|
5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 463/36 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Serrano Velázquez v an Pharlaimint
(Cás T-589/21) (1)
(Dlí institiúideach - Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa - Achainí maidir le sárú ag na húdaráis Spáinneacha ar dhlí an Aontais maidir le cearta bunúsacha - Cinneadh an achainí a fhoirceannadh - Oibleagáid cúiseanna a lua)
(2022/C 463/50)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: María Teresa Serrano Velázquez (Sevilla, an Spáinn) (ionadaí: F. B. Vázquez Sánchez, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: P. López-Carceller agus I. Liukkonen, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar ceal Cinneadh D 304048 ó Choiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa, arna ghlacadh an 8 Meitheamh 2021 agus arna fhógairt an 13 Iúil 2021, lenar dearbhaíodh go raibh an achainí (Uimh. 242/2021) maidir le sárú ar bhearta chun sceithirí in ábhar éilithe faoina measann gur fhulaing siad a chosaint agus chun a gcearta bunúsacha a ráthú.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do María Teresa Serrano Velásquez na costais a íoc. |