgid atá dlite ar chothromráta agus go spreagfaí an féichiúnaí, chun an breithiúnas a chomhlíonadh a luaithe is féidir i ndiaidh a fhógartha (féach breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
67 |
Tugtar le tuiscint mar sin ón gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, i gcás ina neamhníonn nó ina laghdaíonn cúirt de chuid an Aontais, le héifeacht ex tunc, fíneáil arna forchur le cinneadh ón gCoimisiún as sárú ar na rialacha iomaíochta, nach mór don institiúid sin iomlán nó cuid de mhéid na fíneála arna híoc go sealadach a aisíoc, móide ús le haghaidh na tréimhse idir dáta íocaíocht shealadach na fíneála sin go dáta a haisíocaíochta (breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 53). |
|
68 |
Sa chás seo, ceanglaíodh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ní hamháin an fhíneáil a íocadh go sealadach a aisíoc, ach ús a íoc freisin, rud nach gcuireann sé i gcoinne. Go deimhin, d’íoc sé ús, eadhon an t‑ús arna shaothrú. |
|
69 |
Mar sin féin, a mhéid atá an t‑ús atá le híoc ar chothromráta, ceanglaítear ar an gCoimisiún, faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, aon difríocht idir méid an úis arna shaothrú agus an t‑ús ar chothromráta a íoc leis an duine lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
70 |
Maíonn an t‑iarratasóir go bhfuil an t‑ús arna shaothrú níos ísle ná an t‑ús ar chothromráta atá dlite dó. |
|
71 |
Áitíonn an Coimisiún, áfach, nach ndearna sé gníomh neamhdhleathach tromchúiseach tríd an ús arna shaothrú amháin a íoc leis an iarratasóir. |
|
72 |
Tugann an Coimisiún faoi deara, tráth a íocadh an t‑ús sa chás seo, in 2016, nach raibh ach an cásdlí a bhí i bhfeidhm ag an am á chur i bhfeidhm aige. Ní eascraíonn an oibleagáid ús a íoc ar chothromráta ach as breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81), a tugadh an 12 Feabhra 2019. |
|
73 |
Áitíonn an Coimisiún nach mór dlíthiúlacht a iompair a mheasúnú ar bhonn na ngnéithe dlí agus fíorais a bhí ann tráth a ghlactha. Dá bhrí sin, i gcás athrú suntasach ar an gcásdlí tar éis an ghnímh as rinne an damáiste, ní sárú atá tromchúiseach go leor ar dhlí an Aontais é an gníomh sin a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dliteanas neamhchonarthach de réir bhrí Airteagail 268 agus 340 CFAE. Ní féidir a iompar a mheas trí thagairt a dhéanamh d’fhorbairt an dlí ina dhiaidh sin a eascraíonn as breithiúnais an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81); an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39); agus an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488). |
|
74 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go mbunaítear sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair i gcás ina dtugtar le tuiscint leis go ndearna an institiúid lena mbaineann neamhaird fhollasach agus thromchúiseach ar na teorainneacha atá lena lánrogha (féach breithiúnas an 11 Eanáir 2024, Dyson agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑122/22 P, EU:C:2024:11, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
75 |
Ar an dara dul síos, nuair atá cumhacht lánroghnach atá laghdaithe go suntasach amháin, lena n‑áirítear gan a leithéid a bheith ann, ag institiúid de chuid an Aontais, d’fhéadfadh sé gur leor an sárú féin ar dhlí an Aontais chun a shuíomh gurb ann do shárú tromchúiseach leordhóthanach a bheadh ina chúis an tAontas a bheith faoi dhliteanas neamhchonarthach (féach breithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos, C‑301/19 P, EU:C:2021:39, mír 103 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
76 |
Thairis sin, ní fhéadfadh dliteanas neamhchonarthach ar thaobh an Aontais a bheith mar thoradh ach ar chinneadh go raibh neamhrialtacht ann nach ndearna údarás riaracháin a fheidhmíonn gnáthchúram agus dúthracht in imthosca comhchosúla (féach breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle, C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
77 |
Ba cheart a mheabhrú nach mór measúnú a dhéanamh ar neamhdhleathacht gnímh nó iompair a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dliteanas neamhchonarthach ar thaobh an Aontais ar bhonn na ngnéithe dlí agus fíorais a bhí ann tráth a glacadh an gníomh nó an t‑iompar (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle, C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 39). |
|
78 |
Is coincheap statach é an coincheap ‘sárú atá tromchúiseach go leor’, a socraíodh tráth a glacadh an gníomh neamhdhleathach nó an t‑iompar neamhdhleathach lena mbaineann (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle, C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 55). Dá bhrí sin, ní féidir leibhéal tréithrithe an tsáraithe ar riail de dhlí an Aontais arna dhéanamh ag an institiúid atá i gceist, a cheanglaítear leis an gcásdlí, a mhéid atá dlúthbhaint aige leis an sárú sin, a mheasúnú ag tráth atá éagsúil leis an tráth a rinneadh an sárú sin (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle, C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 45). |
