BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Cúigiú Dlísheomra) ( *1 )

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh — Imeachtaí cúlghairme — Trádmharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh — Cruth buidéil linbh — Fíorúsáid an trádmhairc — Pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 — Cineál úsáid an trádmhairc — Cruth atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn an tsaintréith — Oibleagáid cúiseanna a lua)

I gCás T-273/21,

The Bazooka Companies, Inc., atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac (na Stáit Aontaithe), arna ionadú ag D. Wieddekind agus D. Wiemann, Dlíodóirí, atá údaraithe chun dul in ionad The Topps Company, Inc.,

Iarratasóir,

agus

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), arna hionadú ag R. Raponi agus D. Gája, i gcáil Gníomhairí,

Cosantóir,

An páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta,

Trebor Robert Bilkiewicz, ina chónaí in Gdansk (an Pholainn), arna ionadú ag P. Ratnicki-Kiczka, Dlíodóir,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta, le linn na bpléití, de D. Spielmann, Uachtarán, R. Mastroianni agus I. Gâlea (Rapóirtéir), Breithiúna,

Cláraitheoir: R. Ūkelytė, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, go háirithe an t-iarratas ar ionadú, de bhun Airteagal 174 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, arna thaisceadh ag The Bazooka Companies i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 13 Bealtaine 2022 agus do bharúlacha EUIPO agus The Topps Company arna dtaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 20 Bealtaine agus an 29 Bealtaine 2022 faoi seach,

tar éis éisteacht an 31 Bealtaine 2022,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas ( 1 )

[omissis]

An dlí lena mbaineann

[omissis]

An t-éileamh le haghaidh neamhniú

[omissis]

An tsaincheist aonair dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus ar phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001

[omissis]

– An chéad agóid, lena n-éilítear gurb ionann cruth an táirge agus cruth an tradmhairc atá faoi chonspóid

[omissis]

39

Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, is gá scrúdú a dhéanamh le féachaint an bhfuil an cruth arb é an marc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é, is é sin le rá, an cruth tríthoiseach de réir bhrí an fhocail Bhéarla “shape”, éagsúil leis an bhfoirm faoinar cláraíodh an marc atá faoi chonspóid. Ina dhiaidh sin, ní mór a chinneadh an raibh úsáid gnéithe focail agus fíoracha ann i bhfoirm (de réir bhrí an fhocail Bhéarla “form”) atá éagsúil ón marc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é, trí ghnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc sin agus trí na gnéithe sin amháin. Is léir ón gcásdlí go dtagann cás mar atá i gceist anseo, ina ndéantar focalmharc nó marc fíortha a leagan ar mharc tríthoiseach, faoin staid dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(a) de Rialachán 2017/1001, eadhon, úsáid an mhairc i bhfoirm atá éagsúil leis an bhfoirm inar cláraíodh an marc (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2013, Specsavers International Healthcare agus páirtithe eile, C-252/12, EU:C:2013:497, mír 19). Ar deireadh, ní mór a chur in iúl nach mbaineann an agóid seo ach leis an gcéad cheist agus go scrúdaítear an dara ceist i gcomhthéacs an tríú hagóid.

40

Ag an tús, is léir ó mhír 2 thuas gurb ionann cruth an mhairc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é agus buidéal linbh le sine, le clúdach a fhreagraíonn do chruth na sine sin, agus le dromchla iomaire faoi.

