22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/34


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Márta 2023 – Tinnus Enterprises v EUIPO – Mystic Products and Koopman International (Trealamh dáileadh sreabhach)

(Cás T-577/21) (1)

(Dearadh Comhphobail - Imeachtaí cúlghairme - Dearadh Comhphobail cláraithe a léiríonn trealamh chun sreabhán a dháileadh - Forais neamhbhailíochta - Neamhchomhlíonadh na gceanglas cosanta - Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Gnéithe de chuma táirge atá faoi réir a fheidhm theicniúil amháin - Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 6/2002)

(2023/C 179/48)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Tinnus Enterprises LLC (Plano, Texas, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: T. Wuttke agus J. Lewandowski, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)

Páirtí eile sna hmeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Mystic Products Import & Export, SL (Badalona, an Spáinn)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Koopman International BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaithe: G. van den Bergh, A. van Hoek agus B. Brouwer, Dlíodóirí)

Maidir le:

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Tinnus Enterprises LLC, go ndéanfar an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Iúil 2021 a chur ar neamhní agus a athrú (Cás R 1006/2018- 3).

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Tinnus Enterprises LLC a chostais féin chomh maith leis na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Koopman International BV a íoc.


(1)  IO C 462, 15.11.2021.