23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/39 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Grúpa “LEW” v EUIPO – Lechwerke (GRUPALEW.)
(Cás T-672/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Marc fíortha GRUPALEW. - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe LEW - Foras coibhneasta maidir le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001]) - Fianaise d’fhíorúsáid - Airteagal 10(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 - Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE)2018/625 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
(2023/C 24/53)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Pártithe
Iarratasóir: Grupa “LEW” S.A. (Częstochowa, an Pholainn) (ionadaí: A. Korbela, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus E. Markakis, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Lechwerke AG (Augsburg, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Gerling, Dlíodóir)
Ábhar
Trína ghníomhaíocht atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Lúnasa 2021 (Cás R 2763/2019-4) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Íocfaidh Grúpa “LEW” S.A. a chostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |
3. |
Íocfaidh Lechwerke AG a chostais féin |