5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/46


Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Deireadh Fómhair 2022 – Callaway v an Coimisiún

(Cás T-653/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - An comhbheartas talmhaíochta - Catalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta - Cineálacha plandaí - Táirgeoir den chineál chnáib Finola - Limistéir arna saothrú sa Pholainn - Cineálacha cnáibe atá incháilithe do thacaíocht airgeadais faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta - Cion teitrihidreacannaibionóil (THC) - Údarú arna thabhairt don Pholainn margaíocht chineál Finola a chosc ar a críoch - Easpa cúraim dhírigh - Do-ghlacthacht)

(2022/C 463/67)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: James C. Callaway (Kuopio, an Fhionlainn) (ionadaí: P. Hoffman, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Becker agus F. Castilla Contreras, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1214 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2021 lena gceadaítear do Phoblacht na Polainne margaíocht chineál chnáib Finola a chosc ar a críoch i gcomhréir le Treoir 2002/53/CE ón gComhairle (IO 2021 L 265, lch. 1). Áitíonn sé, freisin, de bhun Airteagal 277 CFAE, pléadálacha neamhdhleathachta i leith Airteagal 32(6) de Rialachán Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608), agus i leith Airteagal 9(5) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1307/2013 agus lena leasaítear Iarscríbhinn X den Rialachán sin (IO 2014 L 181, lch. 1).

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

2)

Ní gá breith a thabhairt ar iarratais ar idiragairt Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus Phoblacht na Polainne.

3)

Ordaítear do James C. Callaway a chostais féin a íoc chomh maith le costais an Choimisiúin Eorpaigh.

4)

Ordaítear don Chomhairle, don Pharlaimint agus do Phoblacht na Polainne a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.


(1)  IO C 24, 17.1.2022.