|
11.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 266/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – PricewaterhouseCoopers Belastingadviseurs v EUIPO – Haufe-Lexware (TAXMARC)
(Cás T-619/21) (1)
(Trádmharc de chuid AE - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh TAXMARC - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TAXMAN roimhe sin - An t-iarratas a chur ar fionraí - Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)
(2022/C 266/28)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: PricewaterhouseCoopers Belastingadviseurs NV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: R. Stoop, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Haufe-Lexware GmbH & Co. KG (Freiberg im Breisgau, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Hebeis, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear cinneadh an cheathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Iúil 2021 (Cás R 131/2021-4), i ndáil le himeachtaí freasúra idir an t-iarratasóir agus Haufe-Lexware GmbH & Co. KG, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Déantar cinneadh an cheathrú Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Iúil 2021 (Cás R 131/2021-4) a chur ar neamhní. |
|
2. |
Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc chomh maith le costais PricewaterhouseCoopers Belastingadviseurs NV chun críocha na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta. |
|
3. |
Íocfaidh Haufe-Lexware GmbH & Co. KG a chostais féin maidir leis na himeachtaí ós comhair na Cúirte Ginearálta. |