23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/27 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 21 Márta 2022 – Kalypso Media Group v EUIPO (COMMANDOS)
(Cás T-550/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh a ndearnadh achomharc ina choinne - Imtharraingt ábhar na díospóide - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 207/57)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Kalypso Media Group GmbH (Worms, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Boddien, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, i gcáil Gníomahire)
Maidir le:
Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an dara Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Iúil 2021 (Cás R 1864/2020-2), maidir le hiarraidh ar chlárú an fhocalmhairc “COMMANDOS” mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh.
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní gá rialú a dhéanamh ar an achomharc a thuilleadh. |
2) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc chomh maith le costais Kalypso Media Group GmbH. |