41

Dá bhrí sin, is gá a scrúdú ar admhaigh nó nár admhaigh an Bord Achomhairc, mar a mhaíonn an t-iarratasóir, gurb ionann cruth an mhairc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é agus cruth an mhairc sin mar a úsáideadh é. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chinneadh atá faoi chonspóid, faoin gceannteideal “Comhthéacs dlí”, gur thug an Bord Achomhairc faoi deara, ag lua breithiúnas an 8 Nollaig 2005, Castellblanch v OHIM — Champagne Roederer(CRISTAL CASTELLBLANCH) (T-29/04, EU:T:2005:438, mír 34), gur thagair an Chúirt Ghinearálta do chásanna inar úsáideadh roinnt comharthaí go comhuaineach go neamhspleách agus, dá bhrí sin, inar measadh an comhartha mar a cláraíodh é a bheith neamhspleách sa teaglaim sin. D’aimsigh sé ina dhiaidh sin nach rabhtar “sa chás seo” sa staid inar úsáideadh an comhartha mar a cláraíodh é i bhfoirm a bhí éagsúil leis an bhfoirm inar cláraíodh é, ach sa staid inar úsáideadh roinnt comharthaí ag an am céanna.

42

Ba cheart a thabhairt faoi deara, maidir leis an nath “sa chás seo” a d’úsáid an Bord Achomhairc, nár luadh an abairt sin sa ráiteas i mbreithiúnas an 8 Nollaig 2005, CRISTAL CASTELLBLANCH (T-29/04, EU:T:2005:438). Dá bhrí sin, de réir mar a thíolacann an t-iarratasóir, d’fhéadfaí a thuiscint gur ghlac an Bord Achomhairc leis, i gcúinsí an cháis seo, go raibh cruth comhionann ar an gcomhartha mar a cláraíodh é agus ar an gcomhartha mar a úsáideadh é. Ina anailís faoin gceannteideal “An cás seo”, áfach, chuir an Bord Achomhairc in iúl go raibh na cruthanna a cuireadh i láthair san fhianaise éagsúil leis an gcruth a chosnaítear leis an marc atá faoi chonspóid le héagsúlachtaí suntasacha sa chineál, san fhad agus sa suíomh, gan cur síos a dhéanamh ar na héagsúlachtaí sin. Dá bhrí sin, is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid nár ghlac sé gurb ionann an cruth a chosnaítear leis an marc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é agus an cruth a bhí ar an marc atá faoi chonspóid mar a úsáideadh é.

43

Ina theannta sin, cuireann EUIPO in iúl go bhfuil an clúdach trédhearcach sa mharc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é, rud a fhágann gur féidir an tsine agus patrún iomaire iomlán an fháinne a fheiceáil i gcodarsnacht leis an marc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é. Ar an taobh eile, níl an clúdach sin chomh mín céanna sa mharc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é agus is cion beagán níos mó é ná mar atá ar léiriúcháin an mhairc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é agus a atáirgtear thíos:

Image

44

Sa chás seo, ag féachaint don chruth a bhí ar an marc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é (is é sin le rá, an cruth tríthoiseach de réir bhrí an fhocail Bhéarla “shape”), a bhfuil cur síos air i mír 40 thuas, ní mór a mheas nach féidir aon éagsúlacht shuntasach a dhéanamh amach idir an marc sin agus an cruth arb é an marc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é, atá atáirgthe i mír 43 thuas. Tá cruth buidéil linbh ag an dá cheann, le sine, dromchla iomaire agus clúdach. Dá bhrí sin, tá sé beagnach dodhéanta don phobal ábhartha atá comhdhéanta den phobal i gcoitinne a bhfuil meánleibhéal airde acu na difríochtaí dá dtagraíonn EUIPO a bhrath, go háirithe i dtéarmaí comhréire, ós rud é go bhfuil sé deacair iad a bhrath leis an tsúil amháin. Dá bhrí sin, in ainneoin chineál trédhearcach an chlúdaigh, measfaidh an pobal ábhartha gurb ionann cruth an bhuidéil arb é an marc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é agus an cruth a chosnaítear leis an marc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é.

45

Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbraitear gurb ionann cruth an mhairc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é (i.e. an cruth tríthoiseach de réir bhrí an fhocail Bhéarla “shape”) agus cruth an mhairc atá faoi chonspóid mar a cláraíodh é.