|
79 |
Leag an Chúirt Bhreithiúnais béim, i mbreithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488, míreanna 52 go 57), ag brath ar chásdlí socair (breithiúnas an 12 Feabhra 2015, an Coimisiún v IPK International, C‑336/13 P, EU:C:2015:83, mír 30; féach freisin breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún, T‑171/99, EU:T:2001:249, míreanna 53 agus 54 agus an cásdlí dá dtagraítear), gurb ionann íocaíocht úis agus beart lena dtugtar éifeacht do bhreithiúnas lena gcuirtear beart ar neamhní, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, a mhéid atá sé beartaithe leis go gcúiteofaí an caillteanas úsáide airgid atá dlite ar chothromráta agus go spreagfaí an féichiúnaí, chun an breithiúnas sin a chomhlíonadh a luaithe is féidir. |
|
80 |
De réir an chásdlí chéanna, is cosúil go bhfuil deonú úis ar an méid a íocadh go míchuí ina chuid fhíor-riachtanach d’oibleagáid an Choimisiúin an t‑iarratasóir a chur ar ais ina phost bunaidh tar éis breithiúnas neamhnithe nó breithiúnas lena bhfeidhmítear dlínse neamhtheoranta. Is é is cuspóir do na rialacha sin an duine lena mbaineann a athbhunú sa staid ina mbeadh sé dá mba rud é nár glacadh an beart a cuireadh ar neamhní go dleathach, agus é á chur san áireamh nár tharla an t‑athbhunú sin ach amháin tar éis tréimhse ama níos faide nó níos giorra ar lena linn nach raibh sé in ann an tsuim a íocadh go míchuí a theachtadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún, T‑171/99, EU:T:2001:249, mír 54). |
|
81 |
Thairis sin, de réir an chásdlí chéanna, ní mór ús a ríomh ar bhonn cothromráta, arna ríomh faoi threoir an ráta úis reachtúil, gan chaipitliú, don tréimhse idir dáta íocaíochta sealadaí na fíneála a forchuireadh agus dáta aisíocaíochta na suime a íocadh go míchuí ag an gCoimisiún (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún, T‑171/99, EU:T:2001:249, míreanna 60 agus 61). |
|
82 |
Dá bhrí sin, ní fhéadfadh sé nach raibh an Coimisiún ar an eolas faoi na hiarmhairtí atá le baint as cur i bhfeidhm na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE agus an fhíneáil á haisíoc aige leis an iarratasóir, eadhon i mí Feabhra 2016. A mhéid a leanann sé ón gcásdlí a bhí ann sular comhlíonadh breithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994), go bhfuil sé beartaithe le híocaíocht úis go gcúiteofaí caillteanas úsáide na suime a íocadh go míchuí ar chothromráta, ba cheart go mbeadh a fhios ag an gCoimisiún nach gá gurb ionann íocaíocht úis arna shaothrú mar aon le haisíoc na suime a íocadh go míchuí i leith na fíneála agus comhlíonadh iomlán an bhreithiúnais sin. |
|
83 |
Áitíonn an Coimisiún freisin, áfach, gur cheart a mheas, in aon chás, go bhfuil an earráid a d’fhéadfadh a bheith ann incheadaithe mar gheall ar an deacracht a bhaineann lena oibleagáid a chur i bhfeidhm nó a léiriú a eascraíonn as cur chun feidhme breithiúnais lena gcuirtear ar neamhní nó lena n‑athraítear an fhíneáil a íocadh go sealadach, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE. Is ionann an argóint sin agus a shéanadh go raibh an neamhdhleathacht tromchúiseach go leor ar na cúiseanna céanna leo siúd a leagtar amach i míreanna 60 go 62 thuas. |
|
84 |
Dá bhrí sin, i bhfianaise an diúltaithe ús a íoc ar chothromráta as caillteanas úsáide na suime a d’íoc an t‑iarratasóir go míchuí i leith na fíneála ar an bhforas amháin gur aisíoc an Coimisiún an t‑ús arna shaothrú, gan a áirithiú go raibh an méid sin comhionann ar a laghad le méid an úis ar chothromráta dlite, ní mór a mheas go ndearnadh sárú atá tromchúiseach go leor ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dliteanas neamhchonarthach ar thaobh an Aontais de réir bhrí Airteagal 268 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE. |
(2) Damáiste
|
85 |
De réir cásdlí socair, ní mór an damáiste a n‑iarrtar cúiteamh ina leith i gcaingean maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a bheith iarbhír agus cinnte, agus is faoin iarratasóir atá sé é sin a chruthú (féach breithiúnas an 9 Samhain 2006, Agraz agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑243/05 P, EU:C:2006:708, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is faoin iarratasóir atá sé fianaise dhochloíte a thabhairt ar aird maidir leis an damáiste a líomhnaíonn sé a bheith ann agus maidir le méid an damáiste sin (féach breithiúnas an 16 Meán Fómhair 1997, Blackspur DIYagus páirtithe eile v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑362/95 P, EU:C:1997:401, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
86 |
