19.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 216/43 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Aibreán 2023 – Grillküche v EUIPO – Targa (Gléas gríosctha)
(Cás T-757/21) (1)
(Dearadh Comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear gléas gríosctha - Nochtadh an deartha níos luaithe - Airteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)
(2023/C 216/56)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Activa – Grillküche GmbH (Selb, an Ghearmáin) (ionadaithe: F. Stangl agus M. Würth, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: G. Sakalaitė-Orlovskienė agus J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Targa GmbH (Soest, an Ghearmáin) (ionadaí: M.-H. Hoffmann, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 de CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 4 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 1651/2020-3).
An chuid oibríochtúil
(1) |
Diúltaítear don chaingean. |
(2) |
Ordaítear d’Activa – Grillküche GmbH na costais a íoc. |