– An dara hagóid, ina n-éilítear saintréith fheabhsaithe an mhairc atá faoi chonspóid

46

Ar an gcéad dul síos, measann an t-iarratasóir go ndearna an Bord Achomhairc earráid dlí agus mheasúnaithe nuair nár mheas sé ach saintréith lag a bheith sa mharc atá faoi chonspóid. Measann sé nach bhfuil sé ábhartha gur cruth coiteann é buidéal, ós rud é nach gciallaíonn an fíoras go bhfuil cruth coiteann i réimse amháin nach bhfuil saintréith ar bith aige i réimse eile. Tugann sé le fios nach mór saintréith a mheas i ndáil leis na hearraí a gcláraítear an marc atá faoi chonspóid ina leith. Leis an marc atá faoi chonspóid, ainmnítear earraí nach bhfuil aon bhaint acu leis na táirgí a úsáidtear chun bainne a thabhairt do naíonáin. Maíonn an t-iarratasóir, in éagmais fianaise dá mhalairt, nach bhfuil aon chúis lena chreidiúint nach bhfuil na marcanna cláraithe comhdhéanta de chruthanna atá an-neamhghnách do na hearraí faoi chosaint agus nach bhfuil ardleibhéal saintréithe acu.

[omissis]

– An tríú hagóid, lena n-éilítear, go bunúsach, nach n-athraíonn an teaglaim de mharc tríthoiseach le marc fíortha nó focalmharc nó le heilimintí eile saintréith an mhairc sin agus nach bhfuil tionchar ag na heilimintí sin ar an tuiscint fhoriomlán

[omissis]

72

Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara, in imeachtaí chun marc a chúlghairm, gur faoi dhílseánach an mhairc sin, i bprionsabal, atá sé fíorúsáid an mhairc sin a shuí (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meán Fómhair 2013, Centrotherm Systemtechnik v OHIM agus centrotherm Clean Solutions, C-610/11 P, EU:C:2013:593, mír 63).

73

Sa dara háit, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir an critéar úsáide a mheas ar bhonn fachtóirí éagsúla ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil an critéar sin iomchuí chun cearta a chruthú i ndáil le trádmharc nó chun caomhnú na gceart sin a áirithiú. Más féidir cosaint trádmhairc a fháil le haghaidh comhartha trí úsáid shonrach a bhaint as an gcomhartha, ní mór go mbeadh an cineál céanna úsáide sin in ann a áirithiú go gcaomhnaítear an chosaint sin. Dá réir sin, ní mór a mheas go bhfuil na ceanglais atá i réim maidir le fíorúsáid mairc a fhíorú, de réir bhrí Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001, cosúil leo siúd a bhaineann le saintréith chomhartha a fháil trína úsáid chun críche a chláraithe, de réir bhrí Airteagal 7(3) den Rialachán sin (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 18 Aibreán 2013, Colloseum Holding, C-12/12, EU:C:2013:253, míreanna 33 agus 34).

74

Is léir ón gcásdlí go bhféadfadh fáil saintréithe a bheith mar thoradh ar eilimint de thrádmharc cláraithe a úsáid, mar chuid den trádmharc cláraithe sin, agus mar thoradh ar mharc ar leith a úsáid in éineacht le marc cláraithe. Sa dá chás, is leor, mar thoradh ar an úsáid sin, go bhfeicfeadh an aicme ábhartha daoine na hearraí nó na seirbhísí iarbhír, arna n-ainmniú ag an marc aonair a bhfuil clárú á lorg ina leith, mar rud a thagann ó ghnóthas ar leith (féach, mutatis mutandis, breithiúnais an 7 Iúil 2005, Nestlé, C-353/03, EU:C:2005:432, mír 30, agus an 18 Aibreán 2013, Colloseum Holding, C-12/12, EU:C:2013:253, mír 27).