Mar sin féin, ós rud é gur ús ar chothromráta é an t‑ús atá i gceist, ní cheanglaítear ar an iarratasóir a chruthú go bhfuil damáiste ann thar an mainneachtain an t‑ús sin a íoc ina iomláine amháin (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 62, agus an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún, T‑171/99, EU:T:2001:249, mír 56). |
|
87 |
Ós rud é gur íoc an Coimisiún an t‑ús arna shaothrú leis an iarratasóir, sa bhreis ar an méid arna mbailiú go míchuí tríd an bhfíneáil, braitheann damáiste a bheith ann agus, de réir mar a bheidh, a mhéid ar an difríocht idir an t‑ús ar chothromráta ba cheart don Choimisiún a íoc agus an t‑ús sin arna shaothrú. |
|
88 |
Áitíonn an t‑iarratasóir nach mór an ráta úis a shocrú ar bhonn an ráta dá bhforáiltear in Airteagal 86(2)(b) de Rialachán Uimh. 2342/2002, eadhon ráta athmhaoiniúcháin BCE, méadaithe 3.5 pointe céatadáin. Dar leis, deimhnítear le breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), a sheasamh maidir leis an ráta úis atá le cur i bhfeidhm. |
|
89 |
Éilíonn an t‑iarratasóir cúiteamh EUR 4 264 896.70 a chomhfhreagraíonn don ús ar chothromráta arna ríomh ar an bpríomhmhéid a íocadh go míchuí i leith na fíneála (EUR 21037500), ar ráta 4.5% don tréimhse ón 10 Feabhra 2011 go dtí an 8 Feabhra 2016, lúide an méid EUR 468 540.80 a chomhfhreagraíonn don ús arna shaothrú a d’íoc an Coimisiún cheana féin. |
|
90 |
Ina bharúlacha maidir le breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), tugann an Coimisiún faoi deara gur luaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí ráta úis a chur i bhfeidhm ‘de réir analaí’ atá comhionann le ráta athmhaoiniúcháin BCE méadaithe 3.5 pointe céatadáin. |
|
91 |
Dearbhaíonn an Coimisiún, áfach, go bhfuil cúiseanna ann nár tugadh aghaidh orthu i mbreithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), ar leor ráta níos ísle ná an ráta a d’éiligh an t‑iarratasóir ina leith chun caillteanas úsáide na gcistí a íocadh go sealadach a chúiteamh. Cuireann sé in iúl freisin, cé gur glacadh leis an ráta úis a d’éiligh an t‑achomharcóir i mír 84 den bhreithiúnas sin, a mhéid ‘nach cosúil go bhfuil cuma na míréasúntachta nó na díréire air’, go dtugtar le fios leis na téarmaí ina gcuirtear in iúl é sa bhreithiúnas sin nach é an t‑aon ráta úis a d’fhéadfaí glacadh leis. Ag an éisteacht, d’áitigh an Coimisiún go raibh Rialachán Uimh. 2342/2002 infheidhme sa chás seo. |
|
92 |
Mar a leagtar amach i mír 87 thuas, is gá an ráta úis atá le cur i bhfeidhm a shainaithint chun a chinneadh go bhfuil an damáiste a bhain don iarratasóir ann agus méid an damáiste sin. |
|
93 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, i mbreithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 90), gur mheabhraigh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhthéacs barúil de lege ferenda, cuspóirí an úis ar chothromráta. De réir na Cúirte Breithiúnais, ní féidir gurb amhlaidh an cás nach ndéantar leis an ráta is infheidhme leis an ús sin ach dímheas airgeadais a chúiteamh le haghaidh na tréimhse a bhfuil ús le híoc ina leith, gan an cúiteamh ar chothromráta a theacht lena ndlitear don ghnóthas a d’íoc an fhíneáil sin as siocair gur ceileadh úsáid na gcistí air ar feadh tréimhse áirithe a fhreagraíonn don mhéid arna mbailiú go míchuí ag an gCoimisiún. |
|
94 |
Is léir ón gcásdlí, chun méid an úis ar chothromráta a shocrú nach mór a íoc le gnóthas a d’íoc fíneáil arna forchur ag an gCoimisiún, i ndiaidh na fíneála sin a chur ar neamhní nó laghdú a dhéanamh uirthi, nach mór don institiúid an ráta a chur i bhfeidhm arna shocrú chuige sin le rialacháin airgeadais an Aontais atá i bhfeidhm le linn na tréimhse ina gcailltear úsáid an mhéid lena mbaineann agus, go sonrach, le forálacha na rialachán sin a bhaineann leis an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n‑aisíoctar faoin spriocdháta (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
95 |
I mbreithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 83), thug an Chúirt Bhreithiúnais faoi deara gur deimhin nár socraíodh le hAirteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 ná le haon fhoráil eile den Rialachán sin an ráta úis a fhreagraíonn do chúiteamh ar chothromráta atá den chineál atá i gceist. Sna himthosca sin, i mír 84 den bhreithiúnas sin, níor mheas an Chúirt Bhreithiúnais go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid agus an ráta úis a leagtar síos in Airteagal 83(2)(b) den Rialachán sin á chur i bhfeidhm aici, de réir analaí, eadhon gur tháinig méadú 3.5 pointe céatadáin ar ráta athmhaoiniúcháin BCE, cé go gcumhdaítear leis an bhforáil sin cás na híocaíochta déanaí, eadhon i gcás nach n‑íoctar éileamh faoin spriocdháta forordaithe. I ndáil leis sin, mheas an Chúirt Bhreithiúnais freisin nach cosúil go raibh cuma na míréasúntachta nó na díréire ar an ráta úis sin i bhfianaise chuspóir an úis atá i gceist (breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 84). |
