27.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 71/29


Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – Steinbach International v an Coimisiún

(Cás T-566/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Aontas custaim - Comhtharaif chustaim - Ainmníocht taraife agus staidrimh - Aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte - Ceannteideal taraife - Gníomh rialála lena bhforáiltear do bhearta cur chun feidhme - Easpa cúraim leithligh - Do-ghlacthacht)

(2023/C 71/39)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Steinbach International GmbH (Schwertberg, an Ostair) (ionadaí: J. Gesinn, Dlíodóir)

Cosantóir: an Choimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Salyková agus L. Mantl, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/957 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO 2021, L 211, lch. 48) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha.

(2)

Ordaítear do Steinbach International GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 490, 6.12.2021.