75

Dá bhrí sin, i bhfianaise mhíreanna 73 agus 74 thuas, is gá a thabhairt le fios go láidir nach mór leanúint de mharc cláraithe nach n-úsáidtear ach mar chuid de thrádmharc ilchodach nó i gcomhar le marc eile a mheas mar thásc ar thionscnamh an táirge i dtrácht chun go gcomhlíonfaidh an úsáid sin an coincheap “fíorúsáid” de réir bhrí phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001 (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 18 Aibreán 2013, Colloseum Holding, C-12/12, EU:C:2013:253, mír 35).

76

Ina theannta sin, is léir ón gcásdlí a bhaineann le saintréith comhartha a fháil trí úsáid de réir bhrí Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001, cé go bhféadfadh sé gur úsáideadh an marc atá faoi chonspóid mar chuid de thrádmharc cláraithe nó i gcomhar le marc den sórt sin, is amhlaidh, chun críocha chlárú an mhairc féin, nach mór don iarratasóir ar chlárú cruthúnas a chur ar fáil gurb é an marc sin amháin a léiríonn, i gcomparáid le haon mharc eile a d’fhéadfadh a bheith ann freisin, tionscnamh na n-earraí mar earraí de thionscnamh gnóthas ar leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2015, Société des Produits Nestlé, C-215/14, EU:C:2015:604, mír 66).

77

I ndáil leis sin, is léir ó mhír 73 thuas go bhfuil na ceanglais atá i réim maidir le fíorúsáid trádmhairc a fhíorú, de réir bhrí Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001, cosúil leo siúd a bhaineann le saintréith comhartha a fháil trína úsáid chun críche a chláraithe, de réir bhrí Airteagal 7(3) den Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú go ndearna an Chúirt Ghinearálta an cásdlí sin a léirmhíniú trí bhreithniú a dhéanamh nach gciallaíonn an fhíric go bhféadfadh an pobal ábhartha an marc atá faoi chonspóid a aithint trí dhul i muinín mairc eile lena n-ainmnítear na hearraí céanna, agus a úsáidtear le chéile, nach n-úsáidtear an marc atá faoi chonspóid ann féin mar fhoinse aitheantais (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 2016, Mondelez UK Holdings & Services v EUIPO — Société des produits Nestlé (Cruth barra seacláide), T-112/13, neamhfhoilsithe, EU:T:2016:735, mír 99, agus an 28 Feabhra 2019, Lotte v EUIPO — Générale Biscuit-Glico France (PEPERO original), T-459/18, neamhfhoilsithe, EU:T:2019:119, mír 74).

78

Sa chás seo, i gcontrárthacht leis an méid a éilíonn an t-iarratasóir, bhí an ceart ag an mBord Achomhairc a chinneadh go raibh ar dhílseánach an mhairc atá faoi chonspóid a thaispeáint gur measadh i gcónaí gur marc neamhspleách an marc sin agus nár athraíodh saintréith an mhairc sin de bharr é a bheith comhcheangailte le marc eile. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chuir an t-iarratasóir isteach, le linn na n-imeachtaí os comhair EUIPO, gnéithe éagsúla amhail ailt agus gabhálacha scáileáin de shuíomhanna gréasáin a dhíolann na hearraí a chumhdaítear leis an marc atá faoi chonspóid, áit a ndearnadh cur síos orthu ar ócáidí éagsúla mar “mhilseáin nó líreacáin i gcruth buidéil linbh”. Ina theannta sin, de réir mar a chuireann an t-iarratasóir isteach, tugtar “milseogra i gcruth cáiliúil buidéil linbh” ar an táirge atá i gceist.