|
96 |
Chun rialú a thabhairt ar an ráta úis is infheidhme sa chás seo, ní mór a mheabhrú ar dtús gur íoc an t‑iarratasóir an fhíneáil go sealadach an 10 Feabhra 2011, dá bhrí sin faoi Rialachán Uimh. 2342/2002. Tar éis na híocaíochta sin, cuireadh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO 2012 L 298, lch. 1) agus Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 faoi seach in ionad Rialachán Uimh. 1605/2002 agus Rialachán Uimh. 2342/2002. Tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm an 27 Deireadh Fómhair 2012 agus an 1 Eanáir 2013 faoi seach. Breithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994), agus aisíocaíocht phríomhmhéid na fíneála agus an úis arna shaothrú don iarratasóir an 8 Feabhra 2016 tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta nua sin. |
|
97 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir an réasúnaíocht a lean an Chúirt i mbreithiúnas an 19 Eanáir 2022, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑610/19, EU:T:2022:15), a thrasuí sa chás seo. Baineann Airteagal 83(2) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 agus Airteagal 86(2) de Rialachán Uimh. 2342/2002 araon le rátaí úis ar mhéideanna infhaighte nach n‑aisíoctar faoin spriocdháta. Baineann pointe (a) den dá mhír sin leis an gcás inar conradh poiblí é an teagmhas cruthaithe oibleagáide, agus tagraíonn pointe (b) de na míreanna sin do gach cás eile agus socraítear ann an ráta úis ar ráta athmhaoiniúcháin BCE méadaithe 3.5 pointe céatadáin. |
|
98 |
Dá bhrí sin, in éagmais aon fhoráil shonrach sna rialacha airgeadais lena socraítear an ráta úis a chomhfhreagraíonn don chúiteamh ar chothromráta as caillteanas úsáide suime a chailleadh a bhaineann le méid na fíneála arna mbailiú go míchuí ag an Coimisiún, don tréimhse idir dáta a híocaíochta sealadaí agus dáta a haisíocaíochta ag an institiúid, fágann cur i bhfeidhm de réir analaí d’Airteagal 86(2)(b) de Rialachán Uimh. 2342/2002 agus d’Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 gur féidir cuspóir an úis atá i gceist sa chás seo a chomhlíonadh. |
|
99 |
Mar sin féin, measann an Coimisiún go bhfuil cúiseanna ann gur leor ráta úis níos ísle ná an ráta a d’éiligh an t‑iarratasóir chun an caillteanas úsáide sin a chúiteamh. Dar leis, ba cheart gurb é an ráta sin an ráta a chuirtear i bhfeidhm i gcás ina soláthraíonn an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais in ionad an fhíneáil a íoc, eadhon an méid dá bhforáiltear in Airteagal 86(5) de Rialachán Uimh. 2342/2002, arb ionann é go bunúsach agus Airteagal 83(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. |
|
100 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, i míreanna 85 go 87 de bhreithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), gur dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais d’argóint den sórt sin. |
|
101 |
Áitíonn an Coimisiún, áfach, nach dtugann na cúiseanna a chuir an Chúirt Bhreithiúnais chun cinn aghaidh ar a argóint, i gcás ina seasann an Chúirt Ghinearálta le fíneáil arna hurrú le ráthaíocht bainc, as a dtagann an chonclúid gur cheart na cistí a chur ar fáil don Choimisiún ón dáta dlite íocaíochta faoin gcinneadh lena bhforchuirtear an fhíneáil, go mbainfear úsáid an mhéid sin den Choimisiún le linn na n‑imeachtaí. Dar leis an gCoimisiún, sa chás sin, ní bheidh sé in ann ach an ráta úis níos ísle dá bhforáiltear in Airteagal 83(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 nó in Airteagal 86(5) de Rialachán Uimh. 2342/2002 a éileamh. |
|
102 |
Ba cheart a mheabhrú go bhfuil feidhm ag Airteagal 86(5) de Rialachán Uimh. 2342/2002 agus Airteagal 83(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 maidir le fíneálacha i gcás ina soláthraíonn an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais a nglacann an t‑oifigeach cuntasaíochta léi in ionad íocaíochta. Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur leag an reachtas síos ús sonrach don chás sin (breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom, C‑221/22 P, EU:C:2024:488, mír 85). |
|
103 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú freisin gur foráladh le hAirteagal 5 de chinneadh an 9 Samhain 2010, i gcás inar thionscain gnóthas ar forchuireadh fíneáil air achomharc, go bhféadfadh an gnóthas sin an fhíneáil a chumhdach faoin dáta dlite trí ráthaíocht bainc a sholáthar nó trí íocaíocht shealadach na fíneála a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 85a(1) de Rialachán Uimh. 2342/2002. Dá bhrí sin, bhí dul ar iontaoibh ráthaíochta airgeadais fós ina rogha mhalartach ar íocaíocht in airgead tirim. |
|
