5.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 463/37


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Deireadh Fómhair 2022 – bett1.de v EUIPO – XXXLutz Marken (Body-Star)

(Cás T-599/21) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Body-Star - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Bodyguard - Foras coibhneasta leis an diúltú - Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) den Rialachán sin)

(2022/C 463/51)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: bett1.de GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (iondaí: O. Brexl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (iondadaithe: M. Eberl agus E. Markakis, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: XXXLutz Marken GmbH (Wels, an Ostair) (ionadaí: H. Pannen, Dlíodóir)

Maidir le:

Trína ghníomhaíocht atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Iúil 2021 (cás R 1712/2020-2) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Iúil 2021 (cás R 1712/2020-2) a neamhniú a mhéid a bhaineann sé le “[t]ochtanna; tacaí tochta; leapacha; frámaí leapa; bunanna lataí le haghaidh leapacha; cóir leapa (seachas éadaí leapa); cúisíní; piliúir; piliúir ar mhaithe le compord muiníl; leapacha uisce; tochtanna aeir” a thagann faoi aicme 20 agus “[f]allaingeacha leapa; éadaí leapa agus pluideanna; fabraic tochta; clúdaigh le haghaidh tochtanna; clúdaigh le haghaidh tochtanna agus piliúr; málaí codlata” a thagann faoi aicme 24.

2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 452, 8.11.2021.