79

Sa tríú háit, ba cheart a mheabhrú, sa chás as ar eascair breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2017, Cruth oighinn (T‑211/14 RENV, neamhfhoilsithe, EU:T:2017:715), gur chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl go bhféadfaí an coinníoll maidir le fíorúsáid a bhaint as marc de réir bhrí phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001 a chomhlíonadh i gcás inar úsáideadh marc i gcomhar le marc eile, ar choinníoll gur leanadh den mharc a bhrath mar thásc ar thionscnamh an táirge atá i gceist. Mheas sé gurb amhlaidh an cás ós rud é nár athraíodh cruth an mhairc atá faoi chonspóid nuair a cuireadh an focalmharc atá i gceist sa chás thuasluaite leis, sa mhéid is go bhféadfadh an tomhaltóir idirdhealú a dhéanamh i gcónaí ar chruth an mhairc thríthoisigh, a bhí fós comhionann, mar léiriú ar thionscnamh na n-earraí (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2017, Cruth oighinn, T-211/14 RENV, neamhfhoilsithe, EU:T:2017:715, mír 47). Dheimhnigh an Chúirt freisin go bhféadfar marc tríthoiseach a úsáid in éineacht le gné focail, gan amhras a chaitheamh ar dhearcadh an tomhaltóra ar an gcruth mar léiriú ar thionscnamh tráchtála na n-earraí (breithiúnas an 23 Eanáir 2019, Klement v EUIPO, C-698/17 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:48, mír 47).

80

Ar an gcéad dul síos, i ndáil leis sin, ní mór a mheas go bhfuil na himthosca fíorasacha a bhaineann leis na cásanna a ba chúis le breithiúnais an 23 Eanáir 2019, Klement v EUIPO (C-698/17 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:48), agus an 10 Deireadh Fómhair 2017, Cruth oighinn (T-211/14 RENV, neamhfhoilsithe, EU:T:2017:715), éagsúil ó na cinn atá i gceist sa chás seo. Mar sin féin, ní dhéanann an fhíric gur cuireadh an marc BIG BABY POP! agus cúpla eilimint fíortha agus focail eile ar dhromchla an mhairc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é athrú ar chruth an mhairc sin sa mhéid gur féidir leis an tomhaltóir idirdhealú a dhéanamh fós ar chruth an mhairc thríthoisigh, atá fós comhionann i súile an tomhaltóra sin. Ina theannta sin, mar is léir ó mhír 78 thuas, déantar cur síos ar an táirge i dtrácht ar ócáidí éagsúla laistigh de na doiciméid a táirgeadh le linn na n-imeachtaí os comhair EUIPO mar “mhilseáin i gcruth buidéil linbh”. Mar shampla, uaireanta, tugtar air “milseogra cáiliúil i gcruth buidéil linbh”

81

Ar an dara dul síos, cé go bhféadfadh an marc BIG BABY POP! aimsiú thionscnamh tráchtála na milseán atá i gceist a éascú, níl sé sin ar neamhréir leis an bhfíric go bhféadfadh sé athrú ar bith a dhéanamh ar shaintréith an mhairc thríthoisigh arb é cruth nó cuma na n-earraí sin atá ann, de réir bhrí phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001. Murach sin, dá gcuirfí gné focail le marc tríthoiseach, rud a d’fhéadfadh aimsiú thionscnamh tráchtála na n-earraí a chumhdaítear a éascú i gcónaí, b’ionann sin agus athrú ar shaintréith an mhairc thríthoisigh sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Eanáir 2019, Klement v EUIPO, C-698/17 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:48, míreanna 44 agus 45).

82

Ina theannta sin, cé go bhfuil sé fíor, i gcás ina n-úsáidtear marc tríthoiseach in éineacht le marc eile, go bhféadfadh sé a bheith níos éasca an t-athrú ar shaintréith an mhairc thríthoisigh sin a bhunú ná saintréith focalmhairc nó mairc fíortha (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2015, Cruth oighinn, T-317/14, neamhfhoilsithe, EU:T:2015:689, mír 37), ba cheart a mheabhrú freisin go bhfuil, san earnáil lena mbaineann milseáin, milseogra agus milseogra siúcra, go bhfuil an teaglaim idir cruth tríthoiseach agus gnéithe breise i bhfocail nó fíortha coitianta.

