|
17.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 252/42 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Rubnikovich v an Chomhairle
(Cás T-582/21) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Reo cistí - Liostaí de na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a bhaineann idir reo cistí agus acmhainní eacnamaíochta agus an cosc ar iontráil agus ar idirthuras i gcríoch an Aontais leo - Ainm an iarratasóra a chur leis na liostaí sin - Comhchoiteannacht phionóis - Oibleagáid cúiseanna a shonrú - Earráid mheasúnaithe - Comhréireacht)
(2023/C 252/47)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Siarhei Rubnikovich (Tarasovo, an Bhealarúis) (ionadaí: D. Litvinski, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Limonet agus V. Piessevaux, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 de CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 219 I, lch. 70) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO 2021 L 219 I, lch. 3) mar dhá ghníomh a bhaineann leis.
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
(2) |
Ordaítear don Uasal Siarhei Rubnikovich na costais a íoc. |