|
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 235/32 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Bealtaine 2023 — Lyubetskaya v an Chomhairle
(Cás T-556/21) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Reo cistí - Srian ar dul isteach i gcríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a áireamh ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann - Dualgas cúiseanna a lua - Earráid fhollasach measúnaithe - Comhréireacht)
(2023/C 235/42)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Sviatlana Lyubetskaya (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaí: D. Litvinski, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac agus S. Saez Moreno, Gníomhairí)
Maidir le:
Iarratas faoi Airteagal 263 CFAE ar neamhniú Chinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 219 I, lch. 70), agus de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i leith na Bealarúise (IO 2021 L 219 I, lch. 3), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin léi.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean |
|
2. |
Ordaítear do Sviatlana Lyubetskaya na costais a thabhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc, chomh maith lena costais féin. |