5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/41 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Iúil 2022 – IN.PRO.DI v EUIPO – Aiello (CAPRI)
(Cás T-203/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - An cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm - Ábhar na díospóide a fhoircheannadh - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 340/57)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: IN.PRO.DI – Inghirami produzione distribuzione SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaí: V. Piccarreta, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Capostagno, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Antonino Aiello (Napoli, an Iodáil) (ionadaí: L. Manna, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Feabhra 2021 (Cás R 49/2020-1) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Níl gá rialú a thabhairt níos mó ar an gcaingean. |
2) |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) na costais a íoc. |