104 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás ina dtéitear ar iontaoibh ráthaíochta bainc, nach bhfuil an Coimisiún i staid atá inchomparáide le staid an iarratasóra a d’íoc an fhíneáil go sealadach. Is fíor, i gcomhthéacs ráthaíocht bainc, go mbaintear úsáid na méide a chomhfhreagraíonn don fhíneáil a fhorchuirtear den Choimisiún. Mar sin féin, ní bheidh rogha na ráthaíochta bainc ina cúis le haon chaillteanais ar thaobh an Choimisiúin ós rud é nach mbaineann sé de ach tairbhe láithreach cistí breise. Ina theannta sin, eascraíonn costas breise, arna íoc ina iomláine ag an bpáirtí atá faoi dhliteanas an fhíneáil a íoc, as soláthar agus cothabháil na ráthaíochta bainc. |
|
105 |
Os a choinne sin, is caillteanas cistí é íocaíocht shealadach na fíneála a bhí faoi úinéireacht an iarratasóra agus a d’fhéadfadh sé a úsáid gan bhac. Is é an toradh a bhíonn air sin caillteanas láithreach atá coibhéiseach le méid na fíneála a fhorchuirtear. Thairis sin, cé go bhfaigheann an Coimisiún an méid a chomhfhreagraíonn don fhíneáil a fhorchuireadh láithreach, ní féidir leis í a dhiúscairt gan bhac go dtí go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe, mar is léir ó Airteagal 85a(2) de Rialachán Uimh. 2342/2002 agus ó Airteagal 90(3) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. Thairis sin, tá an caillteanas úsáide sin de na cistí a chomhfhreagraíonn don fhíneáil a fhorchuirtear mar thoradh ar fheidhmiú ceart an iarratasóra caingean a thionscnamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh lena bhforchuirtear an fhíneáil. |
|
106 |
Dá bhí sin, i gcás ina ndiúltaítear don chaingean i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear an fhíneáil, níl an t‑ús dá bhforáiltear in Airteagal 86(5) de Rialachán Uimh. 2342/2002 agus in Airteagal 83(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 nach mór don ghnóthas a íoc leis an gCoimisiún inchomparáide leis an ús ar chothromráta nach mór don Choimisiún a íoc tar éis cinneadh ó Chúirteanna an Aontais Eorpaigh lena ndearbhaítear go bhfuil a chinneadh neamhdhleathach. |
|
107 |
Leanann sé freisin, nach bhfuil an Coimisiún sa chás céanna ag brath ar an rogha a dhéanann an féichiúnaí fíneála, go dtí go ndéanfar an cinneadh breithiúnach, maidir le dul ar iontaoibh ráthaíochta airgeadais nó an ndéanann sé íocaíocht shealadach na fíneála. Dá bhrí sin, ní féidir leis an difríocht sin i gcás an Choimisiúin, ag brath ar rogha an fhéichiúnaí maidir leis an bhfíneáil, údar a thabhairt, sa chás seo, le cur i bhfeidhm an ráta úis ar a bhfuil an Coimisiún ag brath. |
|
108 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóint an Choimisiúin lena líomhnaítear go bhfuil ráta úis leordhóthanach ann atá níos ísle ná an ráta dá dtagraítear i mír 101 thuas. |
|
109 |
Dá bhrí sin, ní mór an ráta úis is infheidhme sa chás seo a shocrú tríd an ráta dá bhforáiltear in Airteagal 86(2)(b) de Rialachán Uimh. 2342/2002 agus in Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 a chur i bhfeidhm, de réir analaí, is é sin le rá, an ráta úis a chuir BCE i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin i mí Feabhra 2011, eadhon 1% arna mhéadú 3.5 pointe céatadáin, eadhon 4.5%. |
|
110 |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo gurb ionann méid an úis ar chothromráta 4.5% ar mhéid EUR 21037500 don tréimhse ón 10 Feabhra 2011 go dtí an 8 Feabhra 2016 agus EUR 4 733 437.50. Dá bhrí sin, comhfhreagraíonn an damáiste a bhain don iarratasóir don difríocht idir an méid sin agus an t‑ús arna shaothrú (EUR 468 540.80), is é sin EUR 4 264 896.70. |
(3) Nasc cúisíoch
|
111 |
Maíonn an t‑iarratasóir go n‑eascraíonn an damáiste a bhain dó go díreach as mainneachtain an Choimisiúin a oibleagáidí faoin gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, áitíonn sé go raibh sé de cheart aige rogha a dhéanamh idir ráthaíocht bainc a sholáthar, nár léirigh an Coimisiún nach mbeadh sé chomh trom céanna, agus íocaíocht shealadach na fíneála. Ar an dara dul síos, áitíonn sé go bhfuil sé i dteideal éileamh a dhéanamh ar íocaíocht úis ar chothromráta tráth ar bith ar choinníoll go ndéantar é sula bhfuil an chaingean le haghaidh damáistí faoi urchosc ama. |
|
112 |
Áitíonn an Coimisiún nach mór méid an úis ar chothromráta a dhiúltú nó a laghdú ar an bhforas nár theorannaigh an t‑iarratasóir a chaillteanais atá contrártha leis an mbunphrionsabal chuige sin. Níor léirigh an t‑iarratasóir go bhfuil an t‑ús ar chothromráta a éilíonn sé níos ísle ná an caillteanas a bhainfeadh dó dá soláthródh sé ráthaíocht bainc in ionad íocaíocht shealadach a dhéanamh. A mhéid a bhí rogha aige idir an dá rogha sin chun an fhíneáil a íoc, ba cheart dó, tráth íocaíocht shealadach na fíneála, an réiteach a roghnú a chuirfeadh teorainn le méid a chaillteanais go dtí an t‑uasmhéid dá gcuirfí an fhíneáil ar neamhní. |
|
113 |
