25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 171/29


Ordú na Cúirte Ginearálta an 24 Feabhra 2022 – Thomas agus Julien v an Chomhairle

(Cás T-442/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Comhaontú trádála agus comhair idir an tAontas, Euratom agus an Ríocht Aontaithe - Cinneadh ó gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair - Easpa leas pearsanta - Gníomh neamhrialála - do-ghlacthacht)

(2022/C 171/51)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Rhiannon Thomas (Londain, an Ríocht Aontaithe), Michaël Julien (Weybridge, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: J. Fouchet, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer, J. Ciantar agus R. Meyer, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le:

Trína gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, lorgaíonn an hiarratasóirí, atá ina náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe, sa chéad áit, an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO 2021, L 149, lch. 10), a chur ar neamhní i bpáirt, agus sa dara háit, Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (OI 2021, L 149, lch. 2).

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear don chaingen de bharr do-ghlacthachta.

2.

Níl gá rialú a thabhairt níos mó ar iarratas an Choimisiúin Eorpaigh ar idiragairt.

3.

A ordú do Rhiannon Thomas agus Michaël Julien a gcostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, seachas a bhaineann leis an iarratas ar idiragairt.

4.

Íocfaidh Rhiannon Thomas Michaël Julien, an Chomhairle agus an Coimisiún a gcostais féin maidir leis an iarratas ar idiragairt.


(1)  IO C 412, 11.10.2021.