83

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir a shamhlú ó thaobh tráchtála agus rialála de nach féidir na hearraí atá i gceist a dhíol ach amháin san fhoirm arb ionann í agus an marc atá faoi chonspóid agus gan aon lipéad ar a dhromchla, cé, mar a chuireann EUIPO isteach, go bhfuil sé de shaoirse ag dílseánach an mhairc atá faoi chonspóid formáid, dath, méid agus cuma an lipéid a chumhdaíonn é a roghnú. Sa chás seo, ní mór a chur in iúl nach gcuireann na heilimintí fíortha agus focail atá greamaithe ar an gcruth sin cosc ar an ngnáth-thomhaltóir é a bhrath ina iomláine chomh maith leis an taobh istigh den chruth sin.

84

Ar an tríú dul síos, maidir leis na heilimintí fíortha agus focail ar an marc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é, ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil an marc BIG BABY POP! cé go n-áitíonn sé cuid shuntasach de dhromchla an táirge, go ndéanann sé tagairt do chruth an bhuidéil arb é an marc atá faoi chonspóid. Déanann an litir stílithe “i” i gcruth buidéil linbh an cruth sin a mheabhrú agus tagraíonn an focal “baby”, ar leanbh i mBéarla é, d’úsáideoirí buidéal linbh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an focal Béarla “pop” an focal “lollipop” a léiriú, i.e. líreacán, agus dá bhrí sin níl sé ach sainiúil go lag maidir leis na hearraí atá faoi chosaint ag an marc atá faoi chonspóid.

85

Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann leis na heilimintí fíortha nó focail eile a léiríodh go minic ar na samplaí a thugtar le linn na n-imeachtaí os comhair EUIPO, ar an gcéad dul síos, ní mór a chur in iúl go láidir go dtagraíonn léiriú an linbh le tréithe de charachtar cartúin, fiú má chuirtear carachtair eile ina ionad ó am go chéile, do réimse foclóireachta an bhuidéil linbh. Ar an dara dul síos, tá an eilimint fíortha lena sonraítear blas an táirge, nuair a bhíonn sé i láthair, faisnéiseach agus dá bhrí sin tá saintréith lag aige maidir leis na hearraí atá i gceist. Dá bhrí sin, ní cosúil go bhfuiltear i gcodarsnacht má mheastar go dtagraíonn an chuid sin de na heilimintí fíortha agus focail do chruth an bhuidéil linbh a chomhdhéanann an marc atá faoi chonspóid agus go bhfuil cuid eile de go héadrom sainiúil. Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil na heilimintí sin chomh follasach le cruth an táirge féin agus i bhfianaise mhír 81 thuas, ní mór teacht ar an gconclúid gan éideimhne go bhfuil an tomhaltóir in ann an cruth a chosnaítear leis an marc atá faoi chonspóid a cheangal le gnóthas ar leith agus, dá bhrí sin, go bhfuil an cruth sin fós ina léiriú ar thionscnamh na n-earraí (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Feabhra 2019, PEPERO original, T-459/18, neamhfhoilsithe, EU:T:2019:119, mír 72, agus an 23 Meán Fómhair 2020, Cruth brobh féir i mbuidéal, T-796/16, EU:T:2020:439, mír 147).

86

Ar an gceathrú dul síos, maidir le héileamh an idiragróra go léiríonn na sonraisc a chuir an t-iarratasóir ar fáil go bhfuil baint ag na hearraí a chumhdaítear leis an marc atá faoi chonspóid leis an nath “big baby pop”, ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndéanann an fíoras nach bhfuil cruth an mhairc atá faoi chonspóid le feiceáil ar na sonraisc sin bréagnú ar an bhfíoras go sainaithníonn an tomhaltóir an marc sin mar léiriú ar thionscnamh tráchtála na n-earraí atá i gceist. Cé nach bhfuil ach an marc BIG BABY POP nó a ghiorrúchán le feiceáil orthu, níl an cleachtas sin neamhghnách i gcás doiciméad den sórt sin ina n-éascaíonn úsáid eiliminte focail cúrsa gnó agus i gcás ina bhfuil sé deacair cruth an bhuidéil linbh arb é an marc atá faoi chonspóid é a atáirgeadh taobh le gach ceannteideal lena n-ainmnítear na hearraí atá i gceist.