Ba cheart a mheabhrú go mbaineann an coinníoll maidir le nasc cúisíoch a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 340 CFAE le nasc atá díreach go leor a bheith ann idir iompar institiúidí an Aontais agus an damáiste, ar faoin iarratasóir atá sé a chruthú, agus é mar thoradh air sin nach mór don iompar a ndéantar gearán ina leith a bheith ina chúis chinntitheach leis an damáiste (féach breithiúnas an 13 Nollaig 2018, an tAontas Eorpach v Kendrion, C‑150/17 P, EU:C:2018:1014, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
114 |
Is é sin le rá, fiú i gcás ranníocaíocht fhéideartha ó na hinstitiúidí leis an damáiste a bhfuil cúiteamh á lorg ina leith, d’fhéadfadh an ranníocaíocht sin a bheith róscoite mar gheall ar dhliteanas ar thaobh daoine eile, an t‑iarratasóir b’fhéidir (féach breithiúnas an 10 Eanáir 2017, Gascogne Sack Deutschland agus Gascogne v an tAontas Eorpach, T‑577/14, EU:T:2017:1, mír 117 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
115 |
I ndáil leis sin, cinneadh freisin, agus scrúdú á dhéanamh ar an nasc cúisíoch idir an t‑iompar a líomhnaítear i gcoinne institiúid an Aontais agus an damáiste a líomhnaíonn an duine díobhálaithe, gur gá a fháil amach ar léirigh an duine díobhálaithe, ar an mbaol go mbeadh air an damáiste a sheasamh é féin, dícheall réasúnach chun an damáiste a sheachaint nó chun a mhéid a theorannú. Féadfar an nasc cúisíoch sin a bhriseadh trí iompar faillíoch ar thaobh an pháirtí dhíobhálaithe, i gcás ina gcruthófar gurb é an t‑iompar sin cúis chinntitheach an damáiste (féach ordú an 4 Meitheamh 2012, Azienda Agricola Bracesco v an Coimisiún, T‑440/09, nár foilsíodh, EU:T:2012:269, míreanna 39 agus 40 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
116 |
Mar is léir ó mhíreanna 65 go 84 thuas tar éis bhreithiúnas an 16 Nollaig 2015, Air Canada v an Coimisiún (T‑9/11, nár foilsíodh, EU:T:2015:994), ceanglaíodh ar an gCoimisiún méid na fíneála a íocadh go sealadach a aisíoc leis an iarratasóir, mar aon le hús ar chothromráta. |
|
117 |
Sa chás seo, níor íoc an Coimisiún ach an méid úis arna shaothrú agus, dá bhrí sin, níor chomhlíon sé a oibleagáid ús a íoc ar chothromráta de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE. Dá bhrí sin, tá nasc cúisíoch sách díreach ag an mainneachtain sin leis an damáiste a bhain don iarratasóir (féach míreanna 92 go 110 thuas). |
|
118 |
I ndáil leis sin, ní féidir leis an gCoimisiún an t‑iarratasóir a cháineadh toisc gur roghnaigh sé an fhíneáil a íoc go sealadach in ionad ráthaíocht bainc a sholáthar. Tá rogha an iarratasóra a fhíneáil a íoc go sealadach i gcomhréir le cinneadh an 9 Samhain 2010, agus go háirithe Airteagal 5(4) de, agus ní féidir leis an nasc cúisíoch idir an neamhdhleathacht a aimsíodh agus an damáiste a bhain dó a bhriseadh. |
|
119 |
Dá bhrí sin, tá nasc cúisíoch sách díreach idir an sárú atá tromchúiseach go leor ar dhlí an Aontais agus an damáiste a bhain don iarratasóir. |
(b) Ús mainneachtana
|
120 |
Ar an gcéad dul síos, éilíonn an t‑iarratasóir ús mainneachtana, i gcomhthéacs a éilimh ar chúiteamh, gan chaipitliú ar shuim EUR 4 264 896.70 a chomhfhreagraíonn don ús ar chothromráta a éilíodh don tréimhse ón 9 Feabhra 2016 go dtí an 4 Feabhra 2021 ag an ráta úis céanna dá dtagraítear i mír 88 thuas, eadhon méid EUR 958 550.14. |
|
121 |
Ar an dara dul síos, iarrann an t‑iarratasóir go n‑íocfar ús iolraithe, ar an ráta úis dá dtagraítear i mír 88 thuas, ar an tsuim atá dlite an 4 Feabhra 2021, eadhon suim EUR 5 223 446.84 (EUR 4 264 896.70 + EUR 958 550.14), go dtí go n‑íocfaidh an Coimisiún ina iomláine é. |
|
122 |
Maidir leis an ús dá dtagraítear i mír 120 thuas, áitíonn an Coimisiún gur chuir an t‑iarratasóir moill iomarcach ar thaisceadh a iarratais roimhe sin faoi Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus mar thoradh air sin go bhfuil méadú EUR 958550 ar a phríomhéileamh EUR 4 264 896.70, arb ionann é agus an t‑ús a éilítear don tréimhse ó íocaíocht shealadach na fíneála go dtí an cinneadh aisíocaíochta, is é sin le rá, méadú níos mó ná 20%. Níl an méadú sin inchurtha i leith aon locht ar thaobh an Choimisiúin a d’fhéadfaí a chur san áireamh faoi Airteagal 340 CFAE, ach is é táimhe an iarratasóra is cúis go hiomlán leis. Dar leis an gCoimisiún, níor léirigh an t‑iarratasóir dícheall réasúnach chun méid a dhamáiste a theorannú mar gheall ar mhoill a iarratais roimhe sin faoi Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an tréimhse theorann a leagtar síos san Airteagal sin údar a thabhairt lena mhainneachtain éagórach gníomhú i leith na tréimhse tar éis don Choimisiún an fhíneáil a aisíoc. Ina bharúlacha maidir le breithiúnas an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún v Deutsche Telekom (C‑221/22 P, EU:C:2024:488), sonraíonn an Coimisiún nár tháinig an cheist sin chun cinn sa bhreithiúnas sin. |
|
123 |
