30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/53 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – Puma v EUIPO – Vaillant (Puma)
(Cás T-623/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Puma - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe PUMA - Forais choibhneasta le diúltú - Dochar do chlú - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 35/63)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Schäfer, D. Stoyanova-Valchanova agus E. Markakis, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Vaillant GmbH (Remscheid, an Ghearmáin) (ionadaí: S. Abrar, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Iúil 2021 (Cás R 1875/2019-1) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do Puma SE na costais a íoc. |