87

Ar an gcaoi chéanna, ní féidir an chonclúid sin a athrú toisc go bhfuil dathanna láidre éagsúla ar an marc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é cé gur cláraíodh é gan dath. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, cé go bhfuil na dathanna oiriúnach chun comhcheangal áirithe smaointe a chur in iúl agus chun mothúcháin a spreagadh, i gcodarsnacht leis sin, de réir a gcineáil, níltear in ann eolas beacht a fháil uathu. Tá siad níos lú oiriúnaí fós ós rud é go n-úsáidtear iad de ghnáth agus go forleathan i bhfógraíocht agus i margaíocht earraí agus seirbhísí mar gheall ar a gcumhacht tharraingteach, gan aon teachtaireacht shonrach, lena n-áirítear le haghaidh earraí amhail iad siúd atá i gceist sa chás seo. Chuige sin, ba cheart a chur in iúl go bhfuil na dathanna éagsúla sin, atá láidir go mór, sách comónta agus éagsúil de réir na samplaí a tháirgtear sa mharc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é. Níl siad, iontu féin, mar sin, eisceachtúil sa chaoi go gcoinneofaí i gcuimhne iad do na hearraí atá i gceist. Thuigfí níos fearr gur eilimintí iad chun críocha aeistéitiúla nó cur i láthair amháin seachas mar léiriú ar thionscnamh tráchtála na n-earraí (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Deireadh Fómhair 2017, Galletas Gullón v EUIPO — O2 Holdings (Cruth paicéad brioscaí), T-418/16, neamhfhoilsithe, EU:T:2017:746, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

88

I bhfianaise an méid sin roimhe seo agus ag cur san áireamh saintréith an mhairc atá faoi chonspóid, ní mór a mheas nach n-athraíonn na heilimintí fíortha agus focail lena gcumhdaítear an marc atá faoi chonspóid mar a úsáidtear é, fiú más féidir leo aimsiú thionscnamh tráchtála na n-earraí a chumhdaítear a éascú, saintréith an mhairc atá faoi chonspóid de réir bhrí phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001 agus nach gcaitheann siad amhras ar an bhfíoras go bhféadfaí a mheas go n-eascraíonn úsáid an mhairc sin, i malairt inghlactha, as an marc sin a bheith curtha leis. Dá bhrí sin, ní raibh an ceart ag an mBord Achomhairc agus é ag cinneadh gur cumascadh an marc atá faoi chonspóid leis na heilimintí fíortha agus focail bhreise chun comhartha eile a dhéanamh, i súile an tomhaltóra ábhartha, fad a raibh an cruth arb é an marc sin é fós le feiceáil ag an bpobal ábhartha mar léiriú ar thionscnamh tráchtála na n-earraí atá i gceist.

89

I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite go léir, ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

Costais

90

Faoi Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má tá iarraidh ina leith sin sna pléadálacha.

[omissis]

 

Ar na forais sin,

Rialaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Cúigiú Dlísheomra)

mar seo a leanas:

 

1.

Tá The Bazooka Companies, Inc., i dteideal dul in ionad The Topps Company, Inc., mar iarratasóir.

 

2.

Cuirtear Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Márta 2021 (Cás R 1326/2020-2) ar neamhní.

 

3.

Ordaítear do EUIPO a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag The Bazooka Companies, a íoc.

 

4.

Ordaítear do Trebor Robert Bilkiewicz a chostais féin a íoc.

 

Spielmann

Mastroianni

Gâlea

Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg an

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.

( 1 ) Ní atáirgtear ach na míreanna sin den bhreithiúnas seo a measann an Chúirt Ghinearálta a bheith úsáideach a fhoilsiú.