9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2022 – Siremar v an Coimisiún
(Cás T-668/21) (1)
(Státchabhair - Iompar muirí - Cúnamh tarrthála - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair neamhdhleathach - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ag luí go páirteach agus nach bhfuil ag luí go páirteach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go ndéanfaí a aisghabháil - Seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta - Oibleagáid plean athstruchtúraithe nó leachtaithe a thíolacadh - Tréimhse sé mhí - Síneadh - Díolúine ó cháin - Téarmaí fabhracha - Éifeacht trádála idir na Ballstáit - Damáiste don iomaíocht - Fad an nós imeachta - Iontaobhas dlisteanach - Slándáil dhlíthiúil - Prionsabal an dea-riaracháin)
(2023/C 7/38)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Sicilia Regionale Marittima SpA – Siremar (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: B. Nascimbene, F. Rossi Dal Pozzo agus A. Moriconi, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Braga da Cruz, C.-M. Carrega agus D. Recchia, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2021) 4268 final ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 maidir le bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) a chuir an Iodáil chun feidhme i bhfabhar Siremar agus a cheannaitheoir Società Navigazione Siciliana (SNS) ar neamhní go páirteach.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Sicilia Regionale Marittima SpA – Siremar na costais a íoc. |