Ba cheart a mheabhrú, maidir le héileamh atá bunaithe ar dhliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 340 CFAE, gur léir ón gcásdlí, in éagmais imthosca speisialta, go n‑eascraíonn an oibleagáid ús mainneachtana a íoc as an mbreithiúnas lena mbunaítear an oibleagáid an damáiste a shlánú (féach breithiúnais an10 Eanáir 2017, Gascogne Sack Deutschland agus Gascogne v an tAontas Eorpach, T‑577/14, EU:T:2017:1, mír 178 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 19 Eanáir 2022, Deutsche Telekom v an Coimisiún, T‑610/19, EU:T:2022:15, mír 141 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
124 |
Dá bhrí sin, mar is léir freisin ó bhreithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, EU:C:2021:39, míreanna 122 go 124 agus 129), is féidir ús mainneachtana a dhámhachtain ar feadh tréimhse roimh thabhairt an bhreithiúnais in imthosca áirithe. |
|
125 |
Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, leanann oibleagáid an Choimisiúin ús a chur ar chothromráta le haisíoc na fíneála a d’íoc an t‑iarratasóir go sealadach go díreach ó Airteagal 266 CFAE agus thosaigh easpa úsáide an tsuim a chomhfhreagraíonn don ús sin ag tarlú tráth na haisíocaíochta sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos, C‑301/19 P, EU:C:2021:39, míreanna 122 go 124 agus 129, agus an 8 Márta 2023, Campine agus Campine Recycling v an Coimisiún, T‑94/20, nár foilsíodh, EU:T:2023:110, míreanna 105 go 108). |
|
126 |
Ar an dara dul síos, ina litir chuig an gCoimisiún an 4 Feabhra 2021, mheabhraigh an t‑iarratasóir go soiléir don Choimisiún a oibleagáidí faoi Airteagal 266 CFAE agus faoin gcásdlí agus d’iarr sé caipitliú úis go dtí go n‑íocfaidh an Coimisiún ina iomláine é (féach mír 12 thuas). |
|
127 |
Dá bhrí sin, a mhéid atá na himthosca sonracha a thuairiscítear i míreanna 125 agus 126 thuas ann ar dháta iarratais roimhe sin an iarratasóra, arna chur isteach i litir an 4 Feabhra 2021 a seoladh chuig an gCoimisiún, ní mór ús mainneachtana a dheonú ar mhéid EUR 4 264 896.70 ón 5 Feabhra 2021 go dtí go n‑íocfaidh an Coimisiún ina iomláine é. Ar an taobh eile, níl aon imthosca speisialta ann lena dtugtar údar le hús mainneachtana a dhámhachtain don tréimhse idir dáta aisíocaíochta na fíneála, an 8 Feabhra 2016, agus dáta an iarratais roimhe sin, an 4 Feabhra 2021, arb é iompar an iarratasóra amháin is cúis leis an moill ar chur isteach an iarratais roimhe sin. |
|
128 |
Maidir leis an ráta úis is infheidhme, is iomchuí Airteagal 99(2)(b) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1), is infheidhme tráth an iarratais roimhe sin de réir bhrí Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás seo, a chur i bhfeidhm. De bhun na forála sin, ní mór an t‑ús mainneachtana arna dhámhachtain don iarratasóir a ríomh ar bhonn an ráta a chuir BCE i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin an 4 Feabhra 2021, eadhon 0% méadaithe 3.5 pointe céatadáin, is é sin le rá, sa chás seo, 3.5%. |
|
129 |
Dá bhrí sin, ní mór ús mainneachtana EUR 4 264 896.70 a dhámhachtain ar an iarratasóir, ar ráta úis 3.5% ón 5 Feabhra 2021 go dtí go n‑íocfaidh an Coimisiún ina iomláine é. |
(c) Conclúid maidir leis an éileamh ar dhamáistí
|
130 |
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór a ordú don Choimisiún cúiteamh a íoc leis an iarratasóir as an damáiste a rinneadh dó mar gheall ar an sárú atá tromchúiseach go leor ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, arb é atá ann neamhbhailiú úis ar chothromráta ar ráta 4.5% ar mhéid na fíneála a íocadh go míchuí, don tréimhse idir íocaíocht shealadach na fíneála an 10 Feabhra 2011 agus aisíoc na fíneála a íocadh go míchuí an 8 Feabhra 2016, tar éis méid an úis a d’íoc an Coimisiún cheana féin agus an fhíneáil á haisíoc a asbhaint. Is é EUR 4 264 896.70 méid an chúitimh sin. Ní mór ús mainneachtana EUR 4 264 896.70 a dhámhachtain don iarratasóir freisin, ar ráta úis 3.5% ón 5 Feabhra 2021 go dtí go n‑íocfaidh an Coimisiún ina iomláine é. |
|
131 |
Diúltaítear don chuid eile den éileamh ar dhamáistí, agus mar thoradh air sin ní mór scrúdú a dhéanamh freisin ar an éileamh ar neamhniú a cuireadh isteach mar mhalairt air sin; |
B. Éilimh ar neamhniú
|
132 |
Mar mhalairt air sin, iarrann an t‑iarratasóir go gcuirfí litir an 25 Márta 2021 ar neamhní lenar dhiúltaigh an Coimisiún dá iarraidh ar íocaíocht na méideanna a chomhfhreagraíonn don ús ar chothromráta agus don ús mainneachtana. Éilítear i bpléadáil aonair an iarratasóra go ndearna an Coimisiún earráid nuair a mheas sé go raibh an iarraidh ar íocaíocht úis faoi urchosc ama. |
|
133 |
Áitíonn an Coimisiún go bhfuil iarratas an iarratasóra ar neamhniú do-ghlactha ar an bhforas nach bhfuil aon leas aige in imeachtaí a thionscnamh agus, mar mhalairt air sin, gur litir dheimhnitheach í litir an 25 Márta 2021. |
|
134 |
Áitíonn an Coimisiún nach bhfuil aon leas ag an iarratasóir a iarraidh go gcuirfí litir an 25 Márta 2021 ar neamhní. De réir an Choimisiúin, ní mhíníonn an t‑iarratasóir conas a thabharfadh an chaingean le haghaidh neamhniú buntáiste dó. Áitíonn sé go bhfuil an t‑iarratas ar neamhniú neamhéifeachtach cé go bhfuil an ceart ag an iarratasóir a mhaíomh gur thosaigh an tréimhse theorann ar dháta mhainneachtain neamhdhleathach líomhnaithe an Choimisiúin ús ar chothromráta a íoc. Thairis sin, ní féidir le neamhniú litir an 25 Márta 2021, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, aon oibleagáid a chur ar an gCoimisiún an t‑ús a éilíonn sé a íoc leis an iarratasóir. |
|
135 |
Áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil leas aige i neamhniú litir an 25 Márta 2021. D’fhéadfadh cinneadh neamhdhleathachta i leith an iarratasóra a bheith mar bhonn d’aon chaingean le haghaidh damáistí atá beartaithe chun an damáiste a rinne an litir sin a shlánú. Thairis sin, tá leas aige é a cheistiú chun cosc a chur ar an neamhdhleathacht líomhnaithe teacht chun cinn arís amach anseo. Ina theannta sin, leanann sé ó neamhniú na litreach sin go gceanglófaí ar an gCoimisiún athscrúdú a dhéanamh ar a fhreagra ar chur chun feidhme an bhreithiúnais neamhnithe faoi Airteagal 266 CFAE agus, dá bhrí sin, dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais tríd an ús atá dlite dó a íoc leis. |
|
136 |
Is cásdlí socair é nach bhfuil caingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh ag duine nádúrtha nó dlítheanach inghlactha ach amháin a mhéid atá leas ag an iarratasóir an gníomh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. Ní mór an leas sin a dhílsiú agus a bheith i láthair agus ní mór meastóireacht a dhéanamh air amhail ar an dáta a thionscnaítear an chaingean. Ní mór dó leanúint ar aghaidh freisin go dtí an cinneadh críochnaitheach (féach breithiúnas an 7 Meitheamh 2007, Wunenburger v an Coimisiún, C‑362/05 P, EU:C:2007:322, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
137 |
Éilíonn leas den sórt sin nach mór go mbeadh sé d’acmhainn ag neamhniú an ghnímh sin iarmhairtí dlíthiúla a bheith aige ann féin agus go bhféadfadh an chaingean, dá bhrí sin, tairbhe a thabhairt don pháirtí a thug í, de bharr a toraidh (féach ordú an 25 Samhain 2014, Global Steel Wire v an Coimisiún, T‑429/10 agus T‑578/10, nár foilsíodh, EU:T:2014:1008, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
138 |
Ní mór diúltú d’éilimh ar neamhniú diúltaithe institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh ceart chun cúitimh a aithint a éilíonn iarratasóir freisin faoi Airteagail 268 agus 340 CFAE toisc iad a bheith do-ghlactha, ós rud é nár shuigh an t‑iarratasóir, i bprionsabal, aon leas in éilimh den sórt sin a chur isteach sa bhreis ar a éileamh ar chúiteamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Meitheamh 1972, Compagnie d’approvisionnement, de transport et de crédit et Grands Moulins de Paris v an Coimisiún, 9/71 agus 11/71, EU:C:1972:52, míreanna 9 go 11, agus an 17 Iúil 2024, Montanari v EUCAP Sahel Niger, T‑371/22, EU:T:2024:494, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
139 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, i litir an 25 Márta 2021, go rialaíonn an Coimisiún maidir le túsphointe na tréimhse teorann le haghaidh caingean dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, eadhon dáta íocaíochta sealadaí na fíneála ag an iarratasóir. Bhí an Coimisiún den tuairim ansin go raibh an chaingean sin le haghaidh damáistí faoi urchosc ama agus, dá bhrí sin, dhiúltaigh sé do mhaíomh an iarratasóra ar an bhforas sin. |
|
140 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, trína iarratas ar neamhniú, go bhfuil an t‑iarratasóir ag iarraidh an toradh airgeadais céanna a fháil i ndáiríre lena éileamh ar dhamáistí. Dá bhrí sin, níor shuigh an t‑iarratasóir go raibh leas aige i neamhniú litir an 25 Márta 2021 a fháil chomh maith lena éileamh ar chúiteamh a shásamh, mar is léir freisin ó chineál coimhdeach an iarratais seo ar neamhniú. |
|
141 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don éileamh ar neamhniú toisc é a bheith do-ghlactha, gan aon ghá a bheith ann rialú a thabhairt ar an tsaincheist dlí maidir le do-ghlacthacht a ardaíodh mar mhalairt air sin. |
IV. Costais
|
142 |
Faoi Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. De réir Airteagal 134(3) de na Rialacha sin, i gcás go n‑éireoidh le gach páirtí i roinnt de na pointí agus go dteipfidh orthu i roinnt eile, íocfaidh gach páirtí a chostais féin. |
|
143 |
Sa chás seo, ós rud é nár éirigh le gach páirtí i bpáirt, ní mór a ordú do gach páirtí a chostais féin a íoc. |
|
Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Naoú Dlísheomra, ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
|
Papasavvas Truchot Kanninen Sampol Pucurull Perišin Arna thabhairt i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 25 Márta 2026. Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.